Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cosúil mar a bheinn sa bhaile as I would be at home
" Bhí mé ag amharc amach ar an fharraige cosúil mar a bheinn sa bhaile ach chaith mé fada go leor ann.
muna labhraítear teanga sa mbaile if the language isn't spoken at home
" Is ionann é sin agus a rá muna labhraítear teanga sa mbaile, nach labhraítear í ar chor ar bith - rud nach féidir a rá i dtír ilchultúrtha.
muna labhraítear teanga sa mbaile if the language isn't spoken at home
" Is ionann é sin agus a rá muna labhraítear teanga sa mbaile, nach labhraítear í ar chor ar bith - rud nach féidir a rá i dtír ilchultúrtha.
aige baile at home
" Do bhí cúpla ceacht agam ach d'fhoghlaimíos an chuid is mó de mo chuid ceoil ag seinnt sna seisiúin aige baile agus i mBaile Átha Cliath.
faigheann cos ar siúl rud nach bhfaigheann cos ina cónaí a traveller experiences things the stay-at-home doesn't
" Bhí ceo bruithne ann anois agus bhí an ghrian ag gabháil siar agus ba deacair a chreidbheáil go raibh a dhath níos fearr ar chlár na cruinne ná a bheith ar bord loinge agus tú i dtús d'aistir nó, mar a deirtear, "faigheann cos ar siúl rud nach bhfaigheann cos ina cónaí.
agus go mbraithfidh tú ag baile and that you'll feel at home
" a thaiscemy dear geallúintípromises ag maíomh as an ngadhar nuaboasting about the new dog breitheamhjudge gadaíthief i bhfoisceacht scread asail den tighanywhere near the house ag drannadhsnarling ag tafannbarking go béasachpolitely ó chianaibha while ago tíosachsparing caifeachwasteful saoiwise man agus go mbraithfidh tú ag baileand that you'll feel at home púicfrown malaíeyebrows maitheasgood gléas ceoilmusical instrument coinneappointment táillefee trí bhonn airgidthree coins as do mheabhairmad breitheamhjudge tinneas fiacailetootache tolgcouch barróghug deinin dearmad ar an bpianI forget the pain
i gcian is i gcóngar far away and at home
" Áirítear é fosta ar cheann de na sléibhte is deise sna Beanna Beola, sliabhraon a chuireann eiteoga ar lucht siúl sléibhe agus dreapadóireachta i gcian is i gcóngar.
i gcian is i gcóngar far away and at home
" Roimh na seascaidí bhí daoine ag brath ar na nuachtáin agus ar an raidió chun léargas a thabhairt dóibh ar chluichí móra agus ar ócáidí spóirt i gcian is i gcóngar.
abhus agus i gcéin at home and abroad
" Tá bronntanas ar leith ag Balor do Dhaithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chónra na Gaeilge, é siúd a chuireann sé mhilliún teachtaireacht ríomhphoist amach in aghaidh an lae chuig muintir na Gaeilge abhus agus i gcéin.
chinn sé ar fhanacht sa mbaile he decided to stay at home
" Theastaigh ón gclub ab fhearr sa tír sin ag an am - Nottingham Forest, faoina mbainisteoir caithréimeach Brian Clough - go gcláródh Mac Uí Ailín leo ach chinn sé ar fhanacht sa mbaile.
dá bhfanfaidís sa bhaile if they stayed at home
" Daoine iad seo a bheadh ina gceannairí pobail dá bhfanfaidís sa bhaile agus a bheadh gníomhach i gcúrsaí teanga, ealaíne, agus drámaíochta, b’fhéidir.
ag seinm na bhfonn a chleachtadh siad sa bhaile playing the tunes they used to practise at home
" Maireann na glúnta atá imithe ar shlí na firinne taobh istigh de na ceithre bhalla seo, iad ag amhránaíocht agus ag seinm agus ag déanamh céimeanna damhsa – tincéirí; réaltaí pop; aithreacha agus máithreacha agus a muiríní ag seinm na bhfonn a chleachtadh siad sa bhaile sular chuir an teilifís ina dtost iad; buíonta céilí i Londain na 50í; fidléirí uaigneacha Nua-Eabhrac; tá siad uilig anseo.
ba léir gur bhraith sé sa mbaile ann. it was obvious he felt at home there.
" Cuireadh an-fháilte roimhe, mar a thuigfeá, agus ba léir gur bhraith sé sa mbaile ann.
d'fhan lear mór vótálaithe óga sa bhaile, a big proportation of young voter stayed at home
" In 2005, thug an ciniceas agus an fhuarchúis an svae leo agus d'fhan lear mór vótálaithe óga sa bhaile, ag ligean dá dtuismitheoirí agus dá seantuismitheoirí PiS a thoghadh chun an Sejm.
ina gcónaí sa bhaile who live at home
" Tá aithne agam ar Éireannaigh a bhfuil a leanaí fós ina gcónaí sa bhaile agus iad in aois a dtríocha bliain.
gurb í an Ghaeilge a dteanga baile whose language at home is Irish
" Nuair a d’fhógair an tAire Hanafin go raibh sí le suirbhé a dhéanamh dúirt sí go raibh fonn uirthi a chinntiú go leanfadh Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag soláthar oideachais trí Ghaeilge do dhaltaí na Gaeltachta agus do dhaltaí ó theaghlaigh gurb í an Ghaeilge a dteanga baile agus ar mhian leo a gcuid oideachais a fháil i nGaeilge.
ar an bhfód dúchais. on the home sod, i.e. at home
" Ach de réir dealraimh níl difríocht dá laghad le sonrú san Iaráic – nó in aon áit eile – anois agus an bhuíon bheag d’fhórsaí Astrálacha ar ais ar an bhfód dúchais.
aige baile at home
" Tá mo mhuintir aige baile i gcónaí.
sa teach at home
" Agus cad a tharlóidh má iarrtar doiciméid ar dhuine a ritheann amach chuig an siopa ar thóir aráin nó go dtí an scoil chun na leanaí a thabhairt abhaile agus na doiciméid fágtha sa teach? Turas go dtí stáisiún na bpóilíní le go ndearbhófar stádas an inimircigh? Fadhb eile a bhaineann leis an reachtaíocht ná go dtabharfaidh sé ar dhaoine an chuid is measa dá nádúr a nochtadh.
aige baile at home
" Bhí sise chomh cinnte céanna go mbeadh Gaeilge againn aige baile is a bhí sé féin.
Tá tú mar a bheifeá ag baile it’s like being at home
" Tá tú mar a bheifeá ag baile ach go bhfuil an chathair ansin is go bhfuil rudaí níos mó ag tarlú.
Ní mór na ba Fionlannacha a bhleán ag baile the Finnish cattle must be milked at home
" Níor chuir a gceannaire, Timo Soini, fiacail sa scéal “Ní mór na ba Fionlannacha a bhleán ag baile” a dúirt sé, “agus ní mór an bainne a choinneáil sa bhaile”.
ní mór an bainne a choinneáil sa bhaile the Finnish milk must be kept at home
" Níor chuir a gceannaire, Timo Soini, fiacail sa scéal “Ní mór na ba Fionlannacha a bhleán ag baile” a dúirt sé, “agus ní mór an bainne a choinneáil sa bhaile”.
an té atá ina shuí sa bhaile the person sitting at home
" 
 “Cionn is go bhfuil an dá theicneolaíocht ag teacht le chéile, an chraoltóireacht agus an t-idirlíon – cumarú, nó convergence a thugtar air - bheidh roghanna níos fairsingí ag an té atá ina shuí sa bhaile agus beidh tionchar aige sin ar na bealaí teilifíse anseo in Éirinn, thuaidh agus theas, orthu sin atá ag brath ar chúrsaí fógraíochta, feicfidh siad cuid dá n-ioncam fógraíochta ag aistriú go dtí an t-idirlíon.
thar n-ais ina ríocht back at home
" B'éigean dó dul faoi scin faoi dhó agus é thar n-ais ina ríocht.
Labhraímid Spáinnis sa bhaile we speak Spanish at home
abhus here at home
" Meastar go gcaithfidh na hÉireannaigh 50 milliún oíche leapa i gcéin i 2012, rud a chiallaíonns go bhfágfar 16 milliún oíche leapa folamh abhus.
Chuirtí píonós ar Hamilton aige baile H. was habitually penalised at home
" ”* Chuirtí píonós ar Hamilton aige baile le linn a óige dá mba rud gur chuala an t-athair an Béarlachas á labhairt.
a chaill go leor measa sa bhaile who lost a lot of esteem at home
" Ag seasamh don suíochán folamh seo tá Tommy Thompson, iarghobharnóir an stáit a chaill go leor measa sa bhaile nuair a d'imigh sé go Washington chun obair le George W.
níl aon duine istigh there’s no one at home
" "* “Tá na soilse lasta ach níl aon duine istigh,” an abairt sa ghnáthchaint agus tháinig sé isteach i mo chloigeann i ndiaidh mé Peter Robinson agus Nigel Dodds a fheiceáil ar dhá chlár teilifíse Dé Domhnaigh.
chan amháin sa bhaile not just at home
" AFRICOM ==== Thig leis an ‘Iarthar’ tolgadh ar aghaidh ó dheas le srian a chur ar an tSín, tír a bhfuil cathracha á dtógáil aici, chan amháin sa bhaile mar nach bhfuil díol ná ceannach orthu, ach san Afraic.
sa bhaile ar an tolg at home on the couch
" ‘B’fhéidir go dtiocfaidh sé timpeall gan rómhoill’ a dúradh uair eile i dtaobh imreora a fuair buille láidir sa chloigeann agus nach raibh cinnte ar feadh tamaill an raibh sé i bPáirc an Chrócaigh nó sa bhaile ar an tolg.
teacht go dtí a theach cónaithe istoíche to come to his home at night
" Cúpla bliain ó shin, thug Hogan cead do dhlíodóirí teacht go dtí a theach cónaithe istoíche chun cruachás linbh tinn a chur trína chéile.
Tiocfaidh an páiste ar an saol sa mbaile the child shall be born at home
"Tiocfaidh an páiste ar an saol sa mbaile,” arsa Miriam.
ina thír dhúchais féin at home
" Cuimhnigh ar an easpa aitheantais a fuair Seosamh Ó hÉanaí ina thír dhúchais féin agus an t-éamh ina choinne mar aoi ag coirm cheoil na Dubliners.
aige baile at home
" Bhreá leat an sásamh a bhain le lascáil na caide i gcoinne na binne aige baile cúpla míle babhta.
rabhas aige baile I was at home
" Gan dabht thógas seachtain saoire mar bhí an Contae ar fad imithe bán – drochthús arís i gColáiste Mhuire gan Smál! Ach thuigeas ag an bpointe go rabhas aige baile sa choláiste seo – bhí meas acu ar chaid is ar an gcultúr agus bhaineas ana-thaitneamh as mo thrí bliana ansan.
gcuirfí na gasúir abhaile ag am lóin the children would be sent home at lunch time
" Bhíodh sé craiceáilte, go gcuirfí na gasúir abhaile ag am lóin le go bhféadfaí cruinniú a bheith ag na múinteoirí.
ar a suaimhneas leis an smaoineamh at home with the thought
" Cén Fáth an Leithcheal? ========== Nílim cinnte faoi cén míniú atá ar an scéal seo ach sílim go mb’fhéidir nach bhfuil a lán fear, agus go leor ban chomh maith, ar a suaimhneas leis an smaoineamh go mbeadh mná, is é sin iníonacha, deirfiúracha, mná céile is eile ag imirt spórt a bhfuil teagmháil fhisiceach ag baint leo agus méid áirithe contúirte chomh maith.
seachas iad a bhí ábalta fanacht ar an seanfhód as against those who could stay at home
" Chuir sé riamh iontas orm a mhéid atá na hÉireannaigh thar lear lánsásta dul i muinín an chultúir Éireannaigh mar a shamhlaítear dóibh é seachas iad a bhí ábalta fanacht ar an seanfhód.
abhus anseo sa mbaile here at home
" Sa bhliain atá amach romhainn, leanfaidh mé le mo lán dhícheall a dhéanamh ar son leas agus fónamh mhuintir na hÉireann, abhus anseo sa mbaile, agus i gcéin, agus tá mé ag súil go mór leis an gCuairt Stáit ar na comharsana agus ar na cairde is gaire dúinn sa Ríocht Aontaithe i mí Aibreáin.
go raibh an ceol i gcónaí i mo shaol agus go mbíodh (agus go mbíonn) an ceol á sheinm sa bhaile i gcónaí riamh music (has and) is always being played at home
" Tá an t-ádh liom go raibh an ceol i gcónaí i mo shaol agus go mbíodh (agus go mbíonn) an ceol á sheinm sa bhaile i gcónaí riamh.
dá muintir sa bhaile for their folk at home
" B’uafásach an scéal é dóibh siúd a bhí ar bord agus dá muintir sa bhaile.