Pota Focal Intergaelic
come | hoe | hole | homa | Homer
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
úinéireacht tí home ownership
" úinéireacht tí ======= In ainneoin an bhochtanais go léir, tá an ráta is airde úinéireacht tí sna Stáit Aontaithe go léir i West Virginia.
as go brách leo abhaile off they go home
" Ansin, chomh luath is a bhíonn siad in uiscí na hIodáile, léimeann siad isteach i mótarbhád a bhíonn ag fanacht leo agus as go brách leo abhaile.
bheith bailithe linn abhaile gone off home
" Cén bhrí ach gur dhóbair mé féin agus mo bhean chéile bheith bailithe linn abhaile leathuair roimhe sin.
dteach banaltrais nursing home
" Ba dheacair liom amharc mo shúl a chreidiúint mar go raibh sé socraithe i m'intinn agam nach bhfeicfí sa Lodge arís go brách é ó d'éirigh le Helen is le Dónal a theacht ar shocrú leis agus é a ruaigeadh isteach i dteach banaltrais as a mbealach.
ar an fhód dúchais on home soil
" Dhírigh sí a hintinn ar fhoghlaim na Gaeilge chomh maith agus í ar ais ar an fhód dúchais.
cosúil mar a bheinn sa bhaile as I would be at home
" Bhí mé ag amharc amach ar an fharraige cosúil mar a bheinn sa bhaile ach chaith mé fada go leor ann.
Phill sí ar an fhód dúchais she returned to her home place
" " Phill sí ar an fhód dúchais agus phós fear as ceantar na gCnoc, an áit arbh as a máthair féin.
teach altranais nursing home
" Tá na rataí fáiscthe anois ar an teach altranais nua do dhaoine aosta an cheantair.
ar a bhealach bacánach bachallach abhaile on his limp crooked way home
" Tá súil ag Balor an tÍoltóir Ilteangach nach mbeidh an rud céanna le rá aige i mbliana agus a bhí le rá aige anuraidh agus é ar a bhealach bacánach bachallach abhaile ón Daingean ina charbad: "Bhí an tErectus sin ina cockup!" Nóta ón eagarthóir: Bhí an t-alt seo dhá uair chomh fada go dtí go ndeachaigh *highlighter *buí an phóicín cúil i mbun oibre.
tithe saoire holiday homes
" Ceann de na rudaí a chloisfeá ráite go minic faoi Dhún Chaoin anois is ea go bhfuil níos mó tithe saoire ná gnáth-thithe cónaithe ann, rud atá fíor.
phill go leor ar a bhfód dúchais many returned home
" Nuair a d'éirigh obair fairsing ó 1970 ar aghaidh, siocair na monarchain i nGaoth Dobhair, phill go leor ar a bhfód dúchais.
úsáideoirí baile home users
" úsáideoirí baile ======= Deirtear go bhfuil margadh ann i measc úsáideoirí baile do bhandaleithead leathan freisin - ach is beag fianaise de seo atá ann.
d'fhaigheadh sé síob abhaile he used to get a lift home
" * Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President dódh nó tréigeadh 1,800 teach1,800 houses were burnt or abandoned lámhachshooting rachtoutburst acraí tíhousehold utensils as go brách leooff they went léiriúproduction cheanncheathrúheadquarters coistí cosanta áitiúlalocal defence committees dírbheathaisnéisautobiography gan strówithout difficulty i dtaiscesaved do lá na coise tinnefor a rainy day bhí cúrsaí chomh dona sinthings were so bad dá mba gháif it was necessary leithleachasselfishness scoilt aduainstrange split chiap sé Máire ar fadit really tormented Máire easpa suimelack of interest tragóidítragedies Cumann Naomh Uinseann de PólVincent de Paul Society baill shinsearacha na heagraíochta sin cois Lifethe senior members of that society in Dublin tuairisc suas lena bhéal dóa report up to his face géarchéimcrisis chun an Cumann a ghríosadhto spur the Society into action saothar in aiscewaste of time déistindisgust ag cáineadhcriticising ciúnaithe go mórgreatly quietened línte síochánapeace lines ruathair laethúladaily raids polarúpolarization girseacha ógayoung girls nóibhéinenovena cailín aonaira lone girl ní ba ghaire don ghráscarnearer to the scuffle le dul i gcabhair ar Catherineto go to Catherine's help an cúigear a ruaigeadhto drive the five off riochtstate a cuid néarógher nerves clocharconvent ar an Iúrin Newry tachrántoddler eachtraincident círéibriot faoi lán seoilin full swing ag glioscarnachglistening bréan le boladh gáissmelling bad from gas comhracfight otharcharrambulance formhór an bhealaighmost of the way ag dul ar foscadhsheltering ag sciorradhsliding ag lámhacáncrawling fras lámhaighvolley babhlaíbowls a gciarsúirtheir hankies leachtliquid cosaintprotection bodhardeaf bhí scolaíocht speisialta de dhíth airhe needed special schooling ba ghnách leishe used to d'fhaigheadh sé síob abhailehe used to get a lift home stad an bhusthe bus stop thuirling séhe disembarked neamhurchóideachinnocent bábántainnocent ag cogarnaíl taobh thiar dewhispering behind him trup na mbrógthe sound of the shoes neamhchoireachinnocent níor shamhlaighhe didn't imagine an t-uafásthe horror anfaterror cortwist dírithe ar a chloigeann lomaimed at his bare head scáilshadow scoilteadh a bhlaoschis skull was split open scréachascreams na hionsaitheoiríthe attackers níos truacántamore plaintive go prasquickly ag maothú an chairpéidmoistening the carpet Ba dhóbair dó bás a fháilHe nearly died go raibh an t-ádh dearg airthat he was extremely lucky ar mire le feargmad with rage beaginmhehelplessness cé a bhí ciontachwho was responsible níor cúisíodh duine ar bith riamhnobody was ever charged ciontach i ndúnmharúguilty of murder go gairid i ndiaidh an ionsaitheshortly after the attack ag maíomhstating seanphionós na fuipethe old whip punishment i gcás coirpeach a gheofaí ciontach i dtromionsaíin case of criminals found guilty of assault peann a chur le párto put pen to paper aiféalaregret gur éiligh sí pionós corparthathat she demanded corporal punishment ag teacht salach ar gach ar chreid sí riamh anngoing against everything she ever believed in
tithe altranais nursing homes
" Cé go bhfuil tithe altranais do sheandaoine le fáil in Éirinn, agus grúpaí gníomhaíochtaí a dhéanann freastal ar riachtanais daoine níos sine, níl an bhéim chéanna ar phobail lánaimseartha cónaithe atá cruthaithe go speisialta do lucht scoir.
nóisean an bhaile the notion of home
" Déanann ollionaid mar The Villages, a bhfuil a bhformhór lonnaithe i ndeisceart na Stát Aontaithe ar fad, creimeadh ar an snaidhm idir baill éagsúla teaghlach agus nóisean an bhaile.
an baile foirfe a aimsiú to find the perfect home
" Ach dealraíonn sé ó mhana The Villages, "An Baile is Cairdiúla i Florida do Lucht Scoir", go bhfuil daoine de shíor ag iarraidh an baile foirfe a aimsiú, ag iarraidh an chuid dheireanach sin den bhrionglóid *clichéd *Mheiriceánach a bhaint amach.
nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhaile that Paddy wouldn't try to come home
" Praghas: €25 (clúdach crua)* Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President bailithe le chéilegathered together bhriseadh lárthéarmamid-term break ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duinePatrick bade everyone goodnight as go brách leisoff he went ina sámhchodladhsound asleep clagarnachclatter liúigh Patrick féinPatrick himself yelled den chosán bristeof the broken pavement foscadhshelter tolgcouch phléasc gloine fhuinneoga an doraisthe glass of the windows in the door exploded rinne lámhachánshe crawled dallógablinds leathorlachhalf an inch grúpa confachan angry group idirboth ag béiceachshouting casúrhammer tairnínails cláir adhmaidwooden boards gráscardisorderly mob bosca na bhfiúsannathe fuse box lúth na ngéagthe power in her limbs marbhintinneach le heaglamentally paralysed with fear crógachtbravery cinnireachtleadership fuaraigeantacool-headed ag síneadh na sreinge thart an coirnéalextending the chord around the corner ag stiúradh cúrsaí cosantadirecting defence matters as a támhnéal faitísfrom her trance of fear ag breith ar dhá chamángetting hold of two hurleys shín amach a cosshe extended her leg Baineadh tuisle as an bheirt acuBoth of them tripped a fhad a mhair an t-ionsaías long as the attack lasted i mbaol a mbáisin danger of being killed scanraithe as a mbeathascared to death trost na mbrógthe tramp of the shoes carr coimhthíoch bána strange white car go tráthrialtaregularly nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhailethat Paddy wouldn't try to come home róchontúirteachtoo dangerous í ar a díchealldoing her best ag iarraidh an tocht a cheilttrying to hide the emotion leis an mhinicíocht raidió sinwith that radio frequency barúilidea gluaiseachtaímovements i bhfianaisein light of nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháilthat she has no choice but to admit drogallreluctance an t-aon chosaintthe only protection
Ionad Altranais nursing home
" Mí na Bealtaine seo caite, ghlac sí páirt i dtrí mharatón siúil trí lá as a chéile, 26 míle gach lá, d'Ospís an Fheabhail i nDoire agus don Ionad Altranais atá á thógáil faoi láthair i nGaoth Dobhair.
Theach na bPiarsach the Pearse family home
" Bhí sé ina bhall, mar shampla, de choiste a rinne athnuachan ar Theach na bPiarsach ar Sráid an Phiarsaigh.
thithe banaltrais nursing homes
" Thug mé cuairt ar thithe banaltrais agus bhuail mé le daoine deasa ansin, ach ní raibh Gaeilgeoir ar bith ina measc.
bhí orm filleadh abhaile I had to return home
" D'fhás an cairdeas eadrainn ach bhí orm filleadh abhaile.
in áit do ghnáthleathanaigh baile in the place of your usual home page
" com" isteach i do bhrabhsálaí idirlín, feicfidh tú suíomh ag comhlacht i Hong Kong atá tar éis an t-ainm sin a cheannach - suíomh dána a dhéanann iarracht é féin a chur in áit do ghnáthleathanaigh baile.
muna labhraítear teanga sa mbaile if the language isn't spoken at home
" Is ionann é sin agus a rá muna labhraítear teanga sa mbaile, nach labhraítear í ar chor ar bith - rud nach féidir a rá i dtír ilchultúrtha.
ar a shlí abhaile on his way home
" An ceann ar chuimhnigh sé uirthi ná "Cén t-am é?" agus bhí sé chomh sásta sin leis féin gur thosaigh sé ar cur na ceiste ar na daoine ar an tsráid agus é ar a shlí abhaile.
cé go mbraitheann sé uaidh an baile although he misses home
" Thug sé le fios go láidir go bhfuil sé breá sásta a bheith lonnaithe i mbruachbhaile de chuid Los Angeles agus, cé go mbraitheann sé uaidh an baile, go bhfuil sé ar a shuaimhneas ansin mar sin féin.
muna labhraítear teanga sa mbaile if the language isn't spoken at home
" Is ionann é sin agus a rá muna labhraítear teanga sa mbaile, nach labhraítear í ar chor ar bith - rud nach féidir a rá i dtír ilchultúrtha.
leis an bhfód dúchais with the home sod
" An nasc deireanach leis an bhfód dúchais anois faoin bhfód céanna.
theach saoire holiday home
" Baineadh úsáid as seomra i seanteach atá mar theach saoire ag na mná rialta.
Caol díreach abhaile straight home
" Caol díreach abhaile ansin arís go ngabhfadh sé a chodladh, go mbeadh sé réidh don lá arna mhárach.
i dteach altranais in a nursing home
" Deirtear go bhfuil Henrietta Wilkins, a d'oibir uaireanta fada i monarcha milseán i mBrooklyn agus Wilkins ag éirí aníos, ina cónaí i dteach altranais i Queens.
dlí Rialtais Dúchais Home Rule law
" Sa bhliain 1948, tháinig na Faróigh agus na Danmhargaigh ar chomhréiteach: rinneadh dlí Rialtais Dúchais a achtú a thug i bhfad níos mó cumhachtaí don rialtas áitiúil.
B'fhéidir go bhfillfead abhaile pehaps I'll return home
" Tá Dún Chaoin i bhfad ó gach áit! B'fhéidir go bhfillfead abhaile am éigin sa todhchaí ach níl aon phleananna agam go fóill.
aige baile at home
" Do bhí cúpla ceacht agam ach d'fhoghlaimíos an chuid is mó de mo chuid ceoil ag seinnt sna seisiúin aige baile agus i mBaile Átha Cliath.
faigheann cos ar siúl rud nach bhfaigheann cos ina cónaí a traveller experiences things the stay-at-home doesn't
" Bhí ceo bruithne ann anois agus bhí an ghrian ag gabháil siar agus ba deacair a chreidbheáil go raibh a dhath níos fearr ar chlár na cruinne ná a bheith ar bord loinge agus tú i dtús d'aistir nó, mar a deirtear, "faigheann cos ar siúl rud nach bhfaigheann cos ina cónaí.
sa bhaile in the home
" Rinne muid suirbhé ar na mallaibh ar labhairt na Gaeilge sa bhaile, agus thaispeáin sé gurb iad an naíscoil agus an bhunscoil innill na beochta maidir leis an Ghaeilge i nDún Pádraig.
ag briseadh chun an bhaile dying to go home
" Ní raibh sí ar an chúrsa Gaeltachta ach an lá amháin nuair a bhí sí ag briseadh chun an bhaile.
ar a slí abhaile on their way home
" Neamhaird ======= Mar is eol do dhuine ar bith a bhí i Londain, bíonn deifir ar dhaoine ansin i gcónaí, go mór mór ar a slí abhaile ag deireadh an lae, agus ní raibh daoine sásta aird a thabhairt ar rabhadh Angie.
cuireadh an ruaig ar ocht dteaghlach Moslamach as a gcuid tithe eight Muslim families were forced out of their homes
" An bhliain seo caite, cuireadh an ruaig ar ocht dteaghlach Moslamach as a gcuid tithe.
iarbhaile former home
" Le linn do na healaíontóirí a bheith san Afganastáin, áit ar chuir an Imperial War Museum i Londain iad tar éis thitim réimeas an Taliban in 2001, thóg siad grianghraif den teach agus rinne siad físeán digiteach astu, chun cur ar chumas cuairteoirí a mbealach a dhéanamh thart ar iarbhaile bin Laden ag úsáid luamháin stiúrtha.
Bítear ag súil leis bheith sa bhaile he is expected to be home
" Bítear ag súil leis bheith sa bhaile arís ag am áirithe tráthnóna don dinnéar ach ní mar sin a bhíonn; buailtear cnag ar an doras, cuirtear an drochscéala in iúl agus athraítear saol an teaghlaigh sin go deo.
úsáideoirí baile home users
" Tá tuairim is 100,000 custaiméir acusan agus is úsáideoirí baile 65,000 den dream sin.
agus go mbraithfidh tú ag baile and that you'll feel at home
" a thaiscemy dear geallúintípromises ag maíomh as an ngadhar nuaboasting about the new dog breitheamhjudge gadaíthief i bhfoisceacht scread asail den tighanywhere near the house ag drannadhsnarling ag tafannbarking go béasachpolitely ó chianaibha while ago tíosachsparing caifeachwasteful saoiwise man agus go mbraithfidh tú ag baileand that you'll feel at home púicfrown malaíeyebrows maitheasgood gléas ceoilmusical instrument coinneappointment táillefee trí bhonn airgidthree coins as do mheabhairmad breitheamhjudge tinneas fiacailetootache tolgcouch barróghug deinin dearmad ar an bpianI forget the pain
gan dídean without a home
" MÁNAS: Ach smaointigh ar na daoine bochta gan dídean.
breac le tithe saoire dotted with holiday homes
" D'fhág neart an phunta Sterling a rian ar thírdhreach Ghaeltacht Thír Chonaill, atá breac le tithe saoire ar le bunadh na sé chontae iad den chuid is mó.
cumha baile home-sickness
" AÓF: An raibh sé deacair bheith ag taisteal an t-am ar fad? An raibh cumha baile ort? BNicG: Airíonn tú uait do mhuintir, do chairde agus an gnáthrud i gcónaí, ach tá a fhios agat gur deis iontach é an rud atá ar siúl agat.
ar tí aghaidh a thabhairt ar an bhaile about to head home
" Ar mhaidin an 11 Meán Fómhair, bhí sé ar tí aghaidh a thabhairt ar an bhaile tar éis an oíche a chaitheamh ar dualgas.
i gcian is i gcóngar far away and at home
" Áirítear é fosta ar cheann de na sléibhte is deise sna Beanna Beola, sliabhraon a chuireann eiteoga ar lucht siúl sléibhe agus dreapadóireachta i gcian is i gcóngar.
i gcian is i gcóngar far away and at home
" Roimh na seascaidí bhí daoine ag brath ar na nuachtáin agus ar an raidió chun léargas a thabhairt dóibh ar chluichí móra agus ar ócáidí spóirt i gcian is i gcóngar.
abhus agus i gcéin at home and abroad
" Tá bronntanas ar leith ag Balor do Dhaithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chónra na Gaeilge, é siúd a chuireann sé mhilliún teachtaireacht ríomhphoist amach in aghaidh an lae chuig muintir na Gaeilge abhus agus i gcéin.
teach altranais nursing home
" ” Tá dhá dlúthdhiosca salm eisithe ag muintir Back Free Church agus an brabús ag dul chuig teach altranais agus ospís darb ainm Bethesda.
chinn sé ar fhanacht sa mbaile he decided to stay at home
" Theastaigh ón gclub ab fhearr sa tír sin ag an am - Nottingham Forest, faoina mbainisteoir caithréimeach Brian Clough - go gcláródh Mac Uí Ailín leo ach chinn sé ar fhanacht sa mbaile.
fíorarán baile genuine home-made bread
" Bhí féiríní eile le nochtadh ag an mbéile: fíorarán baile: “Sheboygan Hard Rolls” a cheannaigh Emil go speisialta ó bhácús Gearmánach i Sheboygan.
taifeadtaí baile home recordings
" Ní nach ionadh, fidléireacht den chuid is mó atá ar fáil - taifeadtaí baile de cheoltóirí áitiúla, den ghnáthbhunadh a d’fhás aníos leis na damhsaí baile agus le stíl shainiúil cheoil nach bhfuil cloiste ach ag scaifte beag daoine.
taifeadtaí baile home recordings
" Ní nach ionadh, fidléireacht den chuid is mó atá ar fáil - taifeadtaí baile de cheoltóirí áitiúla, den ghnáthbhunadh a d’fhás aníos leis na damhsaí baile agus le stíl shainiúil cheoil nach bhfuil cloiste ach ag scaifte beag daoine.
ón Roinn Gnóthaí Baile from the Department of Home Affairs
" D’imigh na míonna thart agus níor chuala mé faic ón Roinn Gnóthaí Baile, cé go raibh mé féin agus Ronnie ag scríobh chuig a chéile.
filleadh abhaile returning home
" Ach ansin, mhothaigh mé mar nach raibh mé i ndiaidh an áit a fhágáil in aon chor - filleadh abhaile a bhí ann.
ag scaipeadh a gcuid físeán baile féin distributing their own home videos
" Agus tá a lán daoine ag scaipeadh a gcuid físeán baile féin saor in aisce freisin.
ar chláracha físeán baile on home video shows
" Tá a lán físeán grinn foilsithe ag daoine cheana féin – cosúil leis na cinn a bhíonn le feiceáil ar chláracha físeán baile ar an teilifís (nó “home video show”).
insliú tí home insulation
" D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí insliú tí níos fearr, córas iompair phoiblí níos éifeachtaí nó pleanáil baile agus tuaithe níos fadtéarmaí.
is líonmhaire i bhfad na tithe saoire holidays homes are a lot more numerous
" Dá bharr seo is líonmhaire i bhfad na tithe saoire i mbailte fearainn áirithe ná na tithe a bhfuil cónaí buan iontu i rith na bliana.
nár chuas abhaile riamh that I never went home
" “Is mó tráthnóna a chaitheas leis anseo sa choláiste agus, go deimhin, turasanna ar ospidéal ó am go ham agus mar sin agus caithfidh mé a rá nár chuas abhaile riamh á rá liom féin, ‘Bhuel, tá an tráthnóna curtha amú agam.
fáilte ghlórach abhaile a noisy welcome home
" Chuir fiche míle duine fáilte ghlórach abhaile roimhe ag ceolchoirm ina chathair dhúchais an lá céanna a shlánaigh sé cúig bliana is dhá scór.
dá bhfanfaidís sa bhaile if they stayed at home
" Daoine iad seo a bheadh ina gceannairí pobail dá bhfanfaidís sa bhaile agus a bheadh gníomhach i gcúrsaí teanga, ealaíne, agus drámaíochta, b’fhéidir.
áras seandaoine an old people's home
" “Fuair mé glao tamall ina dhiaidh sin ó fhear a mhínigh dom gurbh é a sheanathair marbh an seanduine cráite agus, nuair a chonaic mise é, go raibh sé i ndiaidh a bhean chéile a chailleadh bliain roimhe sin agus gurbh éigean dó bogadh isteach in áras seandaoine i mBré.
dár mealladh ar ais abhaile. enticing us back home.
" Titeann báisteach – an aimsir dár mealladh ar ais abhaile.
i dtaithí ar ghabháil abhaile used to going home
" Níl an Tíogar i dtaithí ar ghabháil abhaile gan rud inteacht ina ghlaic – corn, nó cúpla milliún dollar – is é an dá mhar an chéile dó sin é nó ní thig leis a chuid corn nó a chuid milliún a chuntas.
agus an baile a shroicheadh arís and to reach home again
" Mar is eol do chách, is minic drochaimsir, idir bháisteach is fhuacht, ar lá na féile náisiúnta agus ba ghearr gur thuig daoine ar fud na tíre go mba thaitneamhaí agus go mba shaoire fanacht sa mbaile ar a gcompord agus breathnú ar na cluichí ar an teilifís ná taisteal go Baile Átha Cliath, suí nó seasamh sa bhfuacht agus an baile a shroicheadh arís faoi dhorchadas na hoíche.
bogadh isteach i dteach altranais to move into a nursing home
" Tá sé i gceist réimse seirbhísí a chur ar fáil chun nach gá dóibh bogadh isteach i dteach altranais ach gur féidir aire a thabhairt dóibh ina mbaile féin.
cúnamh baile, béilí ar rothaí agus seirbhísí cúraim lae home help, meals on wheels and day-care services.
" Meastar go gcuirfear €100 milliún ar fáil chun go mbeidh teacht ag seandaoine ar sheirbhísí altranais agus teiripeacha, cúnamh baile, béilí ar rothaí agus seirbhísí cúraim lae.
ar chúram i dtithe altranais príobháideacha, on care in private nursing homes,
" In ainneoin go n-íocann teaghlaigh suas le €800 ar an mheán sa tseachtain ar chúram i dtithe altranais príobháideacha, is minic a bhíonn an cúram sin ar chaighdeán an-mhíshásúil.
i gcás sciar mór d'othair na dtithe altranais in the case of a large share of the nursing home patients
" Tá sé riachtanach, mar sin, feabhas agus forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí atá ar fáil don dream seo agus pleanáil cheart fhadtéarmach a dhéanamh chun a chinntiú nach ndéanfar faillí ina gcuid riachtanas, mar atá ag tarlú i gcás sciar mór d'othair na dtithe altranais faoi láthair.
gur cuireadh abhaile é lena éadaí a athrú that he was send home to change his clothes
" Bhí scéal ann gur fhreastail sé ar scoil, Coláiste na Carraige Duibhe, sna héadaí céanna, gur cuireadh abhaile é lena éadaí a athrú ach nuair a d’fhill sé go raibh culaith oíche eile á caitheamh aige! Teip ar an sprid Tháinig deireadh leis an ngrúpa ag Live Aid ach tá sé soiléir ón DVD agus ó leabhar Geldof, *Is That It?*, go raibh sprid an ghrúpa ag teip ar feadh roinnt blianta sula stopadar.
ina dteach cónaithe in their home
" Bhí bratach – trídhathach na Spáinne agus na focail “International Brigade” inscríofa air – á hiompar acu a rinne Lola go speisialta don ócáid ina dteach cónaithe i Neasden, Londain.
sa teach téarnaimh in the convalescence home
" Tá Airbus sa teach téarnaimh fós tar éis na moilleanna tubaisteacha a cuireadh ar tháirgeadh a eitleáin ollmhóir, an A380.
thiomáinimis abhaile we used to drive home
" Ba chuid den chultúr é; thaitin sé linn agus bhíodh craic againn agus thiomáinimis abhaile ina dhiaidh.
baile úr Thaisce Cheol Dúchais Éireann. the new home of the Irish Traditional Music Archive.
" Smaoinigh mé ar dhán Mary Howitt nuair a shiúil mé isteach in uimhir 73 Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath, baile úr Thaisce Cheol Dúchais Éireann.
ag seinm na bhfonn a chleachtadh siad sa bhaile playing the tunes they used to practise at home
" Maireann na glúnta atá imithe ar shlí na firinne taobh istigh de na ceithre bhalla seo, iad ag amhránaíocht agus ag seinm agus ag déanamh céimeanna damhsa – tincéirí; réaltaí pop; aithreacha agus máithreacha agus a muiríní ag seinm na bhfonn a chleachtadh siad sa bhaile sular chuir an teilifís ina dtost iad; buíonta céilí i Londain na 50í; fidléirí uaigneacha Nua-Eabhrac; tá siad uilig anseo.
a gcuid siamsaíochta a dhéanamh ina dteach féin, to do the entertaining in their own home,
" Bhí tuairisc ar an chlár raidió “Drivetime” le gairid faoi bheirt fhear as deisceart Chill Chainnigh arbh éigin dóibh scairt a chur ar thacsaí ó chathair Phort Láirge le hiad a thabhairt abhaile, cúpla míle slí siar an bóthar! Is cuma cé mhéad seanmóireachta a dhéantar faoi a bheith ag tiomáint faoi thionchar deochanna meisciúla (agus ní féidir a leithéid a chosaint ar dhóigh ar bith) ní bhíonn de rogha anois ag leor daoine ach a gcuid siamsaíochta a dhéanamh ina dteach féin, de bhrí nach bhfuil síob abhaile acu.
síob abhaile a lift home
" Bhí tuairisc ar an chlár raidió “Drivetime” le gairid faoi bheirt fhear as deisceart Chill Chainnigh arbh éigin dóibh scairt a chur ar thacsaí ó chathair Phort Láirge le hiad a thabhairt abhaile, cúpla míle slí siar an bóthar! Is cuma cé mhéad seanmóireachta a dhéantar faoi a bheith ag tiomáint faoi thionchar deochanna meisciúla (agus ní féidir a leithéid a chosaint ar dhóigh ar bith) ní bhíonn de rogha anois ag leor daoine ach a gcuid siamsaíochta a dhéanamh ina dteach féin, de bhrí nach bhfuil síob abhaile acu.
Mhothaigh mé sona sásta ach réidh le dul abhaile. I felt happy but ready to go home.
" Mhothaigh mé sona sásta ach réidh le dul abhaile.
ba léir gur bhraith sé sa mbaile ann. it was obvious he felt at home there.
" Cuireadh an-fháilte roimhe, mar a thuigfeá, agus ba léir gur bhraith sé sa mbaile ann.
i dtithe altranais. in nursing homes.
" Bhí leabhar clúiteach ceoil Captain O’Neill aige agus ba ghnách leis a dheirfiúracha a thionlacan nuair a bhíodh siad ag déanamh damhsaí Gaelacha sna hionaid siopadóireachta nó i dtithe altranais.
sótheach saoire costasach a costly luxurious holiday home
" Is leis an bhilliúnaí Éigipteach Mohamed El Fayed Caisleán Balnagown anois agus is féidir leat sótheach saoire costasach a fháil ar cíos ar a eastát.
thapaigh mé an deis chun éalú ón mbaile I seized the opportunity to escape from home
" Mar is gnách san earnáil seo, tháinig brú ollmhór díreach roimh an mbriseadh lár téarma, agus na spriocdhátaí ag bagairt orthu! Mar sin, bhí mise lánsásta le teacht na Cásca, agus thapaigh mé an deis chun éalú ón mbaile agus m’aghaidh a thabhairt ar thuaisceart an Oileáin Thuaidh.
níos gaire don bhaile. nearer home.
" Deas gan mórán taistil bheith le déanamh an deireadh seachtaine seo – muid níos gaire don bhaile.
ag taisteal abhaile ón Astráil travelling home from Australia
" Tugadh an sprioclá seo don teaghlach mar go raibh an mac is sine ag taisteal abhaile ón Astráil chun bheith ag colbha na leapa.
Thiomáineamar abhaile we drove home
" Thiomáineamar abhaile go luath tar éis an ghig agus d’fhágamar an Baile Mór agus a chuid le déileáil le teacht faoi bhláth na hoíche idir giotaí agus peitil.
ag filleadh ar a fíorbhaile returning to its real home
" I mbliana, áfach, tá foirne as Victoria ag barr na sraithe ag deireadh an tsraithchomórtais cáiliúcháin, agus de réir cosúlachta tá seans an-mhaith ann go mbeidh an chraobh ag filleadh ar a fíorbhaile in Melbourne.
tógadh corrtheach saoire the odd holiday home was built
" Bhí a lán láithreán campála sa tSír - cuid mhór acu nach raibh ach na háiseanna ba bhunúsaí iontu - agus tógadh corrtheach saoire sa cheantar fosta.
Baile droinge the home of a gang
" Baile droinge ar a dtugtar The Croxteth Crew is ea é, agus tá an drong seo páirteach i gcaismirt i gcoinne an Strand Gang ó Norris Green, ar eastát eile é atá in aice láimhe, le trí bliana anuas.
d'fhan lear mór vótálaithe óga sa bhaile, a big proportation of young voter stayed at home
" In 2005, thug an ciniceas agus an fhuarchúis an svae leo agus d'fhan lear mór vótálaithe óga sa bhaile, ag ligean dá dtuismitheoirí agus dá seantuismitheoirí PiS a thoghadh chun an Sejm.
ar an bhfód dúchais on the home turf, on the home sod
" Is údar bróid ar leith é i measc na nAstrálach nár chaill a bhfoireann náisiúnta sraith de chomórtais thrialacha ar an bhfód dúchais le blianta fada anuas.
ina gcónaí sa bhaile who live at home
" Tá aithne agam ar Éireannaigh a bhfuil a leanaí fós ina gcónaí sa bhaile agus iad in aois a dtríocha bliain.
ar an bhfód dúchais on the home sod
" Thabharfadh foireann na Mumhan le fios go bhfuil speach agus breis fós i rugbaí na tíre seo, ach is cosúil nach bhfuil foireann na hÉireann chomh maith agus iad ag imirt as baile is a bhíonn siad agus iad ag imirt ar an bhfód dúchais – is geall le himreoir breise é an lucht leanúna agus an fhoireann ag imirt sa bhaile.
bonn a bhreith abhaile leis nó léi take a medal home with him or her
" Ach cá bhfios nach ndéanfaidh leithéidí Derval O'Rourke nó David Gillick nó buachaill nó cailín éigin nár chuala aon duine againn trácht air nó uirthi go fóill gaisce mór agus bonn a bhreith abhaile leis nó léi ón tSín? Ach fiú amháin mura dtarlaíonn sé sin, tá ag éirí linn mar náisiún, dar liom féin, fealsúnacht bhunaitheoirí na gCluichí Oilimpeacha a chothú.
gurb í an Ghaeilge a dteanga baile whose language at home is Irish
" Nuair a d’fhógair an tAire Hanafin go raibh sí le suirbhé a dhéanamh dúirt sí go raibh fonn uirthi a chinntiú go leanfadh Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag soláthar oideachais trí Ghaeilge do dhaltaí na Gaeltachta agus do dhaltaí ó theaghlaigh gurb í an Ghaeilge a dteanga baile agus ar mhian leo a gcuid oideachais a fháil i nGaeilge.
Ní raibh teach samhraidh aimsithe agam, I hadn't found a holiday home
" Ní raibh teach samhraidh aimsithe agam, ach bhí mé i ndiaidh saoire shuimiúil a bheith agam, buíochas le Dia!*Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é Nollaig Ó Néill agus tá sé ag obair sa Roinn Comhshaoil sa chathair sin.
teach samhraidh holiday home
" Chaith mé ceithre lá i ndeisceart na Spáinne le gairid; bhí mé thall mar go raibh mé ag iarraidh teach samhraidh a cheannach.
baile buan permanent home
" É sin, nó baile buan a aimsiú dóibh (ar nós an Gréige, b’fhéidir) sa dóigh is nach gcuirfidh imreas polaitiúil smúit ar an ócáid iontach seo arís.
ar a mbealach abhaile on their way home
" Bhí coimhlint ar siúl i Ruanda ó 1990, ach cuireadh tús leis an marú ar mhórscála i mí Aibreáin na bliana 1994 tar éis “aerthionóisc” inar maraíodh uachtaráin Ruanda agus na Burúine ar a mbealach abhaile ó chainteanna síochána.