Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
athmhuintearais reconciliation
" Is é an ról atá ag Paisley agus a lucht leanúna anois ná a bheith ag screadaigh in éadan na gaoithe, ag cur bacanna ar dhul chun cinn an athmhuintearais ach gan a bheith ábalta é a stopadh, in ainneoin an sceimhle atá ag titim amach faoi láthair.
phróiseas athmhuintearais healing process
" " Cuireann Gomez béim láidir ar chúram iomlánaíoch go háirithe, agus ar an ról atá ag an oideachas agus ag forbairt shóisialta sa phróiseas athmhuintearais.
Athmhuintearais reconciliation
" Mar theideal, b'ionann é agus Institiúid Síochána agus Athmhuintearais Pol Pot nó Craobh Bertie Ahern d'Ógra Fhine Gael a bheith ann.
athmhuintearais reconciliation
" Seo an fhadhb is mó ó síníodh an Comhaontú i 1998; beidh samhlaíocht iontach, crógacht as an ghnách, an toil rudaí úra a thriail agus spiorad láidir athmhuintearais riachtanach.
le hathmhuintearas a chothú to foster reconciliation
" "Is dóigh amháin é le hathmhuintearas a chothú idir Caitlicigh agus Protastúnaigh mar is linne uilig an Ghaeilge," arsa Bríd.
athmhuintearas reconciliation
" Coimhéad an rud a iarrann tú ar eagla go bhfaighidh tú é, a mhic! Creideann Balor go docht san athmhuintearas, agus ar an chúis sin tá sé sásta bronntanas Nollag a thabhairt d’iarpheileadóir sin na hÉireann, an síor-sianaí Roy Rogers Ó Keanó.
próiseas athmhuintearais reconciliation process
" Meastar gur chuir sé bac ar an bpróiseas athmhuintearais a bhí faoi lán seoil ag deireadh na haoise seo caite idir Bundúchasaigh na hAstráile agus na dreamanna eile sa tír.
an gníomh athmhuintearais áirithe sin that particular act of reconciliation
" Agus i ndiaidh d'Altan an gníomh athmhuintearais áirithe sin a dhéanamh, bhí Cara O'Sullivan, soprán ó Chorcaigh na Reibiliúnach, ar an ardán agus í ag ceol "Jerusalem", amhrán atá ar maos i dtírghrá Sasanach.
athmhuintearais reconciliation
" Is minic a thugtar séasúr an athmhuintearais ar thréimhse na Nollag agus dá bharr sin, ba mhaith liom go dtabharfaí seisiún le comhairleoir treorach pósta do Pheter Robinson agus do Mhartin McGuinness.
Athair Athmhuintearais Reconciliation Father
" Is bundúchasach é Dodson agus tugtar ‘Athair Athmhuintearais’ air mar gheall ar an tsárobair atá déanta aige le fada an lá le hathmhuintearas idir bundúchasaigh agus muintir eile na tíre a chur chun cinn.
Athmhuintearais reconciliation
" Rinneadh infheistíocht os cionn £4 mhilliún san ionad le tacaíocht agus maoiniú ó dheich gcinn de chomhpháirtithe - Foras na Gaeilge, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus An Ciste Síochána agus Athmhuintearais ina measc.
athmhuintearais reconciliation
" Deir daoine eile gur deis é an obair rathúil trasphobail atá ar siúl sa chathair le fada a chur os ard ionas go bhféadfadh cathracha eile foghlaim ón taithí atá faighte ag Doire in imeacht na mblianta ag plé le scéimeanna athmhuintearais.
athmhuintearas reconciliation
" Gníomh suarach a bhí ann ach bhí sé ar an bheagán mheancóg atá déanta ag an Ardmhéara Sinn Féineach 25-bliana d'aois - an tArdmhéara is óige riamh i stair na cathrach - ach má tá ciall ar bith leis an fhocal "athmhuintearas" is ins na gníomhartha beaga seo a chruthófar iad.
cur chuige an athmhuintearais the process of reconciliation
" Cuireadh tús oifigiúil le cur chuige an athmhuintearais idir muintir dhúchais na hAstráile agus muintir eile na tíre – nó Indigenous agus non-Indigenous Astrálaigh, mar a thugtar orthu abhus - sa bhliain 1991, nuair a bunaíodh an Council For Aboriginal Reconciliation.
leath-athmhuintearais semi-reconciliation
" D’réir a chéile, agus de réir mar a theipeann ar na cuairteoirí éaló as an árasán tar éis gach babhta slaide agus leath-athmhuintearais eile – iad ar an táirsigh imeachta nuair a fhreagraíonn Waltz (bodach ceart fir) an ‘sméar dubh’ póca arís eile, beag beann ar an treampán a chuireann sin ar an dtriúr eile.
Deis an athmhuintearais caillte the chance of reconciliation lost
" Deis an athmhuintearais caillte, glacann Cheyenne seilbh ar dhiachair an athar.
an athmhuintearais inmheánaigh inner reconciliation
" “Ach ar dhaingnigh muid an próiseas sin, an bhfuil sé inmheánaithe (internalised) go leor ionainn le go dtig linn bogadh chun cinn i dtreo na síochána, an athmhuintearais inmheánaigh agus an mhaithiúnais?” ar sí.
ní leas an phobail agus an athmhuintearais a bheadh ann it wouldn’t benefit the people nor reconciliation
" Dá ngéillfí don éileamh atá déanta ag Sinn Féin, reifreann eile a reáchtáil faoin gceist go luath, ní leas an phobail agus an athmhuintearais a bheadh ann ach a mhalairt, im’ thuairimse.
chothófar an t-athmhuintearas reconciliation shall be propagated
" Is sa bhféiniúlacht sin a chothófar an t-athmhuintearas, a mbíonn Sinn Féin ag caint air.
le sprid an athmhuintearais a spreagadh to encourage a spirit of reconciliation
" Deireadh Tochta ======= Agus ní ar son na carthanachta nó le sprid an athmhuintearais a spreagadh a tugadh ardú céime do Bhéal Feirste.
maidir le hathmhuintearas regarding reconciliation
" 
Anuas ar sin, mhol an PUP, an páirtí polaitíochta atá ceangailte leis an UVF, go mbeadh cainteanna acu le Sinn Féin maidir le hathmhuintearas.
An bealach úr é seo chun an athmhuintearais is this a new way to reconciliation
" An bealach úr é seo chun an athmhuintearais, an stair logánta? Tá togra eile ar siúl idir dreamanna in oirthear agus in iarthar na cathrach ina mbeidh daltaí scoile ag tabhairt cuairt ar cheantracha a chéile le líníocht agus péinteáil a dhéanamh ar fhoirgnimh agus ar shráideanna.
An Fíor-Athmhuintearas true reconciliation
" An Fíor-Athmhuintearas ======== Tá feachtas ar siúl le corradh is fiche bliain anuas abhus le hathmhuintearas a shnaidhmeadh idir muintir dhúchais agus daoine eile na hAstráile, ach ní dóigh liom go mbeidh fíor-athmhuintearas ann go dtí go bhfuilimid go hiomlán ionraic faoinár stair.
le hathmhuintearas a shnaidhmeadh to bring reconciliation
" An Fíor-Athmhuintearas ======== Tá feachtas ar siúl le corradh is fiche bliain anuas abhus le hathmhuintearas a shnaidhmeadh idir muintir dhúchais agus daoine eile na hAstráile, ach ní dóigh liom go mbeidh fíor-athmhuintearas ann go dtí go bhfuilimid go hiomlán ionraic faoinár stair.
Modh Cruthaitheach an Athmhuintearais the creative means of reconciliation
" Modh Cruthaitheach an Athmhuintearais =============== I gcomhthéacs forbairtí trasphobail agus trasteorann de, is iontach an toradh atá ar na himeachtaí seo.
an t-athmhuintearas céanna the same reconciliation
" Dea-chomharthaí ab ea é, gan amhras, ach dar le Robert McMillen, níl an t-athmhuintearas céanna i gceist i ngach réimse de shaol an Tuaiscirt.