Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
súil in athuair a chaitheamh to look again
" "Tá sé thar am, áfach, súil in athuair a chaitheamh ar an mbonneagar tríd síos agus caithfimid go léir - gach duine a labhraíonn Gaeilge, ní hamháin na heagraíochtaí Gaeilge - plé iomlán úrnua a bheith againn ar cén fáth, an féidir nó an mian linn ár dteanga féin a choimeád agus a chur chun cinn.
athuair a second time
" Baineann roinnt mhaith acu triail as an teanga a fhoghlaim arís, áfach, ach tagann lagmhisneach orthu athuair nuair a dhéanann siad freastal ar chúrsa nach bhfuil go maith.
athuair again
" De réir a chéile tógfar athuair caisleán agus teampall na Gaeilge! *Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).
in athuair again
" Muna n-éiríonn leis an bpáirtí greim a fháil ar an bpobal in athuair beidh sé ar an imeall amach is amach faoin am a thiocfas an chéad olltoghchán eile.
in athuair again
" Ghlacadar le gach ar chaith Corcaigh ina dtreo maidir le scil, croí agus paisean agus, in ainneoin go ndeachaigh na Corcaígh aon chúilín chun tosaigh, choinnigh báireoirí chois Feoire guaim orthu féin agus d'aimsíodar cúl cinniúnach in éadan threo na himeartha chun forlámhas a fháil in athuair ar a gcéile comhraic.
in athuair again
" Cuireadh Adair sa phríosún in athuair mar go raibh an dochúlacht air an scéal go mbeadh sé páirteach i gcoiriúlacht, mar a deir an téarmaíocht oifigiúil.
in athuair again
" Ansin, le linn na nóchaidí, bhí saghas athbheochana ar siúl, is é sin tháinig borradh mór ar liricí Gearmánacha in athuair sa gcaoi is go raibh rapcheol, rac-cheol agus araile ar fáil as Gearmáinis.
in athuair again
" B'fhiú é, an gaisce a rinne siad - agus anois, seo muid mar cheannródaithe glasa in athuair!" Neart tionscadal eile ======= Ó osclaíodh doirse na linne snámha (a bhfuil ag éirí go han-mhaith léi, dála an scéil), tá neart tionscadal glas eile tagtha chun cinn, macasamhail an Wavegen "Limpet".
in athuair once again
" Tá a chlann anois i mbun feachtais go mbunófaí fiosrúchán poiblí le dúnmharú a n-athar a scrúdú in athuair.
in athuair once again
" Toghadh eisean, ach ar nós na dteachtaí neamhspleácha eile fágadh amuigh ar an bhfaraor géar é nuair a rinne Bertie cleamhnas leis an bPáirtí Daonlathach in athuair.
méadóidh fearg an phobail náisiúnaigh in athuair the anger of the nationalist community will increase again
" Go príomha, muna dtugtar cúram chúrsaí slándála Thuaisceart Éireann do rialtas i Stormont ina a mbeidh Sinn Féin páirteach, laistigh de thréimhse ghairid, ní bheidh muinín ag na náisiúnaithe as an PSNI, tiocfaidh na seanfhadhbanna chun tosaigh arís agus de réir a chéile méadóidh fearg an phobail náisiúnaigh in athuair.
in athuair once again
" Táthar ag rá go gcuirfidh sé béim in athuair ar aontumhacht i measc na cléire agus go gcuirfidh sé treoir ar fáil a chuirfidh cosc iomlán ar homaighnéasaigh dul leis an tsagartóireacht.
in athuair once again
" Ar deireadh thiar, ar an 29 Meitheamh, d’fhógair an tAire go raibh sé chun iarraidh ar an Abhcóide Sinsearach, an tUasal Hugh Hartnett, an cás a fhiosrú in athuair.
in athuair once again
" Ar deireadh thiar, ar an 29 Meitheamh, d’fhógair an tAire go raibh sé chun iarraidh ar an Abhcóide Sinsearach, an tUasal Hugh Hartnett, an cás a fhiosrú in athuair.
in athuair once again
" ” Ag múineadh i dToraigh ======= Tar éis Chiarraí, d’fhill Eoin ar Bhaile Átha Cliath in athuair.
athuair once again
" Is mithid dúinn seancheacht na mBalcán a thabhairt chun cuimhne athuair.
in athuair once again
" Foilsíodh altanna sna meáin le tamall anuas ag moladh John Kerry mar iarrthóir in athuair don uachtaránacht.
in athuair once again
" Foilsíodh altanna sna meáin le tamall anuas ag moladh John Kerry mar iarrthóir in athuair don uachtaránacht.
in athuair, again,
" Bhí Mac Gearailt an-deas agus dúirt go raibh sé sásta an rud a dhéanamh in athuair, ach buíochas le Dia, bhí mé tar éis bheith ag breacadh síos nótaí i bhfoirm luathscríbhneoireachta, nós a bhí agam ó rinne mé staidéar ar an iriseoireacht sa Choláiste Tráchtála i Ráth Maonais (i mBaile Átha Cliath)".
cé gur féidir an radharc a fheiceáil in athuair Even though you can see the scene again
" Sa deireadh, d'éirigh leo an scéal a mharú, cé gur féidir an radharc a fheiceáil in athuair ar YouTube, agus cuireadh an lacha ar fionraí chluiche amháin.
tinte á lasadh in athuair. fires being lit once more.
" Tá claisceadal na nduilleog ag tosú, an teocht ag ísliú, tinte á lasadh in athuair.
in athuair. again
" Cé go bhfuil an brú sin laghdaithe anois, beidh Ahern os comhair an bhinse arís go luath agus d’fhéadfadh sé tarlú go dtiocfadh sé faoi bhrú in athuair.
in athuair again
" ” Is cinnte go mbainfidh go leor eile an-sásamh as saothar seo Mhic Con Iomaire fosta agus go spreagfaidh sé go leor daoine le héisteacht den chéad uair nó in athuair le hamhránaíocht dhraíochtúil Sheosaimh Uí Éanaigh.
a bhaisteadh in athuair to baptise again
" Creideann Mormannaigh gur féidir – agus gur cheart – daoine a bhí ina mball d’eaglaisí eile a fhad agus a bhí siad beo a bhaisteadh in athuair mar Mhormannaigh i ndiaidh dóibh bás a fháil chun a n-anam a shábháil.
chinn sí ar bhogadh in athuair she decided to move again
" ” Cé go raibh Carrie an-sásta lena post i bPort Láirge, i 1996 chinn sí ar bhogadh in athuair go Baile Átha Cliath.
in athuair once again
" **Buntáistí**: Beidh deis aige in athuair a ainm a chur ar ais i mbéal an phobail tar éis gur theip air sa Roinn Sláinte.
athuair again
" D’fhógair ceannaircigh Thuirciceacha bunú Poblacht Ioslamach na Turcastáine Thoir i 1933, ach an bhliain dar gcionn ghabh Poblacht na Síne seilbh ar an tír in athuair.
athuair again
" Cé go bhfuil contaetha ar nós na Gaillimhe, an Chláir agus Uíbh Fhaillí tagtha chun cinn san iomáint ó shin i leith, agus gur éirigh le hArd Mhacha agus Tír Eoghain sa pheil, is díol spéise gurb iad na contaetha a bhí láidir go seasta san am, Ciarraí, Corcaigh, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann, atá chun tosaigh in athuair sa chúigiú is cúig fhichead bliain ó bunaíodh an cumann.
in Athuair again, redeemed
" Meas in Athuair Aisteach go leor, in ainneoin fhianaise na staire, tá St Germain an lae inniu mórtasach as an gceangal seo leis na Seacaibítigh.
athuair once again
" Má tharlaíonn sin, tabharfaidh siad faoin gcúldoras agus mura gcastar Tiobraid Árann nó Corcaigh orthu roimh an gcluiche Leath-Cheannais arís, beidh deis iontach acu a bheith sa chraobh athuair.
athuair again
" Deonaítear Deontais! “Agus mar thoradh ar an tuar agus ar an tairngreacht, éireoidh na fíréin amach ó gach Gaeltacht sa tír, agus ó Ghaeltacht nó dhó nach bhfuil sa tír, agus déarfar in athuair agus in athuair arís nach bhfuil ach réiteach amháin ar an fhadhb seo, nó is fadhb mhór í gan dabht, gan amhras ar bith: deontais agus deontais agus tuilleadh deontas a bhronnadh ar lucht labhartha na Gaeilge Gaelaí i ngach Gaeltacht.
in athuair again
" Bhí mé ag an phictiúrlann oíche Luain na seachtaine seo, ní le blockbuster a fheiceáil ach le scannán drámatúil a rinneadh don BBC i 1989 a fheiceáil in athuair.
Athuair again
" Éire an Athuair ====== **CB: Thánamhair abhaile sa bhliain 1969?** MDÓS: Bhí rudaí corraithe i Meiriceá agus bhí na cearta sibhialta, is na haon rud trí chéile is bhí sé deacair oibriú ann.
in athuair again
" De bharr go bhfuil dhá théarma as a chéile líonta aige sin, níor fhéad sé seasamh arís i mbliana, ach níl cosc ar bith air seasamh in athuair sa bhliain 2014.
athuair again
" Ach níor cuireadh táillí tís i bhfeidhm in athuair agus chuaigh an stát i muinín dleacht stampála feasta chun cáin a ghearradh ar réadmhaoin.
athuair again
" Is minic é ráite cheana, ach is fiú é a rá athuair: *“Bhí an tErectus ina cockup!”* Ba é sin mar a cuireadh síos arís ar an tseachtain ragairne a bhí ag na fíor-Ghaeil Ghaelacha i gCill Airne ag deireadh na míosa seo caite.
an athuair once again
" Duaiseanna ===== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar seo: Sé an Saol an Máistir ========== Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha Le Gearóid Denvir Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair.
in athuair again
" In 1985, bhí daonlathas i réim sa tír in athuair.
an athuair again
" An Ghéarchéim a Tuaradh ============ **SMM: An €uro mar athá, an gcaithfidh sé titim mar airgeadra agus an gcaithfear córas airgid na dtíortha éagsúla teacht i bhfeidhm an athuair, an punt inár gcás féin?** SÓhU: Dúramar ins an eite chlé sular tháinig an €uro i bhfeidhm in aon chor nach n-oibreodh sé agus nárbh fhéidir le tíortha a raibh geilleagar lag, cosúil leis an tír seo, cosúil leis an bPortaingéil agus leis an nGréig, a bheith ar an mbóthar céanna leis na geilleagair siúd a bhí thar a bheith láidir cosúil leis an nGearmáin agus go mbeadh géarchéim dá bharr san.
in athuair again
" Tá muintir na gcathracha beaga a buaileadh leis na tuilte ag déanamh iarrachta dul i ngleic leis an saol in athuair.
in athuair again
" Táimid fós ag iarraidh teacht aniar ón tubaiste sin, agus bheimis níos fearr de gan rud ar bith a dhíol seachas beart mar sin a dhéanamh in athuair.
an athuair again
" **MDH: Bhí tú tumtha an athuair?** CL: Bhí agus ba mhinic a d’fhriafraigh daoine díom an raibh mé féin bodhar.
an athuair again
" D‘impigh an freasúra ar an rialtas Réiteach an Aigéin Chiúin a chur i bhfeidhm an athuair.
an athuair again
" Ar na héilimh seo thathantaigh sé go gcuirfí stailc ar bun, stailc nach staonfadh go dtabharfaí ar ais an athuair an tsaoirse cainte, agus go gcoscfaí scaipeadh nuachtlitreacha de chuid fhórsaí an Airm Shóivéadaigh.
athuair a second time
" ” Más fíor an méid san fhíseán ag Invisible Children, agus creidimse féinig agus Binse Fiosrúcháin Idirnáisiúnta um Choiriúlacht Chogaidh go bhfuil sé fíor, deánfar éagóir ar na leanaí seo athuair mura dtapófar an deis seo le Joseph Kony a ghabháil.
in athuair again
" Tá an t-eitleán bán ag bagairt arís, faraor agus caithfear iarracht a dhéanamh in athuair a chinntiú go mbeidh pobal na Gaeltachta ábalta a mbeatha a bhaint i dtír ina gceantair dhúchais.
bhlaiseadh in athuair to savor again
" Deis í seo le haoibhneas agus binneas na n-oirfideach a bhlaiseadh in athuair.
an athuair again
" Fillfidh na míoltóga ar an gcathair seo, ar ndóigh, agus caithfear dul i gcomhrac go glic leo an athuair; ach fillfidh lucht na peile, leis, agus pé ar bith faoi chathanna caide a fhearadh orthu siúd amach anseo, cuirfear fáilte mhór rompu chomh maith leis!
in athuair again
" Níl ach aon réiteach ar an scéal seo: srianta a chur ar mhéid agus ar ghníomhaíochta na mbanc in athuair.
b’fhéidir, athuair again perhaps
" Is é sin is dóigh a spreagann curaidh bliain i ndiaidh bliana (foireann iomána Chill Chainnigh ina sampla maith) agus dul tríd an phian agus an fhulaingt cholainne agus aigne, b’fhéidir, athuair.
breathnú in athuair ar to look again at
" B’fhéidir go bhfuil sé thar am breathnú in athuair ar ról TG4 agus an cheist a chur : ‘cá ndeacha an fhís a bhí mar chúis lena bhunú?’
nach nglacfar leis an athuair in the event that it’s not accepted again
" Ach beidh air an t-iarratas ar shaoránacht a athbhreithniú agus cúiseanna a sholáthar sa chás nach nglacfar leis an athuair.
bhronnadh ar an bhfoirm ealaíne seo in athuair to present again to this art form
" Go bunúsach, is éard atá faoi Haneke a dhéanamh ná an dearcadh status quo sin a fhéachann ar an scannánaíocht mar ghné éadrom siamsaíochta a bhriseadh as a chéile agus feidhm níos bunúsaí agus níos dáiríre a bhronnadh ar an bhfoirm ealaíne seo in athuair.
ndúisíonn muid an athuair we reawaken
" Is tráth den bhliain é ina ndúisíonn muid an athuair na ceangail seanchairdis agus ghaoil sin a thugann brí agus teochroí isteach inár saol – saol a chaithimid i measc an phobail atá thart orainn.
mhealladh in athuair win over again
" Ach cruthaímid an domhan go húrnua gach aon lá, agus más ea, is féidir leis an gcomhlacht seanda seo meas an phobail dhúchasaigh agus idirnáisiúnta a mhealladh in athuair trí obair fhiúntach.
in athuair again
" ” Teangacha Baile na Ríochta Aontaithe ============ Ach an bhfuil aon ní gur féidir a dhéanamh chun an deis a thabhairt in athuair do scoláirí i Sasana atá ag iarraidh tabhairt faoin scrúdú? Is léir nach bhfuil an cinneadh stop a chur leis na scrúdaithe greannta i gcloich.
in athuair again
" Cé gur tháinig fógairt Abbott aniar aduaidh ar mhuintir na hAstráile, níorbh aon ionadh é gur chinn Abbott go dtabharfaí isteach in athuair na teidil impiriúla thuas.
in athuair again
" I ndiaidh do Ghearóid labhairt leis an ceamara, d’iompaigh sé thart le teacht anuas den ardán agus is ansin a chonaic sé lán an tí ina seasamh ag bualadh bos dó in athuair.
tosú in athuair to start again
" Deir an múinteoir leis na daltaí go mba chóir dóibh tosú in athuair ar fhiosrú na ceiste conspóidí sin agus sainmhíniú an dochtúra J.
in athuair again
" Tá ráflaí ag dul timpeall arís, a deir Robert McMillen, go gcuirfear tús leis na léirsithe seo in athuair.
in athuair once again
" O'Brien, ball tábhachtach den Pháirtí Daonlathach, agus duine a raibh trácht air le gairid arís agus plé á dhéanamh in athuair ar scannal Watergate.
seanchairdeas a mhúscailt in athuair, to awaken an old friendship again
" Ach níl aon rud níos fusa ná seanchairdeas a mhúscailt in athuair, go háirithe má bhíonn ceangal an cheoil i gceist, mar a mhíníonn Colm Ó Snodaigh.
in athuair again
" Tá Laoise Ní Chléirígh i ndiaidh súil a chaitheamh ar mhíolta beaga na linne, an phuitigh agus an mhachaire chladaigh, óir tá an loscann ag dúiseacht, an t-earc luachra ag snámh trí dhufair an fhéir agus tá an cnádán ag righniú leis ar bhán an ghailf in athuair.
a aithint an athuair to salute again
" Scríobh Colm Mac Séalaigh fúithi anseo cheana ach is mithid a héachtaí a aithint an athuair.
gur fiú breathnú in athuair ar it is worth taking a look again at
" com tar éis an chéad Tweetup as Gaeilge a eagrú ag deireadh Mhí Meán Fómhair, is dóigh le Roseanne Smith gur fiú breathnú in athuair ar na seirbhísí ar líne a chabhraíos le duine imeachtaí neamhfhoirmeálta agus foirmeálta a eagrú.