Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag bailiú luais gathering momentum
" Ceaptar go bhfuil sé á úsáid chun rúin eacnamaíocha agus polaitiúla a bhailiú agus tá feachtas ag bailiú luais timpeall an domhain chun daoine a chur ar an eolas faoin gcóras seo.
ag bailiú deannaigh gathering dust
" Ach nach minic a tugadh faoi obair mar seo cheana, nach iomaí tuarascáil faoin Ghaeltacht agus faoin teanga atá ag bailiú deannaigh in oifigí stáit? "Creidim féin go gcuirfidh siad tuarascáil thairbheach faoi bhráid an Aire.
ag bailiú nirt gathering strength
" Is léir go bhfuil feachtas de Róiste féin ag bailiú nirt go tapa.
bailiú trofaithe ó íospartaigh the collecting of trophies from victims
"bailiú trofaithe ó íospartaigh coitianta i measc sraithmharfóirí.
ag bailiú deannaigh gathering dust
" ag bailiú deannaigh ======= Foilsíodh *A Blueprint for Dublin Hurling *bliain ó shin.
tar éis dise bailiú léi after she had left
" Nuair a chuaigh a chailín go Tír na mBascach ar feadh bliana chun Spáinnis a fhoghlaim, chuaigh Hector léi, ach d'fhan sé ansin trí bliana tar éis dise bailiú léi.
ag bailiú collecting
" Ansin, thosaigh mé ag bailiú ceol traidisiúnta ag tús na n-ochtóidí.
ag bailiú nirt gathering strength
" Thosaigh an scéal seo ag bailiú nirt trí bliana ó shin, ag Cruinniú Mullaigh na Mílaoise a d'eagraigh na Náisiúin Aontaithe.
ag bailiú feamainne gathering sea-weed
" " Tá an méid seo le rá ag Murphy fosta: "Agus tá finéid aici nach bhféadfá dearmad a dhéanamh orthu: an fháilte a cuireadh roimpi sna botháin, comhráite deisbhéalacha, an damhsa a eagraíodh mar chomhartha ómóis di i mBaile Eoin, an tsiúlóid trasna sléibhe i gCiarraí le buachaill bó, mná na tuaithe ag bailiú feamainne ar thrá i gCiarraí agus Nicholson ag bualadh le páistí scoile.
ag bailiú nirt gathering strength
" I mbliana, áfach, tá dlús curtha leis an bhfeachtas mar gheall ar ghluaiseacht na síochána, gluaiseacht atá ag bailiú nirt in aghaidh an lae in ainneoin neamhshuim na mórmheán cumarsáide thall.
bailiú logainmneacha the collecting of placenames
" Seo an obair eile a dhéanaimid: tacaíocht do sheirbhísí oideachais ag gach leibhéil, bailiú logainmneacha, féilte áitiúla i gCiarraí, ranganna Gaeilge, fostaíocht Pobail FAS agus eile.
ag bailiú deannaigh gathering dust
" Go hiondúil, nuair a fhoilsítear úrscéal nó bailiúchán gearrscéalta i nGaeilge, ní dhíoltar ach céad nó dhá chéad cóip agus bíonn go leor cóipeanna den saothar ina luí ag bailiú deannaigh áit éigin.
ag bailiú leo thar lear heading off abroad
" Is beag deis atá le fáil sa lá atá inniu ann i réimse an bhéaloidis ach bhí cúrsaí ní ba mheasa arís ag tús na n-ochtóidí – bhí meathlú geilleagrach sa tír agus daoine go fóill ag bailiú leo thar lear ag lorg oibre.
ag bailiú baclainne eile dá leithéid gathering another handful of the same thing
" “Siúr, bhí a fhios agam go dtaitneoidís leat, a Bhaloir,” ar sise, agus í ag bailiú baclainne eile dá leithéid ó na seilfeanna taobh thiar di.
ag bailiú deannaigh gathering dust
" Ná bíodh sí ag bailiú deannaigh i gcoirnéal aduain de Dhún Aimhirgín, mar a tharla i gcás iliomad tuarascálacha cheana.
Bailiú faisnéise intelligence collecting
is féidir leo bailiú leo amach an doras they can leave
" Muna bhfuil siad sásta a bheith ag éisteacht le Gaeilge, is féidir leo bailiú leo amach an doras.
ag bailiú os mo chionn gathering above me
" Lá amháin bhí mé sa sráidbhaile ag baint úsáide as an bhfón – an t-aon cheann sa cheantar – nuair a thosaigh na scamaill bháistí ag bailiú os mo chionn.
ag bailiú collecting
" Tá na blianta fada caite acu ag bailiú stair agus bhéaloideas an oileáin.
ag bailiú logainmneacha. collecting placenames.
" " Tionscadal tábhachtach atá ar bun ar an oileán ná ag bailiú logainmneacha.
ag bailiú airgid. collecting money.
" Téann Doug Humann thar lear gach bliain ag bailiú airgid.
ag bailiú tuairimí ón phobal gathering opinions from the public
" Nuair a bhíothas ag bailiú tuairimí ón phobal i rith na conspóide dúirt duine amháin go bhfuil idir uaigneas agus ríogacht ag baint leis na figiúirí meirgeacha seo ar an trá agus go bhfuil níos mó i gceist ná ealaín amháin.
ag bailiú síntiús don Iasacht Náisiúnta collecting subscriptions for the National Loan
" Baineann sé geit as daoine go fóill mórcharachtair na linne a fheiceáil agus iad ina mbeatha: an Coileánach ag bailiú síntiús don Iasacht Náisiúnta i 1919 agus scuaine de phearsana móra ag teacht chuige, leithéidí Griffith, Desmond Fitzgerald agus Joseph McGuinness.
ag bailiú collecting
" “Bhí m’athair ag bailiú do Choimisiún Béaloideasa Éireann agus nuair a bhí muidinne beag bhí sé i gcónaí ag taifeadadh rudaí.
ag bailiú taifeadtaí collecting recordings
" Thosaigh mé ag bailiú taifeadtaí dá chuid ceoil, cinn a bhí amuigh ar an margadh poiblí agus cinn a bhí i mbailiúcháin phríobháideacha.
ag bailiú ceoil, fonn, seanchais agus a leithéid. gathering music, tunes, lore and the like.
" Ar an ábhar sin chuir Coimisiún Béaloideasa Éireann daoine timpeall na hÉireann ag bailiú ceoil, fonn, seanchais agus a leithéid.
ag bailiú airgid don athchóiriú. collecting money for the restoration.
" Tá cumann deonach ann, the Scalan Association, atá ag bailiú airgid don athchóiriú.
ag bailiú nirt gathering strength
" Thosaigh an feachtas ag bailiú nirt nuair a léirigh pobalbhreitheanna go raibh an tUasal Rudd ag dul i bhfeidhm go mór ar mhuintir na hAstráile.
ag bailiú nirt getting stronger
" Thosaigh an feachtas ina aghaidh ag bailiú nirt de bharr thorthaí na foirne i gComórtas na Sé Náisiún.
is iondúil nach mbíonn an dara suí sa bhuaile aige ach bailiú leis his only choice usually is to pack it in
" Nuair a théann na meáin in éadan bainisteora, is iondúil nach mbíonn an dara suí sa bhuaile aige ach bailiú leis (cuimhnigh ar Steve, Mick, Brian, Warren agus eile).
ag bailiú tabhartas don chás cúirte, collecting donations for the court case,
" Dar lena dhlíodóir, Annette Sykes, a bhí taobh leis ag bailiú tabhartas don chás cúirte, beidh cás Iti ina ollchás náisiúnta.
ag bailiú airgid raising money
" Ó shin i leith, tá McCain ag taisteal na tíre ag bailiú airgid dá fheachtas uachtaránachta.
ag bailiú nirt growing stronger
" É sin ráite, níl aon amhras ach go bhfuil an príomhghrúpa atá i mbun feachtais ar son na poblachta, Australian Republican Movement (ARM), ag bailiú nirt faoi láthair.
bailiú ábhair gathering material
" Ar mo shiúl thart na laethanta seo, tá snafach an Earraigh ag borradh timpeall orm: an sabhaircín is an lus cromchinn faoi bhláth, an snag breac cruógach i mbun oibre ag bailiú ábhair don nead atá le déanamh sa chrann fuinseoige, na bachlóga ar na crainnte ag buinniú is ag cur amach duilleog, searrach ag láir na comharsan, iomairí fataí réitithe go neata agus méileach na n-uan le cloisteáil mar chúlcheol an tséasúir.
bailiú timpeall gather round
" (- Má chaill an Fhrainc cath, níor chaill sí an cogadh) Níor thug de Gaulle aitheantas riamh do rialtas Pétain, nó do rialtas Vichy mar is fearr aithne air, ach d’iarr sé ar gach Francach bailiú timpeall air agus tús a chur le slógadh a chuirfeadh an ruaig ar an namhaid.
ag bailiú collecting
" A mhalairt atá fíor i measc na gnáthmhuintire, ar ndóigh, atá ag cur na ceiste, cén fáth go mbeidh orthu sin díol as córas atá chomh lochtach is atá? Tá daoine ina scuainí ar fud na Sé Chontae ag bailiú uisce ó leoraithe móra inniu, agus muid i 2011.
ag bailiú nirt gaining strength
" Bíodh is go bhfuil an feachtas i bhfabhar phósadh comhghnéis ag bailiú nirt i bPáirtí an Lucht Oibre, níltear ag súil go mbeidh an tacú cuí ann ag an gcomhdháil náisiúnta i mbliana le dúnghaois i bhfabhar an pósadh comhghnéis a ghlacadh.
ag bailiú gathering
" Bhímis ag bailiú ar an tsráid ar son na teanga.
ag bailiú nirt gaining strength
" leis an bpolaitíocht ag bailiú nirt ó thoghchán go toghchán, go dtí gur toghadh é an chéad uair don Dáil sa bhliain 1981 le 6,226 vóta.
ag bailiú nirt gaining momentum
" Ag an am ar thosaigh sí in Ollscoil na Banríona, ag déanamh staidéir ar an Léinn Ceilteach, bhí Gluaiseacht na gCeart Sibhialta ag bailiú nirt.
ag bailiú smaointe gathering ideas
" Cé go ndearna Lawrence cúrsa sa Manchester Municipal College of Art i 1905, níor choinnigh an ealaín an snáithe faoin fhiacail - d'oibrigh sé mar bailítheoir cíosa agus shiúil sé thart Manchain ag bailiú smaointe ar phiciúir chomh maith leis an airgead cíosa.
ag bailiú ceoil gathering music
" Cnuasach Béaloidis ======= **SÓC: Tuigim go bhfuil beagnach dhá scór bliana caite agat ag bailiú ceoil is béaloidis ó Chill Chartha.
ag bailiú faisnéise faoi gathering information about
" Thacaigh comhphobal Crótach na hAstráile go láidir leis an bhfeachtas le neamhspleáchas na Cróite a bhaint amach agus bhí an tseirbhís rúnda sa dá thír ag bailiú faisnéise faoi na heagrais éagsúla Chrótacha abhus.
ag bailiú nirt gaining strength
" com/tracks/123675191&color=007c21&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Tá an feachtas le pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach san Astráil ag bailiú nirt le tamall anuas.
ag bailiú deannaigh gathering dust
" Idir an dá linn, tá an dealbh de Shean-Phádraic Ó Conaire ag bailiú deannaigh in Iarsmalann na cathrach.
in ann tús a chur le bailiú eolais able to start gathering information
" Déarfainn go raibh foireann Google ag obair ar an dtogra sin i bhfad sular tháinig Kurstzweil ar bord ach ní fheadar ar bhrúigh sé amach na forbairtí seo ionas go mbeadh siad in ann tús a chur le bailiú eolais faoin úsáid a bhaineann daoine as teanga aiceanta i gcuardach agus le huirlísí soghluaiste? Ach is beag an fhorbairt seo le hais na físe atá ag Kurzweil.
bailiú sonraí pearsanta the collection of personal data
" Don chéad uair tá daoine ag teacht ar an tuiscint go bhfuil contúirt ag baint le bailiú sonraí pearsanta.
ag bailiú an t-uafás eolais gathering a massive amount of information
" Goilleann sé orm féin go bhfuil ollchorparáidí ar nós Google ag bailiú an t-uafás eolais ar dhaoine.
bailiú airgid money collecting
" Athrú Saoil, Athrú Scéil ========= Amach anseo beidh ar charthanais aghaidh a thabhairt ar thuairisciú níos mionsonraithe maidir le bailiú airgid.
ag bailiú nirt getting stronger
" Tá feachtais éagsúla i gcoinne an Uachtaráin Bush agus na gcorparáidí móra ag bailiú nirt sna Stáit Aontaithe, mar a mhíníonn Uinsionn Mac Dubhghaill.