Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gcruthaíonn tú féin an taitneamh a bhaineann tú as áit ar bith you yourself create the enjoyment that you get from any place
" Ceann de na rudaí is bunúsaí ar fad ná go gcruthaíonn tú féin an taitneamh a bhaineann tú as áit ar bith, nó ócáid ar bith ag a bhfuil tú.
Ionnach nár bhain an dath buí a bhí ar bhallaí an halla radharc na súl de Nell the yellow colour on the hall wall almost blinded Nell
" Ionnach nár bhain an dath buí a bhí ar bhallaí an halla radharc na súl de Nell.
rud a bhain ar shiúl an bac éagórach something that took away the unjust hindrance
" 75m ach d'ísligh sé na critéir aitheantais do Ghaelscoileanna go suntasach, rud a bhain ar shiúl an bac éagórach a bhí ar Ghaelscoileanna go dtí sin.
rud a bhain ar shiúl an bac éagórach something that took away the unjust hindrance
" 75m ach d'ísligh sé na critéir aitheantais do Ghaelscoileanna go suntasach, rud a bhain ar shiúl an bac éagórach a bhí ar Ghaelscoileanna go dtí sin.
dá mbainfí tuisle dóibh ar dhóigh ar bith if they tripped in any way
" Leoga tá sé ráite go raibh eagla ar dhaoine a theacht go Rann na Feirste nó dá mbainfí tuisle dóibh ar dhóigh ar bith go mbeadh cúpla rann filíochta cumtha fá dtaobh díobh sula mbeadh an baile fágtha acu.
ní raibh cuma uirthi gur bhain comhluadar an duine biongadh ar bith aisti she didn't seem to be at all bothered/shocked by the company of a person
" Bhí an spideog i gcónaí cineál dána agus ní raibh cuma uirthi gur bhain comhluadar an duine biongadh ar bith aisti.
bhainfeadh mac léinn ar bith tairbhe as. any student would benefit from it.
" Cuireann an leabhar pléisiúr ar chroí léitheora agus bhainfeadh mac léinn ar bith tairbhe as.
ag breathnú ar an tubaiste a bhain dóibh looking at the disaster that befell them
" Bainfidh páirtí Gerry Adams sólás as macallaí sin na staire agus iad ag breathnú ar an tubaiste a bhain dóibh ar an 24 Bealtaine.
Ní mar gheall ar gur bhain a rogha éadaí le hábhar, not because her choice of clothes was relevant,
" Ní mar gheall ar gur bhain a rogha éadaí le hábhar, ach mar gheall ar go raibh a fhios ag na nuachtáin go raibh suim as cuimse ag an bpobal sa triail áirithe sin.
a bhainfidh leas astu ar fad! which will make use of them all!
" Fiú mura bhfuil ach meascán ait de chomhábhair agat sa chuisneoir, is féidir béile a aimsiú go héasca ar an suíomh seo a bhainfidh leas astu ar fad! Tá feabhas mór tagtha ar mo chuid cócaireachta ón uair a d'aimsigh mé an suíomh seo.
Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán. nothing has been achieved to put the language in a safe position
" Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán.
an dóigh ar bhain sé le mo cheantar dúchais féin, the way in which it pertained to my own native area
" Maidir leis an teideal Gaeilge, nuair a smaoinigh mé ar an gcúlra ceoil a bhí i mo theaghlach agus an dóigh ar bhain sé le mo cheantar dúchais féin, níorbh fhada gur roghnaigh mé an logainm áitiúil Cloch Fhuaráin, ar baile fearainn in aice le mo bhaile féin i gContae Ard Mhacha é, mar theideal Gaeilge ar an albam.
an chaoi ar bhain siad úsáid as a méara the way they used their fingers
" Bhain mé an-chuid taitnimh as a bheith ag breathnú ar an gcur chuige a bhí acu, an modh oibre a bhí acu agus iad i mbun a gceoil, an chaoi ar bhain siad úsáid as a méara agus an chaoi a raibh siad in ann a nguthanna a théamh agus a chur in oiriúint don cheol.
áit ar bhain sé aitheantas amach dó féin where he achieved recognition for himself
" ** ** **Ceannródaí**Rugadh Julian Opie i Londain agus is céimí é de chuid choláiste ealaíne Goldsmiths, áit ar bhain sé aitheantas amach dó féin go luath ina ghairm as ucht a chuid ceannródaíochta.
gur bhain sé sásamh ar leith that he derived particular satisfaction
" Deir Lunny gur bhain sé sásamh ar leith as an obair a rinne sé ar albaim de chuid an amhránaí Frank Harte, nach maireann.
ar bhain mé triail as which I had a go of
" Go pearsanta, chaith mé níos mó ama ag ceartú botún ná ag scríobh focal ar aon fhón ar bhain mé triail as roimhe seo a raibh scáileán tadhaill air – brúim an litir mhícheart ar an scáileán go rialta agus iad á n-úsáid agam.
ar a bhfuil bainte amach on what has been achieved
" Má leanann muidne linn, ag tógáil céim ar chéim ar a bhfuil bainte amach le céad bliain, éireoidh linn an teanga a threisiú mar atá ráite sa Straitéis Fiche Bliain agus í a dhéanamh ina gnáththeanga cumarsáide sa tír seo.
Ar bhain tú feidhm as did you use
" An tOideachas Speisialta ========= **SMM: Ar bhain tú feidhm as an cheol leis an rang sin?** Ray Mac Mánais: Bhain! Agus níor bhain mé feidhm ar bith as an Ghaeilg mar ní raibh Gaeilg ar an chlár do na daoine seo.
ar an luach a bhaineann of the innate worth
" Ach níl anseo ach an cor is déanaí i scéal casta a théann siar breis is scór bliain, scéal a léiríonn tuiscint ár mbreithiúna ar an luach a bhaineann le saoránacht na hÉireann.
bhain cúinsí ar leith leis special conditions pertained to
" Ach bhain cúinsí ar leith leis an stoirm seo.
bhain blas agus corraíl ar leith leis na cluichí úd those games had a special excitement and taste
" Cé go bhfuil sé ráite gurb í an choimhlint idir comharsana an choimhlint is géire ar fad agus gurb amhlaidh a bhí idir Ciarraí agus Corcaigh, bhain blas agus corraíl ar leith leis na cluichí úd idir Ciarraí agus na ‘*Dubs*’.
Ar bhain tú úsáid as did you use
" Ar bhain tú úsáid as an idirlíon inniu nó inné? Agus arú inné? An féidir leat cuimhneamh ar an lá deiridh nach ndeachaigh tú ar an idirlíon? Glac meandar agus déan do mhachnamh.
bhain sé teachtaireacht ar leith astu he took special meanings from them
" Léigh Cruise O Brien téacsanna údarásacha na Náisiún Aontaithe agus bhain sé teachtaireacht ar leith astu, gan aon fhoréigean a dhéanamh ar na téacsanna céanna.
an fhírinne a bhain leis ar fad a fháil to find all the truth of the matter
" Tá mé ag iarraidh dul go croí an scéil agus an fhírinne a bhain leis ar fad a fháil.
ar dhóigh a mbainfidh páistí scoile de gach aois taitneamh astu in a way in which school children of all ages can can enjoy
" Cuireann sí amhráin a bhí againn uilig ar an scoil ar fáil arís ar dhóigh a mbainfidh páistí scoile de gach aois taitneamh astu.
bainim níos mó sásamh as cuairt a thabhairt ar sheanfhothracha mainistreach I enjoy more so paying a visit to an old monastery building
" Anois, de bharr an chúrsa sheandálaíochta, bainim níos mó sásamh as cuairt a thabhairt ar sheanfhothracha mainistreach, ar iarsmalanna, nó ar shuíomhanna ar a bhfuil iarsmaí dár sinsir le feiceáil.
a mbainfidh siad leas as chun cur síos a dhéanamh ar which they’ll use to describe
" Má fhaigheann siad Tickets chun freastal ar cheolchoirm, is é an focal cool a mbainfidh siad leas as chun cur síos a dhéanamh ar na Songs ar fad.
bhí sé deacair teacht ar fhadhbanna coitianta a bhaineann léi it was hard to find common problems with it
" Tá taighde déanta agam féin ar an T250 le tamall anuas agus bhí sé deacair teacht ar fhadhbanna coitianta a bhaineann léi, ach seo chugaibh roinnt de na fadhbanna ar tháinig mé orthu (ar fhaitíos go mbeadh spéis agat ceann a cheannach).
nuair atá biseach ar imeachtaí a bhaineann le while events which pertain to
" Ach bhí ceist eile ann: cén fáth meath ar an Léann Ceilteach sa nGearmáin nuair atá biseach ar imeachtaí a bhaineann le hoidhreacht na gCeilteach? Fear darb ainm Holga Müller, staraí in iarsmalann Stuttgart, a dúirt an méid seo a leanas liom: ‘Tá fadhb mhór ag lucht an Léinn Cheiltigh ó thaobh margaíochta de.
nach mbainfear móin ar that turf won’t be
" Cén dochar má ghlactar leis nach mbainfear móin ar na portaigh sléibhe faoi cheann deich mbliana agus in ionad an mhóin a bhaint, go mbearrfar crainn le haghaidh Brosna? Chuige sin, cuirfear cineálacha áirid crann sna lagphortaigh sléibhe, sail dúchais, beith agus crann fearna is inmholta (ar luas a bhfáis & ar tháirgeadh nitrigín a gcuid duilliúir .
níor bhain duine ar bith leis no one touched it
" Glacadh leis an tsuíomh mar áit dhiaganta, bheannaithe de bharr seo agus níor bhain duine ar bith leis ar feadh na gcéadta.
Nach mbainfeadh sé sin an tart de dhuine ar bith anyone would lose their thirst
" Nach mbainfeadh sé sin an tart de dhuine ar bith? Is léir nár bhain sé aon rian den tart de Fingers Fingleton.
An cumann ar bhain mé féin leis the club which I belonged to
" An cumann ar bhain mé féin leis, Cumann Báire Caoimhín, a bunaíodh i 1902 i mBaile Átha Cliath, d’imir seisear deartháireacha de mhuintir Mhic Fhionnlaoich ar an bhfoireann iomána sna 1930í: Feargus, Conall, Caoimhín, Dúbhglas, Maelíosa agus Aodán.
caithfidh go mbaineann sé ar bhealach éicint must pertain in some way
" An íomhá iomrallach seo ar fad, caithfidh go mbaineann sé ar bhealach éicint leis an teoiric a luaigh an tUachtarán agus gur thagair an Coimisinéir Teanga dó: nach dtig leis an Ghaeilg a bheith marbh go leor do roinnt daoine.
mar ar bhain mé céim amach sa where I obtained a degree in
" Nuair a chríochnaigh mé ar scoil, d’fhreastail mé ar Ollscoil Luimnigh mar ar bhain mé céim amach sa cheol traidisiúnta.
Ar bhain imirce d’óige did your childhood migrations have a part to play
" Féith na Cruthaitheachta ======== **SMM: Ar bhain imirce d’óige ó bhaile go baile cuid mhaith le forbairt na cruthaitheachta ionat nó cad é a sheol amach i mbun pinn thú a Shéamais?** Séamas Mac Annaidh: Sílim go bhfuil sé sin tábhachtach ceart go leor.
iontach bródúil as ar bhain muid amach very proud of what we achieved
" ie) iontach bródúil as ar bhain muid amach le trí bliana déag anuas mar fhoilsitheoir Beo.
ar bhain Katie Taylor amach what KT has achieved
" Ní haon ribín réidh ar bhain Katie Taylor amach in imeacht blianta gairide dornálaíochta.