Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ionnach nár bhain an dath buí a bhí ar bhallaí an halla radharc na súl de Nell the yellow colour on the hall wall almost blinded Nell
" Ionnach nár bhain an dath buí a bhí ar bhallaí an halla radharc na súl de Nell.
ballaí coincréiteacha concrete walls
" Tógann sí ballaí coincréiteacha agus lúbann sí iad ar nós ruda atá solúbtha, agus cruthaíonn sí pasáistí atá cosúil le coillte atá beo agus ag fás, ach is cur i gcéill atá i gceist.
ballaí dorrga coincréiteacha grim concrete walls
" Téann an bóthar ar aghaidh go dtí má ghlas lom, áit a bhfuil Príosún Aird Mhic Giollagáin, agus ballaí dorrga coincréiteacha thart air.
d'fholmhaigh sí thar bhallaí na cathrach é she emptied it over the walls of the city
" Fuair an bhean seo a corcán mór millteach a bhí lán d'anraith agus d'fholmhaigh sí thar bhallaí na cathrach é ar na saighdiúirí bochta.
ag maisiú bhallaí a thí adorning the walls of his house
" "Is breá liom a bheith ag iascaireacht, ag siúl cois cladaigh, ag seoltóireacht," a deir sé, agus tá pictiúir de húicéirí gleoite na Gaillimhe ag maisiú bhallaí a thí.
neart ballaí ísle liatha cloiche plenty of low grey walls of stone
" Tá sé suite i mbáisín cnoc glas agus tá neart ballaí ísle liatha cloiche le feiceáil, chomh maith le macasamhla de dhá thúr faire.
neart ballaí ísle liatha cloiche plenty of low grey walls of stone
" Tá sé suite i mbáisín cnoc glas agus tá neart ballaí ísle liatha cloiche le feiceáil, chomh maith le macasamhla de dhá thúr faire.
scríobann siad crosa ar na ballaí the scratch crosses on the walls
" Fágann daoine ofrálacha san uaimh go fóill, agus scríobann siad crosa ar na ballaí.
dá bhallaí móra dúbáilte of its big double walls
" Is fothrach é, ach tá cuid dá bhallaí móra dúbáilte le feiceáil go fóill.
ballaí sheanbhaile ársa na Traí the walls of the ancient city of Troy
" De réir an bhéaloidis, bhí ballaí sheanbhaile ársa na Traí tógtha ar bhealach chomh casta sin nach dtiocfadh le naimhde ar bith a rinne a mbealach isteach sa chathair a mbealach a dhéanamh amach arís! Séadchomhartha suimiúil é Julian’s Bowers, agus is suntasach an méid dua (agus airgid) atá á chaitheamh air, ainneoin nach bhfuil an láithreán féin go hard ar liosta tosaíochtaí English Heritage.
ballaí ísle thart timpeall orthu low walls around them
" Tá ardáin déanta as clocha áitiúla sna háiteanna seo, agus ballaí ísle thart timpeall orthu sa dóigh is nach n-amharcann siad as ionad.
bhallaí walls
" I nDánlann Mhic Giolla Bhuí, taobh istigh de bhallaí Chathair Dhoire, a taispeánadh den chéad uair ar an Aoine an 25ú Márta an saothar is déanaí ó Phatsy Dan Mac Ruairí, an t-aon duine a mhaireann agus atá ag saothrú go fóill den bhuíon péintéirí atá aitheanta ar fud saol na healaíne mar Phéintéirí Oileán Thoraí.
Ballaí an Uafáis the walls of horror
" Ballaí an Uafáis ======== Cuireann solas niamhrach agus ciúnas na heaglaise ar do shuaimhneas thú ar do bhealach isteach ann, rud a dhéanann an gheit a bhaintear asat níos measa nuair a thagann tú go tobann ar na híomhánna gáirsiúla briúidiúla, atá ar beagnach achan bhalla.
gach lapadaíl ag baint macalla as ballaí na huaimhe each paddle of my feet echoing from the cave walls
" Oighreata! D’fhág mé béal na huaimhe i mo dhiaidh mar sin, gach lapadaíl ag baint macalla as ballaí na huaimhe.
na ballaí agus an túr the walls and a tower
" Ní raibh fanta le breacadh an lae ach na ballaí agus an túr ina seasamh.
ballaí taise, easpa leabhar damp walls, lack of books
" Bhain mé sult as cuimse as an Bhunscoil,” ar sí, “cé go raibh go leor fadhbanna le sárú - ballaí taise, easpa leabhar, ach dá mbeinn ag iarraidh scoil a chruthú nuair a bheadh páistí agam féin, sin an scoil a dhéanfainn.
de na ballaí ar bhealach of the walls on the route
" Mhol Anna Lo, Comhalta den Tionól Reachtach arb as Hong Kong ó dhúchas di, go mbainfí bratacha agus múrphictiúir a léirigh paraimíleataigh, idir dhílseacha agus phoblachtacha, de na ballaí ar bhealach an Giro.
ballaí brataithe aige he has the walls covered
" Thapaigh mé an deis castáil leis agus isteach liom sa dteach tábhairne ar teampall Fine Gaelach é: na ballaí brataithe aige le pictiúirí éagsúla den laoch Michael Collins.
fogha faoi bhallaí Dhoire a rush at D.’s walls
" Thug Robert McMillen fogha faoi bhallaí Dhoire agus faoin Chultúrlann le riar maith ceisteanna a chur ar an Phríomhfheidhmeannach ann, Gearóid Ó hEára.