Pota Focal Intergaelic
back | balk | ban | ban- | banc
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faoi bhruach na Life around the banks of the Liffey
" An té a bheadh 'wedi fod yn **yfe**d' (= **ibh**the/ólta), nó 'in**eb**riated', an té a raibh a shá 'imbibed' aige, is dóigh go nglacfaidh sé le teoiric ar bith! Más tugtha don ól é, an duine bocht céanna, b'fhéidir gur Ó Meadhchair/Meachair a bheadh air, tharla go gciallaíonn a shloinne 'cara (na) meá'! Níl mé a rá, áfach, go bhfuil éinne ar m'aithne darb ainm Lifechair Ó Meachair faoi bhruach na Life sa lá inniu.
Bhanc Ceannais na hEorpa European Central Bank
" Tá na rátaí úis athraitheacha nasctha le ráta úis Bhanc Ceannais na hEorpa (BCE) (3.
fheidhmeannach meánaicmeach bainc middle-class bank official
" Cúlra ======= Ach cén saghas saoil a bhí ag Berlusconi sular bhain sé a stádas reatha amach mar *Il Cavaliere* (an Ridire)? Rugadh é i Milano i mí Mheán Fómhair 1936 agus ba fheidhmeannach meánaicmeach bainc é a athair.
bhruacha banks
" Cónaím cuid bheag de mo shaol fós ar bhruacha Loch Ontario, agus go minic na laethanta seo bím gafa i mbeoshruth leochaileach a ritheann os cionn an Aigéin Atlantaigh ó Chasla, Conamara go dtí mo cheantar féin.
conas portach a shioscadh how to mark out a turf-bank
" B'ait an rud é dá mbeadh fear na Gearmáine ag taispeáint do bhean na hÉireann conas portach a shioscadh! B'ait freisin breathnú thar an bhfál i lár an phortaigh ar na haeróga arda a leanann lorg chuile U-Boot ag cabhlach na Gearmáine - an rabhadar ag coinneáil súil freisin ar bháid mhóra agus ar ghleoiteoga Chonamara? Sa Moormusuem chonaic muid go raibh muintir na bportach sin lán chomh bocht le muintir na bportach in Éirinn tráth.
a sonraí bainc their bank details
" Rudaí dleathacha ======= Ar ndóigh, bíonn daoine ag déanamh gnáthrudaí dleathacha ar an idirlíon freisin - ag cur eitiltí in áirithe, ag ceannach leabhar agus ag seiceáil a sonraí bainc, mar shampla.
príomhbhancanna main banks
" " Ba bhuntáiste mór é go raibh cúlra cuntasaóireachta chomh maith le cúlra dlí aige agus roimh i bhfad thosaigh na príomhbhancanna, leithéidí Anglo-Irish Bank agus AIB, ag tabhairt neart oibre dó.
ar an Bhruach Thiar on the West Bank
" D'fhoilsigh an *New York Post *eagarfhocal a mhaígh gurb é Gerry Adams "Osama's Soul Brother" agus d'fhoilsigh scéalta fá bhuamaí IRA ar an Bhruach Thiar, mar dhea.
robálaithe bainc bank robbers
" Má chuireann tú carr ar fáil do robálaithe bainc, tá tú páirteach sa robáil agus ciontach dá réir.
mhuicín airgid piggy-bank
" D'fhéadfadh a leithéid de bhreith an t-uafás airgid a chosaint ar an stát beag seo, a bhfuil a mhuicín airgid geall le bheith folamh faoi láthair.
fiú cléireach an Bhainc even the Bank clerk
" Ní raibh éinne acu sa staid sin ariamh, fiú cléireach an Bhainc mar gur rugadh ar leathchois eisean agus nár ghá fáil réidh lena leathchos nach raibh ariamh air.
ar bhruach na Life on the banks of the Liffey River
" Suite ar bhruach na Life, ar chúlbhóthar duilleach in aice leis an Droichead Nua atá an Sean-Mhuileann.
bruacha banks
" Tá crainn, caonach agus bláthanna fiáine ar na bruacha.
Bhanc Ceannais na hÉireann the Central Bank of Ireland
" Tá go leor gaiscí tábhachtacha déanta aige a bhféadfadh sé maíomh astu, áfach, dá mba mhian leis: is iar-Ghobharnóir é ar Bhanc Ceannais na hÉireann, iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais, iar-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar APSO, iar-Sheanadóir, iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann, príomhchomhairleoir Sheáin Lemass nuair a bhí Éire ag plé ballraíochta sa Chómhargadh (mar a bhí air ag an am).
ag mealladh custaiméirí na mbanc mór attracting the customers of the big banks
" Anuas air sin, tá teachtaireachtaí á scaipeadh anois atá ag mealladh custaiméirí na mbanc mór chuig suímh ghréasáin bréige.
a gcuntas bainc ar líne their online bank account
" Ar na suímh sin iarrtar orthu a n-eolas pearsanta, ainm úsáideora agus pasfhocal, mar shampla, a chlóscríobh isteach i bhfoirm - agus ansin goidtear airgead as a gcuntas bainc ar líne.
an Banc Ceannais the Reserve Bank
" Is iad an Banc Ceannais, atá neamhspleách ar an rialtas, a shocraíonn na rátaí oifigiúla (5.
bhruacha banks
" Eas uisce agus sliabh bréagach rí-ard (tá an-radharc le fáil uaidh) an Parc des Buttes Chaumont; cruinniú le chéile na gcág istigh sa Jardin des Plantes, áit a bhfuil neart lusanna agus luibheanna le feiceáil; crainn mhaorga an chúigiú *arrondissement* sa Jardin de Luxembourg (Bhí suas le 38,000 crann i bPáras nuair a rinneadh an chéad chrannáireamh in 1855, agus tá níos mó anseo anois); an crann is seanda sa chathair, an Robinier, a cuireadh sa bhliain 1601; gan trácht ar bhruacha an Seine, áit a mbíonn neart daoine ag siúl, ag rothaíocht agus ag lannrolláil.
ar an bhruach chuarach on the curving bank
" Bhí an ghrian ag dul síos os cionn na habhann, an Arno, agus na b*palazzi *arda ar an bhruach chuarach.
ag robáil banc robbing banks
" Tamall gairid ina dhiaidh sin, bhí sé ar ais sna Sealadaigh agus é ag robáil banc an iarraidh seo - gníomh eile atá píosa fada ón dearcadh románsúil ar chomhrac na saoirse.
bhaincéaracht banking
" Radharc aisteach atá ann! Sa mheánaois, bhí an-rath ar Lucca mar gheall ar bhaincéaracht agus déantús síoda agus thóg ceannaithe saibhre túir mar seo.
carnáin ghéara fhéaracha steep grassy banks
" Tá an bóthar casta ag dul trasna na má idir carnáin ghéara fhéaracha a chuir an Bhriotáin in gcuimhne dom.
ar a bruacha on its banks
" Tá canáil i lár na cathrach agus go leor caifí ar a bruacha.
Banc Ceannais na hÉireann the Central Bank
" Meastar go n-ardóidh an figiúir seo go €16,000 faoin bhliain 2008 agus tá Banc Ceannais na hÉireann ag tuar gur gearr go mbeidh muid ar bharr na sraithe Eorpaí don chóimheas seo.
iasachtaí bainc bank loans
" Chuige sin, chuaigh scaifte acu sa tseans agus fuair siad iasachtaí bainc, agus cheannaigh siad píosa talún ar Cooke Street.
Bhanc Ceannais na Stát Aontaithe the US Central Bank
" I 2004 tosaíodh fiosrúchán faoin scéim faoi cheannas Paul Volcker, iarchathaoirleach Bhanc Ceannais na Stát Aontaithe.
mhúr teasa bank of heat
" Nuair a fhéachaim amach ó m’fhuinneog mullaightchím í ag siúl na sráide i *sari *buí-ómra na maidine;bruth anála a tráchta ag éirí chugam ina mhúr teasa.
i do mhuicín taisce in your piggy bank
" Mar sin, chun “Tesla Roadster” (an t-ainm atá air) a cheannach, ní foláir duit €80,000 a bheith i do mhuicín taisce.
scaipthe ar bhruacha na habhann scattered on the banks of the river
" Tá bailte beaga scaipthe ar bhruacha na habhann agus tá ról lárnach aici i saol mhuintir an cheantair seo maidir le hiascaireacht agus turasóireacht, agus is córas iompair agus foinse uisce don chócaireacht agus don níochán í chomh maith.
bruacha na Laoi a bhaint amach, to reach the banks of the Lee,
" De réir an amchláir, tógann sé 50 nóiméad ar an Boeing 737 atá ag Ryanair bruacha na Laoi a bhaint amach, agus ní thógann sé ach cúig nóiméad breise ar thurba-liáin ATR72 Aer Arann an turas céanna a dhéanamh.
Banc Ceannais na hÉireann the Central Bank of Ireland
" Thug Banc Ceannais na hÉireann rabhadh níos láidre ina dtuarascáil ráithiúil agus dhearbhaigh siad gur cinnte go raibh laghdú ag teacht ar acmhainn iomaíochta na tíre, agus ag moladh don rialtas dul i ngleic leis an gcostas ard maireachtála sa tír seo agus an méadú ar an ráta boilscithe.
comhlachtaí baincéireachta banking companies
" Mar gheall ar an méid comhlachtaí a thug morgáistí do cheannaitheoirí tí a raibh fadhbanna creidmheasa acu, agus nach féidir leo na morgáistí úd a íoc anois, tá earnáil na tithíochta ag titim as a chéile agus comhlachtaí baincéireachta ag titim i bhféimheacht dá réir.
shocraigh mé éirí as an bpost sa bhanc I decided to give up the job in the bank
" Agus leis sin shocraigh mé éirí as an bpost sa bhanc agus bhog mé go hÉirinn le cabhair ó na hÉireannaigh ar chuir mé aithne orthu.
stair na baincéireachta the history of banking
" Ní fada ó rinne Royal Bank of Scotland (banc a bhí ar an dé deiridh scór bliain ó shin) an táthcheangal is mó i stair na baincéireachta nuair a cheannaigh siad ABN Amro ar $99.
ar bhruach thoir on the eastern bank
" Ba léir go raibh an t-arm dáiríre faoi seo, agus bhog gach mac máthar a raibh baint aige leis an bpobal Mormannach go Illinois, áit ar bunaíodh eaglais agus baile ar ar thug siad Nauvoo, ar bhruach thoir abhainn an Mississippi.
tar éis gur theip ar bhanc a bhunaigh Smith. after the collapse of a bank founded by Smith.
" AchrainnNíorbh fhada in Ohio iad gur éirigh idir na Mormannaigh agus pobal na háite tar éis gur theip ar bhanc a bhunaigh Smith.
bhí stailc sna bainc, there was a strike in the banks
" Ansin, bhí stailc sna bainc, i 1965, sílim, agus d’imigh Christy leis go Sasana.
ón mBanc Domhanda from the World Bank
" Mar bharr ar an donas, dá bhoichte an tír is ea is mó talaimh a chaithfidh an rialtas a chur ar leataobh don fhiadhúlra chun iasachtaí nó cúnamh airgid a fháil ón mBanc Domhanda agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.
Bhanc Lárnach na hEorpa. Central European Bank
" *CMA: Thugamar cúram an ráta úis do Bhanc Lárnach na hEorpa.
Bhanc Ceannais na hÉireann Central Bank of Ireland
" Dá mbeadh an ráta úis faoi chúram Bhanc Ceannais na hÉireann anois is dócha go n-ísleoidís an ráta le hinfheistíocht agus caiteachas a spreagadh.
mBanc Cúlchiste Feidearálach Federal Reserve Bank
" Morgan - ina chathaoirleach ar an mBanc Cúlchiste Feidearálach (banc ceannais nach bhfuil feidearálach ach príobháideach), ghríosaigh sé an Chomhdháil chun Glass-Steagall a aisghairm.
córas baincéireachta banking system
" Cé go bhfuil neart ábhair éadóchais ann faoi láthair, agus córas baincéireachta na tíre faoi scamall náire, tá sé tábhachtach go ndéanfaí ciorruithe sna háiteanna cuí seachas creimeadh a dhéanamh ar sheirbhísí riachtanacha.
chlis ar na bainc the banks failed
" Nuair a chlis ar na bainc, dhún Roosevelt iad agus thionóil sé an Congress chun seisiúin éigeandála.
Drochbhanc bad bank
" * Bunófar Áisíneacht Bainistíochta na Sóchmhainní Náisiúnta – ‘An Drochbhanc’.
Scéim Bharántas na mBanc the Bank Guarantee Scheme
" I léacht a thug an Dr Eoin O Malley as Ollscoil Chathair Átha Cliath chuig comhdháil i gColáiste na Tríonóide ar na mallaibh faoin teideal *Are Our Institutions Fit for Purpose? Political Reform in the Republic of Ireland*, chuir sé Acht na dTeangacha Oifigiúla ar aon leibhéal leis na hinnill vótála leictreonacha agus Scéim Bharántas na mBanc.
Banc Domhanda World Bank
" Measann an Banc Domhanda go maireann 456 milliún Indiaigh faoi bhun líne an bhochtanais, ’sé sin, go maireann siad ar $1.
Bhruach Thiar West Bank
" Tá balla mór na Síne ann, balla Hadrian, balla Antonine, bhíodh balla clúiteach i mBeirlín agus tá an-chonspóid ar siúl faoi láthair faoi na ballaí atá na hIosraelaigh á dtógáil ar an Bhruach Thiar.
bainc bhriste broken banks
" com/watch?v=3ZBW5MoMpPU) I ndiaidh an chluiche, agus go ceann roinnt laethanta ina dhiaidh, ní raibh ach scéal amháin ar domhan a bhí níos tábhachtaí ná an cúlú airgeadais, NAMA, bainc bhriste, fuarlaigh, timpistí, drochaimsir agus Jedward, agus ba é sin go ndearnadh éagóir ar Éirinn agus gur falcaire cruthanta é Mac Annraoi.
bruach bank(s)
" As go brách le Balor go Cathair Bhéal Feirste, go bruach an Lagáin, áit ar tháinig sé ar Chircín Mac Cam Luí agus é ag ól caife ina chaife cáiliúil, an Locked Kipper’s Inn.
huathinnill bank-machines
" Ná bac lena fheachtas chun Gaeilge a fháil ar na huathinnill bainc na gceantar Éireannach i Nua-Eabhrac, ná a fheachtas, le Gaeilgeoirí eile Inis Fhada, Cumann Carad na Gaeilge (Céadchumann na Gaeilge i Nua-Eabhrac) a athbhunú tar éis leathchéad bliain.
dochar na mbanc the bank debt(s)
bhruach bank
" Agus cé a rinne an cur síos maslach seo? Cé eile ach Balor an Bhéil Bhinn, nó tharla go raibh sé féin i láthair ag an scliúchas ar bhruach Loch Léin.
Córas Baincéireachta banking system
" An Córas Baincéireachta ============= Roimh 1998, is ó thaiscí a gcuid custaiméirí is mó a d’aimsigh bainc na tíre an t-airgead lenar thugadar iasachtaí.
na bainc s’againne our banks
" Dá dheasca, tá na bainc s’againne ag brath ar Bhanc Ceannais na hEorpa agus ar Bhanc Ceannais na hÉireann chun a gcuid riachtanais airgid a sholáthar.
mbruach bank
" Caitheann cuid doíbh an t-am seo mar eithne nó pupa agus nochtfaidh sé amach ina fheithid nua ar an mbruach le téamh an Earraigh.
bhruach bank
" Bhí corr éisc ag faire amach ar bhruach an locha bhig, agus bhí lorg coise coiníní le feiceáil go flúirseach ar bhrat sneachta na mbóithríní mórthimpeall.
Bainc mhóra big banks
" Dúrt gur cheapas go raibh sé siúd tar éis teacht go hÉirinn, cosúil leis an CAI mar ionadaí dos na Bainc mhóra, i ndáiríre, agus cheapas go rabhadar ag píonósú an ghnáthlucht oibre, daoine bochta, daoine dífhostaithe, daoine ar pinsean chun fiacha ollmhóra lucht specúiléireachta a íoc.
ráthaíocht na mbanc the bank guarantees
" D'fhoghlaimíomar as na cinn atá foilsithe go dtí seo go raibh Aire Dlí agus Cirt na hÉireann féin amhrasach faoi eitiltí seachadadh urghnách tríd an tSionainn, go raibh an Vatacáin maslaithe ag iarratas na hÉireann eolas a fháil mar gheall ar shagairt phéidifileacha, agus nár chreid foireann taidhleoireachta Mheiriceánach i mBaile Átha Cliath an míniúchán a thug an Roinn Airgeadais dóibh faoi ráthaíocht na mbanc – agus níl iontu sin ach scata cáblaí a bhaineann le hÉirinn.
bhruach na habhann the river bank
" Fuair meitheal, a bhí ag deisiú bhruach na habhann, an taisce a bhí adhlactha i gcófra.
baincéireachta banking
" Tá an tír tite leis an gcóras baincéireachta.
bainc infheistíochta investment banks
" Is fiontraí sóisialta é McKeon, a bhí ina phríomhfheidhmeannach ar cheann de na bainc infheistíochta is mó sa tír tráth.
Cuntas Bainc bank account
" Cá raibh seisean ina phríomheeeeejit? Bloody feckin’ Baile Átha Cliath Thuaidh Láir!! Gan Banc, gan Cuntas Bainc, gan Deacracht Bainc ======================== Tá Shane Cross ann, dar ndóigh.
chladaigh an chuain the banks of the bay
" Bhí tacsaithe uisce ag iompar teaghlach ó áit go háit ar chladaigh an chuain ar a bhfuil Baltimore.
cliseadh baincéireachta banking collapse
" (Is cosúil nach cuimhin leo an cliseadh baincéireachta a bhuail a dtír féin fiche bliain ó shin agus a spreag iad chun teacht isteach san AE).
cuntas bainc bank account
" Tá cóip dár dteastais bhreithe againn go léir i dtarraiceán éigin, ar eagla go mbeadh orainn clóichead a fháil nó cuntas bainc a oscailt.
Banc an Domhain the World Bank
" Banc an Domhain agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta =================================== Dúirt Obama gur iarr sé ar an mBanc Domhanda agus ar an gCAI a mbeartas a chur i láthair maidir le geilleagair na Túinéise agus na hÉigipte a nuachóiriú.
cois Laoi na Scuab by the banks of the swirling Lee
" Bhreathnaíos air ó m’ionad fara i mBloc B, Sraith L, Suíochan 57 den Marquee sna Showgrounds i mBaile an Teampaill, i bparóiste na Carraige Duibhe, cois Laoi na Scuab.
dá bhruach two banks
" I measc na n-imeachtaí a bhí mar chuid de dheasghnáth na hoscailte, bhí claisceadal de 600 gasúr ó scoileanna éagsúla fud fad na cathrach, a tháinig le chéile ar an droichead ón dá bhruach le tús a chur leis.
bhruach bank, border
" Sheas an traein ar feadh i bhfad ar bhruach na Polainne i stáisiún cúlráideach nár aithnigh mé féin.
bruach na habhann the river bank
" D’fhan mé ansin thart ar cúig lá, gach maidin ag ceistiú daoine ag bruach na habhann go dtí gur bhain mé amach bád amháin ag dul mo threosa (áit a roghnaigh mé ar léarscáil le mo shúile dúnta).
an bhruach thall the opposite bank
" Le hádh agus le faoiseamh d’éirigh liom agus bhaineamar an bhruach thall amach.
boghtaí bainc bank vaults
" Bíonn na bithiúnaigh ina suí in íoslach beag dorcha éigin “amuigh ansin” – ní áirím na toicithe ramhra a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin laistigh de na boghtaí bainc in Éirinn le blianta beaga anuas! Is minic a ghoidtear airgead trí ainmneacha agus pasfhocail daoine eile a sciobadh uathu.
bhruacha banks
" Tá muid ar bhruacha Loch Superior i Milwaukee.
bhruach an tsrutháin the stream bank
" Bóthar cúng a bhí fúm an chéad uair an chloig, cosán gan teara an dara huair an chloig, agus bealach aimhréidh ar bhruach an tsrutháin ina dhiaidh sin.
bhruach bank
" Baile beag ar bhruach abhainn na Maroni, a dhéanann teorainn le Surinam.
ghnáthchuntas bainc ordinary bank account
" Is féidir *PayPal* a nascadh le do ghnáthchuntas bainc agus do chárta creidmheasa más mian leat.
roinnt bainc thraidisiúnta some traditional banks
" *SmartyPig* ==== Tá cúpla seirbhísí mar seo agus tá a fhios agam go bhfuil roinnt bainc thraidisiúnta ag breathnú ar an múnla seo mar sheirbhís bhreisluacha.
theip ar chóras baincéireachta na hÉireann the Irish banking system failed
" Nuair a theip ar chóras baincéireachta na hÉireann sa bhliain 2008 léiríodh dúinn na lochtanna a bhain le rialachas geilleagair na tíre – go raibh an rialtóir airgeadais mífheidhmiúil, go raibh an roinn airgeadais féin neamhinniúil, agus nach raibh spéis ag baill sinsir an rialtais i gcúrsaí geilleagair, agus dá mbíodh, nach raibh sé ar a gcumas iad a thuiscint nó a stiúradh.
fuascailt na faidhbe baincéireachta the alleviation of the banking problem
" Dar le Ferguson, ní féidir fuascailt na faidhbe baincéireachta a dh’fháilt trí fhiacha nua a ghineadh ná trí dhiansmacht a chur ar na bancanna ach an oiread.
ar chliseadh baincéireachta about the banking failure
" ”* Ba chóir do shaoránaigh na hÉireann éisteacht go géar leis sa léacht seo, ach go háirithe nuair a bhaineann sé úsáid as staidéar Walter Bagehot ar chliseadh baincéireachta, Lombard Street (1873).
bhruach bank(s)
" Agus ar bhruach an Itapecuru a bhunaigh sé an baile beag Kelru.
mhealladh ó bhruach na habhann to entice from the river bank
" An bhean nach bhfaca mé roimhe sin ná ó shin, rinne sí a dícheall an bhean óg aoibhinn álainn a mhealladh ó bhruach na habhann a fhad leis an ghuthán ar thaobh eile na sráide mar a raibh na Samaritans sásta labhairt léi.
ar bhruach on the bank(s)
" Chuir Pádraig Ó Loingsigh, cathaoirleach an Chlub Éireannaigh, fáilte roimh an Uactharán i nGaeilge, rud a thaitin leis, mar dúirt sé: “Tá sé go hiontach Gaeilge a chloisteáil ar bhruach an Mersey” agus labhair sé faoin dóigh go raibh na fógraí díshealbhaithe i gcónaí i mBéarla, teanga nach raibh ag an chuid is mó de na daoine a díbríodh go Learpholl.
amhail rialaitheoir bainc like a bank regulator
" ’* (de Fréine, The Great Silence, 72) Má mhaolaigh Éirí Amach agus Cogadh na Saoirse gnéithe den athrú teanga, níor stad siad é, nó tá an buille cniogtha á bhualadh lenár linn féin agus sinn sioctha, ag faire idir an dá shúil air amhail rialaitheoir bainc ag dearcadh ar iasachtaí Ponsaí.
na bainc s’againne our banks
" ” Ach, mar is dual don duine (ná don eagraíocht) a thiontaíonn ar an chreideamh ceart, beidh na bainc s’againne níos dílse don cheartchreideamh ná na dílseoirí is dílse amuigh.
bruach bank
" (brzeg = bruach, kraj = críoch, krowa = bó (féach crú 7 cró), młynek = muileann, morze = muir, niebo = néal, źródło = sruth, łapa do sniegu (lapa do sneachta) = sluasaid adhmaid a dhéanfá féin le sneachta a chartadh, srl.
ar bhaincéireacht a dhéanfaidh díobhail don about banking which would damage
" Agus beidh lucht tacaíochta Fianna Fáil ag guí nach nochtófar a dhath san fhiosrúchán ar bhaincéireacht a dhéanfaidh díobhail don pháirtí.
Banc Ceannais Central Bank
" Is fíor san ach dá mba é sin an tslat tomhais is iomaí foras ar cheart a dhúnadh síos, an Banc Ceannais agus an Dáil san áireamh! An mhórargóint eile atá ag Fine Gael ná an méad airgid a shábháilfí dá bhfaighfí réidh leis.
ag sleamhnú amach ón mbruach ar an bpoll domhain slipping away from the bank into the deep pool
" Bhraith sé aisteach, mar sin féin, ag sleamhnú amach ón mbruach ar an bpoll domhain is gan cuairteoir ar bith thart.
ar chliseadh na mbanc about the failure of the banks
" Gné eile a chloistear sách minic nuair a bhíonn polaiteoir, tráchtaire, iarbhaincéir nó a leithéid ag caint ar chliseadh na mbanc, is ea gur ‘a culture of’ seo, siúd nó eile a bhí ann ag an am, amhail is a rá gur cuma anois faoi aon ghníomh as bealach a rinne, polaiteoir, tráchtaire nó baincéir cúig nó sé bliana ó shin.
tríd an chóras bainc through the banking system
" Daoine nár leo an t-airgead in aon chor a fuair an biseach as tríd an chóras bainc.
taobh thiar den iompar baincéireachta behind the banking behaviour
" Ní ‘culture’ amháin ná eile a bhí taobh thiar den iompar baincéireachta in Éirinn agus níor chaipitleachas é ach an oiread.
ar na tomacha ar bhruach na habhann on the bushes on the river bank
" Ar thaobh na cathrach den áit a bhfuil an droichead sin inniu, chonaic mé oibrí Bardais ag tomhas thart ar na tomacha ar bhruach na habhann le háiritheoir Geiger.
nó le bruach srutháin or the bank of a stream
" Mhúchadh an crann sitce an fál agus an cosán in imeacht na mblianta sa gcaoi go mbíodh seanfhear ina chónaí leis féin ag siúl isteach tollán dorcha crann, i lár an lae, le gabháil chuig a theach féin! Ba cheadmhach an t-am sin crainn a chur le taobh cosáin nó le bruach srutháin gan srian ar bith agus b'shin é an cur a rinne dochar do shaol an duine agus do bheatha an éisc araon.
cuntas bainc a oscailt open a bank account
" Mar shampla, ní féidir cuntas bainc a oscailt gan seoladh a bheith agat, ach ní féidir árasán a fháil ar cíos murar féidir a thaispeáint go bhfuil cuntas bainc agat chun an cíos a íoc! Anuas air sin, tá sé an-deacair guthán póca a cheannach gan seoladh a bheith agat, ach níl tú in ann cuntas bainc a oscailt gan uimhir ghutháin a bheith agat.
ina hairgeadóir bainc a bank cashier
" Ansin fiafraíodh díofa cé acu seo is dóichí: a) Tá Linda ina hairgeadóir bainc b) Tá Linda ina hairgeadóir bainc agus tá sí gníomhach sa ghluaiseacht feimineach.
faoi bhrú ag na bainc pressurized by the banks
" Is ábhar imní do Mhatt Carthy ó Shinn Féin an mhoill ar an mbonn, “go gcuideoidh sé le teaghlaigh atá faoi bhrú ag na bainc glacadh le socruithe neamh-iniompartha maidir le haisíocaíochtaí.
idir dhá bhruach between the two banks
" Seo tuilleadh dá chuid cainte: 'Bhí siad ansin idir dhá bhruach ag gabháil isteach go Gaillimh in áit an dtugann siad an Caisleán Nua air, gar go maith ansin do dhroichead an railway, an railway a bhíodh ag gabháil go Clifden.
Ní raibh acu tarraingt isteach all they had to do was pull in (to the bank)
" Ní raibh acu tarraingt isteach sa mbruach ar ndóigh, bhí siad i ndáil a bheith i nGaillimh, idir dhá bhruach san abhainn, sa gCaisleán Nua.
dhá shíobadh isteach sna bancanna blowing it into the banks
" Ní fhágfaidh sé an leath eile dá thuarastal ag an stát, ar eagla go mbeadh an stát ‘dhá shíobadh isteach sna bancanna’ (nó dhá ‘chaidéalú’ isteach sna bancanna mar a mhaígh sé i mBéarla)! Ina áit sin, roinneann sé ar ‘thionscadail áitiúla’ é.