Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Bardas corporation
" ) Tá Coiste Logainmneacha ag feidhmiú a chuireann ainmneacha tarraingteacha ar fáil i gcomhar leis an mBardas d'eastáit nua tithíochta sa chathair.
bardas an bhaile the town council
" Agus 75 páiste ann san iomlán! Is le bardas an bhaile an naíonra, agus íocann na tuistí táillí de réir a n-ioncaim.
Bardas na Gaillimhe Galway Corporation
" Tá arduithe ar na táillí seirbhíse molta ag Bardas na Gaillimhe don chathair sin, agus tá Comhairle Chontae an Chláir agus údaráis áitiúla eile ag obair ar scéimeanna eile.
an Bardas the Corporation
" Athraíodh sin nuair a thóg an Bardas ag an am eastát nua tithíochta, tithíocht phoiblí.
Bardas Learphoill Liverpool Corporation
" Ach ní raibh ádh ar bith air sin ach an oiread, agus an boggart fós ann, agus bhí an halla ina chíor thuathail nuair a díoladh é le Bardas Learphoill i 1900.
bardais corporation, local council
" Tugann Simon Delaney athchuairt ar an ‘leadachas’ a chruthaigh sé i *‘mBachelor’s Walk’*, agus tá cónaí ar straoill mná (Olwen Fouéré), máthair Eve Hewson i dtigh beag bardais fá scáth Staid an Aviva.
oibrí Bardais ag tomhas thart a borough council worker taking measurements around about
" Ar thaobh na cathrach den áit a bhfuil an droichead sin inniu, chonaic mé oibrí Bardais ag tomhas thart ar na tomacha ar bhruach na habhann le háiritheoir Geiger.
ag lorraithe bardais by corporation lorries
" Tá cac na réinfhianna súite aníos ag lorraithe bardais ach níl Balor ag gabháil i mbun tuair ná tairngreachta don bhliain úr mar nach aon uimhir mhuiníneach í an 13.