Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beagnach de dhlúth agus d'inneach ann almost innate
" Bhí siad beagnach de dhlúth agus d'inneach ann anois agus ní ligfeadh an eagla dó a rá lena athair nach raibh dea-thomáint aige agus é ar an bhealach leis na cianta.
os comhair an chúil beagnach nearly in front of the goal
" Ach bhí fiche iarracht ar fóirín ag Áth Cliath an oíche sin agus dá bhfaighidís a leath díobh (go minic bhí an t-imreoir os comhair an chúil beagnach) thabharfadh sé misneach dóibh a gcuid iarrachtaí a neartú.
beagnach bánaithe nearly deserted
" Ag tús na 1980í bhí an t-oileán beagnach bánaithe de bharr easpa seirbhísí agus de bharr neamhshuim an rialtais, agus bhog leath de mhuintir an oileáin amach le cónaí a dhéanamh ar an Fhál Carrach ar an tír mór.
fhoinse cumhachta gan teorainn, beagnach a virtually unlimited source of power
" "Tá meath mór ag teacht ar chóras cumhachtach na scoileanna paróiste a d'fhás céad go leith bliain ó shin ó gheoiteonna na n-inimirceach, ar dhoras isteach sa tsochaí Meiriceánach é do na milliúin agus ar fhoinse cumhachta gan teorainn, beagnach, é d'institiúid na Eaglaise Chaitlicí," a scríobh Jim Dwyer le gairid sa New York Times.
beagnach ar fiochadh nearly boiling
" Bhí orm dul cosnochta tríd an sneachta, ach buíochas le Dia bhí an t-uisce sa linn beagnach ar fiochadh.
beagnach ar fiochadh nearly boiling
" Bhí orm dul cosnochta tríd an sneachta, ach buíochas le Dia bhí an t-uisce sa linn beagnach ar fiochadh.
beagnach ar fiochadh nearly boiling
" Bhí orm dul cosnochta tríd an sneachta, ach buíochas le Dia bhí an t-uisce sa linn beagnach ar fiochadh.
glanadh beagnach 400 duine nearly 400 people were cleared
" Sna 1840í, glanadh beagnach 400 duine ó leath ó dheas an oileáin.
beagnach rófhoirfe; nearly too perfect
" Radharc fíorálainn Uaireanta, tagann tú ar áit atá beagnach rófhoirfe; sin mar a bhí Mayoka Village, óstán ar fhan mé ann.
beagnach osréalach nearly surreal
" Tá foréigean an chait agus é sa tóir ar an luchóg beagnach osréalach agus tá greann fíorchliste in amthomhas na ngeáitsí agus sna cleasa líníochta, greann a bhain an ghoimh as an fhoréigean.
beagnach gach déagóir nearly every teenager
" Ní raibh sé i bhfad go raibh beagnach gach déagóir i Learpholl ag caitheamh anarac dubh The North Face agus cochall air, agus iad ina seasamh thart fán ionad siopadóireachta.
beagnach do-chloíte nearly unbeatable
" Bhí forlámhas ag Uíbh Fhailí sa tréimhse sin ar Chill Chainnigh agus ar fhoirne eile Laighean (cé is moite de 1996 nuair a mhúscail Loch Garman as a suan agus a d’fhógair a mbainisteoir Liam Ó Gríofa gurb í an iomáint “Riverdance” an spóirt! San am céanna bhí an Clár beagnach do-chloíte sa Mhumhain (cé is moite de bheith buailte ag Luimneach i 1996.
beagnach nearly
" Tá sin tosaithe go pointe áirithe cheana féin sa mhéid is go bhfuil beagnach dhá mhilliún euro geallta ó thosaigh mise i mo phost mar thiomsaitheoir leis an Iontaobhas ag tús 2007.
tá an t-othar beagnach marbh, the patient is almost dead,
" Sea, tá an t-othar beagnach marbh, agus na súmairí á fhágáil, de cheal fuil úr le hól.
beagnach caoga faoin gcéad acu nearly fifty percent of them
" Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, tháinig na céadta míle inimirceach ón nGréig chun na hAstráile agus chuir beagnach caoga faoin gcéad acu fúthu in Melbourne.
faoi gheasa beagnach nearly under a spell
" Bhí fear darb ainm Mícheál Ó Seighin á chasadh i seomra lom, íseal, plódaithe, agus bhí gach éinne faoi gheasa beagnach ag an gceol agus ag an mothúchán a bhí á léiriú sa chasadh sin den amhrán.
beagnach cothrom neraly equal
" Agus is léir go bhfuil na conspóidí ar fad dulta i bhfeidhm ar an bpobal – de réir pobalbhreithe ar thug an comhlacht TNS MRBI faoi le déanaí, tá Fine Gael beagnach cothrom le Fianna Fáil i measc na vótóirí.
Tá an chéad Nollaig eile beagnach buailte linn the next Christmas is almost with us
" Tá an chéad Nollaig eile beagnach buailte linn – Nollaig nach bhfeicfidh mé m’iníon lena linn agus Nollaig nach mbeidh mé in ann taitneamh a bhaint aisti ina héagmais.
beagnach gach tairiscint nearly every offer
" Bhí an claonadh aici glacadh le beagnach gach tairiscint agus dá bharr sin bhí sí páirteach i gclár nó dhó nach bhfuil sí róbhródúil astu anois.
beagnach ar an bpointe. nearly immediately.
" D’aimsigh sé Daltaí na Gaeilge breis is deich mbliana ó shin, agus thosaigh sé ag múineadh ranganna dúinn beagnach ar an bpointe.
bhí port na foirgníochta beagnach seinnte the game was almost up for the building (trade)
" Ach bhí port na foirgníochta beagnach seinnte faoin am sin.
beagnach almost
" Cé gur chuala beagnach gach duine iomrá ar 'Olagarcaigh na Rúise,' ní heol do mhórán daoine go bhfuil clóichead, nó pas, Iosraelach ag beagnach gach duine díobh.
beagnach almost
" Ní dhearna Séamus gearán faoi dhuine ar bith eile a bhí ag seinm in aice leis, bíodh sé sin beagnach ag milleadh an cheoil ar achan duine eile.
beagnach almost
" Polaiteoirí ar Díol Cad chuige a bhfuil lucht Iosrael in ann beagnach a rogha rud a dhéanamh i Washington? Is é freagra gearr na ceiste sin ná ‘airgead.
beagnach almost
" Tá leathbhliain ann ó tháinig deireadh le Foinse agus beagnach bliain ó stad Lá Nua ag trádáil.
beagnach almost
" Tiocfaidh síneadh beag ar na laetha go luath sa bhliain úr - oiread coiscéim coiligh gach lá – agus, cé go bhfanfaidh an aimsir go dona, ardóigh an ghrian ar an spéir de réir a chéile, agus beagnach i ngan fhios dúinn beidh an geimhreadh thart is beidh snafach faoin lus agus flúirse fáis ar ball arís ann.
beagnach go hiomlán almost entirely
" * Tá ceist an daonra fite fuaite le dúnghaois inimirce mar go bhfuil fás an daonra ag brath beagnach go hiomlán ar inimirce, ní hionann is an ráta beireatais atá ag titim san Astráil le fada an lá.
beagnach i gcónaí nearly always
" Is ríléir don té atá eolach ar an gcaidreamh idir na Stáit Aontaithe agus Iosrael go bhfaigheann “stát na nGiúdach” an lámh in uachtar beagnach i gcónaí.
beagnach gach almost every
" Déanann beagnach gach gasúr bunscoile abhus staidéar ar an dán agus, cé go bhfuil nathanna seanreicthe go leor ann agus go bhfuil na mothúcháin maothintinneach in áiteanna, níl aon amhras ach go ndeachaigh na rainn i gcion go mór ar mhuintir na hAstráile.
beagnach almost
" Bhí ceart vótála ag mná na tíre, cuir i gcás, beagnach ón lá ar bhain an Astráil neamhspleáchas amach céad agus deich mbliana ó shin, tréimhse fhada sula raibh an ceart céanna ag mná i dtíortha forbartha go leor eile.
beagnach almost
" Is leamh an rud é go mairfidh an Teach atá freagrach as an phraiseach agus go gcuirfear deireadh leis an cheann atá beagnach saor ó mhilleán! Agus an tír báite i bhfiacha, is cóir gach caiteachas stáit a scrúdú, ach nílim ag teacht leis na tráchtairí a chuireann an bhéim ar chostas an tSeanaid mar chruthú gur chóir deireadh a chur leis.
beagnach almost
" Ar ndóigh bhí sé de phribhléid agamsa a bheith mar Aire Stáit agus mar Aire Gaeltachta le beagnach 13 bliain anuas agus rinneadh rudaí san am sin a mbeidh tábhacht leo don teanga go ceann i bhfad.
beagnach almost
" Feictear dom go bhfuil sé fíoríorónta gur roghnaíodh an meafar seo de bharr gur foilsíodh roinnt tuarascálacha le blianta beaga anuas a léiríonn go bhfuil an Astráil chun tosaigh ar beagnach gach tír eile i ngné áirithe amháin a bhaineann le meáchan, ach ní hábhar bróid ná ceiliúrtha é.
beagnach almost
" *‘Language is the social fact par excellence’* - Saussere =============================== Anuas tríd an chuntas sin ar chúla téarmaí, beagnach, ritheann uimhreacha daonra.
caithfidh tú a bheith ag riar air beagnach mar cheart You have make a provision for it almost as a right
" “Má tá na healaíona agus an cultúr le bheith mar chuid de bhonneagar do bheithe, den dóigh a fhorbraíonn muid ár bpearsantacht ar bhonn pearsanta agus sa phobal, caithfidh tú a bheith ag riar air beagnach mar cheart.
beagnach almost
" Is dream atá tugtha don imirt iad muintir na hAstráile agus tá beagnach gach saghas cearrbhachais dleathach abhus dá bharr.
beagnach ídithe almost depleted
" Deirtear go mbíonn 40% d’uisce na tíre in úsáid leis an khat a chur ag fás agus go bhfuil fadhb anois ann mar tá bord an uisce thart ar Sa’ana beagnach ídithe.
beagnach iomlán na ndaoine almost all of those
" Tharla rud eile suntasach i dtréimhse an Tíogair Cheiltigh agus ba é sin go raibh beagnach iomlán na ndaoine a bhog chun na tíre, a lonnú ins na cathracha agus na bailte móra.
beagnach trian almost a third
" Bhí beagnach trian den lucht oibre fós ag obair sa réimse sin sa bhliain 1960.
Beagnach gan mhaith almost useless
" ” (Beagnach gan mhaith, dála an scéil, ach sin scéal eile.
agus é beag beann beagnach ar while he almost turned a blind eye to
" Dhiúltaigh Lincoln íde speisialta a thabhairt dos na Stáit theas agus é beag beann beagnach ar a gcuid tréas bunreachtúil, agus dhiúltaigh Andy an t-idirdhealú céanna a dhéanamh ina shearmóin.
beagnach crochta almost hung out to dry
" Nuair a bhí an t-ualach beagnach crochta agam, d’fhill cuid de na ceoltóirí.
beagnach dosheachanta almost unavoidable
beagnach buailte linn almost upon us
" Is cinnte go bhfuil údar maith ag lucht leanúna sacair scleondar agus sceitimíní a bheith orthu agus Euro 2012 sa Pholainn agus san Úncráin beagnach buailte linn.
beagnach leathchéad almost 50
" Daoine, go cinnte, a bhfuil croí mór acu agus bá mór don teanga, ach atá ag múineadh le téacsleabhair mar Bhuntús Cainte, atá beagnach leathchéad bliain d'aois anois agus a chomhairíonn airgead i scillingeacha agus pingineacha! Ach tá cúrsaí ag athrú.
beagnach scór leabhar almost twenty books
" Féinfhoilsiú? Ní rabhas riamh róthógtha leis an tuairim ach tá beagnach scór leabhar féinfhoilsithe agam ar na mallaibh.
In áit na hacmhainní ar fad beagnach instead of almost all of the resources
" In áit na hacmhainní ar fad beagnach a chaitheamh ar Bhéarlóirí go príomha, ag iarraidh Gaeilgeoirí a dhéanamh astu, nach fiú iarracht a dhéanamh a ndílseacht don Ghaeilge a dhaingniú i measc na ndaoine óga a bhfuil sí acu cheana? Nach bhfuil sé thar am dúinn, iarracht a dhéanamh na déagóirí a bhfuil Gaeilge acu cheana ar fágáil na scoile dóibh, a choinneáil ag Gaeilgeoireacht agus iad ag dul isteach sna ficheadaí? Is mó seans go n-éireodh le beartas mar sin, im’ thuairimse.
beagnach as a sheasamh almost extemporaneously
" Beidh achan duine ag caint beagnach as a sheasamh i ndiaidh dó ábhar na cainte a tharraingt as bocsa.
ag brath beagnach go hiomlán ar depending almost entirely
" Lagan Fianaise ====== Ní raibh an fhoireann ionchúisimh in ann fianaise aigéad dí-ocsairibeanúicléasach a chur faoi bhráid choiste na cúirte ag triail Stokes, agus bhí siad ag brath beagnach go hiomlán ar fhianaise Mc Laughlin dá bhíthin sin.
le fiche bliain anuas beagnach over the last twenty years almost
" Agus eisean an t-aon scoláire sinsearach Éireannach le fiche bliain anuas beagnach a chur ceisteanna tábhachtacha mar gheall ar an mbearna leathan sin a sheasann os comhair an 20ú aois agus an ré gan scríobh sin roimis an Drochshaol.
beagnach amhail is almost as though
" Thosaigh Lehane le luas mall tomhasta ar dtús, beagnach amhail is gur eachtrannaigh iad an lucht éisteachta.
beagnach go hiomlán i gCoiréis almost entirely in Korean
" Is díol spéise an ráth ollmhór atá ar an amhrán in ainneoin go bhfuil go leor daoine nach dtuigeann an liric atá beagnach go hiomlán i gCoiréis ach, mar gheall ar an damhsa barrúil a dhéanann PSY san fhiseán agus an fonn tarraingteach a théann leis an amhrán, tá daoine ar fud na cruinne ar bís le híosluchtú a dhéanamh air arís agus arís eile ó YouTube.
le beagnach tríocha bliain for almost thirty years
" Anuraidh an chéad uair dom le beagnach tríocha bliain.
beagnach ceann do gach one almost for every
" Is cosúil go bhfuil 270,000,000 gunnaí sna Stáit Aontaithe - beagnach ceann do gach fear, bean, agus páiste sa tír.
beagnach aon stéibh ceoil a taifeadadh riamh almost every piece of music ever recorded
" Is mór agam an tseirbhís seo a ligeann don úsáideoir éisteacht le beagnach aon stéibh ceoil a taifeadadh riamh.
beagnach caoga faoin gcéad de lucht saothair almost 50% of the workforce
" Áirítear go bhfuil beagnach caoga faoin gcéad de lucht saothair na Breataine nach gcomhlíonann an riachtanas airgid seo.
ag baint le beagnach gach post pertaining to almost every job
" Agus cá bith seasmhacht fostaíochta a bhí ann blianta ó shin, tá neamhchinnteacht ghoilliúnach ag baint le beagnach gach post na laethanta seo.
beagnach achan bhalla almost every single wall
" Ballaí an Uafáis ======== Cuireann solas niamhrach agus ciúnas na heaglaise ar do shuaimhneas thú ar do bhealach isteach ann, rud a dhéanann an gheit a bhaintear asat níos measa nuair a thagann tú go tobann ar na híomhánna gáirsiúla briúidiúla, atá ar beagnach achan bhalla.
bheifí beagnach deimhin one would be almost certain
" Dá mairfeadh Pádraig Mac Piarais bheifí beagnach deimhin go mbeadh sé an-bhródúil as borradh na nGaelscoileanna.
beagnach 80% de ghuthaíocht an stáit almost 80% of the state’s electorate
" Tháinig beagnach 80% de ghuthaíocht an stáit amach i 2008 chun vóta a chaitheamh sa cheist achrannach seo, agus b'iad an dara dream a bhuaigh.
le beagnach fiche bliain anuas anois for almost twenty years now
" ) le beagnach fiche bliain anuas anois agus is ionann an t-iontas a bhraithim faoin ábhar féin agus faoi gur féidir leis scéal casta, spéisiúil a chur os comhair an leitheora arís is arís eile.
beagnach seasca bliain i ndiaidh dóibh a bheith scartha almost sixty years after they were separated
" Bhí deora i súile Luigi nuair a bhuail sé lena ghrá gheal beagnach seasca bliain i ndiaidh dóibh a bheith scartha óna chéile agus spreag an teacht le chéile tochtmhar seo na dealbhóirí, Oleksandr Morgatsky agus Gregory Kostjukov saothar a chruthú le comóradh a dhéanamh ar a gcaidreamh.
beagnach caoga míle de lucht féachana acu almost 50,000 viewers
" Tá seacht bhfíseán déag ar Youtube aige faoi láthair agus tá beagnach caoga míle de lucht féachana acu ar an iomlán.
beagnach almost
" Ba ríléir don domhan is a mháthair go raibh Rudd agus a lucht leanta i bPáirtí an Lucht Oibre ag cumadh ceannairce in éadan a chomharba, beagnach ón lá a bhfuair sé a thópar.
Beagnach gach rud concréiteach almost every concrete thing
" Beagnach gach rud concréiteach atá le tuairisciú is deacair a rá gur ‘dul chun cinn’ atá ann.
i beagnach gach gné den saol in almost every aspect of life
" Faoi láthair tá ról ag an stát i beagnach gach gné den saol, ach níor athchóiríodh an trealaimh dhaonlathaigh de réir mar a bhí an stát ag athrú.
ag titim as a suíochán beagnach almost falling of the chair
" Cúram Oibre agus Baile ========= Leoga ar skype a bhí mé féin ag caint le Róisín agus chonaic mé í ag titim as a suíochán beagnach nuair a chuir mé ceist uirthi an raibh a leithéid ann mar “an bhean a bhfuil gach rud aici.
beagnach gualainn ar ghualainn a chéile almost shoulder to shoulder
" Chonaic mé scaifte meánaosta ag déanamh ar an phríomhdhoras mar a bheadh cipe ann, beagnach gualainn ar ghualainn a chéile, mar is dorchla an-leathan é.
rinneadh neamhaird go hiomlán beagnach den almost an entire disregard for
" Ach fós féin, rinneadh neamhaird go hiomlán beagnach den sean-nós.
gan fhios beagnach almost unconsciously
" Baintear úsáid ‘nádúrtha’ as an teanga, gan fhios beagnach.
beagnach dó in aghaidh a haon i gcoinne almost two to one against
" Ar ndóigh, mar iarghníomhaí ceardchumainn (TUI), tuigim go maith cén fáth ar vótáil na meánmhúinteoirí, beagnach dó in aghaidh a haon i gcoinne an tsocraithe a bhí curtha le chéile tar éis do ghluaiseacht na gceardchumann cur suas do shocrú Pháirc an Chrócaigh II.
gurbh fhiú an bás a fhulaingt, beagnach it’s almost worth dying for
" Deir Balor gurbh fhiú an bás a fhulaingt, beagnach, le bheith in ann éisteacht le Páidí Ó Sé ag bualadh le Maggie Thatcher: “Anois, a Mhaighréad, tá a fhios agat nach n-oireann an comhluadar seo de dhaoine córa leithéidí iar-phríomhairí na Breataine a bhí i gcumhacht le linn na stailceanna ocrais sa Cheis Fhada.
beagnach a luaithe is almost as soon as
" Tús Fuilteach Leath an Chogaidh ========== Cuireadh tús leis an gcogadh beagnach a luaithe is a chuir na coilínigh fúthu in Sydney i mí Eanáir 1788, nuair a mharaigh muintir na háite beirt fhear geal.
beagnach bliain anois almost a year now
" Tá an t-achomharc seo curtha faoi bhráid an Choimisinéara Faisnéise le beagnach bliain anois agus gan aon mhíniú tugtha ar an mhoill a bhaineann le rialú a dhéanamh ina leith.
le beagnach tríocha bliain anuas for almost thirty years
" In ainneoin an chaidrimh mhaith, áfach, tá an dá thír in adharca a chéile le beagnach tríocha bliain anuas i dtaca le seilg an mhíl mhóir sa Teiscinn Theas.
Maraíodh beagnach céad duine almost a hundred died
" Maraíodh beagnach céad duine.
beagnach ón bhomaite almost from the moment
" Feictear dom go bhfuil sí fós i gcarcair – a bhuí leis na meáin a rinne dúshaothrú uirthi beagnach ón bhomaite a gabhadh í deich mbliana ó shin.
beagnach almost
" Ar an iomlán, cónaíonn beagnach 8 milliún duine sa chúige is mó seo, agus de réir taighde a rinneadh in Ollscoil McGill, is de sliocht Éireannaigh 40% den chúige seo.
beagnach almost
" ) Thosaigh mé beagnach fiche bliain ó shin ar an ealaín chéanna, ag cur crainn ilchineálacha dúchais, go hard sna sléibhte i mo chás féin.
beagnach céad almost a hundred
" a foilsíodh den chéad uair beagnach céad bliain ó shin, sa bhliain 1918! An ráiteas is tábhachtaí a thugann Strunk i leith na scríbhneoireachta, níl ann ach trí fhocal - “Omit needless words.
beagnach gach troigh almost every foot (measurement)
"beagnach gach troigh den domhan uilig léarscáilithe ag satailítí.
beagnach allúrach almost foreign
" Reáchtáladh cuid mhaith de na ceolchoirmeacha i speigeltent (puball na scáthán), puball ollmhór déanta d’adhmad agus anairt maisithe go gleoite ar an taobh istigh le scátháin, soilse agus gloine dhaite agus suite i gceartlár chearnóg na cathrach, rud a chuir cuma aduain, beagnach allúrach, ar an áit agus a thug le fios go raibh rud éigin iontach ar leith á thairiscint ann.
beagnach almost
" An méid sin ráite, is tír ilchultúrtha í an Astráil ina maireann na comhphobail eitneacha éagsúla le chéile go sítheach beagnach an t-am go léir.
beagnach dosháraithe d’iris almost insurmountable
" Thuig muid fosta go raibh dúshláin ag roinnt le dáileachán agus le fógraíocht in earnáil na meán clóite a bheadh beagnach dosháraithe d’iris i nGaeilge.
beagnach buailte linn arís nearly here again
" Agus ní fada uainn anois an méid sin, mar go bhfuil Seachtain Willie Clancy beagnach buailte linn arís.
beagnach buailte linn, nearly upon us
" Agus Ardteist na bliana seo beagnach buailte linn, beidh an dream atá ar tí an scoil a fhágáil ciaptha leis an imní.
beagnach a thrian almost a third
"beagnach a thrian de dhaonra na Sé Chontae Fichead ina bpáistí.