Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beidh linn we will be fine
" A fhaid is go n-aithníonn muid go mbíonn fréamhacha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta éadomhain go minic, go bhfeiceann muid na deiseanna atá ann ár bhfiontair féin a chruthú agus a fhorbairt, agus go ndéanann muid iad a bhunú agus a fhás go bródúil agus go cinnte, beidh linn.
beidh biseach ort you'll be better
" An rud a dúirt sé ná má fhaigheann tú galrú ón fhríd sin, de ghnáth beidh biseach ort taobh istigh de choicís nó trí seachtainí.
Beidh an saol ag caint ort everyone will be talking about you
" Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort, caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
Beidh an saol ag caint ort everyone will be talking about you
" Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair "Beidh an saol ag caint ort, caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air".
beidh an craiceann agus a luach aige he'll have it both ways
" Ach nuair a dhiúltaíonn na Seanadóirí rud a dhéanamh air cuirfidh sé an milleán ar na Daonlathaigh agus beidh an craiceann agus a luach aige.
beidh d'uaigh féin tochailte agat! you'll have dug your own grave!
" Ach má bhíonn maidhm shneachta ann i rith na hoíche beidh d'uaigh féin tochailte agat! Níor tharla a leithéid dúinn agus bhí radharc álainn againn trasna na sléibhte nuair a mhúscail muid ar maidin.
Beidh sí ag ceastóireacht she'll be pestering/annoying you (with questions)
" Beidh sí ag ceastóireacht mar a bheadh an diabhal ort.
Beidh an droim síos linn Our backs will be killing us
" "Beidh an droim síos linn roimh dheireadh an lae.
beidh a port seinnte it will be finished
" Níl sé rómhall leis an Ghaeltacht a shábháil ach muna gcuirfear infheistíocht ar fáil agus pleanáil chuí i bhfeidhm go luath, dírithe ar theaghlaigh agus ar pháistí óga, is cinnte go mbeidh a port seinnte.
Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd Mark will have his work cut out with her, he'll have more than enough to handle
" "Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd.
Beidh an t-ádh dearg uirthi she'll be really lucky
" Beidh an t-ádh dearg uirthi mura ndéanann éan inteacht cónaí sa nead sin ar bharr a cinn sula mbeidh an lá amuigh," arsa Nuala.
beidh orainn deireadh a iompar thart we'll have to carry everything around
" Má fhaigheann muid tacsaí beidh orainn deireadh a iompar thart i rith an lae.
beidh faobhar á chur ar na sceana arís the knives will be sharpened again
" Tá mí na meala thart, agus muna dtagann feabhas mór ar chúrsaí idir seo agus an samhradh beidh faobhar á chur ar na sceana arís.
Beidh mé leat anois I'll be right with you
" "Beidh mé leat anois," arsa Stiofán.
beidh leo they will succeed
" Más féidir le *Lá *5,000 ceannaitheoir nuachtáin a mhealladh, beidh leo.
Beidh leictreachas á ghiniúint electricity will be generated
" Beidh leictreachas á ghiniúint i gcaitheamh na hoíche freisin ar leibhéal níos ísle.
beidh an madadh marbh it'll be the end of the world/I'm for it
" "Féadaim éirí anois," arsa Ivan leis féin, "nó beidh an madadh marbh.
Beidh do theanga amuigh you'll be dying of the thirst
" "Beidh do theanga amuigh sula ndéanfaidh mise cupa tae duit anois.
beidh rath ar an nuachtán seo this paper will be a success
" Ach i ndeireadh báire beidh rath ar an nuachtán seo má thig leis 5,000 cóip a dhíol agus tuilleadh fógraíochta a shaothrú.
beidh orainn a admháil we'll have to admit
" Tá "géarchéim féiniúlachta" againn i gCeanada - cé hé muid féin, agus cén rud faoi leith atá againn le tabhairt don chomhphobal domhanda? Faoi dheireadh (i gceann 500 bliain, b'fhéidir) beidh orainn a admháil gurb é inphrionta na mbundúchasach Ceanadach an t-aon rud amháin sainiúil atá againn nach bhfuil le fáil in aon áit eile ar domhan - sin í " an fhéiniúlacht" agus an "rud áirithe sin" atáimid ag lorg.
Beidh trí phost nua á bhfógairt againn go luath. We'll be announcing three new jobs shortly.
" Beidh trí phost nua á bhfógairt againn go luath.
beidh an oiread sin de thallann uirthi she'll have such a fit
" "Caithfidh sí í féin síos ar an urlár, agus beidh an oiread sin de thallann uirthi go dtabharfá mionna go raibh sí sna smeachanna deireanacha.
beidh a bhfuil de thrioc linn le cuardach agam I'll have to search through all the stuff we have with us
" Nach bhfuil bróga siúil leat?" "Tá," ar sise, "ach beidh a bhfuil de thrioc linn le cuardach agam lena bhfáil.
beidh mé ar shiúl I'll be off
" coinneappointment céimiúildistinguished santachgreedy cíocrachgreedy súmairescrounger sprionlóirmean neart airgidplenty of money go bhfostaím thúthat I employ you tuarastalsalary teanntight beidh mé ar shiúlI'll be off níos soiléiremore clearly gnóthachbusy bolgam taesup of tea Lig do scíste.
beidh an lá linn we'll have our way
" Gheobhaidh mise an talamh agus beidh an lá linn.
beidh do ghruth is do bhainne agat you can have your cake and eat it
" Ansin beidh do ghruth is do bhainne agat.
Beidh mo chuid réidh my dinner will be ready
" Beidh mo chuid réidh ag Síle agus tá a fhios agat Síle; níor mhaith don dinnéar fuarú.
Beidh le feiceáil. It remains to be seen.
" Seo an t-am a fheicfear chomh mór agus is féidir le brainse rialtais athrú i Meiriceá, ach an athróidh an rialtas féin? Beidh le feiceáil.
beidh níos lú den tseanchaint againn we'll have less of that old cheek
" “Seo,” ar sise, “beidh níos lú den tseanchaint againn” agus í ag amharc ar an bhean úr agus an stócach dóighiúil ag imeacht uaithi lámh ar lámh.
Beidh sé sin iontach ar fad! That'll be really great!
" Beidh sé sin iontach ar fad! Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin.
Beidh 2007 an-suimiúil! 2007 will be very interesting!
" Beidh 2007 an-suimiúil!*Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen.
beidh muintir na tuaithe thíos go mór leis. the people of the countryside will suffer greatly.
" Is cinnte go mbeidh toradh fiúntach ar chur i bhfeidhm na ndlíthe maidir leis an tiomáint agus an t-ól ach beidh muintir na tuaithe thíos go mór leis.
beidh sé ródhéanach. it'll be too late.
" Is cinnte go bhfuil an earnáil turasóireachta iontach tábhachtach do gheilleagar na hAstráile, ach measaim gur cheart dóibh treoracha agus srianta áirithe a leagan síos do na ceantair seo nó beidh siad uilig millte, agus nuair a bheidh an damáiste déanta, beidh sé ródhéanach.
Beidh le feiceáil. it remains to be seen
" An bhfuil athrú rialtais i ndán dúinn níos luaithe ná mar a ceapadh a tharlódh sé sin? Beidh le feiceáil.
beidh siad buíoch díom they will be grateful to me
" Fiú más tútaigh amach is amach iad na faighteoirí, beidh siad buíoch díom mar táim cinnte go mbreathnóidh *Aniar *go hiontach ar a mbord íseal!Tá tuilleadh eolais i dtaobh *Aniar* ar fáil ag http://www.
Beidh cuimhne ar an bhliain stairiúil seo mar this historic year will be remembered
" Beidh cuimhne ar an bhliain stairiúil seo mar “Bhliain na Chuckle Brothers” – an Céad-Aire, Ian Paisley, agus a dhlúthchara, Martin McGuinness, ag gáire mar a bheadh gealta iontu.
beidh sé mar dhea-rúin na bliana úire agam it will be a new year's resolution for me
" Mar sin, beidh sé mar dhea-rúin na bliana úire agam tréan-iarracht a dhéanamh gan dul ró-chóngarach do leoraithe agus mé amuigh ag siúl, ar mo rothar nó ag tiomáint.
Beidh fáilte roimh chách. All will be welcome.
beidh mír Des le feiceáil ar an teilifís Des's bit will be shown on TV
" Mura féidir leat freastal ar an seó beo, beidh mír Des le feiceáil ar an teilifís nuair a chraolfar clár deireanach na sraithe ar an 24 Aibreán.
beidh an chuma ar an scéal it will appear
" Má thugtar níos mó arm do na péas, beidh an chuma ar an scéal gur stát póilíneach é Stáit Aontaithe Mheiriceá.
beidh bac ort. you will be impeded
" Más eol duit cad atá romhat, ní féidir leat a bheith neamhurchóideach agus ansin, beidh bac ort.
beidh an toradh curtha ina steillebheatha againn we will have made the result into flesh and bones
" Ba gheall le breith clainne é an próiseas ar fad: bhí giniúint i gceist, tréimhse iompair agus faoin Déardaoin, beidh an toradh curtha ina steillebheatha againn ar scáileáin na tíre!Súil an fhir ceamara “Tá jab iontach déanta ag Jim Fahey agus táim cinnte go rachaidh an clár go mór i bhfeidhm ar dhaoine.
beidh greim agat ar you have come to know
" Ach a bheith sa bhaile ar feadh tamaill, beidh greim agat ar an saol sin arís agus ord dá réir, ag glanadh an tí, ag obair sa ghairdín.
beidh an lá le shall succeed
" Dar leis an mbeirt nuachoimeádach, caithfidh SAM an tSiria, an Libia, an Iaráin agus tíortha eile nach iad sa Mheánoirthear a ionsaí, agus é a dhéanamh gan mhoill, nó beidh an lá le Osama bin Laden agus leis na sceimhlitheoirí Ioslamacha.
Beidh lá eile ag an bPaorach we'll be back
" Beidh lá eile ag an bPaorach.
Beidh lá eile ag an bPaorach better luck next time
" "Beidh lá eile ag an bPaorach!" ar sé go gealgháireach, agus nílim cinnte go fóill an raibh sé ag caint faoi chéad chruinniú eile an Chlub Leabhair, nó faoi fhoireann peile na Stát Aontaithe.
beidh a shliocht ar an ngnó the business shall be likewise
" Má bhíonn an t-eolas ar fad faoi do chustaiméirí, nó custaiméirí féideartha, gan ord nó eagair, beidh a shliocht ar an ngnó - ní bheidh an saol oibre ró-éasca.
beidh lúcháir ar shall be delighted
" Mar a bhí sonraithe sa Dréachtstraitéis tá sé i gceist go mbeadh an eagraíocht ag feidhmiú ar bhonn náisiúnta feasta ach beidh lúcháir ar ghníomhaithe teangan áirithe mar go gcoinneoidh sé a shainchúram Gaeltachta.
beidh gá le there’ll be a need
" I bhfocail eile, cé go bhfuil a sainchúram Gaeltachta coinnithe ag an Údarás is léir go bhfuil sé beartaithe deireadh a chur le nós a mhair breis is tríocha bliain! Leis an Straitéis a chur i bhfeidhm beidh gá le húdarás láidir, ceann atá ionadaíoch ar na pobail Ghaeltachta éagsúla.
Beidh fuath shall hate
" Beidh fuath chomh mór céanna i measc daoine don rialtas nua i gceann bliain nó dhó is atá don dream atá ann i láthair na huaire.
Beidh sí diomúch she’ll be upset
" An tAire Sláinte: Joan Burton ============== Beidh sí diomúch má fhágfar ar leataobh í nuair a bheas post an Aire Airgeadais á líonadh.
beidh neart there’ll be plenty
" An é sin an fáth go bhfuil na mílte Protastúnach á ngríosadh le dul isteach sa PSNI agus deireadh tagtha le hearcaíocht 50/50? Tá na Trioblóidí thart ach beidh neart le scríobh faoi ag iriseoirí na tíre
beidh tú in ann you’ll be able
" Mura bhfuil tusa in ann an Champs-Elysees a fhuaimniú, an gcaithfear é a athrú? Má bhíonn tú cúpla lá thall, beidh tú in ann é a fhuaimniú.
beidh srian orthu they’ll be held back
" Agus na hearnálacha geilleagracha a bhí láidir go maith faoin tuaith le linn aimsir an téagair, tá siad scriosta ar fad anois nó beidh srian orthu ar feadh i bhfad.
Beidh feidhm ag shall have effect
" Beidh feidhm ag an údarás nua in oiliúint dlíodóirí fosta.
beidh an seanphort níos treise ná riamh the oft sung tune shall hold sway more than ever
" Agus gan amhras ar bith beidh an seanphort níos treise ná riamh, ’sé sin, nach dtig linn acmhainní a chur ar fáil fá choinne teangacha eachtrannacha fad is atáimid á gcur amú ar an Ghaeilge.
beidh rath ar an fhear úr the new man shall be successful
" An mbeadh sé i bhfách le hAct Gaeilge don Tuaisceart, cuirim i gcás? An dtabharfadh sé tacaíocht do Geraldine Finucane agus í ag iarraidh fiosruchán poiblí faoi dhúnmharú a fir chéile, Pat? Cad é an dúnghaois náisiúnach-chairdiúil a dtiocfadh leis a thabhairt isteach nach dtiocfadh salach ar aontachtaithe Fhear Manach, an dream is mó tionchar sa pháirtí? Cinnte, beidh rath ar an fhear úr ag an tús, mí na meala, ach go fóill, ní heol dúinn cén cineál dúnghaoise a leanfaidh Nesbitt.
beidh sé de chead ag ballstát amháin one memberstate shall be permitted
" Don chéad uair, beidh sé de chead ag ballstát amháin ball eile a tharraingt os comhair cúirte mura gcloítear leis na rialacha.
Beidh ar fheidhmeannaigh na gcoistí pobail community committee executives shall have to
" Beidh ar fheidhmeannaigh na gcoistí pobail go leor dá gcuid obair reatha a chur ar leataobh le díriú ar an iarracht pobail a iompú i dtreo na Gaeilge arís.
beidh ar an phleanáil agus ar an ghníomhú déileáil le seo the planning and actions taken shall have to deal with this
" Tá pobail bheaga taobh le taobh i gceantracha áirithe agus leibhéil úsáide Gaeilge éagsúla iontu agus beidh ar an phleanáil agus ar an ghníomhú déileáil le seo.
Beidh tóir shall be sought after
" Beidh tóir ag réimse leathan léitheoirí ar an saothar seo, agus go háirithe ag lucht staidéar na meán féin.
beidh cáin á híoc acu they’ll be paying tax
" Más go dleathach a bheidh siad ag obair, beidh cáin á híoc acu.
beidh fearg orthu they’ll be really annoyed
" Is é an sprioc atá ag gach siúlóir ná an barr a bhaint amach agus beidh fearg orthu nuair a faigheann siad amach go bhfuil an chuid is fearr den chnoc caillte acu.
Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort you delight in the hearty company
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
beidh sé do do mhealladh go deo it shall beguile you forever more
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
beidh fiche cairde aimsithe agam I’ll find 20 friends
" Nuair a bhím ina measc im’ aonar fiú, beidh fiche cairde aimsithe agam mura gcaithfidh mé ach uair an chloig ag cóisir leo.
beidh orm a rá leis I’ll have to tell him
" Shíl mo ghasúr go raibh sé ag magadh ach d'inis an fear eile deargbhréaga fúm, gur scríobh mé maslaí ar leathanach Facebook a dheirféar agus mar sin de! Is breá liom David, bíonn an-chraic againn ag éisteacht le ceol, ag ithe i mbialanna, ag dul chuig clubanna, ag magadh ar a chéile, ach beidh orm a rá leis go gcaithfidh muid scaradh má tá cairde dá chuid naimhdeach liom cionn is gur Caitliceach náisiúnaíoch Gaelach mé.
beidh a bhformhór sin gan obair most of them shall be out of work
" Is tionscal réasúnta tábhachtach é tionscal na gcamán agus tá thart ar 150 déantóir camán in Éirinn faoi láthair, ach má scaipeann an galar seo beidh a bhformhór sin gan obair, gan aon teacht isteach.
Mar ná beidh ár leitheidí arís ann because the likes of us’ll never be seen again
" Is dócha go ndéanfaidh na moltaí seo leas agus go gcuirfear béim níos mó ar aoir Uí Nualláin atá feicthe sa bunshaothar, ach go háirithe, an líne cháiliúil i litríocht agus ar uaigh Uí Chriomhthain, “Mar ná beidh ár leitheidí arís ann”.
beidh mé cráite aige I’ll be pestered with him
" Agus é anois díomhaoin beidh mé cráite aige.
Beidh mé ag brath ort mar sin so I’ll be depending on you
" Beidh mé ag brath ort mar sin le do Looxcie nua.
beidh imní ar go leor daoine plenty of people shall be worried
" Ach taobh thiar de na haoibheanna gáire agus daoine ag síneadh cártaí creidmheasa agus nótaí airgid a fhad leis na cailíní freastail - airgead a bhéarfaidh a oiread pléisiúir do scairshealbhóirí Boots, Argos, M&S agus a bhéarfaidh sé do lucht faighte na mbronntanas - beidh imní ar go leor daoine, leimíní airgeadais ag tarraingt ar an aill.
Beidh siad amhlaidh they shall be so
" Beidh siad amhlaidh, ionsaitheach eascairdiúil, is cuma céard a déarfar leo nó a iarrfar orthu.
beidh sé trína chéile faoi he’ll really be upset with
" Más Dona Apple, is Measa Spotify ================= Cá bhfios dúinn, b’fhéidir gur gineadh an scéal i bhfocal fánach ó Willis faoi na difríochtaí idir ceirníní agus tomhaltas ceoil comhaimseartha, ach má tá fadhb ag Willis lena leithéid beidh sé trína chéile faoi Spotify.
Beidh deis ag shall have an opportunity
" Beidh deis ag mo pháistí agus ag mo gharpháistí rudaí a bhaint amach nárbh fhéidir leathchéad bliain ó shin.
beidh stór agat ar neamh you’ll have everything in heaven
" ” Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: Tá rud amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh.
beidh an luas ag teacht faoi do shiúl the speed shall increase
" Ní Leithne an tAer ná an Timpiste ============= Sin an fhadhb i dtimpistí mar seo - tagann siad aniar aduaidh ort i gcónaí agus ón chéad mheandar a thitfeas tú, beidh an luas ag teacht faoi do shiúl an t-am uilig.
Beidh rath orm I’ll be successful
"Beidh rath orm nuair nach mbíonn iontas ar dhaoine go bhfuil ranganna Gaeilge ar siúl anseo agus go bhfuil na ranganna mar chuid den saol achan lá anseo in oirthear Bhéal Feirste agus go bhfuil daoine ar nós cuma liom faoi.
beidh orthu they shall have to
" Ina áit sin, beidh orthu glacadh le scoláirí ar bhonn tíreolaíochta.
beidh cánacha i bhfad níos airde le híoc acu is eile they’ll have to pay much higher taxes
" Más féidir leo pósadh i stát amháin, mar shampla, ní aithneofar an pósadh má bhogann siad go stát eile agus mar sin beidh cánacha i bhfad níos airde le híoc acu is eile.
Beidh clú agus cáil ormsa ar ball ann I’ll be famous soon over there
" Shíl sí go mbeadh sí ag ‘siúl ar bheilbhit’ thall ann – cheap mé gur álainn an leagan cainte é sin… Meiriceá Ag siúl ar bheilbhit a bheas mé thall ann Beidh clú agus cáil ormsa ar ball ann Meiriceá.
beidh mé ag tabhairt goncanna go leor I’ll be giving plenty of rebuffs
" Faoi cheann bliana, tá súil agam, beidh mé ag tabhairt goncanna go leor do ‘bhuíon bhorb an Bhéarla Shacsanaigh’ amuigh ar shráideanna na hÉireann!
Beidh siad aireach fosta they’ll be mindful also
" Beidh siad aireach fosta ar an fhírinne lom, gur beag buíochais a fhaigheann an páirtí is lú i gcomhrialtas nuair a caitear vótaí sa tír seo.
beidh sé mar bhagairt ar an tSlándáil Náisiúnta it’ll be a threat to national security
" Má leanann sé ar aghaidh beidh sé mar bhagairt ar an tSlándáil Náisiúnta.
beidh deis nua aige he’ll have new opportunity
" Nuair a fhaigheann sé a ardú céime, beidh deis nua aige tábhacht na híoróine sa dlí a scrúdú.
beidh rath ar an bhfiontar the venture shall be successful
" Má bhíonn fios do ghnóthaí agat, beidh rath ar an bhfiontar agus biseach dá réir ar an infheistíocht.
beidh luach níos lú uirthi it shall have depreciated in price
" Má cheannaíonn tú gluaisteán nua idir Eanáir agus Iúil – agus cláruimhir 131 air – agus má dhéanann tú iarracht í a dhíol amach anseo, beidh luach níos lú uirthi i gcomórtas le ceann a ceannaíodh sa dara leath den bhliain.
beidh scuaine mhór there’ll be a big queue
" “Má chloiseann daoine eile faoin eachtra seo beidh scuaine mhór ag doras Oideas Gael le haghaidh do chúrsa gach uile seachtain!”
nó beidh sé ina sceanairt anseo or knives will be drawn
" Ach fanaimís sa mBreatain Bheag go fóill nó beidh sé ina sceanairt anseo .
Beidh lá eile ag shall have other victories
beidh leisce ar an rialtas the government shall be reluctant
" Ag an am céanna beidh leisce ar an rialtas an reachtaíocht a úsáid in éadan baill den ASTI, mar go bhféadfadh sin deacrachtaí a chruthú, ní hamháin sa ghearrthéarma ach sa bhfadthéarma chomh maith, má tá coinníollacha oibre níos measa ag baill an ASTI seachas mar atá ag múinteoirí gur baill iad den cheardchumann eile, an TUI nó nach baill iad de cheachtar cheardchumann.
beidh ort treabhadh tríd you’ll have to plough through
" Chun teacht chomh fada le comhrá fiúntach beidh ort treabhadh tríd na daoine gáifeacha ar fad nach bhfuil suim acu in aon duine seachas iontu féin, ach a mbíonn a méaracha greamaithe do chnaip an chroí ionas go mbeidh a fhios acu cé a bhronn croí orthusan.
beidh ort snámh you’ll have to swim
" Agus páirtí comhrá aimsithe agat beidh ort snámh tríd an mionchaint uilig agus i ndiaidh cúpla lá de chomhráite beidh tú bréan de na haileonna is na haon chraiceanna ar fad.
beidh tú bréan de you’ll be sick and tired
" Agus páirtí comhrá aimsithe agat beidh ort snámh tríd an mionchaint uilig agus i ndiaidh cúpla lá de chomhráite beidh tú bréan de na haileonna is na haon chraiceanna ar fad.
Beidh díolachán suntasach ar there’ll be great sale of
" Na hIlmheán ====== Beidh díolachán suntasach ar theilifíseáin ghlice an Nollaig seo (is fearr liom an aidiacht ‘glic’ sa chás seo seachas an gnáththéarma ‘cliste’; an féidir le gléas a bheith cliste i ndáiríre?).
beidh orainn rialacha an EDT a chomhlíonadh we shall have to fulfil the conditions of WTO
" Ach cé gur imigh an Troika tá an neamhspleáchas sin teoranta – beidh orainn rialacha an EDT a chomhlíonadh, beidh orainn ar gcuid dualgas mar bhall-stát an AE a chomhlíonadh, agus, b’fhéidir níos measa fós, beidh orainn cur ina luí ar na margaí airgeadais go bhfuil ar ár gcumas an tír a stiúradh mar is ceart.
beidh cuireadh acu siúd ar fad all those shall have an invitation
" ” Tuaisceartach Ó Ciaráin ========= Beidh cóisir sna flaithis um Nollaig agus beidh cuireadh acu siúd ar fad a d’imigh uainn ar shlí na fírinne i mbliana.
beidh eagla ar a lán gan glacadh leis many will be afraid to take it
" Tá altra mhór mhíofar - Stáit Aontaithe Mheiriceá - á thabhairt dúinn, mar sin beidh eagla ar a lán gan glacadh leis.
Ní beidh ann dar linn we’ll just regard it
" Ní beidh ann dar linn, ach cliseadh cumhachta nuair a loicfidh gach gléas aibhléise orainn.