Pota Focal Intergaelic
band | bead | bed | ben | bent
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lúbtha twisted, bent
" Déanann sé scrúdú ar an tslí a bhfuil siad léirithe go polaitiúil ag na meáin chumarsáide agus, dá bharr seo, an bhunbhrí atá le feiceáil iontu athraithe nó lúbtha.
lúbadh bending
" Ní bhíodh cead ag na Bráithre iománaíocht ná peil a imirt taobh amuigh de chomhluadar na mBráithre, ach tá go leor scéalta ann faoi lúbadh na rialacha áirithe sin.
géaga lúbtha bent limbs
" Tá a shaothar lán tagairtí don bhás agus don anghrá agus, in ainneoin iad a bheith léirithe le lámh churámach fhineálta, is minic a bhíonn an íomhá chríochnaithe foréigneach - bíonn géaga lúbtha le feiceáil, cuir i gcás, nó coirp scriosta, i bpian.
ag cromadh bending over
" ‘An bhfuil tú gearrtha?’ arsa Gearóid agus é ag cromadh le scrúdú a dhéanamh ar an gcois.
ag cromadh bending over
" ‘An bhfuil tú gearrtha?’ arsa Gearóid agus é ag cromadh le scrúdú a dhéanamh ar an gcois.
a lúbadh is a mhúnlú to bend and to shape
" In áit an córas a athrú, áfach, déantar iarracht na daltaí a lúbadh is a mhúnlú mar a tharla i gcás aíonna Phrocustes.
fir cromtha ar chúl carranna men bent behind cars
" Go tobann bhí póilíní ar fud na háite, fir cromtha ar chúl carranna le raidhfilí agus teileascóip orthu, na comharsana ag gliúcaíocht trí bhearnaí sna cuirtíní, daoine ag siúl thart le ceamaraí, ní mé ar iriseoirí iad—bhí siadsan ann ina dtáinte, ar ndóigh, lucht teilifíse agus araile.
cromtha bent
" Samhlaigh é, cromtha thar na píobaí.
Cromann sé. He bends.
lúbadh go teann bending tensely
" Ag siúl thart ar Amharclann an Ambassador, na seomraí lasta ag solas bog suaimhneach, titeann mo shúil ar fhear a bhfuil a chorp casta mar a bheadh lúthchleasaí de chuid na sean-Ghréige ann, a chuid matán ag lúbadh go teann.
cromadh bending
" Tá beagnach gach marbhán cóirithe ar bhealach a léiríonn gníomh éigin – ceann amháin ag tabhairt speiche do liathróid, ceann eile ag cromadh siar le liathróid leadóige a bhualadh – is mar sin is fearr a léirítear feidhmeanna na gcnámh agus na matán.
lúbadh bending, twisting
" Agus is cuma cé mhéid lúbadh atá á dhéanamh ag iriseoirí spídiúla ar na staidrimh - agus in ainneoin iarrachtaí lucht cosanta na teanga na hionsaithe a fhreagairt go macánta le figiúirí agus le fírinne - chaithfeá a adhmháil go bhfuil a dteachtaireacht ag dul i bhfeidhm ar sciar mhaith den phobal.
lúbtha bent
" Bhí an cnámharlach lúbtha agus níorbh fhiú an iarracht é a dheisiú, ach ba dheacair dom fáil réidh leis an rothar sin.
saol camtha life is bent
" Titeann bean aimsire dá bás ó áiléir chró feirme an Bharúin – sea go deimhin, tá an t-olc ligthe den éill is tá an saol camtha as a riocht.
craptha bent up
" Bhí cuma neamhdhaonna air ar bhealach: é ina chraiceann dearg, an dath liathghorm air, agus a cholainn saolta fliuch agus craptha.
chrom bent
" D’fhéach a athair síos air le mórtas agus le mórchúis, chrom sé síos agus d’ardaigh Balor Óg ina bhaclainn.
lúbann bends
" Corraíonn an fhuaim, a thagann ón dtrí chnámh, an leacht, a lúbann na ribí, a ghineann splancanna sna lioganna atá faoina mbun ag an fhuinneog chearclach.
lúbadh to bend
" Bhí muid sásta dlíthe na tíre a lúbadh agus ár dtimpeallacht álainn a scriosadh ar mhaithe lena mbeannacht agus lena n-airgead siúd.
ina chruit bent like a harp
" D'íocas an t-airgead le strainc agus bhaineas Illinois amach le mo dhroim ina chruit an mhaidin dár gcionn.
cromtha bent
" Bhí muid cromtha thar an leathanach ag scríobh go faichilleach ag iarraidh aithris a dhéanamh ar an mhéid a bhí scríofa thuas ar an chlár.
seachas a glúin a fheacadh instead of bending her knee
" Nuair a bhuail Julia Gillard, Príomh-Aire na hAstráile, leis an mBanríon, chrom sí a ceann seachas a glúin a fheacadh, agus cháin monarcaithe áirithe í as a heaspa measa.
ag cromadh bending
" Feicim anois é ag cromadh.
lúbach bending
" Bóthar spéire, bóthar lúbach, bóthar crochta, bóthar gan mharc, comhartha ná líne air, bóthar gan chlaí, fál ná sconsa idir é agus gleann carrach na síoraíochta thíos fúinn.
an dóigh a gcromann sé roimpi how he bends down
" Amharcaim air nuair a thagann iníon bheag scoláire eile isteach san oifig agus sinne inár suí ann, an dóigh a gcromann sé roimpi, an dóigh a labhraíonn sé léi agus é ag déanamh dearmaid ar gach duine agus gach rud eile sa domhan.
lúbadh bending
" Na matáin agus an cholainn ar fad ansin, í á dtarraingt agus á lúbadh go dtí gur shíl mé go gcaithfí mé a iompar amach as an áit.
curtha as a riocht bent out of shape
" "Ní bhfaighfeá ach, arís eile, na póilíní agus an tArm sa duga agus an stair curtha as a riocht," ar sé, ionann is a rá gur thuig sé gach cor i stair na dtrioblóidí agus go raibh lom na firinne ina chroí istigh.
Lúb bend
" Suigh síos más é do thoil é! Tóin ar an talamh! Lúb na cosa!” Leis sin, shuigh sé síos.
Cromadh ansin then bending down
" Cromadh ansin faoi áirse íseal, agus isteach thar an táirseach.
cromcheannach le dorn in airde head bent and a fist raised skyward
" Cháin na húdaráis spóirt Mheiriceánacha go géar iad, ag maíomh nach raibh sé ceart ná cóir cúrsaí spóirt agus polaitíochta a mheascadh – na húdaráis cheannanna chéanna a d’imir baghcat polaitiúil ar na Cluichí Oilimpeacha i Moscó sa bhliain 1980! Tá grianghraf den triúr ar an bpóidiam, Smith agus Carlos cromcheannach le dorn in airde agus lámhainn dhubh orthu fad is a seinneadh amhrán náisiúnta SAM, ar na pictiúir is íocónaí riamh i stair spóirt.
mbeirt agaibh cromadh thar scáileáin beag bídeach both of you bend over a wee tiny screen
" Chabhródh sé go mór dá mbeifeá ag iarraidh múineadh do dhuine éigin eile conas guthán a úsáid: ní bheadh ar an mbeirt agaibh cromadh thar scáileáin beag bídeach.
bhí réablacha gaoithe ag cúbadh crainnte gusts of wind were bending trees
" Ba chuma linn faoin bháisteach, ámh - bhí an ghaoth ag ardú freisin, agus faoi lár an tráthnóna bhí réablacha gaoithe ag cúbadh crainnte.
an ghlúin a fheacadh don to bend the knee to
" Níl muid sásta an ghlúin a fheacadh don mhuintir as baile isteach nach bhfuil anseo ach le ceithre chéad bliain.
Bíonn cruit orthu they’re bent over
" Bíonn cruit orthu, ag siúl thart grúnctha, bíonn oideas dochtúir uathu, bíonn piontaí uathu, bíonn cluiche peile ar teilifís uathu agus chuirfeadh sé gruaim ar dhuine cluas a thabhairt dóibh ar an ghuthán.
a gceann cromtha their heads bent down
" Bhí a gceann cromtha ag roinnt acu ag dearcadh ar an talamh rompu.
ina seasamh crom ar standing bent over
" Tá Hazel agus Alice, iníon óg s’aici féin, le feiceáil ina suí ar tholg agus Eileen, iníon Lavery, ina seasamh crom ar phianó in aice leo.
ghnáthóg na ndumhcha muiríneacha the marram/bent grass sand dune habitat
" Bhí ‘drochstádas’ ar ghnáthóg na ndumhcha muiríneacha, fágaim, gnáthóg atá líonmhar i nDún na nGall.
ag cromadh stooping, bending
" Bhuail Breandán tríd an teora aoise sin a thug a fhad le tríú line an rainn, ‘fiche bliain ag cromadh (is fiche bliain ag dul ar lár)’.
mar gur fear gan feancadh é because he’s a man who doesn’t ‘funk’ it, bend
" Tá trácht ag Ciara Nic Gabhann ar ealaíontóir a chaith a óige i gcampa sclábhaíochta agus a gabhadh arís dhá mhí ó shin mar gur fear gan feancadh é, Ai Weiwei.