Pota Focal Intergaelic
bend | beat | beet | belt | ben | best
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lúbtha twisted, bent
" Déanann sé scrúdú ar an tslí a bhfuil siad léirithe go polaitiúil ag na meáin chumarsáide agus, dá bharr seo, an bhunbhrí atá le feiceáil iontu athraithe nó lúbtha.
géaga lúbtha bent limbs
" Tá a shaothar lán tagairtí don bhás agus don anghrá agus, in ainneoin iad a bheith léirithe le lámh churámach fhineálta, is minic a bhíonn an íomhá chríochnaithe foréigneach - bíonn géaga lúbtha le feiceáil, cuir i gcás, nó coirp scriosta, i bpian.
fir cromtha ar chúl carranna men bent behind cars
" Go tobann bhí póilíní ar fud na háite, fir cromtha ar chúl carranna le raidhfilí agus teileascóip orthu, na comharsana ag gliúcaíocht trí bhearnaí sna cuirtíní, daoine ag siúl thart le ceamaraí, ní mé ar iriseoirí iad—bhí siadsan ann ina dtáinte, ar ndóigh, lucht teilifíse agus araile.
cromtha bent
" Samhlaigh é, cromtha thar na píobaí.
lúbtha bent
" Bhí an cnámharlach lúbtha agus níorbh fhiú an iarracht é a dheisiú, ach ba dheacair dom fáil réidh leis an rothar sin.
saol camtha life is bent
" Titeann bean aimsire dá bás ó áiléir chró feirme an Bharúin – sea go deimhin, tá an t-olc ligthe den éill is tá an saol camtha as a riocht.
craptha bent up
" Bhí cuma neamhdhaonna air ar bhealach: é ina chraiceann dearg, an dath liathghorm air, agus a cholainn saolta fliuch agus craptha.
chrom bent
" D’fhéach a athair síos air le mórtas agus le mórchúis, chrom sé síos agus d’ardaigh Balor Óg ina bhaclainn.
ina chruit bent like a harp
" D'íocas an t-airgead le strainc agus bhaineas Illinois amach le mo dhroim ina chruit an mhaidin dár gcionn.
cromtha bent
" Bhí muid cromtha thar an leathanach ag scríobh go faichilleach ag iarraidh aithris a dhéanamh ar an mhéid a bhí scríofa thuas ar an chlár.
curtha as a riocht bent out of shape
" "Ní bhfaighfeá ach, arís eile, na póilíní agus an tArm sa duga agus an stair curtha as a riocht," ar sé, ionann is a rá gur thuig sé gach cor i stair na dtrioblóidí agus go raibh lom na firinne ina chroí istigh.
cromcheannach le dorn in airde head bent and a fist raised skyward
" Cháin na húdaráis spóirt Mheiriceánacha go géar iad, ag maíomh nach raibh sé ceart ná cóir cúrsaí spóirt agus polaitíochta a mheascadh – na húdaráis cheannanna chéanna a d’imir baghcat polaitiúil ar na Cluichí Oilimpeacha i Moscó sa bhliain 1980! Tá grianghraf den triúr ar an bpóidiam, Smith agus Carlos cromcheannach le dorn in airde agus lámhainn dhubh orthu fad is a seinneadh amhrán náisiúnta SAM, ar na pictiúir is íocónaí riamh i stair spóirt.
Bíonn cruit orthu they’re bent over
" Bíonn cruit orthu, ag siúl thart grúnctha, bíonn oideas dochtúir uathu, bíonn piontaí uathu, bíonn cluiche peile ar teilifís uathu agus chuirfeadh sé gruaim ar dhuine cluas a thabhairt dóibh ar an ghuthán.
a gceann cromtha their heads bent down
" Bhí a gceann cromtha ag roinnt acu ag dearcadh ar an talamh rompu.
ina seasamh crom ar standing bent over
" Tá Hazel agus Alice, iníon óg s’aici féin, le feiceáil ina suí ar tholg agus Eileen, iníon Lavery, ina seasamh crom ar phianó in aice leo.
ghnáthóg na ndumhcha muiríneacha the marram/bent grass sand dune habitat
" Bhí ‘drochstádas’ ar ghnáthóg na ndumhcha muiríneacha, fágaim, gnáthóg atá líonmhar i nDún na nGall.