Thug na teaghlaigh Ghaelacha a díbríodh as a gcuid talún méithe fán Lagán agus na ceantair máguaird a n-aghaidh ar thalamh bocht caoráin Iarthar Thír Chonaill.
Bhí an bréagriocht ar dóigh ar fad: bhí folt casta gruaige uirthi ar dhath an óir; ba ghile a craiceann ná sneachta na haon oíche; ba dheirge a grua ná na caora caorthainn; ní thiocfadh leat a samhail a thabhairt dá súile ach réalta geala oíche sheaca, bhí siad chomh lonrach sin.
Gach samhradh, thagadh scata mór daoine le chéile ag Blàr Gobharaidh le sméara a bhaint – saothraítear sútha craobh agus sútha talún agus torthaí eile sa cheantar sin – agus an-deis a bhíodh ann le céilithe a chur ar siúl agus ceol a sheinm.
Bíonn sé i bhfad níos deacra greim bia a cheapadh i rith an gheimhridh agus dá bhrí sin, bailíonn roinnt ainmhithe bia cosúil le sméara, cnónna agus a leithéid.