Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag bronnadh bestowing
" Gaeltacht in aghaidh na míosa a mhaíonn siad!! Cá mhéad Gaeltacht sa tír? Cúis dóchais faoi dheireadh? Beag an baol - nó tá "Beo ar Éigean" ag bronnadh stádas Gaeltachta ar áiteanna thar lear anois: Gaeltacht Mhinnesota, Tír na Gaeilge Reoite! Dar le Balor go bhfágann seo mearbhall ar a shamhlaíocht bhocht.
bronnta ar bestowed on
" Go dtí seo tá an gradam seo bronnta ar: Micheál Mháire an Ghabha Ó Ceannabháin (1993), Áine Bn.
bronnta bestowed
" Tá rímeat leathan agus réimse leathan cumhachtaí bronnta ar an Choimisiún le seo a chur i gcrích.
a bhronnadh to bestow
" De réir an bhainisteora, tá tuairim is míle uair an chloig de cheol nach bhfuil curtha ar ríomhaire go fóill agus níl iarracht ar bith déanta ábhar a bhailiú go dtí seo! Agus aidhm an tionscadail i mbéal an phobail, tháinig daoine chun tosaigh le taifeadtaí s’acu féin a bhronnadh ar an Cheartlann.
a bhronnadh to bestow
" De réir an bhainisteora, tá tuairim is míle uair an chloig de cheol nach bhfuil curtha ar ríomhaire go fóill agus níl iarracht ar bith déanta ábhar a bhailiú go dtí seo! Agus aidhm an tionscadail i mbéal an phobail, tháinig daoine chun tosaigh le taifeadtaí s’acu féin a bhronnadh ar an Cheartlann.
féiríní a bhronnadh to bestow presents
" Bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh na hairí Stáit ag sáraíocht ar a chéile ag iarraidh féiríní a bhronnadh ar a gcuid dáilcheantar.
bronnta orainn ar fad bestowed on all of us
" Bhí sé amhail is go rabhamar faoi gheasa agus go raibh bua an cheoil bronnta orainn ar fad ag an am amháin.
ag bronnadh saoirse orthu bestowing freedom on them
" Ní nach ionadh, b’fhéidir, más eagal do chosmhuintir an domhain nach bhfaighidh siad lá sa chúirt ná cóireáil dhaonnachtúil i bpríosún ón tír atá in ainm is a bheith ag bronnadh saoirse orthu.
is féidir a bhronnadh ar pháistí na linne seo that can be bestowed on the children of today
" Deirim seo mar gurb í an oidhreacht is fearr is féidir a bhronnadh ar pháistí na linne seo agus ar na glúnta atá le theacht ná timpeallacht ghlan fholláin a fhágáil dóibh.
bronnann tú an ceann eile you bestow the other one
" Coinníonn tú ceann amháin agus bronnann tú an ceann eile ar do chomharsa.
Bhronn treibh Mhaorach, A Maori tribe bestowed,
" Bhronn treibh Mhaorach, ar a dtugtar Ngati Tuwharetoa, Tongariro ar an stát agus bhí sé ar gcéad pháirc náisiúnta sa tír.
bhronn sí a fabhair she bestowed her favour
" Bhí clú ar Pihanga de bharr a háilleachta, agus bhronn sí a fabhair ar na ceithre shliabh a bhí á mealladh: Taranaki, Tongariro, Tauhara agus Putauaki.
go mbronnfaí stádas an laoich that hero status would be bestowed
" Ba é an comhdhearcadh, dar le Myers, ar thángthas air sa tír seo maidir leis an dóigh a ndéanfaí an comóradh a láimhseáil ná go ndéanfaí é a cheiliúradh agus go mbronnfaí stádas an laoich orthu siúd a bhí ina bhun.
bhronnadh bestow, award
" Is é an t-aon tairbhe a thiocfaidh, i mo thuairimse, as cinneadh náireach Choiste Idirnáisiúnta na gCluichí Oilimpeacha cluichí na bliana seo a bhronnadh ar an tSín ná go dtugann sé deis don phobal idirnáisiúnta a dhéistin a chur in iúl faoin chos ar bolg atá á déanamh ag an deachtóireacht bhrúidiúil seo ina tír féin agus ina cuid críoch faoi fhorghabháil.
Bhronn bestowed
" Bhronn Ollscoil Bar-Ilan Duais Caomhnóir an tSíón, a Bhronntar ar Ghiúdaigh a thacaíonn le stát Iosrael, ar Podhoretz i 2007 sa bhliain chéanna inar fhoilsigh sé World War IV: The Long Struggle Against Islamofascism.
bhronnann sé orainn he bestows on us
" Níl stiúrthóir scannáin ar domhan is fearr a thugann meas agus urraim don mbreathnóir sa tsaoirse is a bhronnann sé orainn.
dháileadh bestowing
" Bhí an dream polaitíochta agus na dreamanna a bhí i gceannas na mbanc ag brath ar a chéile chun fás a choinneáil faoin mbaothgheilleagar, a cruthaíodh ar bhonn neart creidiúna a dháileadh ar na forbróirí le praghas tithe agus talaimh a ardú is a ardú is a ardú tuilleadh.
bhronnadh ar to bestow
" Chomh maith le sin gheofaí amach an bhfuil bunús ar bith leis an smaoineamh go mba cheart aitheantas Gaeltachta a bhronnadh ar ceantair ar nós Cluain Dolcáin agus ba cheart, más féidir, a thaispeáint go bhfuil an Ghaeilge á seachadadh ó ghlúin go glúin i measc sciar suntasach teaghlach in aon phobal ar fud na tíre, mar a sheachadtar í sa méad sin den bhfíor-Ghaeltacht atá fanta.
airgead a bhéarfaidh a oiread pléisiúir money which shall bestow as much pleasure
" Ach taobh thiar de na haoibheanna gáire agus daoine ag síneadh cártaí creidmheasa agus nótaí airgid a fhad leis na cailíní freastail - airgead a bhéarfaidh a oiread pléisiúir do scairshealbhóirí Boots, Argos, M&S agus a bhéarfaidh sé do lucht faighte na mbronntanas - beidh imní ar go leor daoine, leimíní airgeadais ag tarraingt ar an aill.
a oiread sin marcanna a bhronnadh to bestow so many marks
" Dúirt sé gur aontaigh sé leis an chinneadh a ghlac a réamhtheachta mar Aire Oideachais, Mary Hanafin, a oiread sin marcanna a bhronnadh ar an scrúdú cainte.
le ginealach ársa Briotanach a bhronnadh ar to bestow an ancient British genealogy on
" " Feiceann Súil Ghlas Ula Ghlas ============= In alt thar a bheith spéisiúíl a scríobh Mary Burgess sa chéad *Field Day Review* i 2005, cuireann sí síos ar an dóigh ar oibrigh staraithe, státseirbhísigh agus tíreolaithe le ginealach ársa Briotanach a bhronnadh ar na Sé Chontae.
cumas i bhfad níos láidre sa teanga (in bestowing) a far better standard of language
" Ar ndóigh bhí a theanga ina phluic ag an scríbhneoir Liam Ó Muirthile nuair a bhaist sé an t-ainm sin air mar níl aon cheist ach go bhfuil ag éirigh thar cionn leis an chóras Gaelscolaíochta cumas i bhfad níos láidre sa teanga a thabhairt dá scoláirí ná mar a bheadh acu i scoileanna lán-Bhéarla.