Pota Focal Intergaelic
abet | bat | be | beat | bed
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gheall bet
" * Tairgeadh a deich in aghaidh a haon do Bhalor ar an easpag bheith fós ann i gceann bliana ach ní raibh an Cearrbhach Cáiréiseach sásta glacadh leis mar gheall.
theach cearrbhachais betting shop
" Mar shampla, rialaíodh sa chúirt ar na mallaibh go dteastaíonn ceadúnas theach cearrbhachais uait, má tá caife idirlín agat.
geall bet
" Mar is eol d'fhormhór na ndaoine a chuir geall mar chuid de rásaí Cheltenham le déanaí, tá taithí mhaith ag comhlachtaí geallghlacadóra ar bhrabús.
san earnáil gheallghlacadóireachta idirghníomhach in the interactive betting sector
" Dar leis na taighdeoirí Schema, beidh láimhdeachas de €15 milliúin san earnáil gheallghlacadóireachta idirghníomhach ina hiomláine san Eoraip faoi 2005.
geall bet
" Tá seans amháin eile ag an Rialtas abhus in Éirinn cás an iarthair a bhrú chun cinn le linn an phlé sin, ach ní chuirfinn geall ar bith go dtarlóidh sé seo.
cuirim geall leat I bet
" Ach cuirim geall leat nach dtarlódh a leithéid i gcás fostóirí móra.
chuirfinn geall I'd bet
" Dá gcloisfeá na fir bhochta a d'fhulaing faoi lámha Tobin, agus iad ag cur síos ar a tharla dóibh, chuirfinn geall nach mbeadh aon amhras ort ach gur chuid choitianta den saol lofa i Leitir Fraic ab ea na hionsaithe, agus go raibh a fhios ag go leor daoine san áit go raibh na hionsaithe sin ag tarlú ar bhonn laethúil.
bíodh i ngeall I'll bet
" "Seo bialann thraidisiúnta agus bíodh i ngeall go bhfuil siad ag cur amach an cineál seo ruda darna achan bhomaite.
gheall bet
" Ach ní miste rud beag matamaitice a dhéanamh mar gheall ar an mbealach idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí.
dá gcuirfeá geall if you placed a bet
" Bheifeá réasúnta cinnte de do chuid airgid dá gcuirfeá geall nach mbeidh an dara sraith ann! Tuigeann polaiteoirí, go háirithe lucht an Rialtais, gur féidir leis an taoide casadh go fealltach ina n-aghaidh; seans gur seo an chéad mhaidhm!
ag cur geall betting
" Bhí daoine ag cur geall nach mairfinn go mbeinn bliain is fiche.
geallta mídhleathacha illegal bets
" Ach tar éis do líomhaintí a bheith ann go raibh lámh ag bean chéile Gretzky i gciorcal cearrbhachais a chuireadh geallta mídhleathacha ar imeachtaí spóirt phroifisiúnta agus tar éis do Gretzky féin páirt stiúrtha a bheith aige san fhoireann mhírathúil Cheanadach nár thug an bonn cré-umha féin abhaile leo ó Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in Torino na hIodáile, tá gaoth an fhocail eiriciúil le mothú den chéad uair: an féidir nach bhfuil i Gretzky ach dia bréige? Pele an tsacair agus Mohammed Ali na dornála.
Geall maith good bet
" Ó thaobh na peile de, cé cheapfadh ag tús na bliana gurb iad Ciarraí agus Corcaigh a bheadh sa chluiche ceannais? Geall maith a bheadh ann siúráilte dá smaoineodh duine air in am.
ag cur geallta orthu. betting on them.
airgead a chur i ngeall bet money
" Ach fan! Bhí rud ann nach ndearnamar go fóill: airgead a chur i ngeall! $25 an geall ba lú ar an *roulette*, agus ba $50 an ceann ba lú ar an *Poker*.
geall ba lú smallest bet
" Ach fan! Bhí rud ann nach ndearnamar go fóill: airgead a chur i ngeall! $25 an geall ba lú ar an *roulette*, agus ba $50 an ceann ba lú ar an *Poker*.
chuirfinn geall air I would put a bet on it
" Ní duine mór cearrbhachais mé, ach dá mbeinn, chuirfinn geall air.
gealltóireacht betting
" ” Ach i mbeagán focal, níl ann i ndairíre ach gealltóireacht ar an stocmhargadh.
chuir mé geall I placed a bet
" Cé go mba í Hilary Clinton rogha na coitiantachta, ag an am, chuir mé geall beag ar Obama agus fuaireas 13/1 air, ag an am.
bíodh geall bet your life on it
" )Ach a bheith ag dul ó *Macy’s* go *Sachs of 5th Avenue*, agus as sin go *Barney’s* ag cuardach *Angebots*, nuair nach bhfuil fágtha insna díolacháin Eanáir ach *junk* atá i bhfad rómhór nó i bhfad róbheag fá d’choinne, dá má rud é go ligfeadh náire duit dul amach ar an doras agus é ar do dhroim! Cinnte, bíonn rudaí deasa sna háiteanna seo, ach bí cinnte fá seo - rud ar bith a thugann do chroí taitneamh dó, bíodh geall nach bhfuil sé sa díolachán! Ansin tá na “*outlet stores*” seo ann nach bhfuair mise riamh a dhath iontu gur fiú trácht air, ach taom scaoill b’fheidir.
is féidir talamh slán a dhéanamh de you can bet on it
" Ach ós rud é go bhfuil mionlaigh eitneacha dá gcuid féin ag na tíortha ábhalmhóra seo atá ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach gcuirfidh siad aon bhrú ar Bhurma oiread is orlach a ghéilleadh do na Carainn.
geall a bet
" Cuireann formhór mór mhuintir na hAstráile geall ar an rás, fiú iad siúd nach mbíonn aon bhaint acu le cúrsaí geallta is graí de ghnáth.
geallta betting
" Cuireann formhór mór mhuintir na hAstráile geall ar an rás, fiú iad siúd nach mbíonn aon bhaint acu le cúrsaí geallta is graí de ghnáth.
Geallchuireadh was betted
" htm) Geallchuireadh breis is $120 milliún leis an TAB ar an gCorn i mbliana, agus meastar gur Geallchuireadh níos mó arís ar an rás leis na geallghlacadóirí.
geall bet
" Ar chomhairle carad, chuir mé geall beag ar roinnt capall le linn féile Cheltenham.
geallta bets
" Caitear trí phingin san aer sa chluiche seo agus cuirtear geallta ar an toradh, an ar an ‘gceann nó ar an gcruit’ a dtitfidh siad.
geallta bets
" Níos measa fós, is cosúil go raibh siad ag cur geallta in aghaidh mhargadh na tithíochta.
Ná cuir aon gheall air don't bet on it
" An féidir go gcuirfeadh ceachtanna na tréimhse sin borradh faoi ghluaiseacht úr a dhéanfas troid ar son an lucht oibre? Ná cuir aon gheall air.
cuirfidh mé geall I bet you
" Má thiteann leibhéal na tacaíochta don chogadh i measc mhuintir na tíre, nó má éiríonn líon na dtaismeach Astrálach níos measa, cuirfidh mé geall nach mbeidh cúrsaí amhlaidh sna díospóireachtaí bliantúla amach anseo.
rachfainn i mbannaí I’d bet
" Tá 520 siopa san áit, agus rachfainn i mbannaí nach mbeadh 520 i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
is é ag cur geall ar while betting
" “An té a déarfas leat go gcuirfidh an fhearthain isteach ar do shláinte ar aon bhealach, b’fhiú dó lámh a chur ina bhás féin” a d'fhógair sé go mórtasach is é ag cur geall ar chapaill lá rásaí.
le geall a chur to place a bet
" Tá an fearas cearrbhachais, ar a dtugtar an meaisín pócair, ar an tslí is coitianta le geall a chur abhus.
gealltóireacht betting
" Tá ceist na pokies agus na gcearrbhach anó go mór i mbéal an phobail faoi láthair mar gheall ar thuarascáil de chuid an Productivity Commission ar Chearrbhachas, agus ar iarracht chonspóideach atá faoi chaibidil ag an rialtas cónaidhme córas nua náisiúnta a chur i bhfeidhm le gealltóireacht ar na meaisíní a riaradh.
geall a bet
" Ní móide go bhfuil cead in áit phoiblí, san Ungáir féin, glacadh le geall gan cheadúnas.
Geall Gnóthaithe a bet won
" Titim Tuartha agus Geall Gnóthaithe =================== Leanfaidh agus leathfaidh géarchéim an euro go dtí go dteipfidh air am éigin san earrach, b’fhéidir.
chuir sé geall ar he betted
" Chaillfidh an gnáthduine a chuid coigiltis go léir ach déanfaidh léithéidí George Soros na billiúin as an anachain mar gur chuir sé geall ar theip an airgeadra.
chloígh siad Síol Broin cróga they bet brave Shelbourne
" Bhí cloiste agam ar éachtaí fhoireann sacair na cathrach, Deportivo, faoi mar a bhí ag mórán Éireannach ón uair a chloígh siad Síol Broin cróga Bhleá Cliath i Sraith na gCuradh i 2004.
gur bhuail an Ísiltír Éire that Holland bet Ireland
" Ach is cuimhin liomsa go maith cá raibh mé an lá gur bhuail an Ísiltír Éire i gCorn an Domhain i 1994.
gur buaileadh an teanga isteach ionainn that the language was bet into us
" Ach tríocha bliain ó cuireadh deireadh le pionós corpartha i scoileanna na tíre, meas tú an bhfuil sé in am anois deireadh a chur leis an tuairim smolchaite gur buaileadh an teanga isteach ionainn? Ocht mbliana déag ó baineadh Peig den Ardteist an bhfuil sé in am fosta ag an ghlúin úr teacht ar phearsa fuatha eile chun a ngráin don teanga a chur in iúl? Agus cén chomhairle a chuirfinn orthu siúd uilig a shamhlaíonn gurb é cuimhní cinn seanmhná as Ciarraí tús agus deireadh gach oilc? Mar a déarfadh Muimhneach cáiliúil eile, Roy Keane, *'Get over it!'*
chuirfinn geall I bet you
" Labhraíonn os cionn 30 milliún duine an teanga sin, ach chuirfinn geall nár chuala 99% de dhaltaí scoile na tíre seo trácht uirthi mar theanga.
Theith an bheirt both bet a retreat
" ”* Theith an bheirt Vidal le cosa in airde.
bhuail an cac asam bet the shit out of me
" Chuaigh Gearóid ar scoil ag na Bráithre Críostaí "a bhuail an cac asam" agus uaidh sin go Coláiste Cholmcille scoil "inar bualadh an cac asam.
ag cur airgead mór isteach betting big time in
" Ach is beag a rinne Buerkle sa dhá bhliain a chaith sí san Ardchathair, agus tá an Páirtí Daonlathach ag cur airgead mór isteach sa rás seo, agus iad den tuairim go bhfuil seans acu an suíochán a sciobadh ar ais.
is maith liom geall a chur I like to bet
" Ach thar aon ní eile is maith liom geall a chur Dé Sathairn ar na cluichí sa bpríomhshraith agus súil a choinneáil ar na scóranna ansin, an fhad is atá na cluichí ar bun.
Geall a Chur go Cliste betting sensibly
" Geall a Chur go Cliste ========= Bhí straitéis nua geallchuir á féachaint agam ar na cluichí sacair i mbliana, as a ndearna mé roinnt bheag airgid.
Bhí straitéis nua geallchuir á féachaint agam ar I was testing a new betting strategy
" Geall a Chur go Cliste ========= Bhí straitéis nua geallchuir á féachaint agam ar na cluichí sacair i mbliana, as a ndearna mé roinnt bheag airgid.
leag mé geall de I placed a bet of
" Ag úsáid an idirlín, leag mé geall de €2 ar mhórán gach cluiche nach scórálfaí aon chúl.
le fáil ar an ngeall to be had on the bet
" De ghnáth bhí idir 13/1 agus 20/1 le fáil ar an ngeall, ag brath ar cé bhí in aghaidh a chéile.
ba ghnáthach liom an geall a chosaint I usually protected the bet
" Sna cluichí áirithe sin, ba ghnáthach liom an geall a chosaint tré €4 a chur nach gcríochnódh an cluiche gan scór.
chur nach gcríochnódh an cluiche gan scór putting (a bet) that the game wouldn’t end scoreless
" Sna cluichí áirithe sin, ba ghnáthach liom an geall a chosaint tré €4 a chur nach gcríochnódh an cluiche gan scór.
bíodh geall air nó ná bíodh be there a bet at stake or not
" Ní bheidh mé ag cur aon gheall ar na gcluichí sin nach mbeidh aon scór ann! Ina áit sin beidh mé ag breathnú ar an tsáriomaíocht ar an dteilifís mar is cluiche é an iománaíocht ar fiú breathnú air, bíodh geall air nó ná bíodh.
Bí geall you can bet on it
" Bí geall go mbeidh nuachtáin na hÉireann lán le haltanna fadálacha agus muid ag druidim i dtreo 2016 faoin aisling atá imithe ar strae agus le heagarfhocail a bheas ag maíomh go mbeadh náire shaolta ar na géanna fiáine dá bpillfidís ar a dtír dhúchais sna saolta deireanacha seo.
comhlachtaí geallghlacadóireachta betting companies
" Tá an nua-theicneolaíocht ag cabhrú leis na comhlachtaí geallghlacadóireachta a mbrabús a mhéadú go mór agus tá comhlachtaí áirithe teilifíse ag teacht i dtír ar an teicneolaíocht chomh maith chun ioncam a shaothrú.