Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhainistíocht management
" Is léir go bhfuil an *Irish Times* i mbaol de dheasca míbhainistíochta agus an cinneadh a ghlac siad clólann úrnua a thógáil ar £60m nuair nach raibh a leithéid ag teastáil.
bhainistíocht management
" Rinne sé Máistreacht sa bhainistíocht in Ollscoil Loyola i Chicago agus ina dhiaidh sin chaith sé dhá bhliain i gcoláiste oiliúna na mBráithre i Marino i mBaile Átha Cliath.
bhainistíocht management
" De réir an dlí, caithfidh coiste mar seo a bheith i ngach áit oibre, agus tagann ionadaithe ó na ceardchumainn agus ón bhainistíocht le chéile chun cúrsaí sláinte agus sábháilteachta a phlé.
bhainistíocht management
" Gheobhaidh an tAire tacaíocht sa mhéid seo óna Rúnaí Roinne, Tim Dalton, agus ó chuid de bhainistíocht an Gharda Síochána, go háirithe iadsan nach raibh tráth ina mbaill den bhrainse speisialta.
bhainistíocht management
" Tógann sé muid trí scór bliain de pheil Chontae na Mí faoi bhainistíocht Sheáin Boylan.
bhainistíocht management
" Ansin bíonn brú ar an bhainistíocht a theacht ar an chlár agus an scéal a mhíniú do na hoibrithe.
bhainistíocht management
" Tá samplaí maithe ar fáil ar fud na tíre den chineál seo fiontraíochta; fiontair ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt ag na fostaithe agus ag an bhainistíocht ina ngnáthshaol oibre, agus fiontraíocht ina bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach den táirge.
bhainistíocht management
" Tá an t-ionad ar chúinne príomhshráide, é i lár an mhargaidh agus an Fhraincis ar fáil ann go flúirseach! D'fhéadfaí a leithéid d'ionad a chur ar bun i lár na cathrach don Ghaeilge ach céim mhór mhisniúil amháin a thógáil - cur ina luí ar Ghael Linn, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael coiste idirbhainistíochta a bhunú.
dea-bhainistíocht good management
"dea-bhainistíocht agus bainisteoirí maithe i ngach gné den saol an-tábhachtach, cúrsaí spóirt san áireamh.
cruinniú de bhainistíocht na roinne a meeting of the management of the department
" Achoimre ar mholtaí a d’eascair as cruinniú de bhainistíocht na roinne a bhí ann: *“In the medium term it will be important that regulations are introduced to prescribe the curriculum at primary and secondary level.
sa bhainistíocht tionscadail, in project management
" Tugann na mic léinn faoi chúrsaí sa cheannaireacht, sa bhainistíocht tionscadail, sa bhainistíocht straitéiseach, sna hilmheáin agus sa ríomhthráchtáil.
An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bhainistíocht Sócmhainní NAMA
" Tá iontas orthu a laghad atá An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bhainistíocht Sócmhainní ag íoc leo as a n-iasachtaí do fhorbróirí réadmhaoine.
astu féin agus as an bhainistíocht in themselves and in the management
" Bhí na comharthaí go maith agus bhí muinín acu astu féin agus as an bhainistíocht.
bhainistíocht chríonna wise management
" Is é sin a deir na húdair agus cé rachadh ina gcoinne? Tá oiread gradam, bonn, coirn agus eile buaite agus bainte ag iománaithe Chill Chainnigh faoi bhainistíocht chríonna Mhic Óda lena bhéim ar spiorad foirne, ar dhúthracht, ar mhórtas cine, ar bhunscileanna na hiomána (ní dhéanann aon dream eile na bunscileanna níos fearr ná iománaithe Chill Chainnigh) nach bhfuil le déanamh ag an tráth seo ach aitheantas, ardmholadh agus cúirtéis a thabhairt dóibh.
a chomhghleacaithe ar bhainistíocht his colleagues in management
" D’fhéadfaí an tairngreacht seo a thuiscint mar thagairt don neamairt tromchúiseach a cuireadh i leith Pirrie agus a chomhghleacaithe ar bhainistíocht Harland and Wolff tar éis don long ollmhór a dhul go tóin poill níos déanaí.
faoi bhainistíocht rábach under the vigorous management
" Bhí rudaí ag tarlú: Comharchumann Chois Fharraige i mbarr a réime faoi bhainistíocht rábach Phóil Uí Fhoighil; fostaíocht bhuan á cur ar fáil sa gceantar ag Gaeltarra Éireann faoi cheannasaíocht Chathal Mhic Gabhann; Cearta Sibhialta na Gaeltachta i mbun agóidíochta, gan aon cheannas ceart air; Cine Gael ag déanamh físeán sa gceantar faoi stiúradh Bhob Quinn; Raidió na Gaeltachta i mbun craolacháin go neamhleithscéalach do phobal na Gaeltachta.
Is mithid do bhainistíocht an it’s time for the management of
" Is mithid do bhainistíocht an BBC éisteacht le toil na ndaoine lasmuigh de sheomraí cumhachta na heagraíochta, nó tá John-Paul Mc Carthy den bharúil go bhfuil siad ag dul amú agus solas acu.