Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gné bhunúsach basic aspect
" Ceapaim gur éagóir mhór é ó thaobh cúrsaí oideachais de nach dtugtar aon bhuneolas do ghasúir faoi chúrsaí dlí agus iad ag dul amach sa saol mór, mar is gné bhunúsach é d´ár saol.
tuiscint bhunúsach basic understanding
" Níl deireadh leis an scéal fós ná baol air, ach is léir cheana féin gur chóir súil ghéar a choinneáil ar chuid de na daoine atá i mbun gnó san Astráil agus go bhfuil gá ag cuid acu le tuiscint bhunúsach ar chúrsaí eitice.
fadhb bhunúsach basic problem
" Ach taobh amuigh den mhéid sin ar fad tá fadhb bhunúsach le smacht sna cluichí Gaelacha.
an-bhunúsach very basic
" Fear breá láidir a bhí ann, dreapadóir ag am nuair nach raibh ach trealamh an-bhunúsach ar fad ar fáil.
gné bhunúsach basic aspect
" Sin gné bhunúsach de shaothrú ealaíne ar bith.
réabhlóid bhunúsach fundamentalist revolution
" Faoi mar a bhí muintir na hIaráine i 1979, nuair a cuireadh tús le réabhlóid bhunúsach, tá muintir na hAraibe Sádaí fíor-mhíshásta leis na polasaithe a leanann rialtas na tíre i leith na Meiriceánach.
freagracht bhunúsach basic responsibility
" “Is freagracht bhunúsach é a bhaineann leis an tsaoránacht sa daonlathas iontach seo.
líofacht bhunúsach basic fluency
" Cad chuige, mar sin, nach bhfuil líofacht bhunúsach sa teanga ach ag fíorbheagán díobh siúd a thagann tríd an chóras oideachais? Fáinne fí atá ann.
domhantarraingt bhunúsach basic gravity
" Bogearraí cumhachtacha Ar ndóigh níl sé éasca fiú amháin domhantarraingt bhunúsach a chur i bhfeidhm i ndomhan atá cruthaithe laistigh de ríomhaire.
obair bhunúsach basic work
" “Déanann daoine ar an phá íosta obair bhunúsach agus ní le leas an gheilleagair é pá na ndaoine sin a ghearradh,” ar sé.
riail bhunúsach dhobhriste pholaitíocht na hÉireann. a basic unbreakable rule of politics in Ireland
" Bhris sé riail bhunúsach dhobhriste pholaitíocht na hÉireann.
Ceist bhunúsach basic question
" Ach saoithiúil go leor, níor dhúirt an tAire gur i bPobalscoil Chorca Dhuibhne a chaithfí an freastal sin a dhéanamh orthu siúd gan Ghaeilge nó a bhí lag sa teanga! Ceist bhunúsachMaidir leis an suirbhé agus na ciallachais a bhainfear aisti, tá ceist an-bhunúsach le cur: An dtig torthaí as suirbhé áitiúil a úsáid le polasaí náisiúnta a shocrú? Óir thiocfadh go mbeadh an cheist cheannann chéanna ag teacht chun cinn i nGaeltachtaí eile amach anseo.
cumarsáid bhunúsach basic communication
" Má leanann sé cúrsa atá bunaithe ar na siollabais, táthar ag súil go mbeidh an foghlaimeoir in ann cumarsáid bhunúsach a dhéanamh trí Ghaeilge.
tuiscint bhunúsach basic understanding
" Cé go bhfuil RSS fite fuaite tríd an ngréasán, níl an tuiscint bhunúsach chéanna ag an saol mór air is atá acu ar r-phost.
bhunúsach basic
" Le leathchéad bliain anuas, d’éirigh le dearcadh bhunúsachas an mhargaidh seo as Ollscoil Chicago a bheith ina chomhdhearcadh na coitiantachta ‘Washington.
bhunúsach basic
" Ba é 2009 an bhliain a tuigeadh go forleathan an fhíric bhunúsach: gur ar mhaithe leis an eagraíocht a chosaint a rialaítear eagraíochtaí ollchumhachtacha agus ní ar mhaithe leis an bpobal ar a mbíonn siad ceapaithe a bheith ag freastal.
ina chuid bhunúsach an integral part
" Freagracht ar na hÚdaráis =============== Cé go bhfuil an gortú do rannpháirtithe ina chuid bhunúsach de chluichí páirce leis na cianta cairbreacha, braithim go bhfuil méadú tagtha le tamall de bhlianta ar an ngéarghortú tromchúiseach do bhallnaisc agus d’ailt.
aigneolaíocht bhunúsach basic psychology
" Mar a dúirt an tráchtaire polaitíochta, Fionnuala O Connor, bheadh athrú in aigneolaíocht bhunúsach an stáit.
líofacht bhunúsach basic fluency
" Ina ainneoin sin, téann cuid mhór acu tríd an chóras oideachais gan líofacht bhunúsach a bhaint amach sa teanga.
líofacht bhunúsach sa teanga basic fluency in the language
" Glacaim leis mar sin gur cinneadh místuama a bhí ann Peig a chur ar chlár Ardteiste do mhic léinn nach raibh líofacht bhunúsach sa teanga ag a bhformhór.
mar theanga bhunúsach as the basic language
" D'eisigh an Rialtas ráiteas ag am a fhoilsithe gur aithin siad go raibh sé ‘de chúram orthu timpeallacht a chruthú a thacódh leo siúd a roghnaíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga nó mar theanga bhunúsach ina saol laethúil.
agus é mar aidhm bhunúsach acu while they hold the basic aim
" Ach cén chaoi gur casadh an taoide go fíochmhar i gcoinne Pauline Marois, ó bheith ag druidim cumhacht iomlán go dtí náire iomlán, agus í ag éirí as an bpolataíocht oíche an toghcháin? Ar an gcéad dul síos, cé go seasann páirtí Marois, le Parti Québecois, go láidir ar son chearta na bhFrainciseoirí , agus é mar aidhm bhunúsach acu neamhspléachais a bhaint amach do Québec, bhí Marois cúramach gan an t-ábhar sin a lua i rith an fheachtais toghchánaíochta.