Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
de bhunadh na hÉireann of Irish descent
" Ar de bhunadh na hÉireann a mháthair? 'Of Irish parentage' a scríobh nuachtán a linne agus é ag trácht ar Billy.
bhunadh na cathrach the inhabitants of the city
" Tá sé mar pholasaí ag an dánlann ó bunaíodh í i 1978 go mbeadh an ealaín le feiceáil taobh amuigh chomh maith le taobh istigh, mar sin tá saothar le feiceáil thart timpeall na cathrach; ní hamháin go músclaíonn an saothar seo suim daoine san ealaín ach spreagann sé díospóireachtaí chomh maith i measc bhunadh na cathrach.
bhunadh na háite locals
" Phill cuid mhór de bhunadh na háite chun an bhaile le clann a thógáil ar fhód a ndúchais agus go minic is Béarla a bhíonn ag duine de na tuismitheoirí agus ag na páistí.
duine de bhunadh na háite a local person
" "Gleann Fhinne, Gleann Fhinne, Gleann Fhinne mo ghleann" mar a deir an t-amhrán a chum Padaí Mag Fhloinn, duine de bhunadh na háite.
bhunadh na háite the locals
" Mhaígh Ardmhéara Cogne nach raibh *mostro *ar bith ann, nach bhféadfadh an dúnmharfóir bheith as an bhaile féin, ach tá an-imní ar bhunadh na háite go fóill.
de bhunadh California of Californian origin
" Seasann Nikki Ragsdale, bean de bhunadh California, agus cuireann fáilte roimh na foghlaimeoirí chuig an an "Deireadh Seachtaine Gaeltachta", mar a thugtar ar an imeacht bliantúil seo.
don bhunadh óg to the young people
" Téann sí isteach sa seomra ranga cúpla uair sa tseachtain agus múineann sí an teanga, mar aon le hamhráin agus scéalta, don bhunadh óg.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" *Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
bhunadh na háite the locals
" Tá an choláiste ag gabháil go láidir go fóill agus is dócha gur í an fhoinse airgid is tábhachtaí ag go leor de bhunadh na háite.
bhunadh na háite the locals
" Chuir sé tús le scéim imirce do bhunadh an oileáin, agus ghlac cuid mhór de bhunadh na háite lena thairiscint.
bhunadh Rockaway the locals of Rockaway
" Ach an rachaidh sé seo i bhfeidhm ar Éireannaigh Nua-Eabhrac? Tá go leor de bhunadh Rockaway go fóill ar buile faoin dóigh ar gearradh fíneáil orthu siúd a bhí i láthair ag an chóisir chuimhneacháin do 9/11 an mhí seo caite de bharr iad a bheith ag ól go poiblí.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Tá Éireannaigh ann, daoine de bhunadh Éireannach, agus daoine nach bhfuil aon bhaint acu le hÉirinn seachas an tsuim atá acu sa teanga nó sa chultúr.
bhunadh the people
" Shábhálamar slam airgid!" Misniú mór a bhí sa bheart seo do bhunadh Íle.
de bhunadh Éireannach of Irish origin
" Dream amháin, thángadar ó thuaisceart oileán na Breataine, tír inti féin darbh ainm di Alba, agus an dream eile, ba de bhunadh Éireannach iad, ó chathair bheag i ndeisceart na tíre, cathair Chorcaí.
bean de bhunadh na háite a local woman
" " Phós sé Frances Ní Chualáin, bean de bhunadh na háite a bhí ag obair le Gaeltarra ag an am.
de bhunadh Éireannach from an Irish background
" *Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
bhunadh an cheantair the people of the area
" Is é an difear mór inniu ná go n-áirítear an IRA agus Sinn Féin i measc naimhde na ndaoine, dar leis na deirfiúracha agus, is cosúil, tromlach mór de bhunadh an cheantair.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" ” *Tá an leabhar le fáil ar £7 ó Jim Fitzsimons, 47 The Beeches, Calderstones, Liverpool L18 3LT* *Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Creidtear gur leac uaighe atá inti, agus b’fhéidir gur rí áitiúil de bhunadh Éireannach ab ea Sagramus.
nár de bhunadh Éireannach é who was not of Irish descent
" Ba é an t-aon Beatle nár de bhunadh Éireannach é, agus bhí saol fíorbhocht aige nuair a bhí sé óg agus bhí sé i ndrochshláinte i gcónaí.
bhunadh na háite the locals
" Tá an-tóir ar Guinan’s i measc bhunadh na háite le fada fosta agus téann siad ansin ar maidin le bricfeasta, nuachtáin agus caife a cheannach, nó le beoir a ól san oíche.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Tá Glór na nGael ag iarraidh go mbeidh grúpaí éagsúla rannpháirteach sa chomórtas, bídis ina n-imircigh, ina bhfoghlaimeoirí de bhunadh Éireannach i bhfad siar, nó dream ar bith eile a chuireann spéis sa Ghaeilge.
de bhunadh na Liobáine of Lebanese background
" Chuaigh scuainí de bhunadh na Liobáine, más fíor, ag lorg díoltais go gairid tar éis na trioblóide i gCronulla.
i seilbh bhunadh na háite a thuilleadh in the possession of the local people any more
" “Tá an ceol ag spré ar dud an domhain,” a deir sé, “Thiocfaí a rá nach bhfuil ceol agus todhchaí an cheoil thraidisiúnta i seilbh bhunadh na háite a thuilleadh.
i seilbh bhunadh na háite a thuilleadh in the possession of the local people any more
" “Tá an ceol ag spré ar dud an domhain,” a deir sé, “Thiocfaí a rá nach bhfuil ceol agus todhchaí an cheoil thraidisiúnta i seilbh bhunadh na háite a thuilleadh.
de bhunadh na hÉireann of Irish stock
" Mar spéicéir Chomhairle Chathrach Nua-Eabhrac agus duine de bhunadh na hÉireann, fuair Quinn cuireadh máirseáil sa mórshiúl, rud a bhí sí sásta a dhéanamh ach cead a bheith aici máirseáil le suaitheantas a thabharfadh le fios go raibh sí aerach.
de bhunadh na hIodáile of Italian origin
" Tá sé d’aidhm acu deireadh a chur le réimeas Silvio Berlusconi, a bhfuil géarcháineadh déanta acu air, agus feabhas a chur ar sheirbhísí d’Iodálaigh thar lear, daoine aosta go háithrid, agus cúrsaí Iodáilise a chur ar fáil do dhaoine de bhunadh na hIodáile.
go leor de bhunadh na Gaeltachta many of the Gaeltacht people
" B’fhéidir dá dtuigfeadh siad an tairbhe a bhaineann go leor de bhunadh na Gaeltachta as na cúrsaí samhraidh go mbeadh orthu athmhachnamh a dhéanamh!
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Tá leacht eile a gcuirfeadh Éireannaigh suim ann freisin - an t-aon dealbh de dhuine ar an mblár nár ghinearál é: an tAthair William Corby, de bhunadh Éireannach, agus séiplíneach na briogáide Éireannaí.
de bhunadh Éireannach of Irish extract
" Rugadh Jones i 1913, nuair a bhí Learphollach eile de bhunadh Éireannach, Jim Larkin, ina cheannaire ar an fhrithdhúnadh i mBaile Átha Cliath, eachtra a chuaigh i bhfeidhm ar thuismitheoirí Jones.
nach bhfuil róthógtha le heachtrannaigh de bhunadh na hÁise who are not too taken with foreigners of Asian origin
" Tá roinnt daoine san Astráil nach bhfuil róthógtha le heachtrannaigh de bhunadh na hÁise, ach is cinnte go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí bia anseo mar gur tháinig siad, díreach mar a tharla i gcás na ndaoine as an Eoraip blianta roimhe sin.
de bhunadh na hIaráine of Iranian origin
" “Rugadh é i gContae Thír Eoghain, tá a fhios agat, agus mar is eol duit is de bhunadh na hIaráine muintir an chontae sin.
de bhunadh na hÉireann of Irish origin
" ” Is de bhunadh na hÉireann é an t-amhránaí Sasanach Morrissey, agus tá breis is scór bliain caite ag daoine ar fud na cruinne, idir Éireannaigh agus eile, ag cur an-suime ina chuid amhrán, ina phearsantacht agus fiú sa chor is lú a chuireann sé de.
de bhunadh Ghlaschú nó na hAlban of Glaswegian or Scottish origin
" Caitlicigh v Protastúnaigh atá i gceist, ach is údar gáirí ar bhealach é nuair a chuireann tú san áireamh gur cuma sa diabhal leis na himreoirí ina gcroí istigh (nach de bhunadh Ghlaschú nó na hAlban a bhformhór) faoin tseafóid sheicteach.
de bhunadh Ainu of Ainu origin
" Deirtear nach bhfuil ach 24,000 duine de bhunadh Ainu ann.
barúil bhunadh na tuaithe agus na cathrach the opinion of country people and city people
" Ach is mór an difear idir barúil bhunadh na tuaithe agus na cathrach ar an cheist achrannach seo.
go bhfuil an-mheas aige ar bhunadh Inis Meáin. that he has great respect for the people of Inis Meáin.
" Is léir go bhfuil an-mheas aige ar bhunadh Inis Meáin.
de bhunadh Gréagach of Greek origin
" Tá tionchar faoi leith acu siúd ar de bhunadh Gréagach iad ar an gcathair.
de bhunadh Aontroma agus an Dúin from Antrim and Down stock
" Cé gur rugadh é i mBaile Átha Cliath, ba de bhunadh Aontroma agus an Dúin a mhuintir ar an dá thaobh.
de bhunadh na hÉireann of Irish descent
" “Chonaic mé mná agus fir de bhunadh na hÉireann agus iad beo ar shráideanna Londan agus mhothaigh mé go raibh orm rud éigin a dhéanamh nó a rá,” ar seisean.
de bhunadh an deiscirt from southern Irish stock
" “Meastar gur daoine de bhunadh an deiscirt amháin atá iontu, ach bhuail mé féin le fear as baile Aontroma a raibh cónaí air ar na sráideanna.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" B'as an Cheathrú Rua a athair agus ba de bhunadh Éireannach í a mháthair.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Nuair a d’fhill an tAthair James Nugent go Learpholl in 1888, chuir na daoine meirge amach a raibh na focail “Céad mille failthe, saggarth aroon,” air – agus sin teachtaireacht do shagart de bhunadh Éireannach a rugadh agus a tógadh i Learpholl.
Bean de bhunadh na Briotáine is ea í She is from Brittany stock
" Bean de bhunadh na Briotáine is ea í a chaith seal ag obair le daoine gan dídean i Sasana.
de bhunadh na hÁise of Asian descent
" Ghoill ráiteas John Howard i 1988 ar go leor daoine de bhunadh na hÁise a raibh cónaí orthu san Astráil.
Is de bhunadh Éireannach é Des, he is from Irish stock,
" Is de bhunadh Éireannach é Des, agus tháinig sé go hÉirinn agus é ceithre bliana déag d’aois.
ar de bhunadh na háite é who is from that place
" Tá dlúthchara liom ina cónaí sa cheantar – phós sí fear ar de bhunadh na háite é – agus iarrann sí orm ceardlanna a dhéanamh di go minic.
is de bhunadh Fíníneach í she is from Fenian stock
" Tógadh Roche i dteaghlach láidir Poblachtach; is de bhunadh Fíníneach í.
bhunadh people
" Nó dá mbeadh sí i gcré na cille cionn is gur mharaigh saighdiúir de chuid Arm na Breataine í, an mbeadh sí ag caitheamh mallachtaí orthu sin a dúirt nach íobartach ‘ceart’ a bhí inti? Dá mbeadh cead cainte ag na 3524 fíormharbhán a maraíodh le linn na dtrioblóidí ó thuaidh, cad é déarfadh siad? B’fhéidir go mbeadh siad chomh deighilte leis an bhunadh a d’fhág siad ina ndiaidh.
bhunadh na háite the local people
" Níl tacaíocht bhunadh na háite ag na "cosantóirí" seo.
bhunadh na Síne Chinese people
" Níl aon amhras ach go raibh an dúnghaois chiníoch seo dírithe ar dhaoine as an Áis, ar bhunadh na Síne go háirithe, de bharr gur chuir na daonraí ollmhóra ‘daite’ sna tíortha san aird ó thuaidh imní mhór ar an daonra beag geal abhus.
de bhunadh Éireannach of an Irish background
" Cérbh é, an fear ghiotáir a b'fhearr i Learpholl sna 1960's ? Is dócha go bhfuil na hainmneacha John, George agus Paul ó The Beatles ag rith tríd do chloigeann ag an phointe seo, ach de réir John Lennon féin, duine eile de bhunadh Éireannach a ba é an giotáraí ab fhearr.
bhunadh background
" Is mar gheall ar an mbua seo go raibh Sonia Sotomayor, bean de bhunadh Puerto Rico a d'fhás aníos i dtithíocht phoiblí sa Bhronx, Nua-Eabhrac, in ann suí breithimh i gCúirt Uachtair Mheiriceá a bhaint amach.
bhunadh background
" Marcaíocht ghairgeach is ea ‘*I’m Going to Explode*’ ó shamhlaíocht is ó lionsa Gerardo Neranjo, duine den dream is briosctha agus is míchompordaí den ghlúin nua stiúrthóirí de bhunadh na Spáinne-Mheiriceánaigh.
bhunadh origin
" com/watch?v=E_BXG7HdaYk ) Namhaid as an Nua Tuigeann, go deimhin, an chuid is mó den dream de bhunadh Éireannach an fáth go bhfuil fáilte romhainn le déanaí - is iad na Moslamaigh an namhaid mór anois acu (Beo, eagrán 6, Deireadh Fómhair 2001).
bhunadh people
" Ar na mairbh tá 46 Uigireach agus tá 137 de bhunadh Han.
bhunadh Albanach Scottish background
" Ba de bhunadh Albanach í Mary, a tháinig ar an saol i Melbourne sa bhliain 1842, a bhí go luath i stair chine geal na tíre seo.
bhunadh background
" Taobh le taobh a chónaigh muintir na hOllainne agus daoine de bhunadh inimirceach – gach dream ina bhosca beag féin agus a laghad cumarsáide eatarthu agus ab’fhéidir, díreach mar a chónaigh Caitlicigh, Protastúnaigh agus sóisialaigh san Ísiltír ina mboscaí beaga féin roimh an Dara Cogadh Domhanda.
bhunadh na n-oileán the islanders
" Ba é an toradh a bhí ar an tsíorstocaireacht ná gur ghlac an rialtas cinneadh ar an dáta sin gur ar an Bhord Soláthar an Leictreachais a thitfeadh an costas córas leictreachais a bhunú ar na hoileáin agus nach ngearrfaí aon táille breise ar bhunadh na n-oileán ná ar mhuintir na tíre móire.
de bhunadh Éireannach of Irish extraction
" Tá a fhios ag Rialtas Shasana go bhfuil a lán daoine de bhunadh Éireannach ar Mersyside agus go bhfuil a lán dífhostaíochta anseo fosta agus tá siad breá sásta iad a earcú sna *Irish Guards*, áit a mbeidh siad ‘i measc cairde’, de réir na bolscaireachta.
bhunadh ‘Éireannach’ Irish origin
" Cé mhéad de bhunadh ‘Éireannach’ a bheas ina measc? Cultas an Bháis ======== Ní bhíonn mórán anailíse faoin chaismirt sna meáin chumarsáide coitianta anseo, nó i measc na saighdiúirí iad féin.
bhunadh na háite the local people
" In ainneoin simplíocht agus iargúltacht an oileáin féin, níor léir go raibh bochtanas millteanach ag cur isteach ar bhunadh na háite in aon chor.
bhunadh Éireannach Irish background
" Agus bhí sonóg na reisiminte, Conmeal an faolchú, i láthair fosta chun an uasmhéid poiblíochta a fháil sa nuachtán áitiúil *The Liverpool Daily Post* agus nios mó earcach a mhealladh ón chomhphobal de bhunadh Éireannach anseo le taobh na Mersey, nó ‘ar lannau Merswy’.
beirt de bhunadh na Maorach two people of Maori extraction
" “Sa chéad bhliain de TnaG a bheith ar an aer, thug muid beirt de bhunadh na Maorach sa Nua-Shéalainn a theacht le staidéar a dhéanamh ar an méid a bhí ar siúl againn.
bhunadh background
" Mo Churachín le Pádraig Mac Niocaill ================= Teanór binn de bhunadh Ghaeltacht Thír Chonaill ba ea Pádraig Mac Niocaill a fuair bás sa bhliain 2007.
de bhunadh Éireannach of Irish background
" Ní raibh aithne agam ar Kevin Gately, cé gur de bhunadh Éireannach é.
bhunadh na Nigéire Nigerian community
" Bhí buachaill dall ann, ball den lucht siúil agus cailín de bhunadh na Nigéire.
bhunadh background
" 173) Dúirt Niall Ó Dúlainn go raibh a fhios ag cuid den bhunadh Éireannach i Learpholl go raibh gaolta leo san Éirí Amach, ach tá cuid eile aineolach air agus gur mhaith leo go gcuirfeadh daoine ar an eolas iad.
de bhunadh na hÉireann of Irish background
" Ina measc bhí Mary McCrossan(1863-1934), bean de bhunadh na hÉireann.
de bhunadh dúchais native to
" Bhí an bhéim anois ar imreoirí de bhunadh dúchais Átha Cliath a bheith á roghnú agus dar ndóigh spreag sé sin lucht leanúna cathrach chun tacaíocht a thabhairt do na foirne agus chothaigh sé meas ar pheileadóirí agus ar iománaithe an chontae nach raibh le brath i measc phobal na cathrach roimhe sin.
bhunadh background
" Rinne Mac Intyre clár sa bhliain 2003 (*A Very British Gangster*) faoi na Noonans - deartháireacha de bhunadh Éireannach atá ina gcónaí i Manchain.
De bhunadh background
" De bhunadh Éireannach ab ea a mháthair, Mary Danaher agus rugadh i Learpholl í.
bhunadh background
" Mhol an coiste freisin go gcuirfí ailt eile sa bhunreacht a dhearbhódh *“advancement”* don mhuintir dhúchais agus a chuirfeadh toirmeasc ar aon rialtas san Astráil leatrom a dhéanamh ar aon duine mar gheall ar a chine, ar a chneasdath nó ar a bhunadh eitneach nó náisiúin.
bhunadh background
" Ba de bhunadh na Tuirce ochtar de na íospairtigh agus maraíodh Gréagach amháin idir Meán Fómhair 2000 agus Mí Aibreáin 2006.
bhunadh na háite the local people
" Bíodh sin mar atá, ní thig a shéanadh gur choinnigh na monarchana beocht sna ceantair sin, trína chinntiú nach raibh ar bhunadh na háite dul ar imirce.
de bhunadh a native
" Díríonn a leabhar ar Donna Bradley, bean de bhunadh chathair Dhoire atá ar turas féinléirstine i ndiaidh marbh-bhreith a hiníne.
chócaire de bhunadh na tíre sin a cook native to that country
" An tseachtain a tháinig ceannaire an fhreasúra i mBurma, Aung San Suu Kyi, go hÉirinn chuir comhleacaí de mo chuid ó nuacht an Bhéarla in RTÉ agallamh ar chócaire de bhunadh na tíre sin atá ag tabhairt faoi i gCeatharlach san am i láthair.
a chránn cuid mhór de bhunadh an domhain which pester a lot of the world’s population
" An glanadh is inmholta a rinneadh de bharr fhéile na bliana seo ná gur ruaig an deatach mórán de na múiscítí, na míoltóga mallaithe úd a chránn cuid mhór de bhunadh an domhain.
bhunadh na hÉireann the Irish people
" Dar le taighde a rinneadh sa bhliain 2007, tá SAD ag goilleadh ar thuairim is 20% de bhunadh na hÉireann, agus léirigh an staidreamh gurb iad na mná a bhíonn thíos leis níos mó ná na fir.
neart íobartach de bhunadh na hÉireann plenty of victims of Irish extraction
" ’* Bhí ceol na hÉireann go deas fóirsteanach, mar nach amháin go raibh neart íobartach de bhunadh na hÉireann i measc an 96 a fuair bás sa tubaiste ar 15 Aibreán 1989, ach bhí siadsan chun tosaigh i bhfeachtas an *Hillsborough Justice Campaign* chun an fhírinne faoin ár a aimsiú.
le dáileadh ar bhunadh an oileáin to circulate among the islanders
" “Tá cluinte agam go bhfuil sé de rún ag mná óga áille áirithe cóipeanna de na hirisí seo a thabhairt isteach agus iad faoi cheilt ina gcuid éadaigh, le dáileadh ar bhunadh an oileáin; ach beidh mise ag fanacht leo ar an ché le hiad a friskeáil.
bhunadh an oileáin of native island stock
" Ba de bhunadh an oileáin Christopher Columbus.
De bhunadh Éireannach of an Irish background
" De bhunadh Éireannach (Cúil Raithin) agus mac ministéara Preisbitéirigh, maíonn staraithe go raibh polasaithe an Pháirtí Choimeádaí idir 1912-1914 cóngarach do shárú bhunreacht (neamhscríofa) na Breataine, frí thacaíocht s'acu don UVF, don allmhairiú arm agus do Cheannairc an Churraigh.
de bhunadh na Pacastáine a rugadh in Éirinn born in Ireland of Pakistani background
" Cailín óg de bhunadh na Pacastáine a rugadh in Éirinn i mbun stailc teanga.
de bhunadh Éireannach ar rugadh of Irish extraction who were born
" LÉ Eithne ag an Pierhead ====== Labhair sé fosta faoi dhaoine de bhunadh Éireannach ar rugadh i Learpholl iad, mar Jim Larkin agus triúr de na Beatles agus an tionchar a bhí acu taobh amuigh den chathair – cathair atá ina bhaile agus ina chrosbhóthar do na hÉireannaigh.
ba de bhunadh na hiasachta were of foreign extraction
" Bhí seachtar nó ochtar ag fanacht leis an mbus faoi seo, agus ba de bhunadh na hiasachta dá dtrian díobh.
bhunadh background, extraction
" Beirt, de réir dealramh, de bhunadh Oirthear na Gaillimhe ina measc.
gasúr de bhunadh an lucht siúil a mhaígh a child from the travelling community who claimed
" Tharla a leithéid cheana i gcás John Stokes, gasúr de bhunadh an lucht siúil a mhaígh go ndearna an dúnghaois iontrála a bhí i bhfeidhm meánscoil i gCluain Meala, Co.
ceardchumann neamhspleách d’iriseoirí Gaeilge na tíre a bhunadh to found an independent trade union for Irish journalists
" Nach mithid ceardchumann Éireannach a thosú d’iriseoirí na hÉireann? Thiocfadh linn toiseacht le hiriseoirí Gaeilge an t-am seo thart? Bíonn deis achan bhliain ag Oireachtas na Gaeilge ceardchumann neamhspleách d’iriseoirí Gaeilge na tíre a bhunadh.
de bhunadh na Polainne of Polish background
" 'Tá rialtas na Polainne a' rá leis na blianta nach bhfuil ceol traidisiúnta ar bith fágtha sa tír,' arsa Eva Skalla, Sasanach de bhunadh na Polainne a bhíonn ag eagrú imeachtaí ceoil ar fud an domhain.
fear de bhunadh na Danmhairge a Dane
" B’iad chéad iarrachtaí sin Huygens agus fear de bhunadh na Danmhairge darbh ainm Thomas Walgensten a thug ar eolaithe agus aireagóirí tuilleadh dua a chaitheamh le teoiricí a bhain le cúrsaí solais, lionsaí, teilgeadh íomhánna agus eile.
ailtire de bhunadh na hÉireann an architect of Irish extraction
" Agus ná déanaimís dearmad gur ailtire de bhunadh na hÉireann, James Hoban, a dhear an Teach Bán.
de bhunadh na hÉireann of an Irish background
" Tá an baol ann, áfach, go mbeidh an ceart seo á shéanadh ar dhaltaí de bhunadh na hÉireann i Sasana feasta.
bhunadh extraction
" 8% de Mheiriceánaigh gur de bhunadh Afraiceach iad.
roinnt de bhunadh na hÉireann some of Irish extraction
" Dhá Cheist Shimplí ======== Dhá cheist neamhchasa i gcúrsaí gnó is ea, cá bhfuil do chuid custaiméirí agus cá bhfuil an iomaíocht? Más ea, tá 60 milliún duine sa Bhreatain, roinnt de bhunadh na hÉireann ina measc agus suim sa tír chéanna féin acu.
rialtas Siach a bhunadh setting up Shiite government
" Tar éis seilbh a ghlacadh ar an tír go léir agus rialtas Siach a bhunadh a bhí báúil do mhianta na Stát Aontaithe, d’admhaigh siad nach raibh airm ollscriosúla ar bith sa tír.
bhunadh background
" Iníon Tionsclaí as Siceagó ============= Cérbh í Hazel Lavery, a chuir a fear chéile chomh mór sin faoi dhraíocht gur pheinteáil sé gan stad í agus gur úsáid a híomhá mar phearsantú ar Éirinn le cur ar bhancnótaí an tSaorstáit nua a tháinig mar thoradh ar an Chonradh Angla-Éireannach i 1922? Rugadh Hazel Martyn i Siceagó í 1880 agus b’iníon leis an tionsclaí saibhir de bhunadh Angla-Éireannach Edward Jenner Martyn í.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Bhuail Tony Birtill le fear de bhunadh Éireannach a bhfuil leabhar scríofa aige ar a thréimhse i reisimint Éireannach le linn an dara Cogadh Domhanda.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Is de bhunadh Éireannach iad beirt Mheiriceánach a bhfuil postanna tábhachtacha acu i gcúrsaí iompair i Londain.
de bhunadh Éireannach of Irish descent
" Labhair Tony Birtill le bean de bhunadh Éireannach, Margaret McAdam, atá mar chuid d’eagraíocht atá ag iarraidh dul i ngleic leis an chiapadh ciníoch i Learpholl.