Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
feannaideach bitter
" Chuidigh siad go mór leis an samhradh fuar, fliuch, feannaideach a dhéanamh suimiúil.
goirte bitter
" Faoi theacht an tsamhraidh bhí Balor ag maíomh: "Is Eorpach mé ó bhonn mo chrúibe go barr mo bhraoi, ó log m'imleacán go gleann mo thóna!" Bhí cúis aige lena mhaíomh sin agus é ag caoineadh lán a shúile de dheora goirte i ndiaidh do phobal bradach na hÉireann diúltú do chomhairle Bhertie i dtaca le Conradh Nice.
shéirse na searbhóige seineafóbaí sin the charge of that bitter xenophobic woman
" Tháinig eascairdeas millteanach idir Ó Peann Luaidhe agus Fear na Súile Nimhe blianta fada ó shin nuair a bhí an bheirt acu ar a seacht ndícheall ag iarraidh éalú ó shéirse na searbhóige seineafóbaí sin, Ainbhlinn Ní Chonaill.
goirt saline, bitter
"goirt ach milis a bhí an t-iasc, é ar snámh sa bhabhla súip.
naimhde géara bitter enemies
" Murab ionann agus a n-iomaitheoirí agus naimhde géara, Glasgow Rangers, shínigh Celtic imreoirí i gcónaí de gach saghas cine agus creidimh.
an-searbhasach very bitter
" (Ina dhiaidh sin, d'admhaigh siad go raibh an aird ar fad a bhíothas ag tabhairt orthu ag cur as dóibh, agus bhí cuid acu an-searbhasach mar gheall ar an dóigh a cuireadh cuid dá gcomhghleacaithe i láthair i scannán teilifíse a rinneadh faoin eachtra.
fheanntach bitter
" Chuireadh sé iad ag rith suas agus anuas ar na dumhcha cois trá agus ansin isteach san fharraige fhuar, fheanntach.
searbh bitter
searbhasach bitter
" An bhfuil sé searbhasach mar gheall ar an drochíde seo? Deir sé nach bhfuil.
grian líomóideach shearbh Van Gogh Van Gogh's bitter lemon sun
" * Gluais • Glossary grian líomóideach shearbh Van GoghVan Gogh's bitter lemon sun dá mo dhallúblinding me sócúlachcomfortable go diansmaointeachextremely thoughtful mar is dual dóas it usually does scáthannashadows ag atswelling, expanding in aice an chaibinéidbeside the cabinet ag siotgháiresniggering fá dtaobh deabout it aitstrange ag gríosú mo chuid samhlaíochtainciting my imagination searmanasceremony chóir a bheithnearly ag druidim liomapproaching dá freagairtanswering her go drúisiúillustfully ag teannadh liomgoing close up to me ba ghnách liom amharc uirthiI used to look at her fireannmale i dtólamhalways marcaíocht ar rudaíto ride things leasrachathighs de shíor dá mo leanstan thartalways following me around chomh tógtha sin liomso taken with me ghoillfeadh sí go dtí an croí ormit would really upset/bother me dá tochas féinscratching herself ag casachtáilcoughing dá mhacasamhail seolike this ag goillstean ortbothering you drochspionna bad mood bulógloaf corruairsometimes buanchairdefriends for life gliondarjoy faoi smachtunder control bosca na mbréagánthe toy box go dtí gur ghéill m'athairuntil my father gave in brionglóid ar dóigha great dream corroíchethe odd night smúitdust gníomhaction rachtanna na fírinneachtabouts of truthfulness dóighiúilgood-looking aibíripe a cuid murnán beag bánher little white ankles osnasigh ag barr a malaíat the top of her brows smigeadchin toradhfruit a scoilteadhwhich was split stán mé uirthiI stared at her mo chuid lochtannasamy faults íomháimage Más ionúin an chráin is ionúin an t-ál.
searbh bitter
" Chaith sé ocht mbliana is fiche sa bpríosún, nó rud éigin mar sin, agus tháinig sé amach is ní raibh sé searbh.
deoir ghoirt an chumha the bitter tear of parting sorrow
" Bhí oscailt na gcluichí ollásach agus seandiaganta sa mhéid is gur cuireadh Balor giota maith siar ar bhóithrín na smaointe go dtí laethanta a óige féin; bhí na cluichí féin corraitheach agus gríosaitheach sa mhéid is gur bhog tóin tamhanda Bhalor cúpla orlach óna chathaoir theolaí anois is arís le teann fuaiscnimh; agus bhí searmanas an chlabhsúir maoithneach agus rachtúil sa mhéid is gur fháisc sé deoir ghoirt an chumha amach as súil an chioclóp.
searbh bitter
" * Is furasta éirí searbh fán domhan seo a bhfuil muid beo ann, ach diaidh ar ndiaidh tá mé níos cinnte de go bhfuil gach uile aonarán, gach pearsa, faoi ionsaí ag an chóras airgeadais agus polaitíochta ó thuaidh, cé nach rud é seo a bhaineann leis an tuaisceart amháin, ar ndóigh.
nimhneach bitter
" Mar sin, chuaigh sé go Wisconsin agus West Virginia, agus leag sé dúshraith feachtais a bheadh nimhneach ach a n-éireodh leis sa deireadh thiar.
searbh bitter
" Bhí go leor fear ann sna ceathrachaidí agus bhí siad cineál searbh.
binbeach bitter
" Tá sé binbeach fán dóigh ar caitheadh leis mar dhuine agus fán treo ina bhfuil Sinn Féin ag dul.
beagán searbhasach a little bit bitter
" Ar nóta íseal, ní fhéadfá an milleán a chur ar dhuine a bheith beagán searbhasach faoin lucht tacaíochta a bhíonn ag Baile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh.
Goirt anocht bitter tonight
na deora móra goirte the big bitter tears
" Ó, a Bhaloir, cad é a dhéanfaidh mé?” D’fhág Balor Séimí an Siúinéir ina leathluí thar an chuntar, na deora móra goirte ag sileadh go fras isteach ina phionta leathólta, agus lean sé lorg doiléir an airgid fholachasaigh gur casadh dó, faoi dheireadh, Diarmuid an Dearthóir Gairdíní.
an fhírinne shearbh the bitter truth
" Gloine ar ghloine, cuirtear an ruaig ar an chur i gcéill go bhfuil ag éirí go maith le gach duine acu agus sleamhnaíonn an fhírinne shearbh isteach sa scéal nuair a insíonn gach fear acu a scéal truamhéalach féin.
amhrán searbh feargach a bitter angry song
" Is amhrán searbh feargach é agus tá sé sin an-soiléir ón leagan seo de.
róshearbh, too bitter,
" Seo le cinntiú nach mbeadh an tae róshearbh, a dúirt an freastalaí.
searbh, bitter,
" Nuair a cuireadh ceist ar fhear céile duine de na mná a maraíodh an raibh sé searbh, dúirt sé: “Má chuireann tú ceist orm an bhfuil mé searbh, déarfainn go bhfuil mé níos seirbhe anois ná mar a bhí mé 15 bliana ó shin.
níos seirbhe more bitter
" Nuair a cuireadh ceist ar fhear céile duine de na mná a maraíodh an raibh sé searbh, dúirt sé: “Má chuireann tú ceist orm an bhfuil mé searbh, déarfainn go bhfuil mé níos seirbhe anois ná mar a bhí mé 15 bliana ó shin.
searbh, bitter,
" Tig leis an údar a bheith géar agus tig leis an spochadh a bheith searbh, ach níl go leor de ann.
firinne shearbh bitter truth
"firinne shearbh sa líne, ach is trua é nach bhfuil níos mó den chineál sin ann.
go bun an angair. to the bitter end
" Ní bhfuair ceachtar acu go leor vótaí go fóill leis an dlaoi mhullaigh a chur ar an scéal, agus is léir anois go leanfar den choimhlint ghéar go bun an angair.
focal searbh a bitter word
" Ní raibh focal searbh eadrainn riamh.
agus an fhírinne shearbh, lom a insint and to tell the bitter, whole truth
" Ach is minic go mbíonn ealaíontóirí ábalta éalú ón laincis sin agus an fhírinne shearbh, lom a insint.
searbh bitter
" " Ní raibh iontas orm go raibh fearg ar Ruth Dudley Edwards lenár nuachtán, ach ní raibh muid searbh.
nimhneach acrid, bitter
" Agus cé a chuir tús leis an bhfeachtas nimhneach i gcoinne Freeman ach Steve Rosen, a bhí ar díotáil ar spiaireacht é féin ag an am.
is binbí most bitter
" Ní thiocfadh leis an chancrán is binbí a bheith míshásta leis an úsáid a baineadh as scairdeitleán an rialtais le déanaí leis an oibrí cabhrach Sharon Commins a thabhairt ar ais abhaile tar éis di 107 lá a chaitheamh i ngéibhinn sa tSúdáin.
tsoiniciúlacht bhinbeach bitter cynicism
" Is riachtanach an tseift í sin chun dul i ngleic leis an tsoiniciúlacht bhinbeach a spreagann teorainn reatha na Gaeltacht.
deor dhomlais a bitter drop
" Anois, ó tá tinneas cinn agat, ar mhaith leat cupán tae? Más ea, ar mhaith leat deor dhomlais leis? Dáta mór sna Stáit Aontaithe is ea an 15ú Aibreán.
Go Bun an Angair to the bitter end
" Go Bun an Angair Ola ======== Dar leis An Roinn Fuinnimh sna Stáit Aontaithe, is in olachaidh domhainmhara a dhéanfar an chuid is mó de tháirgeadh ola na Stát amach anseo.
ghráin dearg a bitter hatred
" Tugann sé armlón don dream a bhfuil an ghráin dearg acu ar an dteanga agus gur fada leo í a bheith chomh marbh leis an Manannais.
dulta i mbinibe has become more bitter
" Tá an tsíorhchoimhlint idir na meáin úra agus na meáin thraidisiúnta dulta i mbinibe ó thosaigh díospóireacht faoi na ‘sárurghairí.
easaontas binbeach bitter disagreement
" Bhí cur agus cúiteamh mór agus easaontas binbeach uaireanta i measc an phobail (nó i measc na ndaoine fásta a bhí timpeall ormsa agus mé ag fás aníos ar aon nós).
an nimh sa chaint the bitter speech
" Mhol stiúrthóir an ADL, chun an chontúirt seo a sheachaint, gur chóir “díospóireacht mheasartha agus shibhialta” a chur in ionad “an polarú, an nimh sa chaint agus an eagla” atá á ghiniúint ag gníomhaithe frith-Ioslamacha.
goimh a bitter cold
" An sruthán ina bhúir, goimh san aer moch, fear ag scoilteadh adhmaid le tua balbh, mada lena ais ’s a shróin le gaoth.
an fhirinne searbh truth is bitter
" "Deir siad go bhfuil an fhirinne searbh ach, creid mise, ní searbh atá sí ach garbh agus sin an fáth a seachantar í.
chogaíocht bhinbeach bitter warring
" Cuireann bodacht, mímhúinteacht agus maistíneacht Waltz alltacht ar a bhean Winslet, agus chuir riamh, ach nár fhéad sí é sin a chur in iúl go dtí gur thug an chogaíocht bhinbeach go léir agus na taoscáin fuisce misneach di; tiomáineann géilliúlacht agus filistíneacht Reilly a bhean mhóiréiseach Foster thar imeall na foighne freisin ; pléascann Reilly chomh maith céanna – scread príomhordúil an fhir chéile, an *‘regular guy’* ar beagán oideachais ag cur suas thar na blianta fada le mustar, soncanna beaga agus tón ardmhórálta na soithe ardnósaí a phós sé fada siar, céastóir néaróiseach a bhíonn de shíor ag sodar i ndiaidh na barántúlachta agus na bréag-ghalántachta araon.
aighneas feanntach bitter dispute
" Chothaigh na hathruithe a chuir rialtas Howard i bhfeidhm aighneas feanntach mar gur thug siad cúnamh sa bhreis do na scoileanna príobháideacha is saibhre sa tír.
róghoirt acu fanacht le chéile too bitter to remain together
" Scrúdaíonn Duggan an toradh a bhíonn ag an chailliúint mhillteanach seo uirthi féín agus ar a fear chéile, Tony, agus ar an dóigh a scamhann an dubrón a gcaidreamh go dtí go mbíonn sé róghoirt acu fanacht le chéile.
chun a ngráin don teanga a chur in iúl to portray their bitter hatred
" Ach tríocha bliain ó cuireadh deireadh le pionós corpartha i scoileanna na tíre, meas tú an bhfuil sé in am anois deireadh a chur leis an tuairim smolchaite gur buaileadh an teanga isteach ionainn? Ocht mbliana déag ó baineadh Peig den Ardteist an bhfuil sé in am fosta ag an ghlúin úr teacht ar phearsa fuatha eile chun a ngráin don teanga a chur in iúl? Agus cén chomhairle a chuirfinn orthu siúd uilig a shamhlaíonn gurb é cuimhní cinn seanmhná as Ciarraí tús agus deireadh gach oilc? Mar a déarfadh Muimhneach cáiliúil eile, Roy Keane, *'Get over it!'*
Lagaíonn a leithéid de racht domlasta such bitter outburst(s) weaken
" Lagaíonn a leithéid de racht domlasta aon phointe suimiúil atá déanta ag Flynn agus dá réir sin is beag aird a thabharfar ar a leabhar.
an fhírinne shearbh atá folaithe the bitter hidden truth
" An Reitric nó an tAllagar? ============ Ná bíodh aon chorrabhuais orainn feasta agus bainimis an brach idé-eolaíoch dár súile d’fhonn an fhírinne shearbh atá folaithe faoi screamhóg mhullaigh na reitrice poiblí seo a nochtadh.
an fhírinne shearbh the bitter truth
" Seo í an fhírinne shearbh: tá an dá shaol ann agus bímid thuas seal agus thíos seal.
Sracadh go Ceann Scríbe struggle to the bitter end
" Sracadh go Ceann Scríbe ========== Thar aon ní eile áfach, bhí a intinn soiléir faoin ngné den chluiche ba thábhachtaí a shaothrú agus a chur chun cinn i gcónaí: an bua.
an dearg-ghráin bitter hatred
" Ach tá an Afraic Theas de dhíth orainn go léir mar splanc dóchais, a léireoidh dúinn gur féidir an éagóir agus an bhrúidiúlacht a shárú agus gur féidir leis an daonnacht an lámh in uachtar a fháil ar an olc agus ar an dearg-ghráin – agus é sin a dhéanamh go mórchroíoch agus gan fuil a dhoirteadh.
an fhírinne shearbh the bitter truth
" Anuas ar sin, sa deireadh, is é an fhírinne shearbh ná nach bhfuil aon duine sásta breathnú i ndiaidh Alina, rud a fhágann go gcaithfidh sí fanacht leis an gcléir, nó go dtarlaíonn an deamhandíbirt uafásach ag deireadh an scéil.
chomh binibeach sin so bitter
" An amhlaidh go bhfuil an Taoiseach ag iarraidh díoltas a bhaint amach in éadan ghluaiseacht na Gaeilge a chuir chomh binibeach sin in éadan a chuid moltaí i leith deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach i ndiaidh an Teastais Sóisirigh? Ghlacfá an cheist a chur fosta: dá mbeadh meas ag an Aire Mc Hugh ar na pobail Ghaeltachta (beidh an Ghaeltacht is mó ó thaobh na tíreolaíochta de ina dháilcheantar an chéad iarraidh eile) nár cheart dó diúltú do thairiscint an Taoisigh ar an bhonn nach mbeadh sé ábalta freastal ceart a dhéanamh orthu? Dá olcas a cheapacháin, chuir an Taoiseach an lasóg sa bharrach nuair a d'fhógair sé go sotalach go mbeadh Gaeilge líofa ag an Aire Stáit roimh dheireadh an tsamhraidh.
fhírinne shearbh bitter truth
" Nuair a thug airí rialtais cogar i gcluais, go poiblí, do leithéidí Micheal Fingleton agus Gerry Mc Caughey abhus an mhí seo caite, bhí an chuma ar an scéal go raibh mórán an obair chéanna ar bun ag Francaigh na Gailltíre, an ghoimh a bhaint as an fhírinne shearbh, ach a bhaint as ar an gcúlráid.