Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ní thiocfadh leo aontú ar aird na gaoithe they couldn't agree on which way the wind was blowing
" An lá ab fhearr a bhí siad ní thiocfadh leo aontú ar aird na gaoithe.
ag séideadh aníos tríothu blowing up through them
" Bíonn an fharraige ag séideadh aníos tríothu sa gheimhreadh.
ag pléascadh na háite blowing up the place
" Is macasamhail mhuintir Kennedy iad, amuigh ansin ag tarraingt raic an diabhail, ag pléascadh na háite, ag dó na hambasáide go talamh agus a leithéidí sin.
ag séideadh blowing
" Tá gaoth fhuar gheimhridh ag séideadh taobh amuigh.
ag séideadh a fheadóige blowing his whistle
" "Dála cluiche peile, más drochchluiche é, is é an chuimhne is mó a bheidh agat ná an réiteoir ag rith thart ag séideadh a fheadóige.
ag séideadh blowing
" De réir réamhaisnéis na haimsire, bheadh gaoth ghéar ag séideadh in aice leis an chósta an lá sin, ach shíl mé féin go mbeadh an aimsir measartha maith ar Chró na Rad, áit a bhíonn faoi cheo cuid mhaith den am.
ag séideadh tharainn go mall blowing slowly over us
" Bhí sé fuar an Chéadaoin sin, agus bhí sneachta tirim ag séideadh tharainn go mall ar an mbóthar agus gach aon rud thart orainn ciúnaithe dá réir.
ag séideadh an deannaigh óna rothair blowing the dust from their bicycles
" Thuigfeá an fáth a bhfuil pobal na cathrach ag séideadh an deannaigh óna rothair agus ag tabhairt faoin mbóthar ar dhá roth – níl an dara rogha acu a thuilleadh! Tá na bóithre ag titim as a chéile mar thoradh ar an mbrú tráchta agus tá táillí taistil ag dul i méad, ach caithfear a admháil go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun cúnamh a thabhairt do rothaithe trí rianta nua rothaíochta a thógáil i ngach ceann de na cúig bhuirg atá sa chathair.
séideadh blowing
" Tá an aimsir fóirsteanach arís do nádúr an Ghaeil: an díle anuas orainn agus an ghaoth fhuar aithrinneach ag séideadh aduaidh agus aneas agus anoir agus aniar ag an am céanna.
ag séideadh blowing
" Anuas air sin, taispeántar nach féidir na muilte gaoithe a chur ag obair ach nuair atá an ghaoth ag séideadh ar luas áirithe (má tá an ghaoth rólag, ní fiú iad a chur ar siúl; má tá an ghaoth róláidir, ní féidir iad a chur ar siúl) agus go mbíonn siad díomhaoin 75% den am dá bharr! Fiú sa Danmhairg, áit a bhfuil 5,500 muileann gaoithe ann a sholáthraíonn 20% de chumhacht aibhléise na tíre, is gá aibhléis a allmhairiú go rialta as an tSualainn agus as an Iorua.
ag síobadh blowing
" Má bhí sé róthe thíos, tá sé anois rófhuar, le gaoth sheasmhach ag síobadh tríd an mbearna seo idir an dá leithinis.
séideadh ar stoc blowing a trumpet
" Feictear buachaill óg sa phictiúr á dhúiseacht as a chodladh ag spiorad sciathánach atá ag séideadh ar stoc.
séideadh blowing
" Ar ndóigh, tá conspóid go leor dúisithe faoin mbeartas faoi láthair, le daoine ag rá gurbh é Ioslam ba chúis leis an ionsaí, agus nach mbeadh sa mosc ach séideadh stoc an bhua do "creideamh an fhuatha", mar a thugann Jim Riches, leascheannaire Sheirbhís Dóiteáin Nua-Eabhrac, air.
séideadh blowing
" Tráthnóna breá Fómhair a bhí ann, geal agus grianmhar go deimhin, agus gaoth mheasartha aduaidh ag séideadh i dtreo na farraige ón gcnoc anuas.
ag déanamh gaisce blowing my trumpet, boasting
" Ní maith liom a bheith ag déanamh gaisce.
phléascadh of blowing up
" (Thréig a athair - a daoradh chun báis as Droichead Mhala a phléascadh i 1922 - thréig sé an chlann nuair a bhí Michael D ina pháiste i Luimneach.
ar foluain blowing on the mast
" Pé áit a d’imigh an Bhanríon an tseachtain sin, bheadh ribíní na Poblachta is an Aontais ar scáth a chéile ar foluain.
bhí sé ag séideadh ina ghála it was blowing a gale
" Iarracht mhór amháin eile go barr Bhinn Bhriocáin ach fán am seo bhí sé ag séideadh ina ghála.
dhá shíobadh isteach sna bancanna blowing it into the banks
" Ní fhágfaidh sé an leath eile dá thuarastal ag an stát, ar eagla go mbeadh an stát ‘dhá shíobadh isteach sna bancanna’ (nó dhá ‘chaidéalú’ isteach sna bancanna mar a mhaígh sé i mBéarla)! Ina áit sin, roinneann sé ar ‘thionscadail áitiúla’ é.