Pota Focal Intergaelic
bat | bloat | boa | boast | bot
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag díbirt bád beag driving out small boats
" Ceaptar nach mó ná sásta atá an cabhlach go bhfuil siad fostaithe ag díbirt bád beag as uiscí thuaisceart na tíre.
báid chumhachtacha farantóireachta powerful ferry boats
"báid chumhachtacha farantóireachta anois ag tabhairt daoine isteach ar an mBlascaod agus má tá tú i measc na ngealt sin ar maith leo liathróid bheag bhán a bhualadh timpeall ar feadh an lae, tá galfchúrsa den scoth acu i nDún an Óir.
ghleoiteoga small sailing boats
" B'ait an rud é dá mbeadh fear na Gearmáine ag taispeáint do bhean na hÉireann conas portach a shioscadh! B'ait freisin breathnú thar an bhfál i lár an phortaigh ar na haeróga arda a leanann lorg chuile U-Boot ag cabhlach na Gearmáine - an rabhadar ag coinneáil súil freisin ar bháid mhóra agus ar ghleoiteoga Chonamara? Sa Moormusuem chonaic muid go raibh muintir na bportach sin lán chomh bocht le muintir na bportach in Éirinn tráth.
i mbádaí cloiche in stone boats
" Agus creid é nó ná creid, sheol cuid mhaith acu trasna na farraige i mbádaí cloiche.
i mbáid seoil in saling boats
" Bhí ceangal ariamh ag Inis Mór le Conamara sa mhéid go mbíodh gá móin a thabhairt isteach i mbáid seoil.
each-chumhacht inneall an bháid nua the horse-power of the new boat's engine
" De thairbhe socrú a rinneadh i 1990, caithfidh aon iascaire atá ag lorg ceadúnais le haghaidh bád nua tonnáiste agus each-chumhacht inneall an bháid nua a bheith aige roimh ré.
púcáin open boats with mainsail and jib
" Is báid mhóra iad siúd ach tá go leor cineálacha eile bád sa gceantar, leathbháid, púcáin agus gleoiteogaí mar shampla.
gleoiteogaí type of small sailing boats
" Is báid mhóra iad siúd ach tá go leor cineálacha eile bád sa gceantar, leathbháid, púcáin agus gleoiteogaí mar shampla.
phreab báid boats jumped
" Lasc an ghaoth an fharraige, agus phreab báid ar an uisce.
gleoiteog small sailing boat
"gleoiteog aige féin agus ag Ruairí Ó Tuairisg in éindí, í déanta suas as an nua don séasúr seo atá amach romhainn.
leis an bhád a líonadh to fill the boat
" Bhí talamh faighte ag John Pagan, úinéir an Hector, thall i Pictou County, agus cheap seisean John Ross as Loch Bhraoin le daoine a fháil leis an bhád a líonadh.
báidín small boat
" Thug an báidín i leith an tsoithigh mhóir sinn.
an bád bán the emigration boat
" Bhí Éire céasta ag an dífhostaíocht agus ní raibh i ndán do go leor den aos óg ach an bád bán go Sasana nó Meiriceá.
ag déanamh ionsaí ar na bádaí attacking the boats
" Bhíodh daoine ag dul go Meiriceá agus bhíodh Balor ag dul amach ag déanamh ionsaí ar na bádaí.
áit a dtagadh báid na n-oilithreach i dtír where the pilgrims' boats used to come ashore
" Tá bá bheag in aice leis, áit a dtagadh báid na n-oilithreach i dtír.
i mbádóireacht in boating
" “Gála fórsa uimhir a cúig” a bhí ann dar le hÁine Allen, bean sa ghrúpa, agus bheadh a fhios aicise mar gur ollamh le fisic í a bhfuil suim aici i mbádóireacht, agus d’inis sí dúinn go raibh sí amuigh i gCuan Mó lá amháin i ngála den fhórsa céanna.
na báid iascaireachta the fishing boats
" Nuair a théann na báid iascaireachta amach istoíche, bíonn solas ar lasadh ar gach ceann acu agus is radharc fíorálainn iad seo amuigh ar an loch dorcha séimh.
i bhfad an iomarca bád far too many boats
" Ach, faraor, bhí i bhfad an iomarca bád amuigh ar an sceir – bheadh imní ort go ndéanfadh an ollturasóireacht seo an-damáiste don sceir.
líon na mbád the number of boats
" Cuireann líon na mbád a théann timpeall ar Oileáin Whitsundays gach lá an-bhrú ar an sceir agus ar bheatha na mara, cúis imní agus rud atá le feiceáil in Cairns freisin.
bádóireacht, boating,
" I measc na n-imeachtaí beidh ceol, amhránaíocht, bádóireacht, rince agus spórt, chomh maith le siamsaíocht do pháistí.
turas gairid báid a short boat trip
" Is féidir dul isteach in dhá uaimh eile agus turas gairid báid a dhéanamh thart le heas fada fíochmhar.
an bád seoil is mó sa chathair, the biggest sailing boat in the city,
" Romhainn tá na Náisiúin Aontaithe, an bád seoil is mó sa chathair, aerfort ar uisce, scoil maidí luascáin, dún Sasanach ón 18ú haois, Wall Street, agus Leacht Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir.
bád réthónach a flat-bottomed boat
" Turas ciúin a bhí againn ar an Greenway anseo, gan aon rud le feiceáil ach corrbhean ag siúl lena púdal, corr-rothaí eile, agus tugaí na cathrach ag tarraingt nó ag brú bád réthónach síos an abhainn thoir.
do bháid trádála agus phaisinéirí. for trade and passenger boats.
" Ceantar margaidh a bhí san áit tráth, ina raibh duganna do bháid trádála agus phaisinéirí.
an bád fartha gluaisteán is lú the smallest car-ferrying boat
" Sa lá atá inniu ann, is féidir an bád fartha gluaisteán is lú sa Bhreatain Mhór a fháil don turas céanna.
inar deisíodh agus inar tógadh báid. where boats were repaired and built.
" In áit na lonnaíochta bige iascaireachta, bhí ceardlanna ann anois inar deisíodh agus inar tógadh báid.
don iar-bhád ríoga Britannia for the former royal boat Britannia
" Tá ionad siopadóireachta ollmhór darb ainm Ocean Terminal ann freisin a bhfuil leaba ancaire don iar-bhád ríoga Britannia in aice leis.
úinéir báid. boat owner
" Tháinig Marie Claire go hÉirinn ón gCósta Eabhair in 2002 i ndiaidh di suim airgid a íoc le húinéir báid.
Nuair a cuireadh den bhád í, When she was put off the boat
" Nuair a cuireadh den bhád í, ba ar thalamh Phort Láirge a leag sí a cos agus ba in ospidéal na cathrach sin a tháinig an ceathrú leanbh dá cuid ar an saol.
ar bhád iascaireachta. on a fishing boat.
" Ní raibh aon bhád farantóireachta ann 20 bliain ó shin agus b’éigean dúinn fanacht i Machaire Rabhartaigh go bhfaigheadh muid síob ar bhád iascaireachta.
nach gcroithfidh an bád who won't shake the boat
" Is mar gheall air seo, ámh, a d'éirigh chomh maith sin léi go dtí seo – tá cairde tábhachtacha aici sa pháirtí a mheasann í a bheith “sábháilte” agus iontaofa – feictear dóibh gur duine í nach gcroithfidh an bád agus nach ndéanfaidh athruithe móra.
báid agus mairnéalaigh de chuid an chabhlaigh Astrálaigh boats and sailors of the Australian navy
" Anuas air sin, tá báid agus mairnéalaigh de chuid an chabhlaigh Astrálaigh páirteach sa phatróil idirnáisiúnta ar chósta na hIaráice.
i mbáid nach raibh acmhainneach ar muir in un-seaworthy boats
" Thaistil a bhformhór i mbáid nach raibh acmhainneach ar muir agus a bhí eagraithe ag gáinneálaithe daoine.
rásaí bád seoil sail boat races
" Mionchluichí Oilimpeacha atá i gceist ar bhealach, nó meascán de lá spóirt agus oireachtais, de fhleá cheoil agus rásaí bád seoil, mar a bhíonn ar siúl in áiteanna éagsúla in Éirinn i rith an tsamhraidh.
sólong leisure boat
" Chaith mé cúpla seachtain timpeall na Nollag ag cúrsáil san Aigéan Ciúin Theas ar an Pacific Dawn, sólong de chuid an chomhlacht mhór taistil, P & O.
bád farantóireachta ferry boat
" Nuair a theipeann ar iarracht a thugann sé féin agus compánach dá chuid dul i bhfolach ar leoraí atá ar tí an bád farantóireachta a bhordáil, socraíonn sé nach bhfuil an dara rogha aige ach snámh trasna.
líon bád number of boats
" Gan amhras, is cúis imní é an líon bád atá á ngabháil ag foghlaithe mara amach ó chósta na Somáile le tamall, mar is ceann de na bealaí farraige is gnóthaí ar domhan é.
mbád seoil sailing boats
" Bíonn ócáidí spóirt go fairsing freisin, agus bhí rás mór na mbád seoil, rás Volvo, tagtha chuig cathair na dtreabh agus na mílte duine bailithe timpeall ar dhuga na Gaillimhe chun na báid a fheiceáil agus taitneamh a bhaint as an atmaisféar.
gcuracha boats
" Nil fhios agam cén chaoi a dtagaidís le chéile chun traenála, i gcuracha, in eitleán nó ag snámh, ach ba mhór an t-éacht acu é an corn a bhreith leo.
bhád seoil sailing boat
" Ar bhád seoil a bhíos ag taisteal le ceathrar compánach, ag dul ó oileán go hoileán ar imeallbhoird Atlantach na hAlban, nuair a chuamar ar ancaire amach ó Oileán Í.
mbád fartha ferry boat
" Trasna na Sionainne ar an mbád fartha go Cill Rois i gContae an Chláir.
báid seoil sailing boats
" Bhí lamairní plódaithe le báid seoil, siopaí beaga deasa ag díol giuirléidí, bialanna le gach uile shórt bia acu, agus tábhairní beaga ina rabhthas in ann suí amach faoi chrainn ag ól.
bád guail a coal boat
" De thaisme a cailleadh Empress of Ireland ar 29ú Bealtone 1915 nuair a bhuail sí bád guail ‘Storstad’ as an Iorua, agus í i bhfoisceacht ceithre míle de chósta Quebec, Ceanada.
bád tarrthála a life boat
" Turas na Tarrthála ========= Ba as Gort an Chrainn > Gurtuchrane, in aice le Abhainn an Scáil i gCiarraí é, Tom Crean (1877-1938) agus roghnaigh Shackleton é, agus ceathrar eile, le dul ar turas tarrthála leis, 800 míle ó Elephant Island go hOileán South Georgia ar bord bád tarrthála, an James Caird.
farantóireachta ferry (boat)
" Ach má thug, ba léir go raibh fadhbanna farantóireachta agus lastais go hÁrainn á gcíoradh ag bord an Rialtais.
báid boats
" Bíonn sainchomharthaí oileáin cosúil leis an teach solais, na seaniarsmaí eaglasta, tithe mhuintir an oileáin agus báid na n-iascairí mar mhóitífeanna coitianta ina shaothar agus iad léirithe aige go haislingeach.
bád bán (exiting) ferry boat
" ”* Thuig Tom Deirg go maith an bhunchúis a bhí ag cosmhuintir na Gaeltachta le Gaeilge a cheilt ar a gcuid gasúr: ní mba bhuntáiste ar bith dóibh a bheith ag fás aníos sa Ghaeltacht le Gaeilge craicneach gan Béarla líofa acu nuair ab é bád bán na himirce a gcinniúint.
mbád farantóireachta ferry boat
" Bhain mé an-taitneamh as an am a chaith muid sna hOileáin Chincíse agus bhí mé thar a bheith sásta leis an tsaoire ar fad – go dtí go raibh orm aghaidh a thabhairt ar an mbád farantóireachta le filleadh ar tír mór!
bád boat
" D’fhág an bád Daingean Uí Chúis ar an 18 Bealtaine ag tabhairt aghaidh ó thuaidh le hochtar ar bord.
i ngraidhp an bháid in the front of the boat
" Bhí m’ámóg in airde agam agus bhí gach duine eile ag dul a chodladh, ach le sceitimíní imní orm, shuigh mé chun tosaigh i ngraidhp an bháid ag breathnú ar an domhan draíochtúil amach romham.
inneall crochta báid a boat’s outboard engine
" Mar sin, nuair a chuala mé an trup a dhéanann inneall crochta báid, ghearr mé bealach tríd an fhásra tiubh go bruach na habhann.
ag trealmhú an bháid fitting out the boat
" Tá siad ag trealmhú an bháid le rudaí fíor-Lochlannacha, málaí codlata déanta as craiceann róin, fágaim.
D’aimsigh na báid the boats found
" D’aimsigh na báid Mackay-Bennett, Minius agus Montgomery, a d’imigh amach as cuan Halifax, 328 corp ar an iomlán tar éis na tubaiste.
biaiste na mbád cúrsála the cruise boat season
" Chomh maith leis sin, ar an 12ú de mhí Aibreáin, in ómos na tubaiste, cuirfear tús le biaiste na mbád cúrsála a stopann ag cuan na cathrach i rith na bliana.
lucht spraoi an bháid the boat’s happy punters
" Déanann na línéir ollmhóra (leithéidí an Costa Concordia) ar phort na cathrach i rith bhiaiste na bhfámairí mara, agus tá de rogha ag lucht spraoi an bháid cúpla uair an chloig a chaitheamh ar tír mór más áil leo.
fhoireann an bháid the boat crew
" Tar éis ceol *punk-trad* leis na Ramoneurs de Menhirs, chuaigh an slua síos chuig caladh Bhrest chun fáilte a chur roimh an mbaitín sealaíochta, a tháinig i dtír i mbád beag, an 'Mari Lizig' Bhí ar fhoireann an bháid na seolta a ísliú le teacht isteach sa chaladh de dheasca na gaoithe.
rothar, bád bike, boat
" Bíonn barraíocht spóirt ann scaití - peil, rugbaí, iomáint, galf, dornálaíocht, liathróid láimhe, rásaíocht capall, cúnna, carranna, rothar, bád agus eile, lúthchleasa, leadóg, snúcar, cispheil, eitpheil, haca, cruicéad agus mar sin de.
bád seoil sailing boats
" Tá Aerfort Billy Bishop ar oileán beag cúpla scór méadar amach ó Toronto i Loch Ontario, agus bhí na céadta bád seoil le feiceáil ar an loch fúinn agus muid ag tuirlingt faoi sholas dearg an tráthnóna.
curacha beaga small canvas boats
" Bhí siad ag brath ar an fharraige agus gan acu ach curacha beaga.
le bád measartha maith a dhéanamh to build a medium sized boat
" Níor fágadh tada acu le tine cheart a chur síos nó le bád measartha maith a dhéanamh agus tháinig meath millteanach orthu dá bharr.
stiúradh an bád the boat was steered
" Tar éis Eilean a’ Chalmain a fhágaint ar dheasbhord, stiúradh an bád idir Bogha nam Ramfhear agus Ruadh Sgeir: is mar sin atá an dá charraig ainmnithe ag an British Admiralty ar an gcairt mhara.
muintir na mbád the boat people
" Ghlac Éire le lucht tacaíochta an tseanrí Idris nuair a baineadh an chumacht de i Libia, agus ghlac Éire chomh maith le ‘muintir na mbád’, mar a tugadh orthu, as Vítneam nuair a theith arm Mheiriceá as an tír sin agus a thréig iad.
faoi dhuga do bhád about a dock for boat(s)
" Nílim ag caint faoi dhuga do bhád - nílim chomh ardnósach sin go fóill! Séard atá i gceist ná meascán idir seastán agus callairí don iPod nó iPhone.
sheanbhád i mbaol a bháite an old boat endangered of sinking
" Bhíomar ag ithe dinnéir agus an teach iomlán ag díoscán mar sheanbhád i mbaol a bháite faoi na réablacha gaoithe nuair a tharla pléasc taobh amuigh den teach a las gach rud timpeall orainn ar feadh leathmheandair.
mbáid neamhúdaraithe un-authorized boats
" Léirigh Ó Colchúin ina scagadh airitheach an dóigh a raibh ceist lucht iarrtha tearmainn a tháinig i dtír i mbáid neamhúdaraithe lárnach san olltoghchán a bhuaigh na páirtithe coimeádacha sa bhliain 2001.
muintir na mbád the boat people
" Tugtar ‘boat people’, nó muintir na mbád, go forleathan ar na teifigh seo abhus.
i gcabhair ar bhád a bhí i mbaol to the aid of an endangered boat
" Tháinig cor gan choinne sa scéal, ámh, nuair a tháinig long lastais as an Iorua, an MV Tampa, i gcabhair ar bhád a bhí i mbaol agus é ar a bhealach chun na hAstráile plódaithe le teifigh.
le muintir na mbád ó shin i leith to the boat people from then up the present
" Bhí an chiall ceannaithe ag Páirtí an Lucht Oibre tar éis a threascartha san olltoghchán agus is beag an bhá a léirigh a dhúnghaois le muintir na mbád ó shin i leith.
líon na mbád neamhúdaraithe a gabhadh ar a mbealach the number of unregulated boats caught en route
" Dúnghaois an Doichill ========= Bhí an rialtas i sáinn le linn 2012 nuair a tháinig borradh suntasach faoi líon na mbád neamhúdaraithe a gabhadh ar a mbealach chun na hAstráile agus bhunaigh siad coiste saineolaithe le comhairle a chur orthu.
an bád farantóireachta the ferry boat
" Dála na mílte Éireannach i Learpholl, thapaigh Seán Mac Con Mara agus Proinsias Mac Íomhair deis an bád farantóireachta as an chathair go Baile Átha Cliath ó aois óg.
Cheannóinn bád freisin I’d buy a boat also
idir thuras báid agus shiúl na gcos boat trip and walking included
" An Marble Arch, Mullach na Seangán =========== Ag an Marble Arch, glacann an turas faoi thalamh breis agus uair an chloig, idir thuras báid agus shiúl na gcos, ach is mór is fiú é.
go ngaibh naomhóg trí Shráid Uí Chonaill aníos that a boat native to K. went up through O C. St.
" Nuair a chífeá ar an lá agus nuair a chloisfeá na scéalta ina dhiaidh san go ngaibh naomhóg trí Shráid Uí Chonaill aníos agus go raibh an Mackerel Céilí Band ann agus go raibh muintir na Gaeltachta ann, cuid acu nach raibh aon spéis acu i gcúrsaí caide ach go mbraitheadar go raibh gluaiseacht pobail éigint ar siúl timpeall an ama san.
tá fianaise ann faoi bháid gan droimlorga there’s evidence of a keel-less boat
" Rud eile, tá fianaise ann faoi bháid gan droimlorga ar abhainn an Teifi.
is ciseán báid atá ann it’s a basket boat
" Curach an Teifi, an 'corwg' nó 'cwrwgl', is ciseán báid atá ann, seas amháin inti, í corrach, bambairneach ar an uisce, ach déanamh na huibhe uirthi nach mór, agus í beagbheann ar an sruth dá réir ach láimh an mháistir a bheith á stiúradh.
geallta dá gcuid féin acu boat races of their own
" Déisigh na Breataine Bige =========== An tríú seachtain de mhí Lúnasa bíonn geallta dá gcuid féin acu i gCill Chiaráin, rud ar scigmhagadh é ar ndóigh, mar is ar mhaithe le codladh mín a dhéanamh ar an uisce a tógadh na báidíní beaga seo an chéad uair agus ní le siúl ná deifir.
báid na nGael the Irish boats
" Agus cé nach dóichí go raibh báid na nGael ar aon chruth leo, bhí siad ar aon cheardaíocht leo nó is slatracha agus craiceann atá iontu.
an turas a dhéanamh sa bhád to travel in the boat
" Thiocfadh leo dul in airde ar rothar agus rothaíocht leo ar bhóthar fíorgharbh ach ba é a rogha an turas a dhéanamh sa bhád.
i dtóin an bháid in the bottom of the boat
" Agus chuir an chaora seo a cos amach faoi chlár rodthaí a bhí i dtóin an bháid.
a raibh meabhair ar bháid aige who knew about boats
" Agus tháinig ansin fear a bhí in aice na háite, a raibh meabhair ar bháid aige i mbruach Loch Coirib'.
sloigeadh an bád the boat was swallowed
" Seo í caint Mhichíl Uí Choinceanainn arís: 'Tháinig sé agus bhuail sé a sháil in aghaidh an chasóg ag iarraidh i a theannadh níos fearr mar bhudh ea, agus chuir sé an clár amach bunáite ó sháil go rinn, agus ansin ar ndóigh nuair a chuir, seod isteach an t-uisce, agus mar a dúirt an t-amhrán, sloigeadh an bád ansin, agus báthadh na daoine agus scaip na caoirigh anonn 's anall.
chuaigh sí amach ar stuaicín an bháid she went out on the bow of the boat
" Arsa an scéalaí anois: 'Fuair sí an máilin olann a bhí aici agus chuaigh sí amach ar stuaicín an bháid.
chuir Dia bád chuici God sent her a boat
" Nuair a chuaigh an bád síos agus scaip na caoirigh anonn 's anall, agus mar a dúirt mé cheana, choinnigh an máilín olann suas í, nuair gur chuir Dia bád chuici a thóg í.
céard a d'éirigh den bhád what happened to the boat
" Agus sin í ansin a thug scéal abhaile, céard a d'éirigh den bhád ó thús deireadh agus tosaí.
báid turasóireachta tourist boats
" Tá Alina ag súil le cur ina luí ar a cara go mba cheart di filleadh léi chun na Gearmáine agus saol nua a chruthú di féin ag obair mar fhreastalaí ar na báid turasóireachta ansin.
bád aeir sky-boat
" Tháinig Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile ar mhodh aoibhinn éasca le Sceir Mhór na hAstráile a shiúl gan tinneas farraige: ar bord an mhuireitleáin, nó an bád aeir.