Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar bhuille boise instantly
" Ní raibh sa mhada céanna ach dhá chloch meáchain agus, ar bhuille boise, seoladh mionchú Ghascair amach, amach, chomh fada leis an gcósta, agus isteach in uiscí teolaí an Aigéin Indiaigh, áit ar deineadh cloch láithreach den neach beag míchúramach.
Eagraithe pearsanta boise personal digital assistants, PDAs
" " Trealamh eile atá sa rannóg seo ná: "Eagraithe pearsanta boise.
an gléas ilmheánach boise sin that hand-held multimedia device
" Ach anois tar éis feachtas ocht seachtaine, tá olltoghchán Cheanada thart agus tig leis na gníomhaithe polaitíochta an t-arm faobhair is ansa leo, an *BlackBerry*, an gléas ilmheánach boise sin, a scaoileadh uathu, seal saoire a bheith acu, is ullmhú don chéad fheachtas eile.
ag cuimilt boise soft-soaping
" É sin ráite, ní féidir a bheith de shíor ag cuimilt boise agus níor mhór na fiacla a dhrannadh nuair is gá.
ar iompadh na boise like a shot, immediately
" Go dtí go gcreidfear in achan teach in Éirinn gur éigníodh agus gur maraíodh gasúir in institiúidí na tíre a bhí faoi stiúir an stáit agus na n-ord Caitliceach in éineacht, níltear ag íoc mar is cóir leis an tslua bhocht daoine a sheol na breithimh isteach sna hinstitiúidí ar iompadh na boise.
ar iompú na boise as quick as a flash
" Fuair mé iPhone ar iompú na boise, gan mhoill dá laghad, agus tá uachtar reoite faighte in aisce agam dá bharr.
ar an bpointe boise immediately
" Bheadh póilíní istigh ar an bpointe boise.
ar iompú na boise instantly
" Ceacht amháin a foghlaimíodh ón toghchán sa Ríocht Aontaithe is é go bhfuil David Camshrón go maith ag smaoineamh ar iompú na boise, nó mar a deir an Béarla, 'ar a chosa’.
ag cuimilt boise soft soaping
" Sheas muidinne leis an fheirmeoir bheag agus leis an iascaire ag am nuair a bhí páirtithe eile ag cuimilt boise lucht an rachmais.
ar iompú na boise in a flash
" Baintear an t-oisre den charraig, osclaítear í le casadh scine, agus itear ar iompú na boise í, fuar agus úr.
bheith ar aghaidh boise acu next to hand
" Bheadh fillteán gramadaí mar seo go feidhmiúil ar fad, ní hamháin do scoláirí meánscoile agus tríú leibhéal mar aon, ach do mhúinteoirí agus do dhaoine atá ag iarraidh an cuidiú chun cruinnis sa chaint agus sa scríobh a bheith ar aghaidh boise acu.
ar iompú na boise in double quick time
" Ba chabhair mhór é an *QuickGuide* ag an té úd atá ag iarraidh dul i dtaithí ar ghnéithe lárnacha i ngramadach na Gaeilge ar iompú na boise.
Ar iompú na boise in no time at all
" Ar iompú na boise, chaith mé léim ar bhus agus chas mé mo dhroim leis an saol éasca taobh thiar díom.
Shochraigh mé ar an bpointe boise I decided immediately
" Shochraigh mé ar an bpointe boise gan fanacht in áit a bhfuil teach ceannaithe ag mo chomharsa! Bhí deireadh an bhotháir buailte liom agus bhí orm súil a chaitheamh ar an abhainn.
chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh whisked them away at the drop of a hat to question them about (the murders)
" Ní hamháin sin, ach go mion minic is ar éigean gur cuireadh daoine muinteartha leis na íospairtigh ar an eolas faoi na maruithe go dtí gur chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh! Bhí 160 oifigeach ag obair ar an gcás, ag déanamh fiosrúchán ar 11,000 duine.
imeacht ar iompú na boise to leave immediately
" Bhí an cuireadh deimhnithe acu, bheadh fáilte romham, ach bheadh orainn imeacht ar iompú na boise.
ar iompú boise at the drop of a hat
" Maítear, os a choinne sin, nach mbíonn páistí a théann ar líne ar iompú boise ó thús deireadh an lae chomh toilteanach sin a bheith i dteaghmháil le daoine fásta.
fáil réidh leis ar iompú boise get rid of this at the drop of a hat
" Ós rud é gur ar bhonn chumhacht lánroghnach an uachtaráin a tugadh isteach an t-athrú dúnghaoise seo, d’fhéadfadh an t-uachtarán nua fáil réidh leis ar iompú boise.
ar iompú na boise in double quick time
" Bhog Rossa amach as BÁC blianta gairide ó shin agus bhunaigh gaelscoil ar iompú na boise i mbaile beag Chluainín Uí Ruairc i Liatroim mar gur saolaíodh a chéad ghasúr san áit agus theastaigh an tumoideachas uaidh dá bhrí sin.
ar ais chun na Muirthéachta Glaise ar iompú na boise back to the Green Revolution like a shot
" Dá ngríosófaí sluaite frith-Warfalla an oirthir, nó Aos Imazigh an iarthair ina gcoinne roimhe seo, bheadh sé róluath agus thiocfadh leis an Warfalla astu féin an tír a thabhairt ar ais chun na Muirthéachta Glaise ar iompú na boise.
ar an bpointe boise at the drop of a hat
" Caithfear cumas agus ceannas a fháil uirthi agus cé gur mór an chabhair iad na haonaid scríbhneoireachta agus na tearmainn chéanna, ní haon chinnteacht iad go mbeadh an duine in ann tosú i mbun scríbhneoireachta ar an bpointe boise díreach tar éis dó an tearmann iargúlta a shroicheadh! Na múinteoirí is fearr, tá siad ar nós na mbainisteoirí foirne is fearr, ní thugann siad aithisc fhada uathu.
ag cuimilt boise dá n-éadan wiping their brows
" Tá Poblachtaigh na Stát Aontaithe ag cuimilt boise dá n-éadan, ag sá caonaigh ina gcneácha agus ag fiafraí cad é le déanamh? Tá Brian Ó Broin den bharúil gur shúram tae na cóisre a rinne an dochar.