Pota Focal Intergaelic
bas | bás | beos | bíos | bís
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag bualadh bos clapping
" Chruthaigh siad atmaisféar iontach an tráthnóna sin, agus chuir siad achan duine ag gáire agus ag bualadh bos.
bhos palm
" 'Cé mhéid é sin?' A bhos a chrochadh os mo chomhair agus casadh uaim a rinne sé mar chomhartha nach nglacfadh sé tada.
ar bhuille boise instantly
" Ní raibh sa mhada céanna ach dhá chloch meáchain agus, ar bhuille boise, seoladh mionchú Ghascair amach, amach, chomh fada leis an gcósta, agus isteach in uiscí teolaí an Aigéin Indiaigh, áit ar deineadh cloch láithreach den neach beag míchúramach.
Eagraithe pearsanta boise personal digital assistants, PDAs
" " Trealamh eile atá sa rannóg seo ná: "Eagraithe pearsanta boise.
Thug muid bualadh bos ó chroí dó. We clapped him warmly.
bualadh bos applause
" Ba de shliocht an Ghorta cuid den lucht éisteachta a bhí ag comóradh Jim Larkin i Learpholl agus bhí siad an-sásta an tseanteachtaireacht phoblachtánach a chloisteáil ó bhéal Raymond McCartney: "Beidh muid ar ais sa chearnóg seo lá éigin sa todhchaí chun athaontú na hÉireann a cheiliúradh," ar sé, agus fuair sé bualadh bos láidir dá bharr.
an gléas ilmheánach boise sin that hand-held multimedia device
" Ach anois tar éis feachtas ocht seachtaine, tá olltoghchán Cheanada thart agus tig leis na gníomhaithe polaitíochta an t-arm faobhair is ansa leo, an *BlackBerry*, an gléas ilmheánach boise sin, a scaoileadh uathu, seal saoire a bheith acu, is ullmhú don chéad fheachtas eile.
agus a soc ar a bos aici with her chin resting on her palm
" Chuaigh sí anonn chuig an fháilteoir a bhí ina suí ansin agus a soc ar a bos aici.
ag cuimilt boise soft-soaping
" É sin ráite, ní féidir a bheith de shíor ag cuimilt boise agus níor mhór na fiacla a dhrannadh nuair is gá.
bualadh bos ollmhór, a huge round of applause,
" ’ Ach ag deireadh an tseó, fuaireamar bualadh bos ollmhór, agus na gasúir ar fad ina seasamh ag ligean gár molta astu.
bualadh bos béasach polite applause
" Ar an ócáid seo, nuair a bhí an t-amhrán curtha díom, d'osclaíos mo shúile go mall agus an bualadh bos béasach ar siúl.
lorg a mboise their palm print
" Suimiúil go leor, i measc na ndaoine a chuidigh go deonach agus a d’fhág lorg a mboise ar an bhalla, bhí iarphríosúnach, bean a bhí sna 90í agus bhí leanbh nach raibh ach trí lá d’aois.
ar iompadh na boise like a shot, immediately
" Go dtí go gcreidfear in achan teach in Éirinn gur éigníodh agus gur maraíodh gasúir in institiúidí na tíre a bhí faoi stiúir an stáit agus na n-ord Caitliceach in éineacht, níltear ag íoc mar is cóir leis an tslua bhocht daoine a sheol na breithimh isteach sna hinstitiúidí ar iompadh na boise.
ar iompú na boise as quick as a flash
" Fuair mé iPhone ar iompú na boise, gan mhoill dá laghad, agus tá uachtar reoite faighte in aisce agam dá bharr.
ar an bpointe boise immediately
" Bheadh póilíní istigh ar an bpointe boise.
ar iompú na boise instantly
" Ceacht amháin a foghlaimíodh ón toghchán sa Ríocht Aontaithe is é go bhfuil David Camshrón go maith ag smaoineamh ar iompú na boise, nó mar a deir an Béarla, 'ar a chosa’.
ag cuimilt boise soft soaping
" Sheas muidinne leis an fheirmeoir bheag agus leis an iascaire ag am nuair a bhí páirtithe eile ag cuimilt boise lucht an rachmais.
ar iompú na boise in a flash
" Baintear an t-oisre den charraig, osclaítear í le casadh scine, agus itear ar iompú na boise í, fuar agus úr.
bheith ar aghaidh boise acu next to hand
" Bheadh fillteán gramadaí mar seo go feidhmiúil ar fad, ní hamháin do scoláirí meánscoile agus tríú leibhéal mar aon, ach do mhúinteoirí agus do dhaoine atá ag iarraidh an cuidiú chun cruinnis sa chaint agus sa scríobh a bheith ar aghaidh boise acu.
ar iompú na boise in double quick time
" Ba chabhair mhór é an *QuickGuide* ag an té úd atá ag iarraidh dul i dtaithí ar ghnéithe lárnacha i ngramadach na Gaeilge ar iompú na boise.
Ar iompú na boise in no time at all
" Ar iompú na boise, chaith mé léim ar bhus agus chas mé mo dhroim leis an saol éasca taobh thiar díom.
Shochraigh mé ar an bpointe boise I decided immediately
" Shochraigh mé ar an bpointe boise gan fanacht in áit a bhfuil teach ceannaithe ag mo chomharsa! Bhí deireadh an bhotháir buailte liom agus bhí orm súil a chaitheamh ar an abhainn.
bualadh bos clapping
" Ní bhíonn bualadh bos ann, caint ná tráchtaireacht idir na hamhráin.
chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh whisked them away at the drop of a hat to question them about (the murders)
" Ní hamháin sin, ach go mion minic is ar éigean gur cuireadh daoine muinteartha leis na íospairtigh ar an eolas faoi na maruithe go dtí gur chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh! Bhí 160 oifigeach ag obair ar an gcás, ag déanamh fiosrúchán ar 11,000 duine.
imeacht ar iompú na boise to leave immediately
" Bhí an cuireadh deimhnithe acu, bheadh fáilte romham, ach bheadh orainn imeacht ar iompú na boise.
ar iompú boise at the drop of a hat
" Maítear, os a choinne sin, nach mbíonn páistí a théann ar líne ar iompú boise ó thús deireadh an lae chomh toilteanach sin a bheith i dteaghmháil le daoine fásta.
ag bualadh bos clapping hands
" Fá cúpla slat uathu, bhí lucht leanúna na bhFear Dubh, ag bualadh bos agus ag damhsa le foinn na mbuíonta, idir eatarthu bhí na línte póilíní.
fáil réidh leis ar iompú boise get rid of this at the drop of a hat
" Ós rud é gur ar bhonn chumhacht lánroghnach an uachtaráin a tugadh isteach an t-athrú dúnghaoise seo, d’fhéadfadh an t-uachtarán nua fáil réidh leis ar iompú boise.
ar iompú na boise in double quick time
" Bhog Rossa amach as BÁC blianta gairide ó shin agus bhunaigh gaelscoil ar iompú na boise i mbaile beag Chluainín Uí Ruairc i Liatroim mar gur saolaíodh a chéad ghasúr san áit agus theastaigh an tumoideachas uaidh dá bhrí sin.
tugadh bualadh bos don chónra the coffin was clapped
" Bhí tocht ar go leor acu tar éis an aithisc agus tugadh bualadh bos don chónra nuair a iompraíodh amach é.
ar ais chun na Muirthéachta Glaise ar iompú na boise back to the Green Revolution like a shot
" Dá ngríosófaí sluaite frith-Warfalla an oirthir, nó Aos Imazigh an iarthair ina gcoinne roimhe seo, bheadh sé róluath agus thiocfadh leis an Warfalla astu féin an tír a thabhairt ar ais chun na Muirthéachta Glaise ar iompú na boise.
in ainneoin an bualadh bos despite the clapping
" Níor luaithe na chéad teidil chreidiúna le feiceáil ar an scáileán nuair a thosaigh leath den lucht féachana ag ligean fuaimeanna arda míshásaimh astu a bhí le cloisteáil in ainneoin an bualadh bos a bhí á thabhairt ag an leath eile den slua a bhí bailithe le chéile i Sala Grande i bPálás an Chineama ar Lido na Veinéise.
ar an bpointe boise at the drop of a hat
" Caithfear cumas agus ceannas a fháil uirthi agus cé gur mór an chabhair iad na haonaid scríbhneoireachta agus na tearmainn chéanna, ní haon chinnteacht iad go mbeadh an duine in ann tosú i mbun scríbhneoireachta ar an bpointe boise díreach tar éis dó an tearmann iargúlta a shroicheadh! Na múinteoirí is fearr, tá siad ar nós na mbainisteoirí foirne is fearr, ní thugann siad aithisc fhada uathu.
ar fáil ar iompú do bhoise available immediately
" Tá tuairim is 3,339 alt ar fáil ar iompú do bhoise i gcartlann ar líne na hirise.
nach cóir duit bualadh bos a dhéanamh one shouldn’t clap
" Deir D’Angelo thuasluaite nach cóir duit bualadh bos a dhéanamh ag deireadh ceolchoirme.
ag cuimilt boise dá n-éadan wiping their brows
" Tá Poblachtaigh na Stát Aontaithe ag cuimilt boise dá n-éadan, ag sá caonaigh ina gcneácha agus ag fiafraí cad é le déanamh? Tá Brian Ó Broin den bharúil gur shúram tae na cóisre a rinne an dochar.