Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leadránach boring
" "Cé go raibh sé cineál seanaimseartha agus leadránach, bhí sé dícheallach ina phost.
bréan de sick of, bored with
" Seo fear as Éirinn ag labhairt Ghaeilge na hÉireann liomsa agus mise ag labhairt Gàidhlig leisean agus tá muid in ann a chéile a thuiscint'!" "Ros na Rún" ======= Tar éis a thréimhse in Albain, fuair Diarmuid deis eile a bheith ag obair ar "The Morbegs" ach thosaigh sé ag éirí bréan den chlár.
bréan de bored with
" Nuair a éiríonn fir óga sna fichidí agus sna tríochaidí bréan de na tithe tábhairne agus de na clubanna, agus nuair a bhíonn fonn orthu rud éigin difriúil a dhéanamh don oíche, tiománann siad timpeall agus labhraíonn siad leis na striapacha, ag cur i gcéill go bhfuil suim acu a gcuid seirbhísí a úsáid (rud a bhíonn, uaireanta).
Mheilfeadh Fergus bró mhuilinn Fergus would bore you to death (lit. would grind a millstone)
" Mheilfeadh Fergus bró mhuilinn ag caint ar an tinneas agus cad é chomh holc agus a bhí sé.
leadránach boring
" "Níl sé leadránach agus caithfidh tú smaoineamh cá bhfuil daoine eile ag obair.
a tholl poill bhreise which bored extra holes
" Lig sé scread sceonmhar péine as a tholl poill bhreise i ngach cluas dá raibh i láthair.
leamh boring
" Tá cúrsaí polaitíochta chomh leamh sin faoi láthair, Groundhog Day arís agus arís eile, gur doiligh greann ar bith a shú as na himeachtaí.
leamh boring, dull
" Chuir sé síos ar roinnt de na YBAs (Young British Artists) mar bhómáin nach léann dadaí agus atá leamh mar dhaoine! Speisiúil go leor, bhí smaointe a bhí ag teacht le cuid Collings ag Jake Chapman, ealaíontóir atá, in éineacht lena dheartháir Dinos, san iomaíocht do Dhuais Turner.
leamh boring
" Ríleanna, portanna, cornphíopaí, máirseáil, polcaí, sleamhnáin, rincí leithleacha, portanna luascaigh, srl.
grianghraif leadránacha boring photos
" Leis na háiseanna seo ar fad, is cinnte go mbeimid in ann ár ngaolta a chrá le grianghraif leadránacha ónár gcuid laethanta saoire go ceann tamaill eile! Is léiritheoir é Diarmaid Mac Mathúna sa rannóg chorparáideach in Agtel ((www.
an t-aonchineálachas leamh boring homogeny
" Is éard a mheallann turasóirí ná an ilghnéitheacht, ní an t-aonchineálachas leamh.
leamh boring
" Ach is obair leamh a bhí sa níochán soithí.
leadránach boring
" Ach, in ionad é a dheisiú le clocha áitiúla sa dóigh is go mbeadh sé díreach mar a bhí sé arís, bhain an Chomhairle Contae úsáid as gnáthbhloic choincréite, le balla díreach, leadránach, míofar a thógáil ina áit.
leamh boring
" Ach is obair leamh a bhí sa níochán soithí.
níos leadránaí more boring
" Agus ag déanamh an dá rud sin níos leadránaí.
níos leadránaí more boring
" Agus ag déanamh an dá rud sin níos leadránaí.
leadránach boring
" Bheadh sé suimiúil a fháil amach cé mhéad uair an chloig a chaitheann daltaí scoile ag líonadh isteach bearnaí i leabhair shaothair – obair leadránach nach bhfuil buntáiste oideachasúil ar bith ag baint léi.
beagáinín leadránach a little bit boring
" Is féidir dul ag siúl sléibhe, cé go bhfuil sé beagáinín leadránach – níl na cnoic leathard go leor.
saol éasca leamh leisciúil easy boring lazy life
" Roinnt eile éirithe as an obair agus dúil acu sa saol éasca leamh leisciúil faoin ngrian.
chomh leadránach le péint ag triomú as boring as paint drying
" Bíonn cuid de na cluichí chomh leadránach le péint ag triomú, ach é sin ráite bíonn cuid de na cluichí ar fheabhas ar fad agus iad lán imreoirí atá an-chumasach agus an-sciliúil.
leamh boring, dry
" Ní cuimhin liom riamh é a bheith leamh.
sách leamh agus leadránach quite dull and boring
" Is deacair éirí corraithe nó sceitimíneach faoi ar an ábhar go bhfuil sé sách leamh agus leadránach mar chomórtas.
i bhfad níos leadránaí, far more boring,
" Tá an pholaitíocht i bhfad níos leadránaí, i bhfad níos malltriallaí ach is mó an luach atá leis, a deir an poblachtánach seo.
an leadránaí a bhíonn á chur i láthair, the bore who presents it,
" Agus cé a d'aithneoidh an difear idir damhsa na Rúise agus an stuif a théinn amach beo ar *Steip* gach bliain? Ní bheidh a fhios ag Joe Ó Doornail, an leadránaí a bhíonn á chur i láthair, ar scor ar bith.
thiocfadh leadrán orm. I would get bored
" Murach sin, thiocfadh leadrán orm.
téacs leadránach boring text
" Ní thagann ach téacs leadránach chun cinn de ghnáth, agus go minic ní bhaineann na torthaí le hábhar.
is leadránaí most boring
" Tá mí na bhFaoilleach buailte linn arís, a chairde – coicís faoide agus coicís fáide romhainn amach, an dá cheann acu ar na coicísí is faide agus is fadtriallaí agus is fadálaí agus is leadránaí dá mbíonn sa bhliain.
leadránach? boring?
" Cé a dúirt go mbeadh an pholaitíocht réadúil leadránach? Bhí tréimhse ann agus bhí an choimhlint ó thuaidh “gnéasach”.
téann an scéal chun leadráin. the story becomes boring.
a bhfuil leadrán orthu who are bored
" Bíonn daoine óga a bhfuil leadrán orthu ag spreagadh troideanna le gur féidir leo iad a thaifeadadh ar an nguthán póca agus iad a uaslódáil go leithéidí YouTube.
do dhaoine fásta for boring people
" Milliún euro de cháin sa bhliain á leagan ar choláistí Gaeilge do dhaoine fásta nach bhfuil lonnaithe i gCúige Mumhan ná i gCúige Connacht ná i gCúige Laighean, agus nach bhfuil fá bhúir asail den Eargail! Tá iriseoirí ón Sindo agus ón Sun ag iarraidh a fháil amach cé mhéad coláiste a bheidh i gceist; tá tráchtairí polaitíochta ó RTÉ agus BBC ag iarraidh a fháil amach cad chuige gur cúngaíodh an trál chomh géar sin; agus tá Leamh Ó Cuinnegáin ó Odious Gael ar shiúl chun na hAstráile ar saoire.
lán leadráin very boring
" Iad uile mar a gcéanna, anaithnid agus lán leadráin.
leadránach boring
" Drochrud riachtanach, leadránach agus uaigneach a bhíos iontu ar mhuileann coise an tsaoil ghnó do dhream eile.
Bodach (the) bore
" Bodach na Saoirse Bréagaí Agus nárbh í an ghlúin sin páistí, ar ball, a leanfadh Ostarach eile go leaca fuara Ifrinn, agus tharstu? Ní ardaíonn Haneke an cheist sin sa scannán a bhain an Palme d’Or i Cannes ar deireadh dó i mbliana.
leadránaí boring
" Déanfar dearmad ar chruatan laethanta saoire fada na múinteoirí, ar an phian sa droim ón fhanacht rófhada sa leaba, ar dhéine na gcluichí fada gailf agus ar dhochma na spaisteoireachta leadránaí cois farraige.
an-leamh very boring
" Willie dum daighdeal dum diddle O Dea;Bhí Dáil Éireann an-leamh agus tite i lagbhríAch ansin tháinig fear agus mhúscail sé í;Ba é Willie dum daighdeal dum diddle O Dea.
leamh boring
" Pé rud a tharlós i rith an tsamhraidh, agus tá mé cinnte gur iomaí cor agus casadh a bheas ann idir seo agus deireadh mhí Iúil, ní shamhlóinn go mbeadh tréimhse leamh ag iriseoirí sacair na hAirgintíne agus ealaín Maradona faoi thrácht acu.
leadránach boring
" Cáineadh eile atá ar a chuid scríbhneoireachta ná go mbíonn saol i mbruachbhailte mar Chill Bharróg leadránach go maith, déanta na fírinne, agus ní bhíonn sé chomh ‘sciobtha’ agus a mbíonn sé ina chuid leabhar.
leadránach boring
" Is siúl leadránach é, mar ní fheicfidh tú an radharc iontach ó Bhun Glas (165 méadar os cionn na farraige) – an fharraige agus na haillte arda, agus sin iad an fáth go dtáinig tú ann! Molann clár fógra (le cuma bhuan air) ag Bun Glas Cosán an Oilithrigh mar shlí suas an cnoc: "Ta an cosán traidisiúnta le cois barr na n-aillte faoi bhrú de bharr riar maith dochair a bheith déanta dó ag siúlóirí agus tá clár oibre athchóirithe agus deisiúcháin idir lámha,” a deir sé.
níos leadránaí boring
" Bhí an eagla ar iriseoirí ó thuaidh go mbeadh an saol i bhfad níos leadránaí nuair a tháinig deireadh leis na Trioblóidí agus nuair a rinneadh céilí leapa den DUP agus Sinn Féin.
iontach leadrááááááánach very boring
" Bhí barraíocht suime ag duine amháin acu sna drugaí, duine eile san alcól, duine eile, bhuel, níl ann ach gur éirigh sé iontach leadrááááááánach, goa.
is leadránaí amuigh most boring ever
" Bhí tábhacht le spraoi, le gáire, fiú san ionad oibre is leadránaí amuigh.
oícheanta leadránacha na saesúr seasc boring nights of the barren time of the year
" Tá léar mór DVD-anna fós neamhoscailte ar an tseilf thuasluaite fá choinne lá an ghátair, nó, níos measa fós, b’fhéidir, oícheanta leadránacha na saesúr seasc.
gur cluiche sách leadránach it’s a boring enough game
" Feictear dom, i gcomórtas le hiománaíocht nó rugbaí, gur cluiche sách leadránach atá ann le breathnú air, fiú ag an leibhéal is airde.
ar imeachtaí leadránacha rúnda an of the secret boring events
" Cé gur dianscagadh an leabhar féin ar an ndromchlár ar imeachtaí leadránacha rúnda an Internal Revenue Service sna hochtóidí, scrúdú ab ea é i ndáiríre ar fhisiciúlacht thimpeallacht ársa Mheiriceá.
mar áit leadránach, chúngaigeanta, theoranta as a boring, conservative, limiting place
" 300) Déanann McGinley cuir síos ar Éirinn mar áit leadránach, chúngaigeanta, theoranta, sna 1950s agus 60’s: “*Everyone with a capacity for taking honest thought could speak only of the terrible flatness of life in Ireland*,” a deir sé, agus maíonn sé go raibh sé ag fulaingt le “*debilitating intellectual isolation*” sa tír.
saolaíodh leanbh di she bore a child
" Tá a fhios ag an domhan mór gur saolaíodh leanbh di an fómhar seo caite ach coinníonn sí formhór na scéalta seo faoi rún.
faoin saol leadráin about the boring life
" Tá tagairtí go leor ann agus fiú, Máirtín Ó Direáin, faoin saol leadráin a bhí ag daoine, daoine éirimiúla gafa le hobair leadránach.
daoine éirimiúla gafa le hobair leadránach talented people caught in boring jobs
" Tá tagairtí go leor ann agus fiú, Máirtín Ó Direáin, faoin saol leadráin a bhí ag daoine, daoine éirimiúla gafa le hobair leadránach.
an-leadránach ar uairibh very boring at times
" Is fearr liom príomheachtraí na gcluichí a fheiceáil, mar, in ainneoin cluichí a bheith iontach, mealltach ó am go ham, is dóigh liom go mbíonn bíonn cluichí sacair i gcoitinne an-leadránach ar uairibh agus rófhada.
an leagan amach seanaimsearach leadránach the old style, boring layout
" De ghnáth nuair a éiríonn liom Comhar nó Feasta a cheannach bíonn alltacht orm leis an leagan amach seanaimsearach leadránach, a bhíonn orthu.
an-leadránach, very boring,
" Níl seans ach ag trí fhoireann Premiership Shasana a bhuachan, rud a fhágann go bhfuil cluichí na roinne sin an-leadránach, dar le Colm Mac Séalaigh.