Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chrích boundary
" Focal Sean-Ghaeilge ar uisce atá in dobhar agus bhí eolas fada fairsing sna meánaoiseanna ar an ainm Dobhar mar abhainn thábhachtach a bhí mar chrích idir Tír Luighdeach agus Tír Bháineach, Abhainn Chroithlí an lae inniu.
theorainneacha fisiciúla physical boundaries
" Déanann seo timpeallacht neamhchoitianta d'Appalachia, deighilte amach ag a theorainneacha fisiciúla ó Mheiriceá uirbeach, ag coinneáil an tsíorfháis fhobhailtigh ó dhoras, agus an caolú cultúir a tharlaíonn nuair a fhéachann daoine le bheith mar chuid den "melting pot", coincheap a bhfuiltear fós tógtha leis.
teorainneacha boundaries
" Tá daoine ann a deir gur cheart teorainneacha na Gaeltachta a atarraingt sa chaoi nach mbeadh fágtha ach fíor-Ghaeltachtaí, cibé atá i gceist acu leis an téarma sin.
teorainneacha boundaries
" Tá scoileanna faoi leith ag an dá chreideamh agus cé go bhfuil an chathair saor ó na teorainneacha a bhfuil smál fágtha acu ar Bhéal Feirste agus ar Dhoire, tá ceantair áirithe agus ionaid shóisialta áirithe roinnte amach go soiléir ó thaobh reiligiúin de.
teorainneacha boundaries
" Sampla maith is ea teorainneacha na Gaeltachta.
theorainneacha réigiúnacha regional boundaries
" Is meán idirnáisiúnta é an t-idirlíon, ach ní dhéanann an siopa nua ceoil seo ach béim a chur ar theorainneacha réigiúnacha.
teorainneacha boundaries
" De bharr go mbaintear oiread úsáide as an charr, bíonn deis ag daoine i bhfad níos mó de shráideacha agus de chomharsanachtaí an cheantair a fheiceáil, rud nach mbeadh amhlaidh in áiteacha mar Brooklyn nó Queens, cuir i gcás, áit a bhfuil na teorainneacha idir comharsanachtaí níos doichte.
theorainneacha boundaries
" Tugann an staidéar seo le tuiscint go bhféadfaí cothromaíocht leochaileach an dátheangachais a chur i gcontúirt sa gharthodhchaí muna nglactar céimeanna sa réiteach seo chun aghaidh a thabhairt ar na castachtaí a bhaineann le teanga agus cultúr na Gaeilge a chosaint laistigh de theorainneacha na Gaeltachta.
teorainneacha geografacha geographical boundaries
" An é gur cheart dúinn seanmhúnla na Gaeltachta a chaitheamh uainn agus saothar níos mó a chaitheamh leis an teanga sa Ghalltacht agus i gcodanna éagsúla den domhan? Ar cheart dúinn ar a laghad cuid de na hacmhainní atá á gcaitheamh ar an Ghaeltacht "thraidisiúnta" faoi láthair a chaitheamh ar na grúpaí agus ar na daoine aonair i ngach cearn den domhan, go háirithe i Meiriceá Thuaidh, a úsáideann gach uirlis chaidrimh agus chumarsáide, go háirithe an t-idirlíon agus an ríomhphost, lena gcuid Gaeilge a chleachtadh? Tá "pobal" nua Gaeilge tagtha chun cinn! Tá "Gaeltacht" dhomhanda gan teorainneacha geografacha á cruthú.
hatarraingt teorainneacha na Gaeltachta the redrawing of the Gaeltacht boundaries
" Seasamh conspóideach glactha aige maidir le hatarraingt teorainneacha na Gaeltachta agus é go láidir den bharúil nár cheart aon cheantar a chaitheamh amach as an Ghaeltacht.
teorainneacha Gaeltachta the Gaeltacht boundaries
" SUSAN: Taobh istigh de na teorainneacha Gaeltachta atá sé.
Teorainneacha boundaries
teorainneacha boundaries
" com)) ag briseadh síos na teorainneacha idir glaonna ar an idirlíon agus gnáthghlaonna gutháin.
teorainn boundary
" Tá sé riachtanach an teorainn sin idir an dá áit a leagan síos chun a chinntiú go mbeidh an táirgiúlacht agus caighdeán na hoibre go maith.
teorainneacha oifigiúla official boundaries
" Cothrom na bliana seo, caoga bliain ó shin, a leagadh síos teorainneacha oifigiúla na Gaeltachta mar atá faoi láthair.
teorainneacha cultúrtha agus polaitiúla cultural and political boundaries
" Is beag duine a d’easaontódh leis an tuairim gur gaiscígh spóirt ar leith iad an bheirt sin a bhfuil a gcáil is a n-éachtaí i ndiaidh teorainneacha cultúrtha agus polaitiúla an domhain mhóir a thrasnú.
laistigh de theorainneacha an Chuirtín Iarainn within the boundaries of the Iron Curtain
" I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda géilleadh an Pholainn do Stalin agus don Aontas Sóivéadach, rud a d’fhág gur laistigh de theorainneacha an Chuirtín Iarainn a bheadh an tír.
teorainneacha boundaries
" *(Come on Oireland!) *Ach tá buntáistí ag baint leis an chíor thuathail seo uilig: thig le Bertie a mhaíomh gur tionchar Pháirc Bhóthar Lansdún is ciontaí lena chuid Bertiisms i dtaca le méid na hÉireann, achar na hÉireann, tír na hÉireann agus teorainneacha na hÉireann, leithéidí ‘Tá daonra na hÉireann anois os cionn ceithre mhilliún den chéad uair ó aimsir an Ghorta’ agus ‘Easpórtáiltear go leor dár gcuid earraí anois go háiteanna ar nós Bhéal Feirste.
an teorainn the boundary
" Léiríonn na fadhbanna a chruthaigh úinéirí Facebook dóibh féin nach dtuigeann siad an teorainn idir eolas príobháideach agus eolas poiblí a gcuid úsáideoirí.
theorainneacha boundaries
" Níl iomrá ar bith ach an oiread ar theorainneacha na Gaeltachta a atarraingt, ná baol air.
teorainn boundary
" 15 bliain i ndiaidh shíniú Comhaontú Aoine an Chéasta, feidhmeannas (measartha) buan ag saothrú i Stormont, Arm na Breataine bailithe leo agus táthar ag tógáil ballaí síochána go fóill! ‘Fál maith a dhéanas comharsana maithe’ a deir seanfhocal amháin nó ‘Déanann teorainn mhaith comharsana cairdiúla’ a deirtear.
dteorainneacha of the boundaries
" Tá teipithe go tubaisteach ar Éamonn Ó Cuív dul i ngleic le fadhb na dteorainneacha sa Ghaeltacht, an chéad rud a chaithfear a réiteach sarar féidir aon bheart tarrthála a chur i bhfeidhm.
theorannacha boundaries
" com/watch?v=uOOJUH8Uqp8&feature=related) Ag éisteacht leis an Aire Ó Cuív ag caint ag an bhFóram a d'eagraigh Conradh na Gaeilge mar chuid de Oireachtas na Gaeilge i Leitir Cheanainn an mhí seo caite, bhí sé le tuiscint uaidh go mbeadh athbhreithniú ar theorannacha na Gaeltachta, mar chuid den Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá le foilsiú go gairid, má tá.
teorainn reatha current boundary
" Is riachtanach an tseift í sin chun dul i ngleic leis an tsoiniciúlacht bhinbeach a spreagann teorainn reatha na Gaeltacht.
teorann boundary, limit
" Ansin rinne sé an Staidéar Cuimsitheach ar Staid na Gaeilge sa nGaeltacht a choimisiúnú ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus d’iarr sé go dtiocfaidís aníos le critéar teangeolaíochta dhó, a d’fhéadfaí a úsáid in athbhreithniú ar na teorannacha.
teorannacha boundaries
" Leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge foilsithe faoi dheireadh, tá oiliúint múinteóirí agus múineadh na Gaeilge sa bhunscoil chomh maith le teorannacha agus buanú na Gaeilge sa Ghaeltacht á bplé.
teorainneacha boundaries
" Glactar leis go mba cheart rangú a dhéanamh ar na ceantair Ghaeltachta le béim ar ‘úsáid teanga seachas teorainneacha stairiúla’ ach aithnítear go bhféadfaí go mbainfí a stádas ó Ghaeltacht láidir, dá ndéanfaí na moltaí sa Staidéar Teangeolaíoch a chur i bhfeidhm, mar atá siad.
teorainneacha boundaries
" Tá taiscí de hidreacarbón luachmhar ag feitheamh mar dhuais do na tíortha a bhfuil sé de mhisneach acu, nó a bhfuil an chumhacht acu fiú, teorainneacha an réigiúin a athdhearadh.
teorainneacha boundaries
" In áit teorainneacha na Gaeltachta a athshocrú, mar atá molta i ngach tuarascáil atá foilsithe ar an gceist le 10 mbliain anuas agus fócas Údarás na Gaeltachta a athdhíriú ar an ngéirchéim teanga sa nGaeltacht, ’sé an chaoi go mbeidh an tÚdarás ag plé le cur chun cinn na Gaeilge ar fud an stáit, cúram atá ceaptha a bheith ar bun ag Foras na Gaeilge ar fud an oileáin faoi láthair.
teorainneacha boundaries
" San agallamh sin ghlac sé leis go gcaithfí teorainneacha na Gaeltachta a athshocrú.
theorainneacha boundaries
" Go bunúsach, ní raibh Éamonn Ó Cuív sásta oiread is vóta amháin a chur i mbaol sna ceantracha sin ina Dháilcheantar féin, a chaillfeadh stádas Gaeltachta in aon athbhreithniú eolaíoch a dhéanfaí ar theorainneacha na Gaeltachta.
teorainn boundary
" Go príomha, caithfear a fhiafraí an féidir aon ní a choinneáil faoi choim in aois seo an idirlín? Óir is fearann fiáin, aindleathach é an an cibearspás nach n-aithníonn aon teorainn fhísiúil, chluaise ná scríofa.
teorannacha boundaries
" Caithfí na teorannacha nua Gaeltachta a shocrú i dtosach ar bonn teangeolaíochta, mar atá geallta ag an Rialtas.
theorainneacha boundaries
" “Ní thugtar aon aird faoi leith ar theorainneacha na Gaeltachta ins na pleananna forbartha,” a dúradh sa cháipéis.
teorainneacha boundaries
" In áit fanacht go mbeidh teorainneacha na Gaeltachta athsocraithe de réir na gcritéar teangeolaíochta nua, is cosúil go bhfuil an próiséas pleanála teanga le dul ar aghaidh sa nGaeltacht oifigiúil ar fad, mar atá sé faoi láthair.
theorainn boundary
" Anois, mar is eol do mhadraí na sráide, is ceantar Protastúnach é Bóthar na Seanchille, agus is ceantar Caitliceach é an chuid sin de Bhóthar Chromghlinne ar theorainn Ard Eoin, áit a bhfuil an tsraith cháiliúil siopaí sin a bhíonn le feiceáil ar scáileáin teilifíse ar fud an domhain mhóir gach samhradh.
theorainneacha boundaries
" ) Níl sé chomh fada sin ó bhíodh riail ann nach n-íocfaí deontas na mban tí as aon ghasúr a raibh cónaí air laistigh de theorainneacha oifigiúla na Gaeltachta.
Teorainneacha na Gaeltachta G. boundaries
" B’é an rud ba mhó a bhí le fógairt ag an Aire ná go mbeadh pacáiste tacaíochta á scaipeadh ar thuismitheoirí a bheadh ag iarraidh páistí a thógáil le Gaeilge, ina mbeadh leabhrán le comhairle inti agus an dlúthdhiosca Rabhlaí Rabhlaí! Teorainneacha na Gaeltachta 2012: ============== Ag ócáid seolta a chuid *‘bounty bags’*, mí Aibreáin seo caite, d’fhógair an tAire Stáit go raibh sé chun Teorainneacha na Gaeltachta a athshocrú ar bhonn teangeolaíochta.
gcaithfidh teorainneacha tíreolaíochta a bheith ann there has to be geographic boundaries
" ” An chiall atá leis seo, dar liom, ná go gcaithfidh teorainneacha tíreolaíochta a bheith ann más mian leat smacht a bheith agat ar spás/cheantar/thír/phobal.
bheith áirithe taobh istigh de theorainneacha be enumerated inside of the G. boundaries
" Dá bharr sin, leanfar leis an gcur i gcéill go bhfuil 100,000 ina gcónaí i gceantair Ghaeltachta, nuair atá a fhios ag an saol mór nár cheart ach a leath acu sin, ar a mhéad, a bheith áirithe taobh istigh de theorainneacha Gaeltachta, a bheadh bunaithe ar critéir theangeolaíocha.
Tá an teorainn brúite siar the boundary is pushed back
taighde ar imeallacha taibhléirithe de cheol traidisiúnta na hÉireann the boundaries of Irish Traditional Music Performance
" (Fuair sí post mar aisteoir ag an BBC leis an táille a íoc ach sin scéal eile!) Ag Taibhléiriú an Imill =========== Mar chuid den chúrsa, rinne Úna taighde ar imeallacha taibhléirithe de cheol traidisiúnta na hÉireann, (the boundaries of Irish Traditional Music Performance), go háirithe an tobchumadóireacht agus fuaimeanna beo leictreonacha (live electronics).
teorann boundary, limit
" Ag caitheamh súil siar ar thréimhse Uí Chuív i gceannas ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge, tá Donncha Ó hÉallaithe den bharúil gur lig sé an deis amú, mar nach raibh sé de mhisneach aige dul i ngleic le fadhb bhunúsach na Gaeltachta, ceist na teorann.
trasna teorainn an dá aicme across the boundary of both groups
" Shiúil Mícheál Ó hAodha trasna teorainn an dá aicme, aos ealaíne agus aos deartha éadaí, le tuiscint a fháil ar an scéal.