Pota Focal Intergaelic
boa | bob | boc | bod | bog
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dornálaíochta boxing
" Níl aon dabht faoi ach go mbeadh an-éileamh ar an iománaíocht dá mbeadh sí á heagrú i gceart agus séasúr cóir leanúnach ag baint léi faoi mar atá i gcás sacair, rugbaí, badminton, cispheile, haca, dornálaíochta agus chuile spórt eile.
dornálaíochta boxing
" Spóirt ar nós lúthchleas, snámha agus dornálaíochta atá i gceist agam, is é sin spóirt nach dtugtar an oiread sin airde orthu taobh amuigh de na mórócáidí ar nós na gCluichí Oilimpeacha.
Boscadóir box player
" Boscadóir den chéad scoth é Séamus a mbíonn ceol álainn ar fad ag sileadh amach as.
boscadóir box/accordeon player
" Is boscadóir den scoth í Verena - seinneann sí go rialta i seisiúin éagsúla i nGaillimh, múineann sí an bosca, agus téann sí ar camchuairt le ceoltóirí eile.
bhoscadóra cháiliúil famous box-player
" Ós ag caint ar thionchar atá mé, tá tionchar an bhoscadóra cháiliúil Johnny O'Leary as Sliabh Luachra le mothú go láidir ar an albam seo.
boscadóir cáiliúil famous box player
" Más fearr leat a bheith ag damhsa caithfidh tú Johnny O'Leary a leanacht, an boscadóir cáiliúil as Sliabh Luachra.
dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil amateur and professional boxing
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
boscadóir box player
" Fear mór ceoil é Seán a raibh teach tábhairne aige i bPort Omna i gContae na Gaillimhe, áit a mbíodh an boscadóir cáiliúil Joe Burke agus go leor ceoltóirí eile ag seinm go minic.
bhosca cuardaithe search box
" ie isteach sa bhosca cuardaithe ar shuíomh an Domain Registry Éireannach (nó IEDR) (http://www.
an Bosca Caomhnaithe the Conservation Box
" B'fhéidir go bhfuil argóint ann le hainm nua a thabhairt air - an Bosca Caomhnaithe, cuir i gcás - agus na srianta céanna a chur i bhfeidhm ar chuile dhuine, ach níor chóir ligint do na céadta bád Spáinneach teacht isteach ann.
bosca na bhfiúsanna the fuse box
" Praghas: €25 (clúdach crua)* Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President bailithe le chéilegathered together bhriseadh lárthéarmamid-term break ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duinePatrick bade everyone goodnight as go brách leisoff he went ina sámhchodladhsound asleep clagarnachclatter liúigh Patrick féinPatrick himself yelled den chosán bristeof the broken pavement foscadhshelter tolgcouch phléasc gloine fhuinneoga an doraisthe glass of the windows in the door exploded rinne lámhachánshe crawled dallógablinds leathorlachhalf an inch grúpa confachan angry group idirboth ag béiceachshouting casúrhammer tairnínails cláir adhmaidwooden boards gráscardisorderly mob bosca na bhfiúsannathe fuse box lúth na ngéagthe power in her limbs marbhintinneach le heaglamentally paralysed with fear crógachtbravery cinnireachtleadership fuaraigeantacool-headed ag síneadh na sreinge thart an coirnéalextending the chord around the corner ag stiúradh cúrsaí cosantadirecting defence matters as a támhnéal faitísfrom her trance of fear ag breith ar dhá chamángetting hold of two hurleys shín amach a cosshe extended her leg Baineadh tuisle as an bheirt acuBoth of them tripped a fhad a mhair an t-ionsaías long as the attack lasted i mbaol a mbáisin danger of being killed scanraithe as a mbeathascared to death trost na mbrógthe tramp of the shoes carr coimhthíoch bána strange white car go tráthrialtaregularly nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhailethat Paddy wouldn't try to come home róchontúirteachtoo dangerous í ar a díchealldoing her best ag iarraidh an tocht a cheilttrying to hide the emotion leis an mhinicíocht raidió sinwith that radio frequency barúilidea gluaiseachtaímovements i bhfianaisein light of nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháilthat she has no choice but to admit drogallreluctance an t-aon chosaintthe only protection
bhosca na faoistine the confession box
" Is é an chéad rud a rinne sé ná pictiúr den Mhac Drabhlásach a chrochadh ar bhosca na faoistine in aice lena ainm féin! "Mise anois an Mac Drabhlásach tagtha abhaile," ar sé, sa chéad seanmóir a thug sé.
breac le bocsaí full of boxes
" Ach bíodh sin is eile, bhí an seomra suí breac le bocsaí sula raibh meán lae ann.
i gclár na mionn in the witness box
" Chaith mé dhá uair an chloig i gclár na mionn ag binse breithimh fostaíochta i Learpholl ar an 6 Meitheamh.
bosca bairr set-top box
" Cheangail siad an bosca bairr leis an teilifís.
íomhánna de ghnáthbhoscaí cairtchláir images of ordinary cardboard boxes
" I measc na bpríomhphíosaí sa taispeántas tá sraith priontaí ar phlátaí copair a bhfuil íomhánna de ghnáthbhoscaí cairtchláir le feiceáil orthu.
dornálaíocht boxing
" ) Tá blianta fada caite aige ag scríobh faoi gach cineál spóirt, ina measc rugbaí, sacar, peil, iománaíocht, rásaí capall agus con, dornálaíocht agus cruicéad.
folmhaíodh na boscaí ollmhóra the massive boxes were emptied
" Ceann ar cheann, folmhaíodh na boscaí ollmhóra agus thit na páipéir bhallóide anuas ar bhoird.
boscadóir box-player
" Tá eagla orm a rá go bhfuil muid iontach mórtasach aisti - girseach bheag ghalánta agus nádúr séimh aici! AÓF: Bhuel comhghairdeachas libh, ar ndóigh! Agus an bhfuil sí cosúil leatsa nó le Dermot? MNM: Tá sí cosúil le Dermot, ach aithním go bhfuil mo chuid méara fada féin aici! AÓF: Meas tú anois, an mbeidh sí ina boscadóir, ina fidléir, nó ina hamhránaí? MNM: Sílim go mbeidh sí ina fidléir agus tá dúil mhór aici in amhráin, go speisialta "Báidín Fheidhlimidh".
Bosca mór stáin a big tin box
" Bosca mór stáin ab ea an mhonarcha seo, agus í measartha nua.
ár mboscaí ríomhphoist our email boxes
" "Turscar" an focal a mholtar ansin chun cur síos a dhéanamh ar na teachtaireachtaí ríomhphoist seo atá ag líonadh ár mboscaí ríomhphoist.
bosca na mbréagán the toy box
" Chuir seo isteach go mór orm agus nuair a a thiocfadh an oíche rachainn isteach go bosca na mbréagán i mBaile na mBlaincéad i mo chuid brionglóidí agus bhéarfainn amach mo thraein bheag dhearg a raibh an chlog uirthi.
cumann láidir dornálaíochta a strong boxing club
" Ach ní taobh le peil amháin atá muintir Chamuis ó thaobh caithimh aimsire de mar tá cumann láidir dornálaíochta ann le blianta fada agus tá traidisiún na lúthchleasaíochta ann chomh maith.
dornálaíocht boxing
" Ní gá ach cuimhneamh ar an méid a bhíonn sna páipéir faoi na cluichí Gaelacha, faoi shacar Shasana, faoi rugbaí agus faoi rásaí capall i gcomórtas leis an méid a scríobhtar faoi lúthchleasaíocht, leadóg, dornálaíocht, cispheil agus na spóirt eile ar fad a thagann inár láthair gach ceathrú bliain.
mbosca faoistine confession box
" Insítear faoi shéiplíneach a tháinig amach as an mbosca faoistine an chéad uair a bhí sé ag éisteacht i séipéal Eoghanachta agus a dúirt lena shagart pobail: "Níl a fhios agam céard é an eascainí seo, ach tá an-chuid de ar siúl thart anseo.
i gcomhthéacs bosca crián in the context of a box of crayons
" Níl sé ró-iontach do chultúr bheith sáite in argóintí mar gheall ar bhairéid nó fíricí reiligiúnda míthaitneamhacha nó dathanna a smaoinítear orthu de ghnáth i gcomhthéacs bosca crián.
boscadóirí box players
" Is dócha gur íomhá í de na ceoltóirí gur sheinn mé leo thar na blianta, go háirithe na boscadóirí.
bosca seoigh wonderful box
" Bhí “bosca seoigh” (mar a thugadh fear i gCiarraí air) againn féin ó 1961 nuair a bunaíodh Teilifís Éireann (ní cheadódh mo mháthair sa teach é roimhe sin toisc gurbh é an BBC amháin a bhí ar fáil).
dornálaíochta trom-mheáchain an domhain world heavy-weight boxing
" Ar feadh na mblianta ní raibh againne ach Teilifís Éireann ach chraoltaí ócáidí móra spóirt beo ó am go ham, cluichí leathcheannais agus ceannais na hÉireann, Corn an FA agus imeachtaí eile ar nós dornálaíochta trom-mheáchain an domhain (is cuimhin liom Cassius Clay/ Muhammad Ali ag tosú amach le Craobh Dhomhanda i gcoinne Sonny Liston), corn sacair an domhain i 1966 agus mar sin de.
i gcomórtais dornálaíochta in boxing competitions
" Bhí clú ar na *Liverpool Irish *i gcomórtais dornálaíochta.
boscaí faoistine confession boxes
" Ba mhinic a baineadh úsáid as boscaí faoistine, altóirí agus áiteanna eile de chuid na hEaglaise leis na cleachtais uafásacha seo a chur i gcrích.
dornála boxing
" Ó tharla gur spóirt iad an sacar agus an dornálaíocht — más imeacht craosfhuilteach í an dornálaíocht féin — a bhfuil a lucht imeartha, a lucht féachana agus a lucht leanúna acu sna ceithre hairde, ní cúis iontais í go bhfuiltear i ndiaidh laochadhradh a dhéanamh ar Pele is ar Ali.
boscadóir iontach a great box player
" Ansin chas Ned Kelly, boscadóir iontach as Tiobraid Árann.
plódaithe le boscaí full of boxes
" Dúirt sé liom go bhfuil seomraí acu atá plódaithe le boscaí de nuachtáin is irisí is doiciméidí is ticéid cheolchoirme is cláracha comórtais is comhfhreagras idir píobairí ar chúrsaí feadán agus aon ní a bhaineann le hábhar na bpíb.
babhta de dhornálaíocht throm-mheáchain an domhain, a bout of world heavy-weight boxing,
" Ní hamháin sin, bhí Cluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialta 2003 ann (casadh “God Save the Queen”, de réir mar a thuigim), agus babhta de dhornálaíocht throm-mheáchain an domhain, Muhammad Ali i gcoinne All Lewis, i 1974.
sa chró dornálaíochta into the boxing ring
" Thug sin faill do Paisley – naoi mbliana ina dhiaidh sin – bheith ag maíomh gur bua a bheas ann má dhéantar Céad Aire dó, ainneoin go mbeidh Martin McGuinness taobh leis! I bhfírinne, níl ann ach gur mealladh isteach sa chró dornálaíochta é.
sa bhfáinne dornálaíochta in the boxing ring
" Maratón ocht mí dhéag atá rompu go léir, agus ní cinnte in aon chor go mbeidh siad in ann fanacht sa bhfáinne dornálaíochta an fhad sin.
ar bhabhtaí dornálaíochta agus iomrascála a fheiceáil of seeing bouts of boxing and wrestling
" Tá taithí againn cheana féin ar bhabhtaí dornálaíochta agus iomrascála a fheiceáil ar an taobhlíne, sa tollán ag leathama nó le linn an chluiche é féin.
Toirneach fholamh na mboscaí ballóide the empty thunder of the ballot boxes
" Toirneach fholamh na mboscaí ballóide ar urlár halla na coimhlinte.
i gCraobh Dornálaíochta an Domhain in the World Boxing Chamionship
" Bua Barry McGuigan i gCraobh Dornálaíochta an Domhain sa bhliain 1985 agus bonn óir Michael Carruth ag na Cluichí Oilimpeacha in Barcelona sa bhliain 1992.
sa bhosca eitneach in the ethnic box
" As na daoine a chuir tic sa bhosca eitneach "Māori", tá líon na gcainteoirí níos airde san aoisghrúpa 65 bliain agus os a cheann ná mar atá in aon aoisghrúpa eile.
bosca uirlisí cumarsáide a box of communications tools
" Óir de bharr dul chun cinn sa teicneolaíocht, tá bosca uirlisí cumarsáide ag an saoránach anois le go dtig leis feidhmiú mar iriseoir ar bhonn domhanda agus ar bheagán costais.
i mboscaí cairtchláir in cardboard boxes
" Cad é a rinne sé leis an stuif seo uilig? Is cinnte go bhfuair sé smaointe dá shaothar féin ó chuid den chnuasach, ach den chuid is mó, chuaigh gach píosa *bric-a-brac* agus bruscair a bhailigh sé – ón mbliain 1974 go dtí lá a bháis i 1987 – isteach i mboscaí cairtchláir, i gcomhadchaibinéid, agus i gcófraí móra.
boscaí pacála packing boxes
" Chuaigh Fremont amach le boscaí pacála a cheannach agus nuair a tháinig sé ar ais leo, rith sé leis an bheirt acu agus iad ag amharc ar na boscaí go mbeadh siad an-mhaith mar thaisceadáin.
mar gheall ar dhornálaíocht na mban about women's boxing
" Tá sé ráite acu siúd atá eolach mar gheall ar dhornálaíocht na mban gurb í Katie an dornálaí amaitéarach mná is fearr, punt ar phunt, ar domhan.
Craobhchomórtas Eorpach Dhornálaíocht na mBan European Women's Boxing Championships
" Bhuaigh Katie bonn óir ag Craobhchomórtas Eorpach Dhornálaíocht na mBan trí huaire as a chéile agus bhuaigh sí ceann ag an gCraobhchomhórtas Domhanda in 2006.
cúpla bosca toitíní a couple of boxes of cigarettes
" Agus mé ag siúl timpeall na háite, chuala mé Giúdach fir ag labhairt lena bheirt mhac faoi chúrsaí brabúis – nach aoibhinn an saol é! Cheannaigh mé cúpla bosca toitíní i siopa áitiúil – €14 a d’íoc mé ar 200 B&H! Nílim ag magadh! Cheannaigh mé cúpla buidéal fuisce – an branda sin Paddy – ar €7 an buidéal.
lámhainní dornálaíochta boxing gloves
" Is iomaí cor agus casadh a tharla sa scéal ó chuir na hiarrthóirí na lámhainní dornálaíochta orthu ar dtús.
dornálaíocht boxing
" I dtaca leis na cluichí sa tSín, is iad an dá spórt ina gcruthaíonn na hÉireannaigh go maith go hiondúil ná an dornálaíocht agus an eachaíocht.
na húdaráis dornálaíochta the boxing authorities
" ArdmheasBhí ardmheas ag Balor ar dhornálaí Bhéal Feirste, Paddy Barnes, a dúirt leis na húdaráis dornálaíochta agus leis an Chomhairle Oilimpeach go dtiocfadh leo a mbonn cré-umha a shá cibé áit ar mhaith leo, nach raibh sé de dhíobháil air féin.
dornálaíocht boxing
" Is fear cliste é - tá céim as Ollscoil Cambridge aige, áit a raibh suim aige sa dornálaíocht.
dornálaíocht boxing
" Bhí guthanna áirithe ceangailte le spóirt áirithe: guth Mhíchíl Uí Aichir leis na cluichí Gaelacha agus le na rásaí capall; guth Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh leis na cluichí Gaelacha, guth Fred Cogley le rugbaí, guth Philip Green leis an sacar, guth Noel Andrews leis an dornálaíocht agus guth Jimmy McGee le réimse leathan spóirt.
chró dornálaíochta boxing ring
" tá sí ann!!” Cuireann an tráchtaire na ceisteanna atá ag déanamh scime don bhreathnóir: “Cad a dhéanfaidh an réiteoir? Cén dath ar an gcárta? An bhfuil an t-am caite?” Mar a Bhíodh is mar Atá Na craoltóirí is fearr ar nós Uí Aichir, Uí Mhuircheartaigh, McLaren, McGee tugann siad cuireadh don éisteoir/breathnóir páirt a ghlacadh sa dráma atá ar bun ar an bpáirc, sa chró dornálaíochta, ar an ngalfchúrsa; tarraingíonn siad pictiúr, ligeann siad don bhreathnóir a intinn féin a bheith aige ach tugann léargas breise ar a bhfuil ag tarlú.
gcró na dornálaíochta boxing ring
" Sa bhaile is é m’athair m’athair, ach sa halla gleacaíochta agus i gcró na dornálaíochta, is é mo thraenálaí é.
dornálaíocht boxing
" Níl amhras ar bith fá dtaobh de, a chairde: is cluiche é an galf atá thar a bheith contúirteach; níos dainséaraí go mór ná an dornálaíocht: níos contúirtí ná caitheamh sceana; níos baolaí ná an iomáint, ná an Iomrascáil Sumo, ná an taekwondo, ná an pholaitíocht féin, fiú.
gcróite dornálaíochta boxing rings
" Tá ionad ar leith i sochaí an lae inniu ag laochra spóirt, daoine a rinne agus a dhéanann ar bhonn rialta gaisce mór ar pháirceanna imeartha, i gcróite dornálaíochta, ar shléibhte rothaíochta, i linnte snámha, ar dhroim capaill agus mar sin de.
dornálaíocht boxing
" Bíonn barraíocht spóirt ann scaití - peil, rugbaí, iomáint, galf, dornálaíocht, liathróid láimhe, rásaíocht capall, cúnna, carranna, rothar, bád agus eile, lúthchleasa, leadóg, snúcar, cispheil, eitpheil, haca, cruicéad agus mar sin de.
chró nó gan aon mhiotóg boxing rings or bare-knuckle
" Más garbh féin mar shlat tomhais é an t-idirlíon, tá an chuma air ansiúd go samhlaítear amhlaidh é, gur gné ‘Éireannach’ í an trodaíocht, bíodh sé sa chró nó gan aon mhiotóg.
i ndiaidh dó ábhar na cainte a tharraingt as bocsa having drawn the subject of the speech from a box
" Beidh achan duine ag caint beagnach as a sheasamh i ndiaidh dó ábhar na cainte a tharraingt as bocsa.
Loic sé orthu agus é i gclár na mionn he let them down in the witness box
" Loic sé orthu agus é i gclár na mionn, áfach.
gan dul i muinín na dornálaíochta gairmiúla not taking up professional boxing
" Mura bhfuil i gceist ach gur chinn Katie an Táilliúra fanacht ina dornálaí amaitéarach agus gan dul i muinín na dornálaíochta gairmiúla nó gur ceapadh Pól Mac Fhionnlaoich ina chaptaen ar fhoireann ghailf na hEorpa nó gur fhógair Ciaran Mac Giolla Chainnigh go raibh sé le filleadh abhaile ón Astráil toisc go mb’fhearr leis a bheith i measc a mhuintire féin agus a bheith ag imirt peile agus iománaíochta lena chumann agus lena chontae dúchais.
súnn as bocsaí nó as taibléidí aineolais sucks in ignorance from boxes or iPods
" Oibríonn an té a bhfuil obair aige nó aici, téann abhaile, suíonn siar agus súnn as bocsaí nó as taibléidí aineolais.
iarchuradh gairmiúil dornálaíochta an domhain former professional world boxing champion
" Bhí sé de phribhléid agam aithne bheag a chur ar Bhernard Dunne, iarchuradh gairmiúil dornálaíochta an domhain sa Coileachmheáchan Trom, ag tús 2011 nuair a iarradh orm cabhrú leis a chuid Gaeilge a chleachtadh.
mbabhta dornálaíochta trom-mheáchain heavyweight boxing bout
" Bhí alltacht agus múisiam ar dhaoine ar fud an domhain i 1997 nuair a bhain Mike Tyson plaic as cluas Evander Holyfield i mbabhta dornálaíochta trom-mheáchain.
ar nós bosca mór ar cheithre roth like a big box on 4 wheels
" Nílim cinnte cad é an bealach is fearr le cur síos a dhéanamh uirthi, ach bainfidh mé triail as! Tá sé ar nós bosca mór ar cheithre roth.
sé bhosca iarainn six iron boxes
"sé bhosca iarainn le feiceáil san eaglais agus iad leagtha amach cosúil le sarcafagais ach amháin go bhfuil poill faire iontu a ligeann duit amharc isteach iontu amhail is dá mba chillíní iad.
bosca ciarsúr tarraingthe amach ag an rúnaí céanna a box of hankies pulled out by the same secretary
" Fiú nuair a bhí orainn gach aon ní a chló amach agus a fhágáil i mbosca taobh amuigh d’oifig an rúnaí, is minic a theip ar ríomhairí agus bheadh caoineadh agus briseadh croí agus bosca ciarsúr tarraingthe amach ag an rúnaí céanna.
bosca barrshuite nó lárphointe meáin topset box or central media point
" Tharraing an Raspberry Pi an-aird toisc gur féidir, gan mórán stró, bosca barrshuite nó lárphointe meáin a chruthú a ligfeas duit do chuid scannán ar fad a aimsiú ó uirlis ar bith ar do ghréasán.
na dornálaíochta of boxing
" Ní iontas ar bith dá bhrí sin gur bhain siad amach cumas, cáil agus gradaim níos déanaí i spóirt na coraíochta, an iomraimh, na rothaíochta, na dornálaíochta agus an tarraingt téide, spóirt ar fheil an láidreacht, an aclaíocht agus na scileanna a d’fhoghlaim siad le linn a n-óige dóibh.
ina churadh dornálaíochta amaitéarach ar an mBreatain the British amateur boxing champion
" Bhí Tom ina churadh dornálaíochta amaitéarach ar an mBreatain.
sa mboiscín glas in the green box
dornálaíocht boxing
" D’imrímis, idir bhuachaillí agus chailíní, go leor cineálacha spóirt eadrainn féin – iománaíocht, peil, sacar, rásaíocht chapall, cruicéad, dornálaíocht, iomrascáil /an choraíocht, leadóg, lúthchleasa (rith, léim, rás cliath, caitheadh meáchain, caitheadh sleá, léim chuaille, saighdeoireacht san áireamh), galf, snámh agus araile.
miotóga dornálaíochta boxing gloves
" Ar ócáid amháin, fuair duine éigin miotóga dornálaíochta mar bhronntanas agus bhí comórtas dornálaíochta againn, cró déanta le téad ó chrann go geata go cuaillí nó a leithéid sin.
a raibh an-ráchairt air which had a great sale (at the box office)
" Tá radharc ag tús an scannáin Dead Poets Society, scannán a raibh an-ráchairt air tamall de bhlianta ó shin ina bpléitear an cheist – “Cad is filíocht ann?” Barúlacha thar a bheith spéisiúil a shíolraíonn ó stócaigh na meánscoile uasaicme sa scannán céanna agus óna múinteoir (an t-aisteoir Robin Williams i gcarachtar Mr Keating).
bosca cuimhneacháin a memory box
" Nuair a tháinig deireadh le saol Robyn in am a breithe, sular cuireadh tús leis, bhronn Féileacáin bosca cuimhneacháin ar mo dheirfiúr, bosca lán earraí úsáideacha mar chúnamh le tuismitheoirí an linbh.
i mboscaí cairtchláir in cardboard boxes
" Agus níl aon ní níos aistí ná na rudaí a choimeád sé i mboscaí cairtchláir ar feadh na mblianta, mar a mhíníonn Ciara Nic Gabhann.
dhornálaíocht boxing
" Bhí Colm Mac Séalaigh ag faire ar dhornálaíocht Katie Taylor i gCraobh an Domhain agus ar chluichí i gCraobha na hÉireann.
blianta gairide dornálaíochta short space of time boxing
" Ní haon ribín réidh ar bhain Katie Taylor amach in imeacht blianta gairide dornálaíochta.