Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bradach scoundrelly
" Agus in dhá réadúlacht chomhthreomhara na Sé Chontae, ba doiligh leo taithí na "bhFíníní bradacha" seo a mhothú ina gcroí.
bradach pirate
" I ndiaidh an chinnte seo, d'imigh cúrsaí ó smacht agus bunaíodh 700 stáisiún bradach teilifíse ar fud na hIodáile.
brealláin bhradacha scoundrelly fools
" Tá mé bréan de na brealláin bhradacha agus a gcuid bladair faoin bhligeardaíocht idir an bheirt bhómán sin Micí Mac Corr-thigh agus Roy Rogers Ó Catháin," a deir Balor an Buaiceálaí faoi lucht na meán cumarsáide nach bhfuil a dhath ar bith eile acu le scríobh nó le labhairt fá dtaobh de ach beirt iarpheileadóirí.
an ghalar bhradach the damned disease
" Bean bhreá aclaí ab í Myrtle ach bhí deireadh sin goidte ag an ghalar bhradach agus in áit an bhláth a bhíodh i gcónaí ar a craiceann bhí imir mhífholláin bhuí.
fhístéipeanna bradacha pirate video tapes
" Amharcann daoine ar scannáin eachtrannacha sa bhaile, áfach, ar fhístéipeanna bradacha.
suan na muice bradaí sly, ominous silence
" "Ní raibh an tAire mí-aireach ach leath ag éisteacht liom, é i suan na muice bradaí agus é ag diúl blonag gé trína shéanas.
bradach pirate
" Chuir an ghluaiseacht sin seirbhís raidió bradach ar an aer i gConamara i Márta 1970 agus arís faoi Shamhain na bliana sin.
Cleas bradach sly trick
" Cleas bradach é sin mar ní hamháin go ndéanfar sclábhaithe de dhaoine dífhostaithe ach cuirfear an-bhrú ar oibrithe rialta a bhfuil an gnáthráta pá acu cur suas le huaireanta oibre níos faide agus pá níos ísle.
bradacha thieving
" MÁNAS: Ar shiúl ó na *Brits *bradacha.
sagairt bhradacha mischievous priests
" Cuireadh sagairt bhradacha anonn go paróistí i Sasana agus níor tugadh aon eolas do na húdaráis thall fúthu.
bréan de na brealláin bhradacha sick of the scoundrelly fools
" ” Anois an dtuigeann sibh cén fáth go bhfuil Balor Bocht Briste bréan de na brealláin bhradacha agus a gcuid bladair agus a gcuid bligeardaíochta.
stáisiúin bhradacha raidió pirate radio stations
" Ní hamháin sin ach go raibh coinne eagraithe aige le hathair Simon agus go rabhamar chun bualadh isteach chuig Simon maidin Dé Sathairn! Níor chreid mé é go dtí gur chnagamar ar an doras agus cé a d’oscail é ach Crowe féin! Bhí mé dhá bhliain déag, lán de cheol nua, *rock ’n’ roll*, stáisiúin bhradacha raidió Bhaile Átha Cliath – Radio Dublin Two-Five-Three, Big-D Radio, Radio 257 – *punk*, na Sex Pistols, Johnny Rotten agus ár mbanna Éireannach, Bhleá Cliathach féin, na Boomtown Rats – cúigear buachaillí a bhí dána, réabhlóideach, torannach.
bradach sly
" Ní hé go bhfuil siad ró-gharbh, ach ní bheidh sí ábalta teacht orthu in Gaelspell agus beidh sí ag déanamh go bhfuil mise ag cumadh liom, seachas a bheith ag tuairisciú focal a d’úsáid bragaire bruíonach bradach brúiteach .
bradacha bad minded
" Cé go bhfuiltear ag tuar go dtiocfaidh feabhas ar sheirbhísí chúram ailse le bunú na n-ionad barr feabhais, níl smacht iomlán faighte ar pholaiteoirí bradacha ó pháirtithe an rialtais atá ag iarraidh a gcraiceann is a luach maidir le seirbhísí logánta a choinneáil.
bradach pirate
" Thoisigh mé le stáisiún bradach i mBaile Átha Cliath.
chleas bradach dirty trick
" ” Agus ba mar gheall ar chleas bradach a d’imir an Mossad ar lucht faisnéise SAM – “Oibríocht Thraíoch” – gur chreid Washington gurbh iad na Libiaigh a bhí ciontach leis an mbuamáil dioscó.
bhealaigh bhradacha pirated
" Toisc go raibh an MP3 in úsáid cheana féin ar bhealaigh bhradacha (.
fo-earraí bradacha substandard pirated goods
" An é gur fo-earraí bradacha iad a díoladh faoi ainm Gillette le slabhra mór le rá siopaí? Is cosúil go bhfuil an paicéad níos gile ná mar a bhíonn paicéad Gillette go hiondúil.
mar bhradaí ríomhaireachta as a computer hacker
" Níl fonn air freastal ar an ollscoil agus is mór an t-ábhar mórtais dó an teideal atá bainte amach aige mar bhradaí ríomhaireachta.
na comharsana bradacha the thieving neighbours
" B’fhéidir nach raibh an cur chuige sin sách ‘sofaisticiúil’ leis an mbua a fháil ar leithéidí Real Maidrid, Bharcelona nó Milan ar bhonn rialta, ach, ar an láimh eile, b’fhéidir go mba thábhachtaí do Ferguson na comharsana bradacha, Learpholl agus Manchester City ach go háirithe, a choinneáil faoi chois ná a bheith róbhuartha le foirne allúracha i bhfad i gcéin.
soilse bradacha spoiling lights
" Gan teilifís ná torann saorga ná soilse bradacha ann ach an comhluadar féin.
raidió bradach pirate radio
" Is i Ros Muc a bhí sé 1970 nuair a chraol Saor-Raidió Chonamara na himeachtaí ar an raidió bradach a bhí curtha ar bun ag Cearta Síbhialta na Gaeltachta.
ní ligfimid do dhonas an domhain bhradaigh we won’t allow mundane badness
" Tá rudaí deasa le déanamh againn sa tsaol a deir Robert McMillen agus, má tá ciall againn, ní ligfimid do dhonas an domhain bhradaigh dul idir sinn agus sonas an tsaoil seo.