Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
as ar fáisceadh é from which he was bred
" B'ionann é agus laoch de chuid an GAA a bheith dúnmharaithe, ionsaí ar an duine agus ionsaí ar an chultúr as ar fáisceadh é.
a shíolrú to breed
" "Tá iarracht réamhbheartaithe ar siúl ag an Indinéis le muintir Phapua Thiar a ghlanadh ó dhromchla an domhain, agus glúin nua a shíolrú a bhfuil craiceann geal acu agus gruaig dhíreach orthu.
meascach half-breed
" Is minic a labhair sé san am a chuaigh thart ar an dóigh ar tugadh "meascach" air agus é ina ghasúr.
"sheirbhísí" síolraithe breeding 'services'
" Bhí gach duine thar a bheith sásta mar nuair a cinneadh deireadh a chur le saol rásaíochta an chapaill, bhí ansin luach an-ard ar fad ar "sheirbhísí" síolraithe an chapaill chéanna.
An rud atá sa bhun bán, tá sé sa bharr glas. What's bred in the bone comes out in the flesh.
" "An rud atá sa bhun bán, tá sé sa bharr glas.
áit a síolraíonn siad where they breed
" Ansin scaipeann siad fud fad chósta na hÉireann, sula dtagann siad ar ais ar feadh tamaillín i mí Aibreáin ar a mbealach ar ais go Ceanada, áit a síolraíonn siad .
Is iomaí áit ina bpóraítear leoin lions are bred in many places
" Is iomaí áit ina bpóraítear leoin, agus ina dtugtar deis do thurasóirí “siúl” leis na hainmhithe seo.
pórú breeding
" Tugtar frithghiniúint do na leoin ionas nach mbeidh pórú i gceist.
séasúr síolraithe breeding season
" Is maith an rud gur cuireadh comhairle orm roimh ré hata a chaitheamh! An séasúr síolraithe a bhíonn ann i Meitheamh agus bíonn na geabhróga an-bhuartha faoi na scalltáin, a ritheann thart achan áit ar an talamh.
séasúr síolraithe breeding season
" Is maith an rud gur cuireadh comhairle orm roimh ré hata a chaitheamh! An séasúr síolraithe a bhíonn ann i Meitheamh agus bíonn na geabhróga an-bhuartha faoi na scalltáin, a ritheann thart achan áit ar an talamh.
pór breed
" Nochtadh pór eile ar fad polaiteora de dheasca ghlámaireacht na mboc óg, pór nach n-aithneodh seanfhondúirí ar dhul Martin Corry, is nach sásódh iad ach oiread.
sa gcaoi go mbeidh stoc póraithe acu so that they will have breeding stock
" I Victoria, tá feilméaraí ag cur a gcuid beithíoch go dtí an Tasmáin, in ainneoin costas $100 an ceann a bheith ag baint leis, sa gcaoi go mbeidh stoc póraithe acu nuair a bheas deireadh leis an triomach.
shliocht breeding
" ” Ceapaim go mba é an sóisialach as Dún na nGall, Peadar O Donnell a dúirt go mba de shliocht graibéara gach tiarna talún.
a fuineadh agus a fáisceadh sinn we were bred and brought up
" Ba ó na gnáthdhaoine - a itheann a ndinnéar i lár an lae - a fuineadh agus a fáisceadh sinn.
pórú breeding
" Tosaíonn rónta ag pórú ag trí bliana d’aois nó ag ceithre bliana d’aois.
mianach breed
" Réitíonn siad go maith leis an mianach eile fosta – an rón beag.
rud a théid chun faid, théid sé i bhfuaire familiarity breeds contempt
" ” Bhí an teilifís in Éirínn radacach ó bunaíodh í i 1961 agus bhí ról lárnach aici i bhforbairt na tíre ach an rud a théid chun faid, théid sé i bhfuaire agus de réir mar a théann tú i dtaithí ar rud is é lú an tionchar a bhíonn ag an rud agus is lú an draíocht a bhíonn ag baint leis.
rugadh agus a tógadh born and bred
" In Ard Eoin a rugadh agus a tógadh Íosa Mhic Giolla Mháire, an bhean a rinne cur síos ar a teacht i méadaíocht sa cheantar sin mar an t-am ba shona riamh ina saol.
mar stócach a fuineadh agus a fáisceadh sa Ghaeltacht as a youth born and bred in the G.
" Cén fáth gur i mBéarla a bhí sé ag cumadh mar stócach a fuineadh agus a fáisceadh sa Ghaeltacht? “Is ag déanamh aithrise a bhí mé ar na ceoltóirí mór le rá ag an am.
Nach mór a bhí siad mar mhianach weren’t they a large breed
" Nach mór a bhí siad mar mhianach? Nach láidir calma balcánta a bhí siad mar shíolaicme? Nach dorcha agus doilbhir agus dubhach a bhí siad mar phobal? Ag meabhrú mar seo dó féin a bhí sé nuair a tháinig sé go teach Enda, agus b’in é an fear féin ina sheasamh ina pháirc féin in aice lena theach féin, agus a mhuintir féin thart air.
mar shíolaicme as a breed
" Nach mór a bhí siad mar mhianach? Nach láidir calma balcánta a bhí siad mar shíolaicme? Nach dorcha agus doilbhir agus dubhach a bhí siad mar phobal? Ag meabhrú mar seo dó féin a bhí sé nuair a tháinig sé go teach Enda, agus b’in é an fear féin ina sheasamh ina pháirc féin in aice lena theach féin, agus a mhuintir féin thart air.
de mhianach measctha of a mixed breed, mongrel
" Níl aon teorainn leis an mbá agus an gean atá againn dár gcairde is dílse, idir alsáiseacha agus huscaithe, púdail nó síotsúnna agus mura bhfuil tú in ann rogha a dhéanamh idir na coileáin sin, is féidir madra de mhianach measctha a aimsiú gan stró.