Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Tabhair an tóin isteach aici Bring the rear end in
" Tabhair an tóin isteach aici anois nó beidh muid anseo go deo na ndeor," ar seisean.
leasuithe a chur i gcrích bring about changes
" Is ar scáth a chéile a mhaireas na daoine, agus cabhraíonn an obair dheonach le daoine scileanna nua a fhorbairt, a bheith níos féinmhuiníní, agus leasuithe a chur i gcrích ina bpobal féin.
thugadh sé chuig imeachtaí he used to bring us to events
" Chan amháin go raibh mé ag freastal ar an rang le Pádraig, ach thugadh sé chuig imeachtaí ar fud na tíre muid, áiteacha a raibh an Ghaeilge le fáil.
go dtabharfaí i dtír iad that they would be brought ashore
" Líomhaintí ======= Rinne John Howard deimhin dá lucht tacaíochta nuair a chuir sé i leith na dteifeach i mbád eile gur chaith siad páistí isteach san fharraige ag súil go dtabharfaí i dtír iad de bharr a gclann a bheith i gcontúirt.
nuair a cuireadh clabhsúr ar chúrsaí when things were brought to an end
" Bhí an slua thar a bheith foighneach go dtí an deireadh ach nuair a cuireadh clabhsúr ar chúrsaí cheapfá go raibh Murchadh na nDóiteán feicthe acu agus an fonn abhaile a bhí ar chách.
athruithe a chur i gcrích to bring about changes
" Is é an freagra a bhí ag an gCathaoirleach ar a litir tamall ina dhiaidh sin ná post an bhainisteora a thairiscint dhó! In ainneoin an mhéid a tharla roimhe sin ghlac sé leis an gcuireadh sin go fonnmhar, mar bhí a fhios aige go bhféadfadh sé athruithe a chur i gcrích (ag an am sin bhí cúigear roghnóir ceaptha ach gan aon duine amháin i gceannas!) agus an bhliain dár gcionn bhuaigh Tiobraid Árann Craobh Mhionúr na hÉireann faoina stiúir i gcoinne Cill Chainnigh.
go gcuire Dia rath orthu go léir may God bring them all prosperity
" Chorcaí, gan trácht ach ar bheagán díobh, go gcuire Dia rath orthu go léir.
mar chlabhsúr ar an lá bringing the day to a close
" Is féidir leo turas a eagrú duit freisin i jípeanna speisialta amach sa ngaineamhlach ina mbíodh Lawrence na hAráibe gníomhach, agus béile traidisúnta amuigh faoin aer san oíche mar chlabhsúr ar an lá.
bhéarfadh sé airgead it would bring money
" Dá ndíolfaidís an gás chrúthódh sé fostaíocht agus bhéarfadh sé airgead isteach sa tír.
a scor to bring to an end
" Is beag imreoir as na Sé Chontae a gheobhadh áit ar fhoireann dá leithéid na laethanta seo agus b’ionann é agus foireann na Sé Chontae a scor beagnach - mura dtabharfaí riail 50/50 isteach mar a rinneadh leis an PSNI! Ní fheicfidh muid foireann sacair uile-Éireann go ceann deich mbliana ar a laghad.
ag tabhairt chun beatha bringing to life
" I dtosach báire, caitheamh aimsire a bhí ann don bheagán daoine a bhí go maith as; caitheamh aimsire a bhí ceannródaíoch agus a raibh beagán draíochta ag baint leis, ag tabhairt chun beatha íomhánna airgid as dorchadas an tseomra phróiseála.
ag tabhairt chun beatha bringing to life
" I dtosach báire, caitheamh aimsire a bhí ann don bheagán daoine a bhí go maith as; caitheamh aimsire a bhí ceannródaíoch agus a raibh beagán draíochta ag baint leis, ag tabhairt chun beatha íomhánna airgid as dorchadas an tseomra phróiseála.
caithfear sin a chur san áireamh that must be brought into consideration
" Ach tá pobal na hÉireann i ndiaidh athrú agus pobal ilchultúrtha atá ann anois agus caithfear sin a chur san áireamh freisin.
a chur i gcrích to bring to fruition
" AÓF: An raibh sé deacair a phleanáil agus a chur i gcrích? MNíB: Ní raibh mar is duine traidisiúnta mé agus gach aon Nollaig úsáidim na seanamhaisiúcháin chéanna agus ní cheannaím na maisiúcháin nua.
a luathú to bring forward, accelerate
" Rinneadh na scéimeanna seo ón mbunphlean a luathú, a bhuí sin le brú leanúnach poiblí (agus cúpla suíochán imeallach san olltoghchán in 2007).
ag iarraidh an t-ísliú céime a thabhairt dó trying to bring him down a notch
" Dá mbeadh duine eile ag iarraidh an t-ísliú céime a thabhairt dó, ní ghlacfadh sé leis.
leis na hathruithe sin a thabhairt i gcrích. to bring those changes about.
" Bhí sé tuigthe ag an chuid is mó de phobal na cathrach go raibh athruithe de dhíth agus bhí dóigheanna éagsúla ann leis na hathruithe sin a thabhairt i gcrích.
an tionscadal seo a thabhairt chun críche. to bring this project to fruition.
" ” Measann an Dr Welch go bhfuil sé “suimiúil” gur beirt atá ag obair ó thuaidh a thóg an dualgas orthu féin an tionscadal seo a thabhairt chun críche.
tugadh éadaí cosanta isteach, protective clothing was brought in,
" Gan trácht ar na céadta dianghortú, maraíodh ocht mac léinn déag agus iad ag imirt peile sa bhliain 1905! Chun a leithéid a sheachaint, cuireadh toirmeasc ar na seifteanna úd, agus tugadh éadaí cosanta isteach, mar chlogaid agus gheansaithe pardógacha.
cuireadh dlí nua i bhfeidhm a new law was brought into force
" Ag an am chéanna, cuireadh dlí nua i bhfeidhm a d’ordaigh go gcaithfí tochailt seandálaíochta a dhéanamh idir treascairt agus atógáil.
ceart chun a dteaghlaigh a thabhairt go hÉirinn the right to bring their families to Ireland
" Ós rud é nach mbíonn ceart chun a dteaghlaigh a thabhairt go hÉirinn bainte amach go fóill ag an lucht iarrtha tearmainn, imíonn ceithre bliana san iomlán i roinnt mhaith cásanna sula ndéantar dídeanaithe in Éirinn agus a dteaghlaigh a thabhairt le chéile arís.
ó thaobh na dánta a thabhairt chun beatha don éisteoir. in terms of bringing the poems to life for the listener
" Tá dlúthdhiosca ceoil agus aithriseoireachta ar fáil leis an gcnuasach, a ndéanann leathbhádóir rialta Mhic Dhonnagáin, John Ryan, éacht leis ó thaobh na dánta a thabhairt chun beatha don éisteoir.
Spreag agus chothaigh Kieran Kieran encouraged and brought on
" Spreag agus chothaigh Kieran go leor léiritheoirí óga lena linn.
a chuir an t-iar-rialtas i bhfeidhm which the last government brought into effect
" WorkChoices* *a tugadh ar na dlíthe seo, aa chuir an t-iar-rialtas i bhfeidhm go luath in 2006.
Thug na daoine seo amhráin leo these people brought songs with them
" Thug na daoine seo amhráin leo agus ba uathasan a fuair sí cuid de na hamhráin a bhí aici.
a thugann siad ar camchuairt which they bring on tour
" Bíonn sé mar aidhm acu trí sheó a léiriú in aghaidh na bliana – ceann amháin atá dírithe ar pháistí bunscoile, a thugann siad ar camchuairt idir mí Eanáir agus mí an Aibreáin; ceann eile (a bhíonn rud beag níos *risqué*) atá dírithe ar dhéagóirí, a thugann siad ar camchuairt go scoileanna samhraidh sna Gaeltachtaí uilig i rith an tsamhraidh; agus ceann eile arís a léiríonn siad go speisialta le haghaidh na bhféilte drámaíochta a bhíonn ar siúl i mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair.
Bhíothas ag iarraidh an chéad ghlúin eile a chothú. They was an effort to bring and the next generation
" Bhíothas ag iarraidh an chéad ghlúin eile a chothú.
an tábhacht a bhaineann le tallann úr a chothú, how important it is to bring on new talent
" Ach ó mo thaobhse de, ba é ceann de na rudaí ba mhó ina éadan ná nár thuig na daoine a raibh mise ag plé leo an tábhacht a bhaineann le tallann úr a chothú, a spreagadh agus a thabhairt ar aghaidh.
bhí Lunny ag iarraidh Planxty a thabhairt treo eile ar fad Lunny wanted to bring Planxty in a different direction altogether
" Treo nua le Moving HeartsAg deireadh na seachtóidí, bhí Lunny ag iarraidh Planxty a thabhairt treo eile ar fad agus cnaguirlisí agus dordghiotáir a bheith mar chuid d’fhuaim an ghrúpa.
sin an áit ar tógadh máthair Lunny, that is the place where Lunny's mother was brought up
" B’as Gaeltacht Rann na Feirste é Mac Grianna agus sin an áit ar tógadh máthair Lunny, a cailleadh le gairid.
ag tabhairt na teanga ar ais i mo shaol, bringing the language back into my life
" “Tá Tír Chonaill mar chuid an-mhór de mo shaol agus tá leabhar Mhic Grianna ag múscailt go leor leor seanchuimhní agus ag tabhairt na teanga ar ais i mo shaol, rud atá go hálainn.
a chur chun cinn. to promote, bring to the fore
" Agus na Cluichí Oilimpeacha ar tí a bheith ar siúl i mBéising i mí Lúnasa, ní fhéadfaí am níos oiriúnaí a roghnú le cearta daonna mhuintir na Tibéide a chur chun cinn.
chuir gach cuid dá shaol gliondar air every part of his life brought him joy
" Bhí croí éadrom aige agus chuir gach cuid dá shaol gliondar air – a theaghlach agus a chairde, a phost, a chultúr, agus an Ghaeilge.
ag tabhairt cuairte ar a theachín dúchais, visiting the cottage where he was brought up,
" Agus muid ag tabhairt cuairte ar a theachín dúchais, bhraith mé an bochtanas a bhí ann le linn a óige.
a thabhairt chun foirfeachta to bring to perfection
" “Sa ghearrthréimhse, teastaíonn uainn an gléas atá forbartha cheana féin a thabhairt chun foirfeachta agus glórtha do na mórchanúintí eile a chur ar fáil chomh maith.
a chuir na díolacháin seo i gcrích. who brought off these sales
" Ba é Aire Cosanta na Seoirsia, Davit Kezerashvili – ar saoránach de chuid Iosrael é – a chuir na díolacháin seo i gcrích.
ní a bhéarfas something which shall bring
" asp , ní a bhéarfas idir mhianraí agus mhuireolais chugainn amach anseo.
iompar anall to bring back
" Ceannaigh thusa na bronntanais ar fad di agus tú i Meiriceá, agus iompar anall iad más ea.
bhreith liom to bring with me
" Ach ar leibhéal níos dáiríre, ba bhreá liom cara liom, atá tinn, a bhreith liom chuig a leithéid de ghléas le suthaireacht ceoil agus fuaime a thabhairt di a bheathódh í, a chneasódh í.
chur i gcrích to bring to its conclusion
" Ba i mbothóig i gcúl an tí a bhí láthair an uafáis, an áit a dtéadh sé i bhfolach ón tsaol mhór chun a dhrochbheart a chur i gcrích.
chun cuimhne (brings) to mind
" Sin ráite, caidé faoi Bhuiséidí a thugann Jim Kemmy agus Earnán de Blaghad chun cuimhne dom? Chuireas aithne fadó ar Jim Kemmy agus bóithre na hÉireann á siúl agam sna hochtóidí le ‘Ireland’s Eye’.
chrochadh leat bring with you
" Mhol meitheal faire de chuid an rialtais in Éirinn an mhí seo caite, mar shampla, lón pacáilte a chrochadh leat chun na hoibre in áit an lón a cheannach gach lá.
fháil amach bring out
" Tá mórán daoine an-mhíshásta faoi seo de bhrí go laghdaíonn sé an daonlathas logánta, dar leo siúd, agus deirtear go mbeidh deacracht ag na páirtithe seo foireann a fháil amach ag gríosú vótaí do na hiarrthóirí ceaptha.
chur i gcrích to bring about
" Ní fios cad é a tharlódh dá dtiocfaí ar réiteach go luath sa scéal, ach de réir mar a fuair an deichniúr príosúnach bás i gcarchair na Ceise Fada, b’amhlaidh ba láidre a d’éirigh Sinn Féin agus mothúcháin gach náisiúntóir sáite i gcoimhlint na carcrach, a mhalairt den rud a bhí Thatcher ag iarraidh a chur i gcrích.
chur i gcrích bring to fruition
" Dúirt sé liom, dá gcoimeádfainn orm leis an obair mhaith go bhféadfainn go leor a chur i gcrích.
gcruthóidh sé it shall bring about
" Cothaíonn siad thall na gnéithe éagsúla mar go dtuigeann siad go gcruthóidh sé leas agus caighdeán maireachtála níos iomláine agus níos fearr i ndeireadh báire.
má chruthaíonn tú if you bring about
" Tá a lán fianaise againn a thugann le fios, má chruthaíonn tú na gnéithe sóisialta, timpeallachta, cultúrtha maraon leis an ngeilleagar, ag an am céanna, eascróidh forbairt fadtéarmach agus nuálaíocht amach as.
Tugann sé ciall it brings meaning
" Tugann sé ciall don duine sa saol aige/aici féin.
ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin bringing grist to his own mill
" Í cáinte go láidir ag a hiarghiolla, John McGuinness, cé gur dócha go raibh seisean ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin.
Fíorú Físe bringing to life of a vision
" Fíorú Físe Ach bhí fís ag daoine i Ros Muc agus i gCamus, agus an fhís a bhí acu, páirc peile cheart agus ionad le seomraí feistis agus seomraí cruinnithe a thógáil.
corn a bhreith leo to bring away the cup
" Nil fhios agam cén chaoi a dtagaidís le chéile chun traenála, i gcuracha, in eitleán nó ag snámh, ach ba mhór an t-éacht acu é an corn a bhreith leo.
ag tabhairt bringing
" Is mithid dúinn mar phobal teanga ceist an chaiteachais ar an teanga le linn am an ghátair a chíoradh go cúramach seachas a bheith de shíor ag ionsaí an té atá ag tabhairt an teachtaire.
i muinín to bring up
" Seanfhocal nach sáraítear: Mura mbí ach Aire agat, bí i lár an aonaigh leis! Balor: Bhuel, a Thaoisigh, ní gá dom dul i muinín na nuachtán le fáil amach go bhfuil slad i ndiaidh a bheith déanta ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, in ainneoin gur iarr tú ar mhuintir na hÉireann díriú ar cheisteanna beaga suaracha áitiúla agus dearmad a dhéanamh den tsáinn ina bhfuil an tír.
thabhairt chun coiste bring to court
" Is é sin, is cosúil nach raibh an stát sásta luíochán seachtain nó coicíse a eagrú le cúpla céad de mhuintir na scabhaitéireachta a ghabháil is a thabhairt chun coiste.
chur i gcrích bring to fruitition
" D’éirigh liom go leor a chur i gcrích, rinne mé go leor rudaí a scanraigh mé (ar bhealach maith) agus tháinig mé amach an taobh eile in aon phíosa amháin.
nochtaíodh liom brought home to me
" Ó tharla gur ag léamh an ailt seo anois atá tú, is léir gur éirigh liom! Garmin Rud eile a nochtaíodh liom ar an tsaoire seo freisin, ná giúirléid an-úsáideach eile: GPS.
á imirt brought to bear
" Murach an tAontas Eorpach, bheadh cumhacht na dtíortha seo – an Ghearmáin, an Fhrainc, an Ríocht Aontaithe – á imirt orainn ar chaoi ar bith.
thabhairt ar an saol to bring into being
" Tá an t-ionad ainmnithe i gcuimhne Sheáin Uí Chanáin, fear a chaith saol fada ag obair ar son na Gaeilge i nDoire agus a bhí ina chathaoirleach ar an choiste fhorbartha a d’oibir leis an Chultúrlann a thabhairt ar an saol.
cheansú to bring around, soften
" Chreidtí go gcuireadh sé seo an ruaig ar dhiabhal ar bith a bhí ag iarriadh seilbh a ghlacadh ar an chorp chomh maith leis an marbh féin a cheansú sa dóigh is nach mbeadh fonn air aiséirí.
cuimhnítear is brought to memory
" Ach a luaithe is a luaitear ‘stáisiún eithneach’, cuimhnítear láithreach ar na heachtraí a tharla i Three Mile Island in 1979 agus i Chernobyl in 1986 nó ar an gconspóid ar fad faoin stáisiún eithneach i Sellafield (sea, < Windscale) ar chósta thiar Shasana.
chuir giorria eile ina shuí brought up another matter
" Cé atá i gceannas agus cén duine ba cheart a bheith i gceannas agus maidir le pé dream atá i gceannas cé a choiméadfaidh súil orthu? Ar cheart athshamhlú a dhéanamh ar cad is Gaeltacht ann? An bhfuil dóthain sa phlean don chainteoir dúchais Gaeltachta nó an bhfuil an stráitéis róthugtha don dátheangachas? An bhfuil an sprioc de 250,000 cainteoir laethúil faoi 2030 insroichte? An bhfuil dóthain ann chun dul i ngleic le fadhbanna na Gaeilge sa chóras oideachais? An bhfuil an plean radacach a dhóthain? An bhfuil struchtúr ann le cinntiú go gcuirfear i bhfeidhm é? Ceisteanna móra tromchúiseacha Bhí alt eile san *Irish Times* le déanaí, le Brian Ó Broin, a chuir giorria eile ina shuí nach gcloistear chomh minic sin, cé go bhfuil sé fite fuaite leis na ceisteanna eile ar fad.
á chur i gcrích bringing it to fruition
" Is eachtra saoil ar leith é a bhaineann le saol na hÉireann agus is ceann de na smaointe é nuair a cheapann tú ‘cén fáth nach bhfuil sé seo déanta cheana?’ Thóg siad an smaoineamh chuig TG4, thaitin sé leosan agus thosaigh siad á chur i gcrích in éineacht leo.
thionól to bring together
" Is é sin díreach atá déanta ag roinnt eagraíochtaí a bhí chun comhdhálacha éagúla a thionól sa Stát.
chur i gcrích bringing to fruition
" Bhí obair na síochána ar bun i bhfad roimh aimsir Blair, ach níl aon amhras ann ach gur oibrigh sé go dian ar chur i gcrích na síochána.
gcruthóidh shall bring about
" Tá an tsochaí athraithe as a riocht ó shin, ar ndóigh, ach an féidir go gcruthóidh géarchéim gheilleagair an 21ú haois caoinfhulaingt níos buaine?
bhreith leo to bring with them
" Cluiche breá spórtúil a bhí ann idir dhá fhoireann a bhí ag déanamh iarrachta chomh tréan is a bhíodar in ann chun an bua a fháil agus an Corn Ceilteach a choinneáil sa bhaile i gcás amháin nó a bhreith leo trasna na dtonnta go dtí A’ Gháidhealtachd sa chás eile.
a fuineadh agus a fáisceadh sinn we were bred and brought up
" Ba ó na gnáthdhaoine - a itheann a ndinnéar i lár an lae - a fuineadh agus a fáisceadh sinn.
tharraing míchlú brought disrepute
" Ní thabharfar cuireadh d'éinne (iarcheannairí ina measc) a tharraing míchlú orainn chuig an Ard-Fheis feasta.
tionscnaíodh were brought forward
" Tá a chruthúntas nár éirigh le spriocanna an Aire Ryan le feiceáil fosta in dhá chás cúirte a tionscnaíodh ar an mallaibh.
D’ardaigh sé sin that rose, brought about
" D’ardaigh sé sin ana-chuid ceisteanna in ana-chuid daoine óga, mé féin ina measc agus is saghas dul chun cinn nádúrtha é as san, is dóigh liom, ceistiú a dhéanamh faoi rudaí agus aigne a athrú.
deireadh a chur leis to bring an end to
" Is ceart go mbeadh tús áite feasta ag leas an phobail seachas ag leas an duine aonair agus deireadh a chur leis an mbochtaineacht.
feoil agus craiceann a chur ar chuid dá choincheapa (bring) some of his concepts into being
" Cuirtear ina leith go minic, áfach, nach bhfuil sé ar a chumas feoil agus craiceann a chur ar chuid dá choincheapa.
fáiscithe as brought up on
" Tá dintiúirí maithe aige agus é fáiscithe as an pholaitíocht mar a bhí a mhuintir roimhe.
d'fháisc as brought about from
" Is é Ervine ceannaire úr an *Progressive Unionist Party* (PUP), páirtí polaitíochta a bhfuil léargas aige ar smaointeoireacht an UVF (an bhfuil cuimhne agaibh ar an bhéarlagair amaideach sin?) Toghadh Ervine mar cheannaire ar an pháirtí i ndiaidh géarchéime a d'fháisc as dúnmharú uafásach Bobby Moffet ar Bhóthar na Seanchille i mí Bealtaine anuraidh.
chur i gcrích bring to pass
" D'fhéadfaí an tiontú sin a chur i gcrích in achar sé bliana.
is deacair nós a bhriseadh it’s hard to bring about change
" Tá daoine sa Lucht Oibre, nach bhfuil tiomanta ag cumhacht rialtais, a thuigeann go mba cheart don Lucht Oibre fanacht, ach is deacair nós a bhriseadh, cé go mba cheart go mbeadh an ceacht foghlamtha ag an Lucht Oibre, nach chun leasa an pháirtí mhionlaigh a bheith i gcomhrialtas sa tír seo.
curtha i gcrích brought to fruition
" Gan é, ní mórán a bheadh curtha i gcrích.
tugtar thú you’re brought
" Ó thús go deireadh, tugtar thú isteach i mBéal Feirste na haoise sin ina raibh Séamus ag fás aníos mar stócach óg i gcuideachta agus i gcomhluadar a dhearthár Seán agus a mhuintire uilig.
is deacair nós a bhriseadh it’s hard to bring about change
" Tá daoine sa Lucht Oibre, nach bhfuil tiomanta ag cumhacht rialtais, a thuigeann go mba cheart don Lucht Oibre fanacht, ach is deacair nós a bhriseadh, cé go mba cheart go mbeadh an ceacht foghlamtha ag an Lucht Oibre, nach chun leasa an pháirtí mhionlaigh a bheith i gcomhrialtas sa tír seo.
a chur le chéile to bring together
" Sin an uair a bheartaigh siad an tuarascáil sin, Tuarascáil Uí Chinnéide, a chur le chéile.
lena cur i gcrích to bring it into being
" Rinne Roinn na Gaeltachta coimisiúnú air lena cur i gcrích – OÉG a rinne an taighde - agus foilsíodh é.
chur i gcrích brought to fruition
" Tuiscint ar am, ar áit agus tuiscint ar chumas nó ar an méid is féidir a chur i gcrích sa saol.
tugtha chun aibíochta brought to fruition
" Fómhar luath beart umhlaíochta sa Gháirdín Chuimhniúcháin tugtha chun aibíochta.
curtha i gcrích brought to fruitition
" Spriocanna ===== Dúradh sa cháipéis go mbeadh aidhmeanna na meithle bainte amach nuair a bheadh roinnt athruithe curtha i gcrích: - Meas a bheith ar an iomáint i mBaile Átha Cliath i measc spóirt éagsúla - Foirne iomána Átha Cliath a bheith ar na sé fhoireann is fearr sa tír ar bhonn rialta - Ardmheas a bheith ar ghairmiúlacht lucht bainistíochta agus oiliúna na hiomána san ardchathair - Tacaíocht do chur chun cinn na hiomána a bheith ar fáil ó gach uile chlub de chuid an CLG i mBaile Átha Cliath.
bheochan animate, bring to life
" Tá an tsamhlaíocht in ann seanlaochra a bheochan dúinn, mórgacht a chur lena ngaiscí, orlaí lena n-airde, fad lena bpoic, iontas lena ngíomhartha, uaisleacht lena bpearsa agus glaine lena gcroí.
thógfar na cúisimh charges are brought
" Tuigfidh lucht tógtha na ladrann faoi cheann roinnt blianta, áfach, nuair a thógfar na cúisimh éagsúla chun tosaigh ina n-éadan i gcúirteanna SAM féin, an milleadh agus an scrios a rinne siad in áiteanna ar fud an domhain mar a bhfuil cosmhuintir Mhuslamach beo bocht, cosmhuintir ar neamhní lena gcuid rialtas féin iad cuid mhaith.
chuir snaidhm ar an gceangal a bhí eadrainn really brought us together
" Ansin, ar an droichead idir an Ghearmáin agus an Pholainn, tharla eachtra a chuir snaidhm ar an gceangal a bhí eadrainn.
sileadh solas ar iarrachtaí fir amháin one man’s efforts were brought to light
" I rith an tsamhraidh sileadh solas ar iarrachtaí fir amháin i gcathair Átha Cliath a bhí agus atá gan dídean.
Nocht siad iontaisí úra they brought forth new fossilized material
" Nocht siad iontaisí úra sa téacs agus san fhothéacs.
Tugadh anonn mise I was brought over
" Tugadh anonn mise go Glaschú – scéal suimiúil é seo – bhí fear ceaptha an rud a chur i láthair i nGàidhlig; tús an ruda.
coinín é a bhí curtha as tom aitinn it was a matter brought into discussion
" Cheap mé gur coinín é a bhí curtha as tom aitinn ag Éamon Ó Cuív le aird a tharraingt ó rudaí eile a bhí le déanamh.
chur i dtoll a chéile to bring together
" Teastaíonn uathu na tagairtí uilig don Ghaeilge le dhá chéad bliain anuas a aimsiú agus a chur i dtoll a chéile sa leabhar sin, agus tá tús maith curtha leis an obair cheana féin.
thabhairt slán bring safely through
" ” An gcreideann tú go bhfuil Enda Kenny, Brian Hayes, Leo Varadkar agus baill eile an Rialtais in innimh an tír seo a thabhairt slán nuair a thiocfas an crú níos troime ar an tairne amach anseo?** DMFh: Tá mé i mo Theachta Dála le breis is deich mbliana fichead agus chonaic mé géirchéimeanna airgeadais agus dífhostaíochta sna blianta sin agus sílim gur seo an ceann is measa, tharla go bhfuil 460,000 duine dífhostaithe agus daoine óga ag imeacht as an tír.
cuirfeadh sé na deora leat it’d bring a tear to your eye
" Agus thug sé soir go dtí cathair na Gaillimhe muid, agus bhí tréimhse caite agamsa ag obair agus …bhí an t-airgead seo coigilte agus bhí mé tar éis seinnteoir caiséid a cheannach dom féin agus rinne mé taifeadadh de Phádraic, d’fhear an tí, ábhar álainn, paidreacha agus dánta diaga ach an chaoi a ndúirt sé iad, cuirfeadh sé na deora leat, dáiríre, ach pé scéal é thug Máirtín mé féin agus Éilís agus an seinnteoir caiséid soir go dtí Mícheál Ó Concheanainn, scéalaí mór, agus is cuimhin liom i gcónaí an chaint a bhí ag Máirtín agus chomh humhal agus chomh lách is a bhí sé le Mícheál Ó Concheanainn.
chur faoi bhráid to bring to the notice
" Léiríonn comhaid de chuid Roinn an Taoisigh a scaoileadh saor faoin riail 30 bliain gur éirigh le Ann agus Eileen Gillespie, as an Bhun Beag, Gaoth Dobhair litreacha a smuigleáil ó sciathán speisialta i bPríosún Durham agus a chur faoi bhráid cheannairí an rialtais.
chroch mé liom I brought with me
" Ní raibh coileach uaim ach ba léir go raibh an t-éan is fearr faighte acu dom agus in ionad a bheith drochbhéasach, d’íoc mé as, ghabh mé buíochas leo agus chroch mé liom mo chara nua ar ais i dtreo an kayak.
a theacht ar an saol its being brought into being
" Preispitéirigh, nó ó cheart, Saor-Phreispitéirigh na Sé Chontae go háirithe ar an bhronntanas gan choinne in Albain, Comhairle nan Eilean, a theacht ar an saol.
thabhairt aneas bring (it) north
" Is mór an teist é ar an diograis a bhí taobh thiar den iarratas a cuireadh le chéile le Fleadh Cheoil na hÉireann a thabhairt aneas.
Foilsíonn brings to light
" Foilsíonn Sorrentino an carachtar céim ar chéim.
lena gcuid gníomhartha oilc a chur i gcrích to bring to fruition their dirty deeds
" Tuigtear do na póilíní lena chois sin go bhfuil líonra mór daoine ag tabhairt lámh chúnta don NSU lena gcuid gníomhartha oilc a chur i gcrích.