Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leathanaigeanta broad-minded
" Creideann siad go bhfuil na hÉireannaigh iontach leathanaigeanta maidir le ceol, rud a spreagann go mór iad.
aigne leathan a broad mind
" Chuaigh siad beirt in aghaidh an tsrutha le saol agus aigne leathan a thabhairt dá mbeirt mhac.
taithí leathan broad experience
" Tá Aled ag obair don BBC in Abertawe (Swansea) faoi láthair mar chuid den tionscadal Nations and Regions, agus is duine é a bhfuil taithí leathan aige i réimse na craoltóireachta.
a chúl leathan his broad back
" ón gcéfrom the quay ag éalú ó Sergioescaping from Sergio bhí dul amú uirthishe was wrong láithreachimmediately díomádisappointment ón mbriseadh croífrom the heart-break spriocannatargets, ambitions santachgreedy craosvoracity matáinmuscles a chúl leathanhis broad back N'fheadar an fear séimh éI wonder if he's a gentle man ceachtlesson dainséarachdangerous pónairíbeans ar bhonn páirt- nó lánaimsearthaon a part-time or full-time basis grástúlachtgracefulness gníomharthaactions friochtánfrying-pan gluaiseachtmovement rinceoirdancer le fáil go fliúrseachplentiful ag taitneamhshining go hainnismiserable nuair a bhíonn na líonta folamhwhen the nets are empty Bíonn go deimhinIt is indeed a chuid pleidhcíochtahis fooling around Ní bhaineann sin leatMind your own business ró-áthasachto happy Gabhaim pardún agatI apologise fiosrachinquisitive castacomplicated conas a chríochnóidh cúrsaíhow things will finish up mo mhuinínmy trust ar teitheadh uaidhfleeing from him ionraichonest mímhacántadishonest deoratears déistindisgust mórthimpeall orthuaround them ag soilsiúshining ná bac leisdon't bother with him
brollach leathan forbhfáilteach broad welcoming chest
"brollach leathan forbhfáilteach Ian Paisley ag fanacht leis.
leathanaigeanta broad-minded
" Duine cráifeach, cliste, greannmhar, leathanaigeanta a bhí ann agus thug sé léachtaí Gaeilge ag Hyde Park Corner.
meangadh gáire leathan broad smile
" Ní hamháin sin ach bhí meangadh gáire leathan ar a aghaidh agus é ag stánadh ar an spéir.
na smísteoirí leathanghuailleacha the broad-shouldered enforcers
" Gan dabht, dhéanadh na smísteoirí leathanghuailleacha ar a fhoireann arbh é a bpríomhdhualgas é Gretzky a chosaint ó bhuillí fill, agus lucht stiúrtha an NHL a thuig gurbh earra luachmhar é, dhéanaidís cinnte de nach ndéantaí mórán dochair dó i gcluiche atá contúirteach go leor.
taithí leitheadach broad experience
"taithí leitheadach ag Ferdia Mac an Fhailigh ar shaol na Gaeilge ó thuaidh agus ceangal nach beag aige fosta le Gaeltachtaí Dhún na nGall.
glacadh go forleathan leis an tuairim there was broad acceptance of the opinion
" Iadsan a shuigh ag an chomhdháil an lá uilig, ní ródhearfach a bhí siad ar a mbealach abhaile! Ceann de na hábhair a pléadh ar an lá ná an caighdeán teagaisc i gcás na Gaeilge sna scoileanna náisiúnta agus glacadh go forleathan leis an tuairim go raibh deacrachtaí agus dúshláin mhóra sa réimse sin.
leathanaigeanta broad-minded
" Ní fhacthas dom go dtiocfadh liom dul thar an duine seo mar mhúinteoir: duine a thuigfeadh mo chás ó thaobh na staire de agus ó thaobh na polaitíochta de; duine leathanaigeanta a bheadh báúil le cás na n-aontachtóirí agus na bProtastúnach; duine a bheadh páirteach le plandálaithe agus géarleantóirí bochta.
i bhfad níos fairsinge a lot broader
" D’ainneoin sin, thug Conor Hayes, Príomh-Oifigeach Airgeadais RTÉ, le fios don Chomhchoiste go bhfuil teilifíseán ag 99% de thithe na hÉireann agus gurb é a bheas mar chéad phointe rochtana go ceann i bhfad eile! Cibé rud a tharlóidh san am atá le teacht, is cinnte go mbeidh rogha stáisiún teilifíse agus raidió i bhfad níos fairsinge ar fáil in Éirinn sna blianta beaga amach romhainn.
níos leithne broader
" Tá ceistanna ann maidir le cumas na n-airí féin: an bhfuil an triúr mór – An Taoiseach, An Tánaiste, agus an tAire Airgeadais -- in ann dul i ngleic le géarchéim mar seo? Cén taithí agus cén tuiscint atá acu ar scéal seo? Nach raibh Cowen féin ina aire airgeadais nuair a bhí margaíocht na tithíochta á stiúradh ó smacht? Ach anuas air sin tá ceisteanna níos leithne: nuair atá geilleagar an domhain ag titim ó chéile, céard is féidir le tír bheag a dhéanamh? Nuair atá an chuid is mó de ghnónna na tíre i seilbh phríobháideach, nach bhfuil ról an rialtais teorannta go maith? Nuair nach bhfuil aon tionchar againn ar an ráta úis, ná ar luach an phunta sterling, nach bhfuil leathlámh an rialtais ceangailte? D'fhógair an rialtas beartas mór eacnamaíochta i mí na Nollag.
leathanbanda broad band
" Bhí tionchar ní nach beag freisin ar rochtain níos fairsinge ar leathanbanda sreangtha, gan sreang agus soghluaiste i dtíortha forbartha.
leathan cúlrach broad background
" Tá a fhios agam go bhfuil speictream leathan cúlrach, tionchar agus claonadh thart orm ag ’ul i bhfeidhm orm agus le tarraingt uathu.
leathan broad
" Clár Oibre Tá clár leathan beartaithe ag foireann na Cultúrlainne don bhliain seo agus chomh maith le háiseanna a chur ar fáíl trí Ghaeilge, tá ranganna Gaeilge, ceoil, damhsa agus ranganna ealaíne le bheith ann chomh maith le clubanna don aos óg, amharclann a bhfuil slí ann do dhá chéad duine, siopa leabhar agus ceardaíochta, ionad gorlann ghnó agus spás oifige.
leathan broad
" Reáchtáladh réimse leathan d’imeachtaí san Astráil agus sa Tíomór Thoir ar na mallaibh le ceiliúradh a dhéanamh ar eachtraí áirithe a tharla sa Tíomór Thoir sa bhliain 1999.
faoi sholas an lae broad daylight
" Dar le lucht saineolais le fíordhéanaí áfach, ní fheicfear taibhse an t-am seo den bhliain ná aon am eile den bhliain, ach amháin, mar a deir siad anois, aisteach go leor, san áit nach bhfuil aon chumhacht aibhléise ann, go fiú, más faoi sholas an lae féin é.
leathana broad
" Seachas pictiúr de Aoibhinn Álainn Ní Shúilleabháin ar leathanach a haon, níl mórán ann.
leathan forbartha broad developed
" In agallamh cuimsitheach ar RnaG ag an am, dúirt sé le Seán Ó Cuirreáin, gur chreid sé féin go gcaithfidh an tÚdaras fás ina “údarás leathan forbartha”.
is leithne broadest
" Nuair a deirim ‘Meiriceánach', is Meiriceánach mé ar an mbealach is leithne – cuimsíonn an focal an Domhan Nua ar fad.
níba leithne broader
" Bhí go leor den tuairim nuair a foilsíodh an Dréachstraitéis nach raibh sé i gceist go leanfaí ag toghadh seachtar déag ball as bord de scór don Údarás cionn is gur eagraíocht níba leithne a bheadh ann feasta a d’fhreastalódh ar chur chun cinn na teanga sa Stát ina iomláine.
meangadh mór gáirí a broad laugh
" Sa ghrianghraf úd, tá meangadh mór gáirí ar an mbeirt agus iad ag breith leathbharróige ar a chéile le sceitimíní áthais.
haoibh leathan gáire a broad smile
" Filleann sé le haoibh leathan gáire ar a aghaidh agus leabhar giobalach ina lámha.
a dtaithí fhairsing their broad experience
" Ba shaibhre i bhfad saol polaitiúil na tíre dá ndéanfaidís a dtaithí fhairsing i réimsí poiblí áirithe a roinnt.
i lár an lae ghil in broad daylight
" Scaoileadh le gach duine de na híospairtigh san aghaidh i lár an lae ghil agus na gunnadóirí gan ach cúpla slat uathu.
taithí fhairsing broad experience
" Roinnt againn, cé go raibh taithí fhairsing múinteoireachta againn, ní raibh machnamh mar seo déanta againn faoin seomra ranga Gaeilge ariamh cheana, agus b'oscailt súile dúinn é.
fís leathan Éireorpach a broad Irish-European vision
" Ach mar bharr ar an dá bhua san, chum an tsamhlaíocht fís leathan Éireorpach, a shásódh riachtanais na mblianta atá romhainn amach.
bhfuil siadsan dírithe ar phobal níos fairsinge they’re directed at a broader spectrum
" **SMM: An mbeadh sé fíor a rá gur seirbhís do na fíréin é Raidió na Gaeltachta agus nach bhfuil TG4 dírithe ar an lucht éisteacht/féachana céanna; go bhfuil sibhse dírithe ar mhuintir na fíor-Ghaeilge agus go bhfuil siadsan dírithe ar phobal níos fairsinge?** ENíCh: Is dóiche go bhfuil Raidió na Gaeltachta agus TG4 dírithe ar lucht féachana agus lucht éisteachta na Gaeilge sa tír, ach dar ndóighe, is féidir le daoine ar beagán Gaeilge nó gan aon Ghaeilg a bheith ag breathnú ar ghléas teilifíse.
ag freastal ar réimse níos leithne serving a broader range
" Mar sin de, is dóiche go bhfuil TG4 in ann a bheith ag freastal ar réimse níos leithne lucht féachana.
straois leathan gháire a broad grin
" “Cá háit?” “Anseo,” a dúirt sé, straois leathan gháire ar a aghaidh.
chanúint leathan a nochtann broad dialect displays
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
Chodail mé seal faoi na flaithis I slept a while under the broad sky
" Chodail mé seal faoi na flaithis, ach bhíos ag siúl go luath arís roimh éirí na gréine, blaiseadh den bhrón orm na dumhcha a fhágáil i mo dhiaidh.
scagadh leathan, cuimsitheach a broad comprehensive inspection
" Rinne na coistí seo scagadh leathan, cuimsitheach ar an Bhunreacht ach níor gníomhadh mórán ar na moltaí a rinne siad.
plé forleathan leanúnach broad continuing discussion(s)
" I ndiaidh na gcainteanna, dúradh go mbeidh “plé forleathan leanúnach” idir na ceannairí agus an Príomh-Aire amach anseo.
ciall níos leithne a broader meaning
"ciall níos leithne leis inniu, mothú nó léargas ar an bhunchiall atá le rud, léargas a thagann de ghnáth de thoradh ar eachtra nó ar thaithí bheag shimplí nó choitianta.
an dearcadh leathan cuimsitheach seo this broad comprehensive view
" Is leis an dearcadh leathan cuimsitheach seo a bhaineann an trácht atá le cloisteáil le blianta anuas ar cheist na himirce is na forbartha.
tuiscint níos leithne a fháil fríd sin a broader understanding by doing so
" Croí an Scéil ====== “Sin rud a d'fhoghlaim mé i Kosovo mar thuig mé féin go raibh daoine sa mbaile nach dtuigfeadh mar ní féidir an teagmháil, an comhbhá, an tsuim chéanna a bheith agat i gcás stair thír i bhfad i gcéin ach tá suim ag gach duine sa scéal daonna, scéal duine amháin má tá siad in ann caidreamh a bheith acu le duine ar scáileán agus tuiscint níos leithne a fháil fríd sin.
foirgneamh mór leathan a broad large building
" Scríob sí a síniú ar phíosaí páipéir a bhí á sá ina treo ag na céadta a bhí cruinnithe ag na bacainní ísle a bhí curtha suas os comhair Phálás an Chineama, foirgneamh mór leathan a fhéachann amach ar an Muir Aidriad.
tóin mhín leathan uirthi a broad fine bottom under it
" Agus más bád ar déanamh na curaí a bhí aige, tóin mhín leathan uirthi seachas an droimlorga, níor dhóigh dó gan a theacht aníos go láidir, agus an churach a iompar san áit a bhfuil eas agus mearuisce in Cenarth agus Caisleán Nua Emlyn.
an plé is leithne the broadest discussion
" I gcaitheamh na bliana 2014 beidh an plé is leithne agus is féidir á spreagadh agam ar chúrsaí eitice i ngach gné den saol seo ’gainne, i gcomhthéacs náisiúnta agus i gcomhthéacs domhanda araon.
réimse leathan teangacha a broad range of languages
" Tá an tseirbhís ghalánta cruthaithe ag comhlacht atá lonnaithe sa Spidéal inar féidir leat réimse leathan teangacha a fhoghlaim, an Ghaeilge san áireamh.
ar bhonn níos leithne on a broader front
" ● Trí úsáid do haischlibeanna, nochtann do leantóirí do fheathal ar bhonn níos leithne.
Déantar cíoradh ar réimse leathan ábhair a broad matter of material is dealt with
" Déantar cíoradh ar réimse leathan ábhair ann: na tréithe atá riachtanach, an tablóideachas, claonta polaitiúla, tuairiscí ó láithreacha cogaíochta, féidearthachtaí gnó na hiriseoireachta, cén chaoi le ceisteanna a chur agus le freagraí a sheachaint.
fairsing domhanda broad Leinster
" Mar chomartha buíochais agus measa nár chóir na fríosanna seo a thabhairt ar ais chuig an Ghréig? An freagra atá ag na hiarsmalanna móra ar an cheist seo ná gur iarsmalanna domhanda iad, agus tig leis an phobal léargas fairsing domhanda ar chultúir éagsúla a fheiceáil iontu taobh lena chéile.
i seacht gcríocha na héigse in the broad realms of poesy
" Ach rachaidh fós, agus beidh ainm in airde ar Dic Jones i seacht gcríocha na héigse.
ar a thóin bhreá leathan Ghaelach on his fine broad Irish arse
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.
fadhb níos leithne a broader problem
" Measann sé, áfach, go bhfuil fadhb níos leithne ann.
i gcorrán mór leathan a shíneann in a broad arc which stretches
" Go deimhin is sna ceantair sin is mó a fhaightear Afra-Mheiriceánaigh go fóill i gcorrán mór leathan a shíneann ó oirthear Texas soir go Georgia agus ó thuaidh as sin go Virginia.
ar bhonn leathan on a broad basis
" Ach is rud réasúnta nua é, ar bhonn leathan ar aon nós, an oiliúint i gcúrsaí gailf in Éirinn.
léitheoireacht leathan a chur in iúl making his command of a broad range of literature available
" Ach thug na hainmneacha deis níos pearsanta dó freisin, ’sé sin a chuid léitheoireacht leathan a chur in iúl don léitheoir agus béim shoiléir a chur ar chuideachta acadúil nádúrtha Ignatieff féin.
bhfaighfear léirstean fónta go forleathan ar ghnóthaí geilleagair a broad healthy view of economics is obtained
" Go dtí go bhfaighfear léirstean fónta go forleathan ar ghnóthaí geilleagair, is ag únfairt thart a bheas an córas daonlathach.
ag dul amú agus solas acu going astray in the broad light of day
" Tá daoine ag dul amú agus solas acu.