Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag bronnadh bestowing
" Gaeltacht in aghaidh na míosa a mhaíonn siad!! Cá mhéad Gaeltacht sa tír? Cúis dóchais faoi dheireadh? Beag an baol - nó tá "Beo ar Éigean" ag bronnadh stádas Gaeltachta ar áiteanna thar lear anois: Gaeltacht Mhinnesota, Tír na Gaeilge Reoite! Dar le Balor go bhfágann seo mearbhall ar a shamhlaíocht bhocht.
a bronnadh awarded
" Is í seo an duais is mó a bronnadh ar ghrianghrafadóir Éireannach riamh, b'fhéidir.
bronnadh an chonartha teileachumarsáide the awarding of the telecommunications contract
" Cé go gcreidim go bhfaighfear an tUasal Lowry ciontach in 2003, ar bhealach éigin - fiú más amhlaidh go raibh caimiléireacht i gceist, agus níl aon dabht ach go bhfuil rian na caimléireachta ar an ghnó uilig - ní shamhlaím go gcruthófar aon fheall ina choinne maidir le bronnadh an chonartha teileachumarsáide ar an Uasal Denis O'Brien.
Bronnadh an chéim air he was awarded the degree
" Bronnadh an chéim air agus d'fhill sé ar Éirinn, ach táimid i dteagmháil le chéile fós.
gur bronnadh an chéad duais that he had been awarded the first prize
" Bhí an Ghrúdlann ag maíomh gur bronnadh an chéad duais sa damhsa ar an sean-nós air, agus nach raibh sé ach ag siúl suas fríd an scaifte go dtí an beár ag an am.
bronnadh cheadúnas na nguthán soghluaiste the awarding of the mobile phone licence
" Beidh ar an Taoiseach a bheith airdeallach freisin roimh a thiocfas amach ag an mbinse céanna maidir le bronnadh cheadúnas na nguthán soghluaiste.
le bronnadh to be awarded
" Ní hamháin go mbeidh Ryanair ag tosú a gcuid bealaí nua ó Aerfort na Sionainne, ach beidh cinneadh (beagáinín déanach) á dhéanamh ag an Rialtas faoi fhorbairt Aer Lingus, agus beidh na conarthaí a thacaíonn leis na seirbhísí idir na haerfoirt réigiúnacha agus Baile Átha Cliath le bronnadh as an nua.
bronnadh na nduaiseanna the awarding of the prizes
" Is éard a bhí i gceist ná riail a dúirt nach bhféadfadh imreoir a bheith i dteideal an gradam a fháil dá gcuirfí den pháirc é i gcluiche ar bith i rith na bliana, fiú amháin sa tréimhse idir fógairt na foirne agus bronnadh na nduaiseanna.
sin an fáth ar bronnadh ceadúnas orainn that's why we were awarded a licence
" Ach cad iad na cineálacha cláracha ba mhaith léi a chur ar fáil do lucht éisteachta an stáisiúin? “Ba mhaith linn cláracha maithe trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil ná sin an fáth ar bronnadh ceadúnas orainn.
ag bronnadh awarding
" Is é seo an t-ochtú bliain is seachtó atá an tAcadamh ag bronnadh na nOscar mar chomhartha aitheantais agus measa ar lucht scannáin, agus in ainneoin gur beag áit ar domhan nach mbeadh aithne ar an fhear beag órga seo, níl an oiread sin daoine eolach ar a bhunús ná ar an dóigh a bhfuair sé a ainm.
a bronnadh dochtúireacht air he was awarded a doctorate
" Thug sé tréimhse na staidéarachta in Ollscoil Harvard agus b’ann a bronnadh dochtúireacht air sa bhliain 1972.
ag bronnadh saoirse orthu bestowing freedom on them
" Ní nach ionadh, b’fhéidir, más eagal do chosmhuintir an domhain nach bhfaighidh siad lá sa chúirt ná cóireáil dhaonnachtúil i bpríosún ón tír atá in ainm is a bheith ag bronnadh saoirse orthu.
bronnadh na nduaiseanna liteartha the giving out of the literary prizes
" “An chéad rud a dúirt mé ná, agus ní raibh mé ag iarraidh aon drochmheas a léiriú, agus bhí ríméad orm glacadh le honóir iontach mar seo, ‘ach nach seanl*ads* is mó a bhíonn ag plé leis?’” Is é dúirt Liam ar ais ná go mb’fhéidir gur cheart do Thadhg breathnú ar a theastas breithe agus an dáta a sheiceáil! Cineál ambasadóra don Fhéile is ea Uachtarán an Oireachtais agus beidh Tadhg ag freastal ar na trí phríomhócáid: Oireachtas na Cásca i Leitir Ceanainn, bronnadh na nduaiseanna liteartha i mBaile Átha Cliath, agus Oireachtas na Samhna i gCathair na Mart.
bronnadh an onóir MBE uirthi. she was awarded the MBE honour.
" Bhí clú agus cáil ar Jeannie anois agus sa bhliain 1968 bronnadh an onóir MBE uirthi.
Bronnadh céim céad onóracha sa stair air He was awarded with a first class honours degree in history
"Bronnadh céim céad onóracha sa stair air trí bliana ina dhiaidh sin.
ag bronnadh cead pleanála. granting planning permission.
" Bíonn an céatadán seo bunaithe ar úsáid na Gaeilge sa cheantar mar theanga laethúil agus dúirt sé nár thuig sé ó thalamh an domhain tuige nach leagann Comhairle Contae na Gaillimhe síos na paraiméadair maidir leis an choinníoll teanga agus iad ag bronnadh cead pleanála.
bronnadh were presented
" Tugtar cuireadh do na daoine ar fad ar bronnadh an gradam Ordre de la Libération orthu agus atá fós beo a bheith i láthair ag an searmanas seo.
bronnadh was given
" Oilithreacht Cholm De réir na staire, bronnadh an t-oileán ar Cholm Cille nuair a bheartaigh sé dul ar deoraíocht tar éis cath fuilteach Chúil Dreimhne (sa bhliain 561), ar bhraith sé féin ciontach as, i mbealach nach dtuigim, ach tugadh breith air: Mona beith briathra MolaisiGun crois os Áth Iomlaise, Nochon fhuicfindse re mo lindSaeth nó galar a nÉirind.
bronnadh was presented
" Ó 1922 ar aghaidh bronnadh saoránacht na hÉireann ar gach duine a rugadh sa Stát ach i 2004 chuir rialtas Bertie Ahern leasú bunreachtúil faoi bhráid an phobail a d’athródh cúrsaí sa mhéid is nach mbeadh ceart ag leanaí a shaolófaí in Éirinn chun saoránachta ach amháin ar choinníoll go mbeadh duine dá dtuismitheoirí ina shaoránach sa stát.
Bronnadh were given
" Bronnadh céad heicteár de thalamh mhaith churaíochta ar na hiarshaighdiúirí gorma gar do Asunción agus mar aon leis an talamh fuarthas na hainmhithe is an trealamh is gá chun feirmeoireacht a dhéanamh.
Bronnadh was presented
" Bronnadh dhá ghradam le déanaí ar shuíomhanna idirlín i nGaeilge in dhá cheann de chomórtais thábháchtacha agus ba i measc dhá phobail an-éagsúla a tharla: pobal na Gaeilge agus pobal an ghréasáin.
bronnadh was given
" Nuair a bhí Daniel arap Moi ina uachtarán ó 1978 go 2002 bronnadh dáileachtaí talamh foraoise ar a lucht tréachtais agus ar dhaoine dá threabhchas féin, an Kikuyu.
Bronnadh was presented
" Nach aisteach an bhliain a bhí i 2009? Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Barack Obama as a chuid focal deas i gCairo, fad is a bhí sé ag géarú ar an gcogadh in aghaidh na Moslamach san Afganastáin agus sa Phacastáin.
bronnadh presentation
" Cad é a thug síos Tír Chonaill an t-am sin thú? - Bhí bronnadh éigin ar siúl ann? CNC: Comórtas litríochta a bhí ann le haghaidh na scoileanna Gaeltachta i dTír Chonaill.
Bronnadh was presented
" Bronnadh an teideal orm i mbliana gan freasúra áfach.
ag bronnadh awarding
" 5% ======== Ach is dócha gurb é an Roinn Oideachais ba mhó a tharraing caint mar nach raibh siad ag bronnadh na marcanna seo le fada.
bronnadh were presented
" Fuair mé amach gur bronnadh duais nó ardmholadh ar 262 de na tionscadail ach nach raibh ach aon cheann déag, nó 4%, díobh sin i nGaeilge.
Bronnadh was presented
" Bronnadh dochtúireacht oinigh sna míndána air in Ollscoil Uladh sa bhliain 2010, an bhliain chéanna ar bhain sé an ceithre fichid bliain amach.
bronnadh air presented to him
" Ach ba mhaith liom comhghairdeas mór a dhéanamh leis as an ghradam a bronnadh air ar na mallaibh.
bronnadh granted
" Níl le déanamh ag an té atá gafa le cultúr na gceiliúrán ach dul ar líne le teacht ar ainmneacha na ndaoine cáiliúla ar bronnadh urghairí orthu.
Níor bronnadh were not presented, designated
" Níor bronnadh feidhmeanna pleanála ar Údarás na Gaeltachta ariamh, agus ní móide go mbronnfar anois.
bronnadh was given
" Lenár linn féin, bronnadh in Albain, gan choinne, an cineál údaráis a rabhthas á lorg don Ghaeltacht abhus, Comhairle nan Eilean.
Bronnadh was presented
" Bronnadh an gradam is airde ar féidir leis an rialtas a thabhairt, ord Tomáš Masaryk (uachtarán na chéadphoblachta i ndiaidh an chéad chogaidh mhóir), air mar an gcéanna.
bronnadh was presented
" Fógraíodh é ag ócáid i nDánlann Leeds, Yorkshire ag deireadh Mhí Eanáir, nuair a bronnadh an chéad duais air: £16,500.
bronnadh was presented
" Ba é an chéad imreoir nárbh Astrálach é ar bronnadh Bonn Brownlow air, is é sin an gradam is mó de chuid pheil na hAstráile.
bronnadh na ngradam the award presentations
" Cé gurb iad bronnadh na ngradam croílár na Féile, bíonn cainteanna agus díospóireachtaí bríomhara ann chomh maith agus i mbliana, i measc na n-ábhair a bhí faoi scrúdú, bhí ról na meáin chumarsáíde i saol na dteangacha Ceilteacha go háitiúil agus ar bhonn domhanda.
bronnadh ar presented
" Na Buaiteoirí ===== D’éirigh le léiriúcháin teilfíse, raidió agus na meáin úra Ghaeilge ainmniúcháin a fháil ar ghearrliosta iomaíoch na Féile, ina measc, Raidió Fáilte agus Tobar Productions, ach ba iad na forais sheanbhunaithe, RTÉ (teilifis agus raidió) chomh maith le TG4, a thug leo tromlach na ngradam a bronnadh ar léiriúcháin as Éirinn.
bronnadh céim oinigh presentation of an honorary degree
" Mhínigh an tOllamh Marianne Elliot don lucht éisteachta gur smaoineamh de chuid Fergal Keane a bhí san imeacht nuair a thug an bronnadh céim oinigh ar an iriseoir iomráiteach ar na mallaibh.
Bronnadh was presented
" Bronnadh Gradam ‘Iriseoir na Bliana’ de chuid ESB air i 2003.
nuair a bronnadh na boinn orthu when they were presented with their medals
" Níorbh é a n-éacht ar an raon rásaí a tharraing aird an domhain ar an triúr, ámh, ach a n-iompar misniúil conspóideach le linn an tsearmanais nuair a bronnadh na boinn orthu.
bronnadh was presented with
" Fisiceoir ab ea Bohr agus i 1922, bronnadh duais Nobel air don obair cheannródaíoch a bhí déanta aige sa réimse úd.
Bronnadh costaisí ar costs were given to
" Bronnadh costaisí ar an Stát agus léiríonn miontuairisc ón 24 Lúnasa, 1982 gur iarr Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit comhairle ón Ard-Aighne, John Murray, ar cheart leanstan anois leis an chás bhunaidh a ghlacadh in éadan an chosantóra.
bronnadh was granted
" Chuir an bheirt acu isteach ar stádas dídeanaí, stádas a bronnadh orthu roimh dheireadh na bliana sin.
Bronnadh an gléas air mar dhuais he was presented with the instrument as a prize
" Bronnadh an gléas air mar dhuais tar éis dó comórtas ríomhaireachta a bhuachan dá scoil, Coláiste na Toirbhirte i gcathair Chorcaí.
bronnadh achainí ar a petition was presented to
" An tseachtain seo caite, bronnadh achainí ar Ard-Mhéara Bhéal Feirste agus é sínithe ag 400 Gael ag iarraidh aitheantais dá dteanga, dá stair agus dá gcultúir sna himeachtaí comórtha:
 “Molaimid, na Ceithre Chéad Saoránach Feirsteach, Gaelach thíos don Ard-Mhéara reatha agus do chomhairleoirí uilig na Cathrach an Chairt seo, Cairt Bhéal Feirste 400, a chur roimh chruinniú den chomhairle iomlán le go bpléifear é agus go dtabharfar suntas do ról agus do shaibhreas na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh mar chuid shuntasach, bhunúsach d’oidhreacht na Cathrach.
bronnadh duaiseanna láithreach air it was awarded prizes immediately
" Seoladh *Minecraft* don PC déanach i 2011 agus bronnadh duaiseanna láithreach air: “*best downloadable game*”, “*best indie game*”, srl.
ar bronnadh stádas dídeanaí orthu who were given refugee status
" Uaireanta bíonn inimircigh a bhfuil cead acu a bheith i Maracó i measc na ndaoine a thugtar chun na teorann, fiú amháin dídeanaithe, is é sin daoine a theith óna dtír dhúchais mar gheall ar ghéarleanúint ar bronnadh stádas dídeanaí orthu i Maracó.
an dóigh ar bronnadh an comhramh how the trophy was presented
" Ní raibh aon eolas ag bord rialacháin an chlub faoi stair an choirn, ach ba chuimhin le seanbhaill áirithe an dóigh ar bronnadh an comhramh ar an gclub.
Cé nár bronnadh tearmann polaitiúil ach ar although political asylum was only granted to
" Cé nár bronnadh tearmann polaitiúil ach ar 2% de na Guatamalaigh a rinne iarratas air le linn na n-ochtóidí, tá suas le milliún Guatamalach ag cur fúthu sna Stáit faoi láthair.
faoinar bronnadh stádas Gaeltachta by which G. status was granted
" Tóg Acht na Gaeltachta 2012, mar shampla, faoinar bronnadh stádas Gaeltachta ad infinitum ar cheantair nach bhfuil aon rian den Ghaeilge fágtha iontu, arbh fhiú trácht air.
ar ar bronnadh an Leon Óir which was awarded the Golden Lion
" Seachas fáinne gealltanais Scarlett Johansson ba é ba mhó a tharraing aird le linn na féile ná an scannán ar ar bronnadh an Leon Óir, príomhdhuais na féile.
na buanna fáistine a bronnadh go nádúrtha air his natural abilities of fortune telling
" Luaigh Cheiro ina chuimhní cinn, a raibh an-tóir orthu tráth dá raibh, gur thaistil sé chun na hIndia agus é ina ógfhear chun snas a chur ar na buanna fáistine a bronnadh go nádúrtha air.
bronnadh were presented
" Clann ina raibh seachtar deartháireacha a bhain clú agus cáil amach in Éirinn, sa Bhreatain agus i Meiriceá agus ar bronnadh gradam Dámhachtain na Laochra in Éirinn orthu sa bhliain 1982 de bharr a gcuid gaiscí spóirt.
Bronnadh saoirse na hInse ar the freedom of Ennis was given to
" Bronnadh saoirse na hInse ar Mhuhammad Ali ar an tuisint go bhféadfadh gur tháinig a shinsheanathar ón bhaile.
bronnadh duais ar an bhfoireann a prize was presented to the team
" I gcuimhne ar an mbua a fuair siad ar pháirc na himeartha an lá sin, bronnadh duais ar an bhfoireann.
bronnadh was presented
" Tugadh aitheantas d’obair saoil Lhote sa Fhrainc nuair a bronnadh an Grand Prix National de Peinture air sa bhliain 1955.
bronnadh an conradh ar the contract was given to
" B’fhéidir go bhfuil cuid den locht ar an bhForas sa mhéid is gur bronnadh an conradh ar lucht gnó nach bhfuil spéis acu sa Ghaeilge ach le brabach a dhéanamh aisti.
ar bronnadh cead pleanála planning permission was granted
" Tá an tírdhreach breac le fógraí agus le comharthaí agus gan a fhios ag éinne ar bronnadh cead pleanála ar aon cheann acu ariamh.
bronnadh were presented
" Bhí Roseanne Smith i láthair nuair a bronnadh Gradaim Ghréasáin na hÉireann an mhí seo caite agus chonaic sí fiúntas mór sna suíomhanna a bhí ainmnithe ann.