Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bruachbhailte suburbs
" Ciallaíonn sé sin gur féidir leat aistriú go baile eile (go dtí na bruachbhailte go háirithe), áit a bhfuil scoil níos fearr ar fáil do do chuid páistí.
bruachbhailte suburbs
" Dá bhrí sin cónaíonn formhór de bhaill Chumann Báire Caoimhín sna bruachbhailte agus iad scaipthe go maith dá réir.
bruachbhailte suburbs
" Cé nach raibh an chathair i mbaol, bhí cuid de na bruachbhailte agus bailte beaga suas agus anuas le cósta agus sna Blue Mountains.
sna bruachbhailte in suburbia
" Tógadh mé sna bruachbhailte agus spreag maireachtáil an *status quo* chultúrtha m'fhiosracht faoi dhaoine nár mhair mar sin.
bhruachbhaile suburb
" Tógadh Mac Coille i gCluain Dolcáin, sráidbhaile taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath atá anois ina bhruachbhaile de chuid na cathrach.
bhruachbhaile suburb
" Níl aithne phearsanta agam féin ar Erika agus Omar, agus níl tuairim agam cad a spreag iad, ach tá aithne mhaith agam ar dhúnmharfóir eile: bean a bhí ina cónaí in aice liom sa bhruachbhaile de chuid thuaisceart Milano ina mairim, a pholl agus a mharaigh a fear céile dhá bhliain ó shin.
bruachbhaile suburban town
" Chuir siad fáilte romham i gcónaí ina dteach néata i mbruachbhaile West Derby.
bhruachbhaile suburb
" Fuair sé a chuid bunscolaíochta i mBaile an Easpaig, ar bhruachbhaile nua é ag an am.
bhruachbhaile suburb
" Tá slí mhaireachtála an bhruachbhaile agus an chaoi a mbítear ag brath oiread ar an charr mar chuid de chultúr seo na caoithiúlachta chomh maith.
bruachbhaile suburb
" Thug sé le fios go láidir go bhfuil sé breá sásta a bheith lonnaithe i mbruachbhaile de chuid Los Angeles agus, cé go mbraitheann sé uaidh an baile, go bhfuil sé ar a shuaimhneas ansin mar sin féin.
sna bruachbhailte in the suburbs
" Deir sé gur faoin fhoréigean comónta a tharlaíonn sna bruachbhailte atá a shaothar.
ó na bruachbhailte from the suburbs
" "Sna nóchaidí, bhíodh na fir a bhí thart orm ag rá: 'Pósfar tú gan mhoill, beidh páistí agat, agus tosóidh tú ag taisteal isteach sa chathair ó na bruachbhailte'," a chuimhnigh Buckley, atá bliain is daichead d'aois, le gairid.
bruachbhailte nua-aimseartha modern suburbs
" An tseanchathair ======= Tá seanchathair mhór i bPrág, agus bruachbhailte nua-aimseartha thart uirthi.
bruachbhailte suburbs
" Inár gceantar féin, i mbruachbhailte Nua-Eabhrac, eagraíonn grúpaí mar Dhaltaí na Gaeilge, *Tara Circle*, agus *The Irish American Association of Northwest New Jersey* deirí seachtaine agus laethanta Gaeilge.
bruachbhaile suburb
" Tá suíomh buan againn don scoil i dTeach Fheadha Cuilinn ar Bhóthar Oakley i Raghnallach, bruachbhaile atá tuairim is ar dhá mhíle ó lár na cathrach i mBaile Átha Cliath.
bruachbhailte suburbs
" Céard in ainm Chroim atá ag tarlú ann nuair atá 25 faoin gcéad de pháistí óga an chontae ramhar nó fíor-ramhar? Agus má tá cúrsaí chomh dona sin in áit mar Liatroim, cé mar atá an scéal i mbruachbhailte na gcathracha móra? Rinneadh an suirbhé i measc 361 páiste a d'fhreastail ar ranganna na naíonán mór i mbunscoileanna Liatroma an bhliain sin.
bruachbhaile suburb
" " bruachbhaile Rugadh Goggin i mBaile Bhailcín, bruachbhaile in iar-dheisceart chathair Bhaile Átha Cliath nuair nach raibh mórán ann ach "páirceanna agus sméara dubha!" Nuair a bhog a tuismitheoirí go dtí an ceantar sna caogaidí, ceantar tuaithe a bhí ann.
bruachbhailte suburbs
" Tá postanna maithe acu, ach gan dóthain pá le go bhféadfaidís gnáth-theach a cheannach i mbruachbhailte na hardchathrach féin de bharr praghsanna arda, arb iad na glúnta níos sine atá ag ceannach an dara nó an tríú teach mar infheistíocht dóibh féin is dá gclann is cúis leo cuid mhaith.
a cuid bruachbhailte its suburbs
" Tá Gaeltacht Chonamara faoi bhrú de bharr é a bheith buailte le cathair bhríomhar atá ag síorfhás agus a bhfuil a cuid bruachbhailte ag bogadh siar de réir a chéile.
bruachbhaile suburb
" Shocraigh muid in Bankstown, bruachbhaile a raibh cáil air sna blianta tosaigh a raibh coilíneacht anseo i NSW mar Irishtown.
bruachbhailte suburbs
" Thugadar ruathar faoi chuid de na bruachbhailte cois trá in oirthear agus i ndeisceart Sydney, ag scriosadh carranna agus ag ionsaí daoine.
bruachbhailte suburbs
" Chuir an rialtas nua (treoraithe ag an gComhaontas Glas) bearta bunúsacha i bhfeidhm: cosc ar ghluaisteáin le paisinéir amháin ar roinnt de na príomhbhóithre ag an mbroidtráth; páirceanna rothar i bhfad níos fearr in aice le stáisiúin agus stadanna bus; fáinne carrchlósanna “*Park and Ride*” timpeall na gcathracha; traenacha dhá urlár ag dul go dtí na bruachbhailte; comhartha leictreonach ag gach stad bus ag tabhairt amanna na gcéad bhusanna eile; faoiseamh cánach dóibh siúd a cheannaigh rothar; agus táillí plódaithe tráchta (is gá íoc chun tiomáint sna cathracha idir 7 a.
bruachbhaile suburb
" ” An dóigh léi go bhfuil sé réadúil na carachtair go léir sa leabhar bheith ag labhairt Gaeilge agus cónaí orthu i mbruachbhaile i mBaile Átha Cliath? “Tá a fhios agat nach mbeadh Gaeilge á labhairt ag na daoine seo dá mba rud é go raibh sé réadúil.
bhruachbhailte suburbs
" Ar cheart go gcuirfí na cúinsí céanna teanga san áireamh le srian a chur ar thógáil i mBaile Chláir is a chuirtear san áireamh ar an Cheathrú Rua, mar shampla? Bhí an neamhréir seo rí-shoiléir i dtoghchán an Údaráis anuraidh fiú, tráth ar toghadh ionadaithe ar bheagán Gaeilge ó bhruachbhailte na Gaillimhe fad is a fágadh áiteanna eile i gcroílár na Gaeltachta gan ionadaíocht.
mar bhruachbhailte as a suburb
" I gConamara, mar shampla, tá go leor de Chois Fharraige i mbaol a bheith slogtha isteach mar bhruachbhailte de Chathair na Gaillimhe, atá de shíor ag bogadh siar.
bruachbhaile suburb
" Is dócha go bhféadfá a rá gur bruachbhaile de chuid na Gaillimhe atá anois ann.
i mbruachbhailte i bhfad ó chathracha, in suburbs far from cities,
" Agus luachanna tithe ag titim, go háirithe i mbruachbhailte i bhfad ó chathracha, tá sciar níos mó de thuarastal na ndaoine á chaitheamh ar mhorgáistí gan dóchas ag na húinéirí céanna go bhfaighidh siad costas a dtithe ar ais nuair a dhíolfaidh siad arís iad.
bruachbhailte suburbs
" Tá mogalra bóithre timpeall agus thar Chuan Chesapeake anois a chuirfeadh bruachbhailte Bhaile Átha Cliath, méadaithe faoi dheich, i gcuimhne duit.
bhruachbhaile suburb
" Tugtar an “Gabba” ar an staid seo toisc go bhfuil sé suite sa bhruachbhaile Woolloongabba, focal arb é is brí leis ná “áit le haghaidh cainte agus troda” i dteanga bhundúchasach na háite.
sna bruachbhailte in the suburbs
" Faraor, is radharc annamh go fóill é Gormaigh a fheiceáil sna bruachbhailte agus sna foirgnimh ghnó.
aimsir fhás na mbruachbhailte, the time of the growth of the suburbs,
" Ba iad na caogaidí aimsir fhás na mbruachbhailte, agus déantar trácht go forleathan anois ar "*White Flight*" – teitheadh na ndaoine geala ó phlódcheantair na gcathracha amach go dtí na bruachbhailte.
i mbruachbhaile in the suburb
" Nuair a bhuail mé léi i mbruachbhaile na Carraige Duibhe i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath le gairid d’fhiafraigh mé di ar cheap sí nár chaith RTÉ i gceart léi ag an am, gur bhrúigh siad chun cinn barraíocht í.
bruachbhailte suburbs
" Tá daoine eile – John Gleeson i Milwaukee agus Sóisear agus Molaí Mac Cionnaith, cuir i gcás – i ndiaidh a bheith bainteach le gach aon ní a tharla ó thaobh chur chun cinn na teanga de i mbruachbhailte Nua-Eabhrac.
i mbruachbhaile bocht in a poor suburb
" Chun an clár “Faoistin Favela” a dhéanamh, chuir mé fúm i mbruachbhaile bocht – Favela – i gcathair Salvador in oirthuaisceart na Brasaíle.
cnuasach bruachbhailte a collection of suburbs
" Maidir le stíl mhaireachtála mhuintir Canberra, mothaíonn siad go bhfuil muid rórialaithe – dar le go leor cuairteoirí, níl sa chathair ach cnuasach bruachbhailte gan anam.
bruachbhaile suburb
" Is bruachbhaile de chuid Pamplona é Cizur Minor agus tá sé gar don ollscoil.
bruachbhailte suburbs
" B’fhéidir go dtiomáineann siad ó na bruachbhailte ar maidin; fanann siad san oifig ag am lóin; agus pilleadh ar ais chuig na bruachbhailte i ndiaidh am oibre.
bruachbhailte suburbs
" Caithfear a rá nár thuig mé i gceart a láidre agus a thapúla is a bhíonn an cineál falscaí a tharlaíonn go rialta san Astráil, go dtí gur bhuail stoirm olldóiteáin na bruachbhailte in iarthar Canberra sé bliana ó shin.
mbruachbhaile suarach a dilapidated suburb
" Léirmheas na Míosa ‘*Let the Right One In*’ (2008) Kare Hadebrant OskarLina Leandersson EliPer Ragner Hakan Johan Soderqvist CeolHotye van Hoytem Ceamara Tomas Alfredson Stiúrthóir Suite i mbruachbhaile suarach i Stockholm sna luathochtóidí, is scéal fíorshímplí ar shlí amháin é ‘*Let the Right One In*’ faoi bhuachaill óg dhá bhliain déag a thiteann i ngrá leis an chailín nua a bhogann isteach béal dorais.
shuaracht an bhruachbhaile the suburban dilapidation
" Is léir ar shuaracht an bhruachbhaile gur théaltaigh an dóchas as an áit seo i bhfad siar.
mbruachbhailte na gcathracha the cities suburbs
" I mbruachbhailte na gcathracha atá an Ghaeilge á labhairt go bródúil fós, agus muintir na hÉireann ag gearradh táillí arda ar eachtrannaigh chun rúide a thabhairt thart ar Ghaelscoileanna le go bhfaighidh siad blaiseadh beag d’oidhreacht na hÉireann.
bruachbhaile suburb
" Chuaigh cúrsaí ó mhaoil go mullach nuair a bunaíodh buíonta forairdill i measc na mac léinn Indiach in Melbourne ag trí stáisiúin traenach, agus nuair a tharla ionsaithe díoltais in Harris Park, bruachbhaile in iarthar Sydney, tar éis ionsaí eile ar mhac léinn Indiach ann.
mbruachbhaile suburb
" Bhíomar ag fanacht i mbruachbhaile darb ainm Allen, agus níorbh fhada Allen in aon chor ón DART, an traein phoiblí.
mbruachbhaile suburb
" DuaiseannaBeidh triúr buaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais ceann de na leabhair seo: Ar Muir is ar Sliabh le Dermot Somers nó Tromluí le hÁine Ní Ghlinn nó Favela le Alex Hijmans FavelaAlex HijmansFoilsithe: Dé Máirt 6 Deireadh Fómhair 2009Praghas: €18Cónaíonn Alex Hijmans (Foinse, Nuacht TG4/RTÉ) i mbruachbhaile bocht, contúirteach sa Bhrasaíl.
bhruachbhaile doilíosach piteous suburb
" ‘Un prophete’ ‘*The Prophet*’ le Jacques Audiard Caitear Arabach óg faiteach ó bhruachbhaile doilíosach éigin, déagóir neamhliteartha, isteach i gcarcar sceonmhar ina bhfuil maifia chrua na Corsaice i réim.
bhruachbhailte suburbs
" Ní Aoibhinn Beatha Dalta I mí Eanáir na bliana seo, maraíodh mac léinn ocht mbliana déag d’aois i scoil i gceann de bhruachbhailte Pháras.
mbruachbhailte suburbs
" Is ábhar imní é an ráta ard inimirce reatha ag daoine áirithe abhus, ach go mór mór i measc na ndaoine a chónaíonn i mbruachbhailte na gcathracha móra.
mbruachbhailte suburbs
" Cáineadh eile atá ar a chuid scríbhneoireachta ná go mbíonn saol i mbruachbhailte mar Chill Bharróg leadránach go maith, déanta na fírinne, agus ní bhíonn sé chomh ‘sciobtha’ agus a mbíonn sé ina chuid leabhar.
mbruachbhaile suburb
" Scéal comhaimsireach, suite i mbruachbhaile anaithnid i Tokyo, i bhfad ar shiúl ar chuile bhealach ó chathair iltíreach na dturasóirí.
bhruachbhailte sceite an éadóchais suburbs which spawn hopelessness
" Go deimhin, is i Ríocht ceart na nAinmhithe atáimid, agus sí Janine ‘Smurf’ Cody an leon baineann is cumhachtaí agus is contúirtí díobh uile ar sirtheoireacht sa domhan thíos – an domhan as riocht fá bhun bhruachbhailte sceite an éadóchais.
mbruachbhailte bochta poor suburbs
" Ach má chuireann tú ceist ar dhuine de na milliúin daoine a bhfuil cónaí orthu i mbruachbhailte bochta na tíre cén polaiteoir is fearr leo, ní chloisfidh tú ach freagra amháin: Lula.
bhruachbhaile suburb
" Ar maidin an 7 Aibreán, chuaigh Wellington Menezes de Oliveira, 23, isteach sa mheánscoil ar ar fhreastail sé féin tráth, sa bhruachbhaile Realengo i gcathair Rio de Janeiro.
mbruachbhailte suburbs
" Mionchoirpeach ar imeall na coiriúlachta sráide i mbruachbhailte Barcelona is ea é.
mbruachbhaile suburb
" Tá iarrachtín sa bhreis ar an trí scór ag Mija (Yoon Jeong-hie), baintreach sheanmháthar ina cónaí i mbruachbhaile sa Chóiré Theas.
bruachbhailte suburbs
"bruachbhailte móra timpeall air.
Bruachbhaile suburb
" Bruachbhaile atá ann anois, ach ansin bhí sé faoin tuath," dúirt sí liom.
bruachbhailte ar imeall suburbs on the edge
" Mar shampla, tá na bruachbhailte ar imeall Chathair na Gaillimhe fágtha sa Ghaeltacht ‘nua-shainmhínithe’.
an saol i mbruachbhailte bochta a gcathair dhúchais life in the poor suburbs of their native city
" Níl an mheánscoil críochnaithe acu fós – ach is fir iad Enderson Araújo (20) agus Tiago Davi (18) a bhfuil fís acu: teastaíonn uathu an saol i mbruachbhailte bochta a gcathair dhúchais Salvador a fheabhsú.
bruachbhaile a suburb
" Nuair a d’amharc mé ar A-Z Londain, thug mé faoi deara gur bruachbhaile i ndeisceart Londain atá ann.
bruachbhailte suburbs
" Deirtear fosta go bhfuil fás an-mhór faoin chóiriúlacht i gcoinne daoine a bhfuil airgead acu sna bruachbhailte agus go bhfuil sé seo ag cothú teannais idir an dá chine.
sna bruachbhailte thiar in the western suburbs
" Ní raibh aon fhoireann sacair sna bruachbhailte thiar i bPríomhsraith na hAstráile, mar shampla.
mbruachbhailte suburbs
" Thug an CAQ suíocháin i gCathair Québec agus i mbruachbhailte Mhontréal leis, agus chinntigh sin nach mbeadh an bua ag Marois.