Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bruite boiled
" Na huibheacha bruite a raibh mé ag súil go mór leo, bhí na blaoscanna bainte díobh agus lorg méar salach fágtha orthu! Bhí an freastalaí chomh cairdiúil, gealgháireach sin nach raibh sé de mhisneach agam gearán a dhéanamh! Creid é nó ná creid, d'éirigh liom iad a ithe agus táim fós beo.
bruite go maith well-boiled
" "Beidh péire acu sin agam," a dúirt Ó Cuinneagáin, "bruite go maith.
bruite boiling hot
" Bhí mé bruite san óstán, agus shíl mé mar sin go raibh sé measartha meirbh taobh amuigh.
te bruite just released
" Chan sí cúpla classic, agus ansin lean sí le cuid de na hamhráin úra atá ar a dlúthdhiosca úr te bruite.
eolas te bruite latest news
" Mar sin caidé an ‘big deal’ fá dtaobh de leathanach eile a bheith ag feidhmiú agat nuair atá na boscaí sin ticeáilte cheana féin? Caithimse cuid mhór iarracht agus fuinneamh i ndaoine a sheachaint, agus nuair a deirtear liom go dtig leat a bheith ar gach eolas te bruite fá dtaobh de chuid gníomhaíochtaí agus gluaiseachtaí achan duine a bhfuil tú mór leis, cha dtig liom a shamhlú cúis ar bith le d’intinn a bheith truaillithe ag stuif mar seo nuair nach bhfuil mórán smachta agat ar do chuid gluaiseachtaí agus gníomhaíochtaí féin.
Bhí scéal te bruite breaking news
" Bhí scéal te bruite ag Uinsionn an tseachtain sin mar go raibh cáipéis de chuid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúntachta feicthe aige, cáipéis a leag amach siollabas nua don Ardteist.
ag tochailt le haghaidh scéalta te bruite digging for hot pieces of news
" Ní bheidh aon easpa scríbhneoirí ar fáil chun colúin agus píosaí tuairimíochta a sholáthar don nuachtán úr ach cá bhfaighfear na hiriseoirí a rachaidh ag tochailt le haghaidh scéalta te bruite? Tá líon fairsing iriseoirí Gaeilge ann atá fostaithe ag leithéidí TG4, RTÉ, RnaG, BBC srl.
te bruite agus aistriúchán ar ábhar news and translated material
" Tuigeann siad go maith an difir idir scéal te bruite agus aistriúchán ar ábhar a bhí i gcló cheana féin ar shuíomh eile.
tá tú bréan d’uibheacha bruite you’re fed up with boiled eggs
" Má thaitníonn uibheacha go mór leat ach tá tú bréan d’uibheacha bruite, friochta, scallta agus scrofa, seo anois giúirléid a dhéanfas úbh órga duit.
Úr te bruite hot off the press
" Úr te bruite! Tá éacht déanta ag (i)Beo!(/i) agus ag a scríbhneoir céimiúil Balor.
te bruite latest news
" Míshásamh, corraíl, uisce faoi thalamh, - tá scéal Phríomh-Aire úr na hAstráile ag Bearnaí Ó Doibhlin dúinn te bruite as taobh theas an domhain.
te bruite sna sála i ndiaidh hot on the heals of
" Tá muintir Dhoire nach mór sáraithe ag cuairteoirí ar an chathair tharla Duais Turner ar an bhaile sin te bruite sna sála i ndiaidh Fleadh na hÉireann.
ar an eolas ar fad te bruite has all the latest news
" Tá Balor ar an eolas ar fad te bruite as Cathair na bhFáithe.