Pota Focal Intergaelic
back | beck | bulk | bunk | busk
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag pocléimnigh buck-jumping, frolicking
" Bhíodh sé á faire go laethúil agus í ag teacht ón scoil, í ag pocléimnigh léi go gealgháireach i gcomhluadar na bpáistí glóracha eile i gciorcal a saoil féin.
na boic mhóra the big bucks
" Daoine a chreid go raibh an ceart ar a dtaobh agus nach raibh sásta géilleadh do na boic mhóra.
boic mhóra the big bucks
" "Sa phríobháidiú is mó a deineadh sa tír seo, Telecom Eireann, tá sé soiléir anois gur ar mhaithe leis na boic mhóra a deineadh é agus gurb iad na daoine beaga, an lucht oibre, atá agus a bheas thíos leis.
an bhoic eile the other buck
" Ní fada gur ag caitheamh aníos an Chianti céanna a bheas an bheirt acu, nó is beag an taithí atá ag ceachtar acu ar rud ar bith eile a ól seachas pórtar dubh na hÉireann i gcás Bhalor, agus fíon milis na haltóra i gcás an bhoic eile.
boic mhóra big bucks
" Ní raibh sé i measc na ndaoine a gheobhadh ardú céime agus dá bhrí sin ní shamhlaíonn siad boic mhóra ag dul as a mbealach len é a chosaint dá mba rud é gur cheap siad go raibh sé ciontach.
an diúlach seo thall the boyo/buck over there
" Ní fheicim mórán le rá agat nuair atá an diúlach seo thall ag caitheamh na dtoitín a spíonann sé féin.
ag pocléim buck-jumping
" 'Fhad is a bhí an t-eagarthóir aimléiseach ag screadach agus ag pocléim thart ar chos bhacóide thug mé an-aire don sparán.
an Boicín Braobanta the Rude Buck
" Ar scor ar bith, seo chugaibh agallamh eisiach na míosa seo idir Seoirse Óg Mac Sceiche na Bóibéise agus Balor an Boicín Braobanta.
na boic chéanna the same bucks
" Agus misneach a thug na boic chéanna domh! Ach, ar ndóigh, mar a dúirt mé i leabhrán an dlúthdhiosca, ba é Raidió na Gaeltachta an dara múinteoir sean-nóis a bhí agam, i ndiaidh mo mháthar! AÓF: Tá píosa maith ráite agat i leabhrán sin an dlúthdhiosca, nach bhfuil? BNM: Bhuel, is sórt gealt i ndiaidh dlúthdhioscaí, nó *CD freak*, mé féin.
na boic mhóra the big bucks
" MÁNAS: Oidhreacht na hÉireann! Cén cineál amaidí í sin agat? Nach Éireannach mise? Nach bhfuil mise i mo chónaí anseo oiread chéanna leis na boic mhóra thuas i mBaile Átha Cliath? SUSAN: Is dócha é.
de dheasca ghlámaireacht na mboc óg because of the grabbing of the young bucks
" Nochtadh pór eile ar fad polaiteora de dheasca ghlámaireacht na mboc óg, pór nach n-aithneodh seanfhondúirí ar dhul Martin Corry, is nach sásódh iad ach oiread.
beag beann ar na boic mhóra not paying heed to the big bucks
" Cosúil le cuid mhaith clubanna agus sraithchomórtas eile i Meiriceá a tháinig ar an saol le déanaí, treabhann siad a n-iomaire féin, beag beann ar na boic mhóra, agus is cosúil go bhfuil na sraithchomórtais bheaga seo ag dul ó neart go neart.
cuid de na boic mhóra some of the big bucks
" Tá an t-olltoghchán thart, a chairde, agus tá na créachtaí dá gcneasú, ach níl íocshláinte ar domhan a leigheasfaidh na goine a d’fhulaing cuid de na boic mhóra i saol na polaitíochta a throid gan taise gan trua sa chogadh fuilteach atá díreach thart.
poc buck
" Bhí poc mór ar buile i gCiarraí fadó A bhuail rop dá chuid adharc ar thóin garda sa cheo.
boic mhóra na heite deise the big right-wing bucks
" Rinne Moon teagmháil le boic mhóra na heite deise sa tSeapáin go luath sna seascaidí, nuair a chuir bunaitheoir CIA na Cóiré (KCIA), Kim Jong-Pil, é in aithne do Yoshio Kodama agus Ryoichi Sasakawa – beirt choirpeach cogaidh agus máistrí *yakuza* a thosaigh ag obair do CIA na Stát Aontaithe (SAM) i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
pocán gabhair buck goat
" Measaim féin, cheal aon taighde ar an ábhar, gur meascán de Chumann na bhFiann, coláistí eile agus de dhream na gaelscolaíocht iad, dream iad a dtugann pocán gabhair na Gaeilge i lár an aonaigh, teilifís na Tulaí, misneach agus uchtach dóibh agus go bhfuil siad sásta thar mar a bhí riamh gabháil i lár aonaigh iad féin agus an teanga mar chuid ghníomach dá bpearsa.
a fhad is go bhfuil cúpla punt le tuilleamh as long as they can make a buck
" Ar an drochuair, ní dócha go bhfuil aon fhiúntas ins an réiteach a bhí molta ag cleas CU BURN, ’sé sin go dtógfaí istigh i bpluaiseanna iad! Tugann an easpa rialtachta, áfach, spreagadh do fhiontraithe gur cuma sa tsioc leo faoi áilleacht na tíre a fhad is go bhfuil cúpla punt le tuilleamh.