Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
buile bóthair road rage
" Níl buile bóthair tagtha i gceart go Dúbai fós.
ar buile angry
ar buile angry
" Is cosúil gur chuir sé in iúl do na himreoirí oíche amháin go raibh sé ag éirí as ach cúpla lá ina dhiaidh sin bhí sé ar ais arís tar éis do chúpla duine de na himreoirí dul chun cainte leis agus a intinn a athrú dhó! Is minic a bhíodh sé ar buile le himreoirí a bhí ag pleidhcíocht ar an bpáirc thraenála (nó ligeadh sé air féin go raibh) agus b'fhéidir go sínfeadh sé an fheadóg chuig an duine a bhí ag clamhsán nó a leithéid agus go ndéarfadh leis dul i gceannas ar an bhfoireann é féin feasta.
ar buile angry
" Duine eile atá ar buile faoi teacht Raytheon go Doire ná Angela Hegarty, dlíodóir, gníomhaíoch ar son cearta daonna, agus iar-LeasChathaoirleach de chuid an SDLP.
le buille buile an cheoil mhire with the mad beat of the crazy music
" Agus murach go n-éisteann Willie Cunningham le 2FM agus é ag tiomáint ar fud na tíre ar nós an diabhail, a chos dheas ag preabadh le buille buile an cheoil mhire, ní thiocfadh leis an Stát seo méid a chuid costaisí a sheasamh.
buile mad
" "Sílim gur rud buile ar fad atá ann.
ar buile raging
ar buile angry
" Chuir mé agallamh ar Gerry Adams i ndiaidh ceann de na géarchéimeanna rialta i bpróiseas na síochána agus bhí mé ar buile nach raibh poblachtánaigh sásta níos mó a dhéanamh ar son na n-aontachtaithe.
rogha bhuile mad choice
" FF, na Glasaigh, agus an PD Gheofá airgead maith, shílfeá, ó na geallghlacadóirí don phacáiste ait seo ach seans nach rogha bhuile amach is amach atá ann.
ar buile angry
" Chaith sé leathchuid dá shaol i bpríosún agus anois tá sé ar buile go bhfuil Sinn Féin i ndiaidh aitheantas a thabhairt don namhaid ar throid sé ina éadan.
ar buile reallly annoyed
" Is léir go bhfuil Ruaumoko, ar dhia na mbolcán é, ar buile go fóill mar tá na bolcáin in Rotorua, a bhfuil gal agus foinsí teo ag borradh astu, fós beo.
ar buile outraged
" Is beag duine in Éirinn nó ar fud na cruinne nach bhfuil ar buile faoin sléacht a rinne Iosrael ar mhuintir Ghaza a thosaigh cúpla lá i ndiaidh Lá na Nollag 2008, nó i rith Hannukah - féile na soilse - de chuid na nGiúdach.
buile rage
" Ar ndóigh, is truamhéalach an fear nó an bhean a chaitheann maslaí agus eascainí i dtreo scáileán na teilifíse le teann feirge agus buile, de dheasca easpa céille agus tuisceana an réiteora, dar leo.
phlean buile crazy plan
" Ach más mian linn go gcaithfí leis ar an bhonn sin seachas mar phlean buile eile de chuid an Aire Uí Chuív, caithfidh pobal na Gaeilge a chinntiú go dtarlóidh díospóireacht leathan roimhré, sa dóigh is go dtig leo teacht roimh aon chlamhsán faoi chaiteachas an stáit ar an teanga (bíodh sé bunaithe ar an fhírinne nó ar an aineolas.
ar buile mad, into a rage
" Bhíodh míreanna ann a chuireadh ar buile mé.
ar buile enraged
" Bhí sé ar buile nuair a theip ar an mbille agus bhain sé úsáid arís is arís eile as na focail “séantóirí athrú aeráide” ina chuid ionsaithe ar an bhfreasúra.
Buile Dé God's madness
" Buile Dé a thug na Gréagaigh ar an spreagadh seo, agus chreid siad nach raibh fiúntas ar bith in aon rud cruthaitheach nár tháinig roimh ré faoi thionchar na mire diaga seo.
fhile na buile the crazy poet's
" Dúirt Socraitéas ‘Má thagann duine chuig doras na filíochta, nach raibh i dteagmháil riamh le buile seo na héigse, agus a chreideann go ndéanfaidh scileanna cumadóireachta file maith de, ní bhainfidh a shaothar stuama céim na foirfeachta amach go deo, mar a dhéanfaidh saothar fhile na buile.
Is mór an buile é it’s a big blow
" Is mór an buile é sin don eagraíocht, mar gan Teachta Dála, is deacair eagraíocht a choinneáil le chéile.
ar buile enraged
" Ní mar sin a tharla sé ar ndóigh - níor tairgíodh dóibh ach iniúchadh teoranta ar pháipéarachas an cháis, á stiúradh ag an abhchóide sinsireach Desmond da Silva, QC - agus tá Geraldine Finucane agus a beirt mhac, John agus Michael agus a hiníon, Katherine ar buile go fóill faoin drochbhail a cuireadh dóibh, agus ní nach ionadh.
carachtair bhuile mad characters
" iomramh na linne seo) de shaghas é ina dtugtar cur síos ar na gníomhartha ríogacha a dhéantar agus na carachtair bhuile a mbuaileann siad leo ar an ród.
Bhíos ar buile I was enraged
" Bhíos ar buile le Nandos anois agus nuair nach ghlac sé leis an rabhadh deiridh, síos an trá linn, amach as an mbosca leis agus d’inis mé dó go bhfillfinn ar an áit an mhaidin dár gcionn, agus dá sé imithe, go dtuigfinn nach raibh sé ag iarraidh taisteal liom a thuilleadh.
ar buile enraged
" Bhí an bainisteoir, Capello, go mór ar buile le Terry, ní nach ionadh.
le buile with the rage
" ” “Cé thú, a dhuine anaithnid, tar éis an tsaoil?” a d’fhiafraigh Liam Lách Ó Maoleejit ó Oireachtas na Gaeilge, a raibh maide gailf ina ghlac aige, agus é a luascadh anonn is anall le buille a chuid cainte agus le buile a chuid feirge.
tíogar buile a crazy tiger
" Bhí muid ag maireachtáil i saol craiceáilte a bhí á stiúradh ag tíogar buile, mar a dúirt sé féin.
ar buile raging
" Ag tús mhí álainn seo an Mheithimh tá Balor bocht ar buile; tá sé le ceangal; tá sé ina chaor mhire.
Mar bhuile scoir as a parting shot
" ‘Il Divo’ le Paola Sorrentino (An Iodáil 2008) Artificial Eye ART436DVD ==================== Mar bhuile scoir tiomnaím ‘Il Divo’, scéal Guilio Andreotti, Príomh-Aire na hIodáile (seacht n-uaire!) do chleas polaitiúil na hÉireann.
cén taom buile what bout of insanity
" Níl a fhios agam cén taom buile a thug orm clárú do 'Dúshlán Bliantúil na Mám Toirc', siúlóid a áirítear ar an ceann is déine in Éirinn.
an aistear buile seo this mad trip
" As ionann is 200 duine a chur tús leis an aistear buile seo i mbliana, d'éirigh le 134 iomaitheoir ceann scríbe a bhaint amach.
laethanta buile sin those crazy days
" Dlí na nImeallchríocha, déarfainn - sna laethanta buile sin nuair ba threise seilbh ná páipéar.
le linn laethanta buile luatha during the crazy early days
" Cuireadh an t-easnamh sin ar shúilibh an Phríomh-Aire Julia Gillard, le linn laethanta buile luatha a réime ghairide.
ar buile enraged
" Tobar, Níl Fhios Agam Thady =========== **Balor: A Aire, níl mé ach ag iarraidh a fháil amach an raibh tú ar buile nuair a bhí daoine ag gearán faoi do cheapachán.
ar buile angry
" Níl mórán trua ag Colm Mac Séalaigh don dream i measc lucht leanúna Manchester United atá ar buile gur díoladh an club leis an Mheiriceánach Malcolm Glazer.