Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúlú sa gheilleagar recession
" Fiú má bhíonn cúlú sa gheilleagar agus má theipeann ar a ghnó siúd, tá árasán acu agus tá post san earnáil phoiblí aicise.
ag cúlú siar backing off
" Bhí sé ar tí gearán os ard nuair a tháinig foireann dochtúirí faoi luas lasrach agus otharcharr á leanacht, an slua ag cúlú siar agus ag oscailt cosán caol isteach dóibh.
cúlú geilleagrach economic recession
" Ar ndóigh, tá cúiseanna leis an laghdú - ionsaithe sceimhlitheoireachta mar a tharla i Nua-Eabhrac agus Washington i 2001, i mBali anuraidh agus ar an Iaráic i mbliana; cúlú geilleagrach i gcuid mhaith de thíortha an domhain; deacrachtaí ag aerlínte; agus SARS, a raibh tionchar mór aige san Áis agus go hindíreach san Astráil.
cúlú reversal
" Bhí sé i gceist ag an tús go mbeadh céad duine as foireann na seirbhíse á ndílárú ach maíonn an tAire Sóisir Tom Parlon nach cúlú é seo ar pholasaí díláraithe an rialtais.
cúlú an-mhór very big regression
" ” Na scoileanna I dtaca leis na scoileanna Gaeltachta, aithníonn Ó hAoláin go bhfuil cúlú an-mhór ar an nGaeilge sna scoileanna sin, agus nach bhfuil aon amhras ach go bhfuil dúshlán an-mhór ann don Roinn Oideachais, do Roinn na Gaeltachta agus don Údarás féin aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin.
cúlú regression
" Ar ais sa gheiteo Ach in ainneoin na bhforbairtí seo uilig, níor mhór a admháil go bhfuil cúlú tagtha fosta.
mholadar cúlú ón Iaráic chomh sciobtha agus ab fhéidir. they recommended withdrawing from Iraq as quickly as possible.
" Agus mholadar cúlú ón Iaráic chomh sciobtha agus ab fhéidir.
cúlú de réir a chéile withdraw gradually
" Is féidir leis comhairle Ghrúpa Staidéir na hIaráice a leanacht agus cúlú de réir a chéile go leithscéalach, nó fanacht san Iaráic i bhfiontar an chogaidh.
cúlú Mheiriceá the retreat of America
" Ba é an mheancóg ba dhéanaí ná cúlú Mheiriceá as an Iaráic a chur i gcomparáid le cúlú Mheiriceá as Vítneam, rud go cinnte nach ndéarfadh sé dá mbeadh a iarchomhairleoirí aige go fóill.
cúlú Mheiriceá as an Iaráic a chur i gcomparáid le To compare the retreat of America from Iraq
" Ba é an mheancóg ba dhéanaí ná cúlú Mheiriceá as an Iaráic a chur i gcomparáid le cúlú Mheiriceá as Vítneam, rud go cinnte nach ndéarfadh sé dá mbeadh a iarchomhairleoirí aige go fóill.
Ba mhithid a gcúlú as an tír It was high time for them to withdraw from the country
" Ba mhithid a gcúlú as an tír sin ach mharaíodar na milliúin sular imigh siad, agus d'fhágadar ceantar Vítneam lag agus díchobhsaithe.
ach cúlú. but to retreat.
" Agus cá bhfios céard a tharlóidh nuair a chúlóidh Meiriceá, agus anois glacann gach polaiteoir, nach mór, leis an tuairim nach mbeidh an dara rogha acu, luath ná mall, ach cúlú.
cúlú na dtrúpaí the retreat of the troops
" Beidh cúlú na dtrúpaí mar fhreagracht an chéad uachtarán eile, agus beidh ar an duine sin an t-iliomad botún a rinne réimeas Bush a cheartú go tapa.
ag cúlú. reversing
" Caithfidh an tiománai leoraí a bheith airdeallach i gcónaí, go mór mór agus é ag cúlú.
cúlú retreat
" I gcathracha mar Nua-Eabhrac agus Philadelphia, is beag éalú atá ann don fhulangaí ach cúlú go dtí an t-árasán aeroiriúnaithe nó imeacht "*down the shore*" go dtí ceann de na bailte saoire.
tá gach seans go bhféadaidís dlús a chur faoina chúlú. there is every chance that they could intensify its decline
" Dá mba rud é go raibh tionchar ag na meáin ar ráta fáis an Tíogair Cheiltigh, tá gach seans go bhféadaidís dlús a chur faoina chúlú.
cúlú geilleagrach economic recession
" Nuair a bhíonn cúlú geilleagrach i gceist, áfach, dúnann an t-aire a sparán.
cúlú eacnamaíoch economic recession
" Ní hamháin go bhfuil an cúlú eacnamaíoch romhainn, ach tá sé ar siúl cheana féin.
ag cúlú in reverse
" A mhalairt atá fíor, dar leis, nuair a bhíonn an geilleagar ag cúlú.
cúlú i ngeilleagar economic collapse
" Is féidir a bheith cinnte faoi rud amháin ar aon nós – má bhionn na fadhbanna chugainn chomh dona lena bhfuil á dtuar dúinn ag an GIF, beidh níos mó ar ár n-aire ar ball ná rud beag dá ngairtear ‘cúlú i ngeilleagar an domhain’.
gcúlú geilleagair economic collapse
" De réir mar a thuigim, is mó an tionchar atá ag an gcúlú geilleagair ar an saol in Éirinn ná ar an saol anseo sa Fhrainc.
chúlú retreat
" Tá an-chuid daoine thíos go dona leis an chúlú mhór mhillteanach seo, agus tá daoine óga ina measc siúd.
Cúlú retreat
" Cúlú agus Cailleadh san Eoraip Is fíor gur measa i bhfad é scéal na nuachtán i Meirceá ná mar atá siad san Eoraip.
gcúlú recession
" Agus bígí cinnte, leis an gcúlú seo ar siúl, níl aon duine díobh á dhéanamh ar son an tsiamsa (amháin!).
chúlú recession
" Le linn chúlú is mó ár linne, sna Stáit Aontaithe, tá an comhlacht Meiriceánach seo ag tuairisciú sreabhadh airgid dearfach.
cúlú retreat
"cúlú ann agus lag trá agus tobthitim agus spealadh agus cuid mhór focal eile as Focal.
cúlú retreat
" Ba san Fhionlainn a bhí an cúlú is tubaistí ann.
cúlú airgeadais financial collapse
" com/watch?v=3ZBW5MoMpPU) I ndiaidh an chluiche, agus go ceann roinnt laethanta ina dhiaidh, ní raibh ach scéal amháin ar domhan a bhí níos tábhachtaí ná an cúlú airgeadais, NAMA, bainc bhriste, fuarlaigh, timpistí, drochaimsir agus Jedward, agus ba é sin go ndearnadh éagóir ar Éirinn agus gur falcaire cruthanta é Mac Annraoi.
gcúlú geilleagair economic setback
" Níl a fhios agam an bhfuil aon bhaint ag an gcúlú geilleagair leis.
cúlú eacnamaíochta economic retreat
" D'fhógair sé cúpla mí ó shin gur cheart dóibh siúd a raibh an dearcadh céanna acu i leith an uachtaráin, an rialtais, agus cúlú eacnamaíochta na tíre, teacht go dtí ollshlógadh i Washington ar an 28ú Lúnasa chun a bhfearg a chur in iúl don rialtas.
ag cúlú retreating
" Bhí geilleagar na tíre ag cúlú agus an tUachtarán Obama ag glacadh a phoist 21 mhí ó shin, agus ní léir go fóill go bhfuil an cúlú thart, ainneoin go bhfuil lucht geilleagair ar a ndícheall ag iarraidh cur ina luí ar dhaoine go bhfuil an chuid is measa thart.
chúlú airgeadais economic downturn
" Agus leis an chúlú airgeadais in Éirinn faoi láthair, le lánchosc ar earcú d'Arm na hÉireann, cloisim go bhfuil ardú mór ar líon na n-earcach ag dul le harm Shasana: 35 i 2005/06, 40 i 2007/08, 50 i 2008/09 agus 85 i 2009/10.
chúlú geilleagair economic retreat
" D'éirigh go seoigh leis an ngluaiseacht i stáit áirithe seachas a chéile, go háirithe sna stáit a buaileadh go dona sa chúlú geilleagair.
chúlú gheilleagair economic decline
" De réir an iriseora le RTÉ, Feargal Keane, dúirt máistir fómhais de chuid na gcúirteanna leis gur ar mhaithe leis an chúlú gheilleagair atá costais na n-abhcóidí tite ó chúig mhíle sa lá go ceithre mhíle sa lá.
chúlú geilleagair economic downturn
" Bhí an chéad dhá bhliain achrannach go maith don Údarás agus ní raibh aon éalú acu ón chúlú geilleagair náisiúnta agus domhanda a bhí ann.
cúlú geilleagair economic depression
" De réir eolais ón eagraíocht um fheasacht dúlagair ‘Aware’, bíonn ardú mór ar leibhéil struis is buairimh in aimsir cúlú geilleagair.
gcúlú geilleagair economic collapse
" Is oth liom alt a thosnú le caint ar an gcúlú geilleagair ach níl aon ghabháil as go bhfuil tionchar as cuimse ag an gcúlú seo ar ghnólachtaí beaga, aireagóirí, cruthaitheoirí agus ar ealaíontóirí.
an chúlú gheilleagair the economic crisis
" Is léir nach bhfuil polaiteoirí Thuaisceart Éireann in ann smacht a fháil ar an chúlú gheilleagair agus ní i gcúrsaí fostaíochta amháin.
cúlú geilleagair shrinking economy
" Mar a dúirt Eamon Phoenix, tá daoine beo i saol réadúil an gheilleagair, an cúlú geilleagair, cúrsaí oideachais, fadhbanna pearsanta agus feiceann siad gur féidir na cuspóirí pearsanta agus na gairm-mhianta atá acu a chomhlíonadh sa tuaisceart.
nach bhfuil aon chúlú siar that there’s no going back
" Ní raibh gíog nó míog as éinne i gcoinne an mhéid a dúirt an tAire mar gur léir go bhfuil glacadh forleathan leis, ní hamháin i nGartan ach ar fud na hÉireann nach bhfuil aon chúlú siar nó athrú treo le tarlú i dTionscnamh na hEorpa.
an cúlú mór atá i saol an léinn the big retreat in the world of studies
" Trí ní a thuig mé i gceart i Trier na Gearmáine i mí Lúnasa ag an *First European Symposium in Celtic Studies*: an cúlú mór atá i saol an léinn; an saibhreas ollmhór a bhí ag cuid de na Sean-Cheiltigh fadó; an Ghaeilge mhaith atá á labhairt i dtíortha go leor – seachas in Éirinn.
cé go bhfuil cúlú geilleagair although there’s an economic downturn
" Is é SsangYong an ceathrú déantóir carranna is mó sa Chóiré Theas agus, cé go bhfuil cúlú geilleagair ag tarlú timpeall na cruinne, tá ag éirí go breá leo féin.
Cúlú an Cheoil the fall off in music
" Cúlú an Cheoil ===== Sa seachtú haois déag, bhí cáil ar fud na hEorpa ar cheol na Polainne.
cúlú geilleagair an economic downturn
" Dá dtarlódh an cás is measa agus go gcuirfeadh Toyota deireadh lena dtáirgeadh san Astráil, bhrisfí thart ar 50,000 fostaí as a bpoist san earnáil fud fad na tíre agus bheadh cúlú geilleagair sa dá stát réamhráite.
bhfuil an cúlú thart the recession is finished
" Le sé mhí anuas tá na figiúirí éagsúla geilleagair ag teacht lena chéile agus gan aon amhras ann ach go bhfuil an cúlú thart agus go bhfuil téarnamh beag geilleagair faoi lán tseoil.
cúlú an Chamshrónaigh Cameron’s retreat
" Tchítear do Robert McMillen go léiríonn cúlú an Chamshrónaigh ó nochtadh na fírinne go rialaíonn bunaíocht Shasana an tír thall.