Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an chalaois fraud
" Is léir anois go bhfuil a lán feisirí ag cailleadh trua do na feirmeoirí, go mór mhór nuair a chloiseann siad faoi 'leaba agus bricfeasta' (an leasainm a thugtar ar an chalaois a tharlaíonn nuair a thugann feirmeoirí caoirigh ar iasacht d'fheirmeoirí eile chun iad a chur i bhfolach ar chigirí) nó faoi fheirmeoirí a bheith ag thabhairt an ghalair do na caoirigh atá acu d'aon turas chun cúiteamh a fháil.
calaoise foul
" Deir sé go mba cheart dó Michael Duignan as Uíbh Fháilí a dhíbirt den pháirc de bharr calaoise a rinne sé ar imreoir as an gClár ach scríobh sé a ainm ina leabhar ina ionad sin.
an chalaois chéanna the same foul
" D'fhéadfadh leath-thaca láir, cuir i gcás, an chalaois chéanna (mar shampla tosach ag dul tríd chun cúl a scóráil a tharraingt síos ar mhaithe le cúl a stopadh) gach Domhnach agus dálach i rith na bliana agus gan pionós ar bith a fhulaingt dá bharr.
a dhéanann calaois ar chomhlachtaí árachais who defraud insurance companies
" Le cois neart gnáthdhaoine deasa díreacha saothracha, tá dlíodóirí mímhacánta agus neamhinniúla ann, oibrithe sa tSeirbhís Sláinte a dhéanann obair phríobháideach le linn a gcuid uaireanta oibre, agus roinnt mhaith daoine a dhéanann calaois ar chomhlachtaí árachais.
droch-chalaois a bad foul
" Is féidir droch-chalaois a phiocadh amach, rud atá tábhachtach sa chás nach bhfaca an réiteoir an eachtra ag an am.
ag brath ar dhonacht na calaoise a bhí déanta aige depending on how bad the foul that he had committed was
" Chuirtí pionós breise ansin ar imreoir, ag brath ar dhonacht na calaoise a bhí déanta aige (imirt chontúirteach, buille le dorn nó camán, agus araile) Má bhí imreoir ar fionraí, sheas sé sin i gcás aon sórt cluiche a raibh an t-imreoir i dteideal imirt ann – ní raibh aon eisceacht i gceist.
calaois fraud
" Níor tháinig an cás féin chun cúirte go fóill, ach gach seachtain tagann ruainní nua eolais amach faoin Uasal DeLay agus a cheangal le leithéidí Jack Abramoff, stocaire a daoradh chun príosúin i mí Eanáir 2006 nuair a phléadáil sé ciontach i gcomhcheilg, calaois, agus breabaireacht.
calaois fraud
" Níor tháinig an cás féin chun cúirte go fóill, ach gach seachtain tagann ruainní nua eolais amach faoin Uasal DeLay agus a cheangal le leithéidí Jack Abramoff, stocaire a daoradh chun príosúin i mí Eanáir 2006 nuair a phléadáil sé ciontach i gcomhcheilg, calaois, agus breabaireacht.
tréimhsí fada imeartha gan briseadh de bharr calaoise. long periods of play without a break due to fouling.
" Bhí na scileanna ar fheabhas, bhí luas lasrach san imirt agus bhí tréimhsí fada imeartha gan briseadh de bharr calaoise.
an chalaois agus an cur i gcéill seo. this fraud and pretence.
" Cuir i gcéillIs léir, mar sin, nach inniu ná inné a thosaigh an chalaois agus an cur i gcéill seo.
comhpháirteach sa chalaois complicit in the fraud
" Cad a shílfeá dá bhfeicfeá an duine céanna ag rith ar luas lasrach go stad an bhus? An ndéarfá gur calaois a bheadh ann? Agus cad faoin dochtúir a chuir teistiméireacht ar fáil faoina mhíchumas? An ndéarfá go raibh seisean nó sise comhpháirteach sa chalaois nó mar pháirtí i gcomhcheilg le bob a bhualadh ar an stát? Samhlaigh sa bhreis air sin dá dtarlódh a leithéid céanna i gcás breis is 6,000 duine eile.
calaois fraud
" Cad a shílfeá dá bhfeicfeá an duine céanna ag rith ar luas lasrach go stad an bhus? An ndéarfá gur calaois a bheadh ann? Agus cad faoin dochtúir a chuir teistiméireacht ar fáil faoina mhíchumas? An ndéarfá go raibh seisean nó sise comhpháirteach sa chalaois nó mar pháirtí i gcomhcheilg le bob a bhualadh ar an stát? Samhlaigh sa bhreis air sin dá dtarlódh a leithéid céanna i gcás breis is 6,000 duine eile.
calaois swindle
" ” Spealadh Mór an Aonú Aois is Fiche Mar bharr ar an donas, is cosúil go ndéanfaidh ‘calaois’ de chuid Paulson cúrsaí eacnamaíochta níos measa fiú.
calaois dirty playing
" Ní bhíonn gá le réiteoir dáiríre mar ní dhéantar calaois ná feall ná ní bhíonn argóint ná troid idir imreoirí.
calaois foul
" D’aimsigh Corcaigh cúl ón bpoc saor sin, ach léirigh an físeán teilifíse go ndearna an réiteoir earráid trí gan poc saor a bhronnadh ar chúl báire an Chláir a ndearnadh calaois air díreach sular bhronn sé poc saor ar Chorcaigh.
calaois foul play
" ” Airgead, airgead, airgead Ach an bhfuil aon fhianaise ann gur calaois é a rinneadh d’aon ghnó? “*The purpose of a system is what it does*,” a fhreagraíonn Gates, agus é ag tagairt don acrainm, POSIWID, téarma atá ag anailísithe córas le fabhtanna sistéamacha a aithint.
calaois foul
" Bhí dhá rogha eile ar fáil don réiteoir ag an nóiméad áirithe sin agus b’in iad gnáthphoc saor ceithre shlat déag a bhronnadh ar Chill Chainnigh de bharr calaois a bheith déanta ar Risteárd de Paor (agus i gcomhthéacs an mhéid a cheadaigh an réiteoir go dtí sin sa chluiche maidir le sárú na rialacha ba éadromchúiseach go leor an chalaois í), é sin nó poc saor amach do Thiobraid Árann ar an údar gur iompar de Paor an sliotar ar feadh ocht nó naoi gcéim gan iarracht dá laghad á dhéanamh aige ar é a imirt.
calaois foul
" pdf) Anois, de réir an Fhoclóra Bhig, is ionann falcaire agus lúbaire, agus deir Ó Domhnaill faoin duine a bheadh ag cúigleáil, ag cártaí, abraimis, gur ag déanamh caimiléireachta a bheadh sé nó gur calaois a bheadh déanta aige.
chalaoisí fouls
" Chaithfeadh sin tarlú agus a bhfuil de cheamaraí ar fud na háite, gan trácht ar athfhéachaint ar an toirt ar scóranna, chalaoisí agus ar imeachtaí eile na hócáide.
calaois fraud
" Ciontaíodh Menachem Atzmon, ar leis ICTS, i 1996 as calaois maidir le feachtas toghchánaíochta agus é ina chisteoir do Likud, páirtí Begin, Shamir, Sharon agus Netanyahu.
i gcathú na calaoise tempted to cheat
" Bíonn a oiread sin brú ar thaighdeoirí na Síne is go mbíonn siad i gcathú na calaoise.
chalaois fraud
" Luadh freisin an chalaois a bhí le sonrú ar fud na tíre san olltoghchán ann ar na mallaibh.
oilbhéimeanna chalaoise fraud scandals
" Atoghadh Lula i 2006 d’ainneoin oilbhéimeanna chalaoise a bhain do Pháirtí na nOibrithe.
a lán calaoisí a lot of fouling
" B’fhéidir gur thug foireann Chill Chainnigh aird ar leith ar Dan mór le teann faitís roimhe! Díol spéise an méid atá le rá ag Ó Seancháin faoi imreoirí Chill Chainnigh: “Tá iománaithe Chill Chainnigh difriúil: cuireann siad a lámha timpeall do mhuiníl; imríonn siad camán an chéile chomhraic seachas an sliotar; déanann JJ Delaney a lán calaoisí, téann sé in airde ar do dhroim agus éiríonn leis éalú gan phionós a fhulaingt”.
calaois fraud
" Nuair a gabhadh an oligarch Giúdach ar imghabháil cánach, claonchasadh, agus calaois i 2003, thug Soros “géarleanúint pholaitiúla” ar na cúiseanna, d’éiligh go ndíbreofaí an Rúis as an G-8, agus d’áitigh ar Dhomhan an Iarthair idirghabháil a dhéanamh.
calaois chánach tax offences
" D’eisigh údaráis na Síne ráiteas le rá go raibh sé faoi scrúdú acu mar gheall ar ghníomhaíochtaí coiriúla éagsúla, ina measc calaois chánach.
as calaois for a foul
" Tarlaíonn tubaiste díreach roimh leath ama: bronntar poc éirice ar an bhfreasúra as calaois a dhéanann duine dár gcosantóirí.
calaoise foul
" Míchleachtais ====== Is léir go bhfuil comhlachtaí móra calaoise laistiar de na heagraíochtaí ‘daonnúla’ seo.
raibh calaois fhorleathan ar siúl fraudulent practice was widespread
" Mhaígh na breathnóirí idirnáisiúnta a bhí ann le monatóireacht a dhéanamh ar an olltoghchán go raibh calaois fhorleathan ar siúl fud fad na tíre.
trí chomhéigean nó trí chalaois by coercion or deceit
" Is é atá i gceist le gáinneáil ar dhaoine ná iallach a chur ar dhuine, trí chomhéigean nó trí chalaois, rud éigin a dhéanamh i gcoinne a thola d’fhonn brabús a thuilleamh.
D’fhonn deireadh a chur le calaois in order to end abuse
" D’fhonn deireadh a chur le calaois den sórt seo, teastaíonn ó Theresa May córas nua a thabhairt isteach ina gcuirfí daoine faoi agallamh i gcomhair víosa mac léinn.
bhfuil calaois go forleathan fraud is widespread
" D’éirigh leo na beartais seo a chur i bhfeidhm cionn is gur ghlac an pobal le brí an áitimh a bhí taobh thiar díobh, ’sé sin, go bhfuil calaois go forleathan maidir le sochar leasa shóisialaigh, agus go gcuirtear an-chuid airgid amú ar dhaoine nach bhfuil sásta obair a fháil de bharr gur rathúla ar fad iad gan post a fháil.
ag cur amaidí agus calaois ina leith accusing her of foolishness and fraud
" Agus é ag iarraidh an chonspóid a choinneáil uaidh féin, bhris sé a chúntóir Bridget Kelly as a post, ag cur amaidí agus calaois ina leith.
Dream na calaoise the people who play foul
" Dream na calaoise ar Shráid Wall a bheith faoi léigear ag Anonymous agus a chairde a tharraing aird Bhriain Uí Bhroin.