Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag casaoid complaining
" Lena chois sin, thosaigh go leor úinéirí tí Éireannacha atá ina gcónaí taobh amuigh de Manhattan ag casaoid nuair a léirigh Bloomberg tacaíocht do chánacha maoine mar chuid den iarracht buiséad Nua-Eabhrac a chomhardú.
ag casaoid complaining
" Smaoinigh an t-ionadh a bhí orm nuair a bhuail mé le daoine a bhí ag casaoid faoin mhí-ádh a bhí orthu gur chuir Dia i bhfad rófhada ó thuaidh iad, in ionad iad a lonnú in aice le farraigí teo na Gréige! Ar feadh dhá mhí, bhain mé taitneamh as an fháilte a chuir teaghlaigh Éireannacha romham agus mé ag dul timpeall na Gaeltachta - i dtigh Johnnie Sheáin Jack san Aird Thiar, Conamara, mar shampla; i dtigh Shéamais Uí Choirbín i gCois Cladaigh, An Bun Beag, Co.
ag casaoid complaining
" Tá siad ag casaoid, ag éagaoin agus ag gearán go bhfuil siad díreach socraithe isteach san áit i ndiaidh dóibh bogadh aniar as Conamara seachtó bliain ó shin.
chasaoid remonstrations
" In ainneoin chasaoid Hussey, tá roinnt scoileanna ar an taobh seo den Aigéan Atlantach tar éis an rud céanna a dhéanamh, go háirithe i dTuaisceart Éireann, áit a bhfuil cosc curtha ag oifigigh ar RateMyTeachers.
ag casaoid complaining
" nó duine geal nó duine donn nó duine buí – seachas an mhuintir bhuí ó thuaidh nach n-oibríonn ar chor ar bith ar scor ar bith, ach a chaitheann a gcuid ama ag olagón agus ag ceasacht agus ag ceasnaí agus ag casaoid, nuair nach bhfuil cúis ar bith acu bheith ag gearán.
casaoid grumbling
" Thuig daoine freisin dá mbeadh gearán nó casaoid ag lucht iomána go bhféadfaidís rud éigin mar seo a rá leo: “Nach bhfuil stiúrthóir iomána agaibh.
tháinig casaoid an phobail aniar aduaidh orm. the public outcry took me by surprise
" Níor tugadh aon rabhadh dom agus tháinig casaoid an phobail aniar aduaidh orm.
ag casaoid complaining
" Is fusa go mór a bheith ag casaoid is ag cásamh faoi rud agus glacadh leis gur mar sin atá an saol, ná éirí amach agus rud éigin feidhmiúil, cuiditheach a déanamh faoi.
casaoid complaining
" Cluinim daoine ag gearán agus ag casaoid agus ag soifniú faoi Aire na Gaeltachta agus ag rá nach fada eile a bheidh sé ann, ach mar a déarfadh sé féin: “Ara, is breá liom a bheith im’ aire, a fheara.
casaoid complaining
" Beidh roinnt daoine ag casaoid, cinnte, ag rá nach leor an 450 rothar atá beartaithe do Bhaile Átha Cliath le hais an 20,000 Vélib atá ar shráideanna Pháras.
an chasaoid grumbling
" Ar aon chuma, tá súil againn go gcuirfear na maslaí, na gearáin agus an chasaoid ar leataobh ar feadh tréimhse sa tslí gur féidir bogadh ar aghaidh ar iarrachtaí éagsúla le hathruithe móra a chur i gcrích.
casaoid ghéar a sharp complaint
" Anuas air sin, rinne Ita Buttrose, an bhean aitheanta a ceapadh mar Astrálach na Bliana i mí Eanáir, casaoid ghéar.