Pota Focal Intergaelic
am | cab | cac | cad | cae
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cam dishonest
" Ní hamháin sin, ach léiríodh dúinn freisin go bhfuil fiú na daoine a bhíonn ag tabhairt teagasc morálta dúinn cam.
spuaic cham crooked spire
" Tá cuma aisteach ar shéipéal Gonéry, mar tá spuaic cham air.
a bhreathnaíodh cam air who looked crookedly at him
" Smaoinigh sé ar gheábhanna eile nuair nach raibh cos aige le cur faoi de bharr craiceáil óil, ach an t-am úd bhídís aige i gcónaí an lá dár gcionn nuair a dhúisíodh sé réidh le rith te reatha agus fogha a thabhairt faoi éinne a bhreathnaíodh cam air.
go cam fraudulently
" Ciontaíodh Hanson freisin de bharr $500,000 (€300,000) a fháil go cam ón gCoimisiún Toghchánaíochta tar éis an toghcháin sin.
cama crooked
" Ach sa ghort lastuas de, bhí cruthanna dubha le feiceáil ag corraí go bog faoin ngaoth, sceacha aitinn a nochtadh ó am go chéile nuair a scar na scamaill go hard sa spéir.
cam corrupt
" Ach dá ndéanfaí suirbhé i measc ógánaigh na tíre seo, meas tú cé mhéid díobh a bheadh in ann a rá gur chuala siad faoi Shráid Bombay, nó cé mhéid díobh a bheadh in ann an focal *gerrymander *a mhíniú? Cé mhéid díobh a thuigfeadh go mbíodh córas vótála cam agus frithdhaonlathach in úsáid sna toghcháin áitiúla ó thuaidh anuas go dtí na 1970í, agus go bhféadfadh glac vótaí bheith ag duine amháin agus gan vóta ar bith ag a chomharsa? Cé mhéid díobh a thuigfeadh gur baineadh úsáid as an gcóras cam sin chun greim aontachtach a choinneáil ar údaráis áitiúla i gceantair ina mbíodh móraimh náisiúnacha, agus gur baineadh leas as roinnt éagothrom na cumhachta chun dáileadh na dtithe agus na bpostanna a chlaonadh i dtreo na n-aontachtach? Nílim ar aon bhealach ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir an Tuaisceart agus scrios na Naitsithe.
na cleachtais chama the corrupt practices
" Bíodh sé de mhisneach acu fosta deireadh a chur leis an phuball úd ag Rásaí na Gaillimhe agus leis na cleachtais chama a tharlaíonn ann.
chleachtais chama in oifigí arda corrupt practices in high office
" Ní dóigh liom ach an oiread gur chuir an pictiúr de bhean chéile agus d’iníon Ray Burke ag teacht amach as Príosún Mhuinseo a dhath leis an díospóireacht faoi chleachtais chama in oifigí arda.
cam crooked
" An é gur cheart dúinn glacadh le focal Mheiriceá mar chnámh lom na fírinne? Ar iarr Ronald Reagan cead ar an stát i 1986 tráth a baineadh úsaid as suaitheantas Aer Lingus nuair a bhíothas ag díol armlóin le rialtas na Iaráine in éiric gialla Meiriceánacha a scaoileadh saor sa Liobáin? Ar thug muid ár mbeannacht dó an brabach a rinneadh as an mhargadh cam seo a úsáid le harmlón a thabhairt do threallchogaithe a bhí ag iarraidh rialtas na *Sandinistas* i Nicearagua a chur as cumhacht? Ar gabhadh leithscéal linn fiú as an dóigh a ceanglaíodh comhlacht stáit de chuid na hÉireann leis an chamastaíl náireach seo? Cad chuige mar sin go nglacfaí gan cheist le focal an CIA an iarraidh seo nó an é go bhfóireann sé dúinn neamhaird a thabhairt ar an fhírinne? Ní inniu ná inné a tháinig an rialtas ar an tuairim gur gaire i bhfad an tír seo do Bhostún ná do Bheirlin.
cam fraudulent
" Cén t-ionadh, mar sin, go bhfuil cuid acu ag éirí róshócúlach agus róshotalach? Tá ról faire ag an fhreasúra mar sin lena chinntiú nach ligeann an rialtas na maidí le sruth agus le brú a chur orthu éirí as oifig má bhíonn aon ní cam ar bun acu.
cam crooked
" Bhí mé in ann gasúir na háite, mo chol ceathracha ina measc, a chloisteáil ag déanamh spraoi ar an trá a bhí cúpla céad slat uaim, síos an bóithrín cam, agus thosaigh mé ag déanamh iontais cén fáth ar fhág m’athair áit mar seo.
cam crooked
" Má cheap daoine go raibh siad i dteideal marcanna breise bhí sé go huile is go hiomlán míchothrom – agus cam fiú – gan iad a chur ar an eolas faoi aon athrú a bhí tagtha ar an chóras.
saol camtha life is bent
" Titeann bean aimsire dá bás ó áiléir chró feirme an Bharúin – sea go deimhin, tá an t-olc ligthe den éill is tá an saol camtha as a riocht.
cam crooked
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
camadh was twisted
" Imreoidh sé drochthionchar ar na cainteoirí maithe a taifeadadh má thugann siadsan faoi deara sna fotheidil gur camadh an focal glan-Ghaeilge ina mbéal.
cam crooked
" Níos déanaí, chuir Wohlstetter an tIarácach cam in aithne do bheirt dalta coimirce dá chuid, Richard Perle agus Paul Wolfowitz.
cama crooked
" Ar ndóigh ní raibh na polaiteoirí cama a tháinig os comhair na mbinsí fiosrúcháin agus na gcúirteanna éagsúla ar dhóigh ar bith ionadaíoch ar bhunús mór ár mbaill.
nach bhfuil aon ghlacadh ag Aontas na hEorpa le bananaí cama the EU won’t accept curved bananas
" Ach ar ndóigh beidh siad ann i gcónaí nach ligfidh an leisce dóibh a mhalairt a thuiscint; na daoine a mheasann gur dhíbhir Naomh Pádraig na nathracha nimhe as Éirinn, gur muslamach é Barack Obama, nach bhfuil aon ghlacadh ag Aontas na hEorpa le bananaí cama agus nach bhfuil an domhan cruinn!
cam muiníl skewing
"cam muiníl, nó skewing, ar uimhreacha líon na gcainteoirí Francaise sa daonáireamh, dar liom, cionn is go maíonn Éireannaigh bhréagacha go bhfuil líofacht na Francaise acu, nuair nach bhfuil acu ach Francais na scoile, an Fhrancais a chodail amuigh.
seift cham na beirte the couple’s scam
" Briseann seisean seift cham na beirte, agus cuireann iachall orthu camscéim ‘oifigiúil’ a chur i gcrích.
bhí cam were crooked
" Na géaga a bhí cam mar nár fhás siad san ionad sin ar feadh na mblianta roimhe sin, tá siad tar éis iad féin a dhíriú suas i dtreo na gréine.