Pota Focal Intergaelic
an | cab | cac | cad | Cain
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sa chruth go dtig linn so that we can
" Fanóidh muid go buan ag sclábhaíocht, más gá, ó Luan go Luan; ag scuabadh agus ag sciúradh go béasach in bhur dtithe bodaigh; ag freastal agus ag friotháladh go dúthrachtach in bhur dtábhairní; Inár searbhóntaí agus inár seirbhísigh, géilliúil agus cuideachtúil, sa chruth go dtig linn, mall agus luath, greim bídh a ghoid go tráthúil, deaslámhach, d'ár gcuid páistí gortacha ó chrúba craosacha bhur bhfuath.
Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú They can survive without you
" Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú nuair nach mbíonn tú ansin, áfach, mar gur dream neamhspleách iad.
chan not
" Ba í an t-aon chúis sóláis a bhí ann do Bhalor sa chéad eagrán den iris úr ná go raibh tús áite aige féin ar an chuach chantalach sin Antaine Ó Fartacháin, "An Rógaire Dubh" féin.
a dtig linn ar fad a bheith bródúil aisti that we can all be proud of
" Caithfidh muid fanacht go dtí go bhfógrófar cé hé/hí an stiúrthóir nua le fáil amach cad é atá i ndán d'Áras Nua-Ealaíne na hÉireann amach anseo, ach tá McGonagle ag fágáil dánlainne ina dhiaidh a dtig linn ar fad a bheith bródúil aisti.
mura dtig leis an dá rialtas unless the two governments can
" Creidim go bhfuil am an-chontúirteach romhainn mura dtig leis an dá rialtas coinín a tharraingt amach as an hata.
ní raibh acfainn ariamh agam ar an uisce beatha I could never tolerate whiskey
" "Ó ní bheidh, ní raibh acfainn ariamh agam ar an uisce beatha .
ní raibh acfainn ariamh agam ar an uisce beatha I could never tolerate whiskey
" "Ó ní bheidh, ní raibh acfainn ariamh agam ar an uisce beatha .
B'acmhainn leo they could afford
" B'acmhainn leo é sin a dhéanamh, ach an rud ba shuimiúla dom ná go raibh an toradh ar an infheistíocht níb airde ag na fir chéanna nuair a chuir sé iad i gcomparáid le "mionlaigh" eile - mná, daoine neamhbhána agus "dropouts" nár chríochnaigh a gcúrsaí ollscoile.
a d'fhéadfaí a infheistiú that could be invested
" Cén fáth nach mbeadh sé ar chumas an stáisiúin leathmhillún punt a shaothrú gach bliain ar an fhógraíocht? Is cinnte go mbeadh costas breise foirne i gceist ach bheadh brabach réasúnta ar fáil a d'fhéadfaí a infheistiú sa tseirbhís ansin - go háirithe ar mhargaíocht chun tuilleadh éisteoirí a mhealladh.
le go mbeidh sé d'acmhainn acu so that they can afford
" Mheall siad réiteoir i ndiaidh réiteora le cluiche i ndiaidh cluiche a chríochnú le comhscór - athimirt i ndiaidh athimeartha agus milliúin i ndiaidh milliún punt ag dul isteach i gciste Ard-Chomhairle Chumann na gCleasaithe Lúbaireachta, le go mbeidh sé d'acmhainn acu bosca corparáideach a fháil ar cíos.
ach ann ach go dtiocfadh léi a ceann a thógáil she could barely lift her head with the embarrassment
" " "Rita," arsa an bhean eile ach ann ach go dtiocfadh léi a ceann a thógáil.
an té a thuigfeadh é he who could understand it
" Bhuel, ba bhreá an dán é, an té a thuigfeadh é, ach níor thuig mé féin focal ar bith, agus ní raibh mé in ann na focail scríofa agus na fuaimeanna a fhreagairt dá chéile! "Seo do dhúshlán," a shíl mé.
lena chuimhne as long as he could remember
" Bhí an tine lán luatha nó níor cuireadh amach iad lena chuimhne.
go dtiocfadh leis a sheacht sáith codlata a dhéanamh that he could have slept soundly
" Bhí sé chomh tuirseach sin anois go dtiocfadh leis a sheacht sáith codlata a dhéanamh.
a chead aici a bealach féin a dhéanamh she could look after herself
" Chuirfeadh sé deireadh ar an tábla agus a chead aici a bealach féin a dhéanamh.
Bunphá caolmhaireachtála basic pay they could barely survive on
" Bunphá caolmhaireachtála á fháil ag a gcuid oibrithe agus gan sochair fhostaí ná eile acu.
go bhféadfaí é seo a mhéadú go mór that this could be greatly increased
" Deir Fionnuala go saothraíonn Raidió na Life idir £25,000-30,000 sa bhliain ar fhógraíocht ach tá sí den bharúil go bhféadfaí é seo a mhéadú go mór dá mbeadh bainisteoir fógraíochta fostaithe ag an stáisiún (í féin a dhéanann an obair sin faoi láthair).
an bhfuil sé i d'acmhainn can you afford
" Ní hí an cheist atá os do chomhair amach ná an bhfuil sé i d'acmhainn dul ar líne ach an dtig leat neamhiontas a dhéanamh d'fhorbairt do ghnó féin agus d'fhorbairt do thíre san am atá le theacht? Suíomh gréasáin An Webbery: http://www.
an dtig leat neamhiontas a dhéanamh can you ignore
" Ní hí an cheist atá os do chomhair amach ná an bhfuil sé i d'acmhainn dul ar líne ach an dtig leat neamhiontas a dhéanamh d'fhorbairt do ghnó féin agus d'fhorbairt do thíre san am atá le theacht? Suíomh gréasáin An Webbery: http://www.
thiocfadh liom mo sheacht sáith gáirí a dhéanamh I could have laughed my fill
" An bhfuil a fhios agat seo, thiocfadh liom mo sheacht sáith gáirí a dhéanamh ach go bé gur ag cur scrúdú ort a bhí mé.
Chan amháin not only
" D'fhoghlaim mé cuid mhór faoin tsaol, agus faoin Ghaeilge go háirithe, ó mhuintir na Gaeltachta, Chan amháin in Éirinn, ach thall i Nua-Eabhrac fosta.
chan na dílseoirí not the loyalists
" Tá aontachtaithe frith-Chomhaontaithe oiread sin ar bís ag iarraidh cruthúnais go bhfuil an IRA - agus an IRA amháin, chan na dílseoirí - ag briseadh a shosa cogaidh, go gcreidfidh siad rud ar bith.
ní shílim go bhfuil caitheamh mo chodach ionam I don't think I could face my food/eat a bite, I'm past hunger
" " "An bhfuil a fhios agat seo, ní shílim go bhfuil caitheamh mo chodach ionam, tá mé chomh tuirseach sin," arsa Bríd.
agus chan ar sheirbhís d'ár gcuid féin and not on a service of our own
" Tarlaíonn sé sin mar go bhfuil muid ag craoladh mar chuid de sheirbhís Bhéarla agus chan ar sheirbhís d'ár gcuid féin.
chan ionann agus unlike
" Is fíor-Phoblachtánaigh iad an SDLP agus Fianna Fáil, fíoroidhrí fhealsúnacht Tone a thug iarraidh Caitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí a thabhairt le chéile, "chan ionann agus páirtithe eile," dar le Byrne.
d'fhonn is go mbeadh sé ar a gcumas so that they could
" Ach is ar mhaithe *linne *ba cheart dóibh í a fhoghlaim, d'fhonn is go mbeadh sé ar a gcumas ar deireadh thiar thall feidhmiú mar shaoránaigh chóra chearta na Poblachta, ag comhlíonadh a ndualgaisí cothromaíochta i leith chlann na tíre go léir.
sin a raibh ionam a dhéanamh that's all I could manage
" " "Órú cúpla coiscéim damhsa, sin a raibh ionam a dhéanamh," ar sise léi.
an bhféadfaidís could they
" "Bhíos ag cur brú ar Raidió na Gaeltachta, ag fiosrú agus ag fiafraí an bhféadfaidís clár a thabhairt dom, ach ní raibh aon spás sa sceideal go dtí gur tháinig na huaireanta breise, i Samhradh na bliana 1999.
agus go bhféadfadh sé nó sí a mhaíomh and that he or she could state
" Ach d'fhéadfadh sé go bhfuil deis fós ann don té atá ag iarraidh turas aonair a dhéanamh idir 15° thuaidh agus 15° theas abair agus go bhféadfadh sé nó sí a mhaíomh go ndearnadar an chéad turas aonair timpeall an domhain.
thiocfadh liom codladh liom I could sleep on
" "An bhfuil a fhios agat seo, thiocfadh liom codladh liom," arsa Ruth.
má thig liom if I can
" Am ar bith a fheicim anois é, goidim é má thig liom.
Chan fhacthas domh it didn't seem to me
" "Chan fhacthas domh go raibh an saibhreas céanna i nGaeilge ach de réir a chéile tuigeadh domh go gcaithfinn pilleadh ar ais arís, leis an *cliché *sin a úsáid, ar thobar an dúchais agus athshealbhú a dhéanamh ar mo dhúchas féin.
atá sé in acmhainn againn a íoc that we can afford
" An mhí seo caite, dúirt Bloomberg le tuairisceoirí: "Sa deireadh thiar, ba mhaith leis an chathair an méid atá sé in acmhainn againn a íoc a thabhairt do gach oibrí.
a gheibh caoirigh síos that sheep can go down
" Tá strapaí ann a gheibh caoirigh síos.
Tífear ansin it can be seen then
" Tífear ansin cén dóigh is fearr le feabhas a chur air.
dheamhan má thig liom smaointiú I'll be damned if I can remember
" "Órú, chuir mé i dtaisce iad nuair a tháinig muid ar ais an iarraidh dheireanach agus dheamhan má thig liom smaointiú cá bhfuil siad," arsa Bróna.
chomh tiubh géar agus a thiocfadh leis as fast as he possibly could
" Amach le Frank chomh tiubh géar agus a thiocfadh leis agus suas leis ar stól na cistine.
chan ag suirí lena chuid airgid a bíos sé cibé he doesn't court with his money anyway
" "Sin an rud fá Frank," arsa sise léi féin, "chan ag suirí lena chuid airgid a bíos sé cibé.
cuireadh canadh an invitation to sing
" " An bhliain chéanna sin, 1997, fuair sí cuireadh canadh ag an Irish Fest i Milwaukee Mheiriceá, cuireadh ar ghlac sí leis go fonnmhar.
iad a mhealladh chomh maith is a thig linn to coax them with us as best we can
" Tá mé ag déanamh an dóigh chun tosaigh ná iad a mhealladh chomh maith is a thig linn.
le mo chuimhne as long as I can remember
" Tá mé ag inse scéaltaí do pháistí le mo chuimhne.
Is féidir iad a choinneáil gan triail they can be held without trial
" Is féidir iad a choinneáil gan triail anois go ceann bliana.
ar féidir MOX a chriogadh that MOX can be given a rap
Chuirfeadh Nóirín conradh i gcuid comhrá agus comhairle Ita ar an lá is fearr a bhí sí Nóirín could do without her chat and advice even on her best days
" Chuirfeadh Nóirín conradh i gcuid comhrá agus comhairle Ita ar an lá is fearr a bhí sí, ach thiocfadh léi í a fheiceáil in Ifreann ar maidin inniu.
d'fhéadfadh an comhlacht dul síos the company could have gone down
" Díreach ag an am sin, d'fhéadfadh an comhlacht dul síos.
bhídís á gcanadh they used to be sung
" Agus na hamhráin a tháinig ón áit sin bhídís á gcanadh i gCúil Aodha agus bhí daoine i gCúil Aodha leis a chumadh amhráin, mar sin de bhí an traidisiún dátheangach ann.
gur féidir na fadhbanna a shárú that the problems can be overcome
" Ach measann Martin McGuinness gur féidir na fadhbanna a shárú.
ionas go mbeadh siad in ann so that they could
" Ní hamháin sin, ach tá soilse speisialta curtha in airde ag a n-athair sa gháirdín mór ar chúl an tí ionas go mbeadh siad in ann cleachtadh a dhéanamh i rith an gheimhridh.
go bhféadfaí teacht i dtarrtháil orthu that they could be rescued
" Mar sin, nuair a tháinig sé chun solais go raibh naonúr mianadóirí sáinnithe faoin talamh in Pennsylvania, go mbeadh siad marbh i gceann cúpla uair agus gur beag seans a bhí ann go bhféadfaí teacht i dtarrtháil orthu, bhí an chuma air go mbeadh scéal uafáis eile le scríobh.
Thiocfadh liom féin a mhacasamhail sin a dhéanamh I could do the same myself
" Thiocfadh liom féin a mhacasamhail sin a dhéanamh, a deir daoine eile.
An dtig linn can we ...?
" An dtig linn cur suas le fiche bliain eile den choimhlint seo? *Is iriseoir leis an *Irish News* i mBéal Feirste é Robert McMillen.
bhí sé de ghustal againn we could afford
" Nuair a bhí an geillgear faoi lánseol tuairim is 15 bliana ó shin, bhí sé de ghustal againn costais an mhaonlathais a íoc.
thiocfadh leat a rá you could say
" Níor chaith Seán ach cúpla lá ar an scoil ach thiocfadh leat a rá go raibh sé ar Ollscoil sa bhaile.
thig linn a bheith dóchasach we can be optimistic
" Sin ráite, tá Rann na Feirste níos Gaelaí ná mar a bhí tá 15 bliana ó shin agus, má mhaireann an biseach, thig linn a bheith dóchasach.
go bhféadfadh a leithéid tarlú that such a thing could happen
" Níor mhaith le héinne in Éirinn go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá ach, má thosaíonn cogadh, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh a leithéid tarlú.
dá bhféadfaimis é a ionramháil i gceart if we could handle it right
" "Deinim amach, dá bhféadfaimis é a ionramháil i gceart agus a bheith ana-chúramach ina bhun, ní gá gur ag mealladh daoine ón nGaeilge nó ó na ranna Gaeilge ar fad a bheadh Léann na hÉireann ach ag tabhairt daoine de réir a chéile isteach sa líon, más maith leat.
ach chan TG4 but not TG4
" (Níl an tír sin ach fiche míle ó Learpholl agus tá muid ábalta S4C a fháil go soiléir anseo, ach chan TG4!) *Scousers *a thugtar orainn agus cé go bhfuil a lán dílseoirí anseo freisin, tuigeann an chuid is mó de bhunadh na háite an tionchar a bhí ag na hÉireannaigh ar Learpholl trí na blianta.
bhí guth na cuaiche le clos the cuckoo's voice could be heard
" An tsaoirse is an t-áthas a fuair greim ar mo chroí … Bhí gile sa spéir, bhí úire san aer, bhí guth na cuaiche le clos … Bhí mo *mhagnificat *féin á chanadh agam.
is féidir leat éirí bréan de you can get sick of it
" Sin atá á dhéanamh agam i láthair na huaire, an ceol lánaimseartha, agus mé ag baint craic iontach as in éineacht le lads iontacha! AÓF: An dtaitníonn sé leat a bheith ag taisteal thart? OMD: Is iontach an rud é an taisteal ach, cosúil le gach rud, is féidir leat éirí bréan de nuair a bhíonn turas rófhada á dhéanamh agat thar lear.
a chluintear iad ag rá that they can be heard saying
" Tugann muintir 'Ros na Rún' an-uchtach dúinn, nó is minic a chluintear iad ag rá: 'Tá an ceart agat, Baighdad! Féar plé duit, Baighdad!" "Agus cad é faoi RTÉ, a Shodom? An bhfuil tú sásta leis an stáisiún teilifíse sin?" a d'fhiafraigh Balor.
d'fhéadfadh tionscail áirithe sa tír seo a bheith thíos leis go mór certain industries in this country could suffer greatly
" Ach má thagann siad féin ar an tuairim go bhfuil Éire ag cabhrú leis na comhghuaillithe i ndúnmharú mhuintir na hIaráice, d'fhéadfadh tionscail áirithe sa tír seo a bheith thíos leis go mór dá bharr.
go bhféadfadh a mhacasamhail tarlú that something similar could happen
" " Creideann sé go bhféadfadh a mhacasamhail tarlú i go leor tíortha eile sa réigiún.
chan Éireannaigh not Irish people
" "Samhlaigh dá mbeadh comhlachtaí déanta Semtex nó Kalashnikov ag cur fúthu anseo! Bheadh fearg as cuimse ann! Ach is cosúil gur cás difriúil é seo, mar úsáidtear airm Raytheon thar sáile le daoine eile a mharú, chan Éireannaigh.
a d'fhéadfaí a chaitheamh which could be spent
" "Caitear na billiúin punt le hairm a cheannach a d'fhéadfaí a chaitheamh ar otharlanna agus ar scoileanna anseo, agus ar leigheas agus uisce glan agus talmhaíocht sna tíortha atá i mbéal forbartha," a deir sí.
dhiúl sí isteach a hanáil chomh domhain agus a thiocfadh léi she took as deep a breath as she could
" Nuair a d'oscail doras an ardaitheora, dhiúl sí isteach a hanáil chomh domhain agus a thiocfadh léi, ag dúil go dtabharfadh sin rud beag uchtaigh di.
Ann ach go raibh sí ag tabhairt a hanála léi She could barely breathe
" Ann ach go raibh sí ag tabhairt a hanála léi.
má bhíonn neart agamsa air if I can help it
" Bhí mé ag gabháil go maith sa Roinn Éadóchais, ag treabhadh liom; achan duine, chóir a bheith, sásta agam agus sásta liom, taobh amuigh de na (blípeanna) sin san ASTI nach mbeadh sásta le Flaitheas Dé féin - ceann scríbe atá i ndán dóibh go luath má bhíonn neart agamsa air.
gur féidir léitheoirí a mhealladh that readers can be attracted
" Tá sé cruthaithe ag *Beo!, *a bhfuiltear ag tabhairt suas le 70,000 cuairt sa mhí air faoi láthair, gur féidir léitheoirí a mhealladh chuig foilseachán Gaeilge atá ar fáil ar an idirlíon.
go bhféadfaidís géaga a shnaidhmeadh ar ais ar choirp bheo that they could rejoin limbs to live bodies
" Cinnte, bhí sé de cháil ar dhochtúirí go bhféadfaidís géaga a shnaidhmeadh ar ais ar choirp bheo ach bhí an chos seo róbhrúite briste casta.
chan amháin not only
" Cad é mar is féidir a bheith cinnte fá iompar an UUP sa todhchaí? Cad é fá na dílseoirí atá ag baint úsáide as na hairm atá acu - scaoil siad urchair leis an PSNI seachtain ó shin! Tá cinnteacht ag teastáil ó achan dhream, chan amháin ó aontachtaithe.
an dtig brath ar bhrathadóir can you depend on an informer
" Ceist mhór: an dtig brath ar bhrathadóir? Ní mhairfidh siad i bhfad gan aithint i dtábhairní na hÉireann gan crúsca ina nglaic acu agus gan iad bheith ag bladar go húdarasách fríd a gcuid tóineacha ar cheisteanna móra ár linne.
chan amháin not only
" Ar an dóigh seo, bhí McKeown agus Campbell ábalta bualadh le hiarphóilíní agus a ndearcadhsan a fháil, chan amháin ar chúinsí na coimhlinte, ach ar chostas daonna an fhoréigin, ar an rud a spreag daoine le dul isteach san RUC, agus mar sin de, dul taobh thiar de *stereotype "an black bastard.
Chan ionann agus na dílseoirí not like the loyalists
" (Chan ionann agus na dílseoirí atá sásta a admháil go ndearna siad rudaí uafásacha.
thig leat do scíste a ligean you can relax
" I ndiaidh do ranga, thig leat do scíste a ligean agus gloine fíona nó cupán caife a bheith agat agus tú ag amharc ar an ealaín agus ar na hearraí lámhdhéanta atá ar díol acu.
a d'fhéadfadh a bheith acu that they could have
" Ceann de na rudaí is spéisiúla faoi na fiontair atá tosaithe ná gur as taobh amuigh den Ghaeltacht nó ó thar lear a tháinig cuid de na fiontraithe; seo daoine ar mheall an Ghaeltacht agus an Ghaeilge iad agus a thuig an saol breá a d'fhéadfadh a bheith acu i dtimpeallacht álainn spreagúil.
beifear ábalta na toghcháin a ghairm the elections can be called
" Le himeacht na n-easaontóirí, má bhíonn Trimble agus a pháirtí athbheirthe mar chrann taca an Chomhaontaithe), má bhíonn fuinneamh úr i measc na bpáirtithe atá ar thaobh an Chomhaontaithe, má thig freagra dearfach ó phoblachtánaigh (gníomh suntasach díchoimisiúnaithe nó gníomh críochnaithe dá leithéid), ansin beifear ábalta na toghcháin a ghairm agus an Feidhmeannas a chur ar bun arís.
a mbeadh sé d'acmhainn aige who could afford
" Taobh amuigh de na bialanna agus na tábhairní ar fad tá fógraí móra trí-theangacha crochta anois: "*Keine Dogs*, le bhur dtoil! *Keine Paddies *le bhur dtoil!" Magadh beag searbh atá ann nó níl *Paddy *ar bith anois faoin cheantar sin a mbeadh sé d'acmhainn aige aon rud a cheannach sna háiteanna céanna; agus níl madadh ar bith i gConnachta nach bhfuil ite.
thig leat you can
" Muna mian leat sin a dhéanamh, thig leat dánta a scríobh duit féin agus gan iad a fhoilsiú.
cén dóigh a dtiocfadh lena mhalairt a bheith fíor? how could the opposite be true?
" "I dtaca liom féin de, bhí tionchar mór ag an pholaitíocht ar mo shaol - cén dóigh a dtiocfadh lena mhalairt a bheith fíor? - agus caithfidh mé aghaidh a thabhairt ar cheisteanna polaitiúla, agus iad a phlé fríd an fhilíocht.
a chanann san iliomad teangacha who sing in many languages
" Is maith leis ceoltóirí ar nós Manu Chao agus Orchestra Baobab, a chanann san iliomad teangacha: Spáinnis, Fraincis, Mandinka, Kriol, Béarla, Franglais féin.
gur acmhainn dóibh a cheannach that they can afford to buy
" AÓF: Cén chomhairle a chuirfeá ar thuismitheoir atá ar tí uirlis cheoil a cheannach dá pháiste? SC: Braitheann sé ar an uirlis, ar ndóigh, ach mholfainn d'éinne gan an ceann is saoire atá ar fáil a cheannach, ach an ceann is fearr gur acmhainn dóibh a cheannach.
chomh tiubh géar agus a thiocfadh leis as quickly as he could
" Bhain sé amach a thuáille agus shín sé amach ar an charraig é chomh tiubh géar agus a thiocfadh leis.
atá in ann an long a aimsiú who can find the ship
" Tá $10,000 á thairiscint ag eagras cearta ainmhithe d'aon duine atá in ann an long a aimsiú.
is féidir leagan saor in aisce a íoschóipeáil you can download a free copy
" I gcás an chláir ríomhphoist Eudora, mura bhfuil fonn ort íoc as nó má theastaíonn uait triail a bhaint as ar dtús, is féidir leagan saor in aisce a íoschóipeáil.
ag canadh amhrán seicteach singing sectarian songs
" Dhá lá ina dhiaidh sin, rinneadh an t-abhcóide conspóideach (agus leaschathaoirleach Rangers), Donald Findlay, a thaifeadadh ag canadh amhrán seicteach ag cóisir.
D'fhéadfaí a áiteamh it could be argued
" D'fhéadfaí a áiteamh, áfach, go bhfuil laigí ag baint leis an mhéid atá le rá ag Maier faoi na fir sa teaghlach, a n-andúil sa ghnéas agus a solúbthacht pholaitiúil.
céard a d'fhéadfaí a dhéanamh what could be done
" Is iarracht a bhí ann taighde agus forbairt a spreagadh agus a thaispeáint céard a d'fhéadfaí a dhéanamh le carranna gréine.
gur féidir a mholadh that can be praised
" Dá olcas cluiche, feiceann Con rud éigin dearfach ann, dea-imirt nó scór gur féidir a mholadh.
go dtiocfadh liom mo rogha rud a dhéanamh that I could do as I pleased
" Cheannaigh mé ríomhaire glúine i mí na Samhna agus, nuair a fuair mé sin ag gabháil, dúirt mé liom féin go raibh mé ag gabháil a scríobh míle focal sa lá - bhí mé mé ag gabháil do thráchtas dochtúireachta - agus nuair a bheadh an míle focal scríofa agam go dtiocfadh liom mo rogha rud a dhéanamh.
thig leis an cheol the music can
" Guthanna ceoil, nó ceol ar bith, thig leis an cheol a dhul suas agus thig leis an cheol a dhul síos.
d'fhéadfá maireachtáil ar feadh seachtaine you could live for a week
" Tá bia den scoth ann - d'fhéadfá maireachtáil ar feadh seachtaine ar an méid a fhaigheann tú don bhricfeasta féin! Déanann an snámh sa bhfarraige an-mhaitheas don chorp agus deirtear go bhfuil mianraí agus maithis eile ann do ghalair chnis agus mar sin de.
D'fhéadfá breathnú air seo you could look at this
" D'fhéadfá breathnú air seo mar láidreacht nó mar laige!" Beidh bliain mhór eile ag Bríd agus Pierce i 2004 mar go bhfuil siad ag súil le breith an dara duine clainne i mí Eanáir.
sa chruth is go dtiocfadh le daoine í a fhoghlaim so that people could learn it
" Luadh teanga na hÉireann i lámhscríbhinní daoine tábhachtacha i Meiriceá, scríobhadh colúin Ghaeilge i bpáipéir nuachta in áiteacha áithrid, agus cuireadh ranganna ar fáil, fiú, sa chruth is go dtiocfadh le daoine í a fhoghlaim.
chuile dhath a d'fhéadfadh a bheith ann every colour that there could be
" Deirtear go bhfuil chuile dhath a d'fhéadfadh a bheith ann ar an uisce ina timpeall, turcaid anseo, gormghlas ansiúd agus in áiteacha eile é chomh gorm leis an bplúirín.
thig libh a chur ina luí oraibh féin you can convince yourselves
" Ar an dóigh sin thig libh a chur ina luí oraibh féin amach anseo go raibh mearbhall oraibh agus sibh á scríobh, nó is léir don domhan is a mháthair go gcuireann an t-alt sin mearbhall ar gach duine a léann é.
go dtig libh a mhaíomh that you can claim/state
" Beidh sé mar shólás agaibh go dtig libh a mhaíomh go bhfuil sibh chomh dáiríre faoi agus go ndéanann sibh iarracht gach aon bhliain iad a choinneáil.
go bhféadfaí a rá that it could be said
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Ceapaim go bhféadfaí a rá go bhfuil na bunspriocanna a leagadh amach don Áras ar fad bainte amach.
gur féidir linn féin a ghiniúint that we ourselves can generate
" Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Áras? Gan amhras ar bith, i gcás cúrsaí maoinithe is laige é go bhfuil an tÁras ag brath ar mhaoiniú sa bhreis ar an méid gur féidir linn féin a ghiniúint.
áit go bhféadfaidís dul a place where they could go
" Ba mhaith linn foirgneamh nua le leabharlann agus le háiseanna éisteachta agus físe d'fhoghlaimeoirí fásta, áit go bhféadfaidís dul nuair nach mbeadh rang ar siúl.
a bhféadfadh sé maíomh astu that he could boast about
" Tá go leor gaiscí tábhachtacha déanta aige a bhféadfadh sé maíomh astu, áfach, dá mba mhian leis: is iar-Ghobharnóir é ar Bhanc Ceannais na hÉireann, iar-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais, iar-Uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann, iar-Chathaoirleach ar APSO, iar-Sheanadóir, iar-Sheansailéir ar Ollscoil na hÉireann, príomhchomhairleoir Sheáin Lemass nuair a bhí Éire ag plé ballraíochta sa Chómhargadh (mar a bhí air ag an am).