Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Charraig Aonair The Fastnet Rock
" Má fhéachtar fós aduaidh ar an oileán, tá dealramh dáimh air, a cheann is a dhroim in airde, ag snámh siar i dtreo Charraig Aonair, agus na trí Laotha ina theannta sa Bhá Thuaidh.
Charraig an tSionnaigh Foxrock
" Sa Stát ina iomláine, tá beagnach 50% de mhic léinn Ardteiste ag freastal ar oideachas tríú leibhéal, ach tá an figiúr thíos faoi 40% do lár na tíre (contaetha mar Uíbh Fháilí agus Laois), agus thuas ag 57% i gcás na Gaillimhe agus 77% i gcás Charraig an tSionnaigh i mBaile Átha Cliath.
carraigeacha loma bare rocks
" Suite in oirdheisceart Dhún na nGall tá Gleann Cholm Cille, paróiste beag atá neadaithe idir carraigeacha loma agus an fharraige mhór.
briste ar na carraigeacha broken on the rocks
" Is teach solais traidisiúnta é a tógadh sna 1800í agus is iomaí long agus bád a shábháil sé ó a bheith briste ar na carraigeacha ó bunaíodh é.
Charraig Aonair Fastnet
" Bhí Teach Solais Charraig Aonair le feiceáil ar a charraig ag bun na spéire.
ag iascaireacht ó charraigeacha fishing from rocks
" D'eitil éin mhara trasna an chuain, agus bhí daoine ag iascaireacht ó charraigeacha.
carraigeacha rocks
" Na carraigeacha agus an fheamainn do mo thamhladh ar ais go Trá an Dóilín ar an gCeathrú Rua.
carraigeacha rocks
" Ní raibh crainn ann níos mó - ní raibh le feiceáil ach fraoch agus carraigeacha.
carraig a bhfuil loig inti a rock which has dents in it
" Dúirt duine éigin liom: “Nuair a bhíonn lag trá ann, is féidir siúl amach go dtí carraig a bhfuil loig inti a rinne glúine Chumhaigh agus é ag guí chuig Dia.
in éadan carraige in a rock face
" Thugamar cuairt ar Chaisleán Predjama, caisleán ón 15ú haois atá tógtha in éadan carraige.
charraigeacha rocks
" Chonaic muid coilíneacht mhór rónta liatha, ina luí ar charraigeacha.
Carraig Mhaighin Carrickmines
" Ní mar sin a pleanáladh cúrsaí: bhí rúidbhealach eile á thógáil ag Aerfort Átha Cliath, ach i rith na n-oibreacha aimsíodh iarsmaí seandálaíochta gan choinne, cosúil leis na cinn i gCarraig Mhaighin, rud a chuir cosc ar an obair agus a chuir iachall ar an Rialtas réiteach eile a fháil chun an t-éileamh a shásamh.
charraigeacha rocks
" Chonaic muid coilíneacht mhór rónta liatha, ina luí ar charraigeacha.
thar carraigeacha over rocks
" Faraor, ní raibh mo mhasc ag feidhmiú i gceart agus lig sé isteach go leor leor uisce, ionas go raibh orm éalú ón uisce - thar carraigeacha a bhí clúdaithe le rudaí beaga géara! Bhí an fhuil ag sileadh asam, ach bhí cuma ní ba mheasa ar chúrsaí ná mar a bhí siad i ndáiríre! Go dtí seo níl mórán ag cur as dom seachas bheith ite ag na muiscítí agus gaineamh bheith i mo mhála, i mo leabhair, i mo bhróga agus i m’éadaí! Ach mé ag fágáil Mhósaimbíc, ag filleadh ar ais go dtí an Afraic Theas, bhí tuiscint éigin agam ar an draíocht a bhraith Bob Dylan agus go leor eile sa tír seo.
ar charraig, on a rock,
" Deirtear gur sheol sé go Lios Mòr ar charraig, agus gur tháinig sé i dtír ag bá a dtugtar Port Mo-Luáig air go fóill.
ar a charraig mhór on its big rock
" Is cathair álainn é Dún Éideann, agus an caisleán ar a charraig mhór sa lár os cionn Ghairdíní Shráid an Phrionsa.
tá an charraig féin ollmhór the rock itself is massive
" Ar an gcéad dul síos, tá an charraig féin ollmhór – thóg sé uair go leith orm siúl timpeall uirthi.
gan an charraig a dhreapadh, not to climb the rock,
" Iarrann siad ar thurasóirí gan an charraig a dhreapadh, ach tugann na mílte turasóir faoin dreapadh gach bliain.
nach gá an charraig a dhreapadh that it's not necessary to climb the rock
" Dar liomsa nach gá an charraig a dhreapadh – tá an oiread sin draíochta ag baint leis an áit agus an méid sin le tuiscint fúithi gur leor sin.
ó charraigeacha, from rocks,
" Gléasta i gcultacha uisce, clogaid agus úmacha sábháilteachta, chaitheamar an lá ag léim isteach in uisce fíorfhuar ó bhruacha agus ó charraigeacha, ag rópadóireacht anuas na heasa, agus ag streachailt leis an bhfáschoill sa Waitakere.
na carraigeacha the rocks
" Tar éis dóibh a bheith á gcluimhriú féin ar feadh tamaill, suas leo thar na carraigeacha chuig na boscaí neadacha atá curtha ar fáil ag an tearmann.
ag lapadán ar na carraigeacha flopping about on the rocks
" Bhínn ag amharc ar an lán mhara a bhí ag lapadán ar na carraigeacha sa chladach.
na cladaigh charraigeacha. the rocky shores.
" Agus é óg, bhíodh sé ag fánaíocht go minic le buachaillí eile ar na haillte agus ar na cladaigh charraigeacha.
charraig rock
" Tá radhairc shuntasacha go leor le feiceáil ann, an charraig ollmhór Uluru - nó Ayer’s Rock mar a tugadh uirthi tráth - ina measc.
tránna carraigeacha rocky beaches
" Tugtar ‘La Ristic’ ar an mbóthar seo, agus is féidir seasamh aon áit le taobh an bhealaigh, agus siúl síos chuig tránna carraigeacha mar a bhfuil diúilicíní, feamainn agus portáin, nó tránna gainimh bán agus na mílte faoileán ann.
charraig rock
" Mar a deir Eoghan Ó Colm ina leabhar Toraigh na dTonn: “Fuair sé faoiseamh agus suaimhneas intinne nach raibh sé ag dréim leis ar an charraig lom diamhrach seo.
gcarraig cháiliúil um an dtaca sin famous rock at the time
" Chuir siad suas a bpuball i láithreán campála in aice le Uluru, nó *Ayers Rock* mar a tugadh ar an gcarraig cháiliúil um an dtaca sin.
charraigeacha of rocks
" Leanann siad líne charraigeacha atá péinteáilte buí geal go dtí an fothrach séipéil, líne a thug na siúlóirí ‘Bóthar na mBrící Buí’ air nuair a nochtadh é i 2010.
na dtonn in aghaidh na gcarraigeacha the waves against the rocks
" Bhí an aimsir go breá le linn mo chuairte ar ámharaí an tsaoil, ach ní fhéadfainn gan lá síne a shamhlú, i lár an gheimhridh, an ghaoth mhór ag caitheamh na dtonn in aghaidh na gcarraigeacha agus an fhearthainn ag stealladh anuas.
bhreathnaigh mé an charraig lom I saw the bare rock
" Nuair a bhreathnaigh mé an charraig lom agus an scáineagán san áit a mbíodh an portach chuir sé ag smaoineamh mé ar scéal Oileán na Cásca, an áit bheag i lár na Teiscinne Ciúine a raibh pobal daoine ann a leag gach aon chrann dá raibh ar an oileán.
na carraigeacha crochta the steep rocks
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
go leor carraigeacha le seachaint enough rocks to avoid
" Bhí orainn súil ghéar a choinneáil ar an gcairt mhara le linn an turais go hÍ, mar go bhfuil an cósta sách salach ar an dtaobh ó dheas de Eilean Muile: go leor carraigeacha le seachaint.
bhí mo dhá láimh ar an charraig my two hands were on the rock
" Bhí a fhios agam go raibh mé ag cur fola, mar mhothaigh mé é ar m’aghaidh, ach ní raibh mé in innimh rud ar bith a dhéanamh faoi mar bhí mo dhá láimh ar an charraig.
carraige rock
" Thug Liz Curtis cuairt ar Inis Meáin níos luaithe i mbliana, áit a ndeachaigh sí ar thóir na carraige ar a suíodh an drámadóir Synge go minic céad bliain ó shin.