Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag caitheamh drochmheasa casting aspersions on
" Le tríocha bliain anuas tá an leagan den stair atá á chur chun cinn ag na hathbhreithniúchóirí ag caitheamh drochmheasa ar ghaiscígh 1916.
ag imirt deismireachta ar dhaoine casting a spell on people
" Tá sé chomh maith sin ag imirt deismireachta ar dhaoine lena chuid aisteoireachta go gcreideann sé féin sa ról atá á ghlacadh aige sa deireadh.
ag scaipeadh gha gréine, solais agus lúcháire casting a ray of sunshine, light and joy
" Spéirbhean - nó spéirfhear - ag scaipeadh gha gréine, solais agus lúcháire timpeall na cathrach.
ag caitheamh amhrais ar casting doubt on
" ) Dá mbeifeá ag cuartú cur síos gonta ar dheighilt thuaidh/theas Shasana, tá ceannlíne an *Telegraph* foirfe: “South is funding North’s dole pay” ar sé! Ar ndóigh, tá lucht an tuaiscirt á gcosaint féin agus ag caitheamh amhrais ar *bona fides* na tuarascála.
a mbeidh a saoránaigh ag caitheamh vóta whose citizens will be casting a vote
" Bíodh sin mar atá, ach tá oiread céanna creidiúnachta ag reifrinn ar chonarthaí an Aontais is atá ag tástálacha drugaí an *Tour de France*! Is í Éire an t-aon bhallstát amháin a mbeidh a saoránaigh ag caitheamh vóta ar son nó in aghaidh an chonartha leasaithe is deireanaí – Conradh Liospóin – agus cheana féin, tá an chosúlacht ar an scéal go ndéanfar gach iarracht aon díospóireacht stuama faoi a chur faoi chois.
cartadh dumping, casting
" Cruthaíonn Windscale, Agent Orange, Cliseadh Wall Street agus an Spealadh Mór, Géarchéim Geillagair 08 an domhain, Chernobyl, Simi Valley, cartadh úráiniam laghdaithe ar Fallujah, pléasc an Betelgeuse ag Oileán Faoide, Deepwater Horizon agus Fukashima nach bhfuil lucht eolaíochta ná lucht údaráis stuama, léirsteanach ná díreach leis an bpobal.