Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chaisleáin sí fairy castles
" Tá an Sceilg le feiceáil ó cheanntíre Cheann Bhólais, a spuaiceanna ag snámh ag bun na spéire mar chaisleáin sí.
caisleán adhmaid a wooden castle
" Tógtar caisleán adhmaid in aice leis na tithe - is é seo Ríocht na gClutharachán, agus é maisithe leis na mílte solas.
caisleán meánaoiseach medieval castle
" Chuaigh muid go dtí seanráth Ceilteach agus caisleán meánaoiseach freisin, agus Isabel Bennett mar threoraí againn.
Chaisleán Bhaile Átha Troim Trim Castle
" I gcás Chontae na Mí, mar shampla, tá an mótarbhealach thart ar Theamhair, loisceoir níos lú ná cúig mhíle ó Bhrú na Bóinne agus óstán ceithre stór ceadaithe i bhfoisceacht 50 troigh de Chaisleán Bhaile Átha Troim.
phríomhchaisleán Normannach the main Norman castle
" I gcás an óstáin seo, atá á thógáil chomh cóngarach sin do phríomhchaisleán Normannach na tíre, níor thug an tAire cead dá oifigigh cás a dhéanamh ina choinne, cé go raibh sé ráite ag an tSeirbhís Oidhreachta go raibh sé "adverse and unacceptable" agus "inappropriate in this highly-sensitive location".
Caisleán an Easpaig Castle Espie
" Bhronn an tIontabhas Náisiúnta agus an t-ionad éanlaithe uisce ag Caisleán an Easpaig an crann tótaim ag an áit.
chosain an dá chaisleán the two castles defended
" Le chéile, chosain an dá chaisleán an teacht isteach cúng go Loch Cairlinn.
Ní bhíonn aige ach caisleáin óir. He's all 'castles in the air'.
" "Ní bhíonn aige ach caisleáin óir.
Rinneadh Aird Uladh a rialú ón chaisleán seo the Ards were ruled from this castle
" “Rinneadh Aird Uladh a rialú ón chaisleán seo,” arsa Billy.
caisleán cruinn round castle
" Ar dtús, chuaigh mé go dtí an broch, nó caisleán cruinn a thóg na Piochtaí.
sheanachaisleán an old castle
" Tiománann sé timpeall ar sheanachaisleán ionas go dtuigfidh mé an scéal atá á rá aige liom.
Caisleán Cromghlinne Hillsborough Castle
" Tá cara ag mo mhac arb as na hOileáin Fhilipíneacha é agus an tseachtain seo caite, thug sé ruaig suas go Caisleán Cromghlinne le go mbeadh sé páirteach sa deasghnáth a dhéanfadh saoránach de chuid na Ríochta Aontaithe é.
Caitliceach an chaisleain a castle Catholic
" Má thugtar an freagra Rory McIlroy, is Caitliceach an chaisleain a thug an freagra.
Dhún na Gliondála Windsor Castle
" ” Amach as an bhosca mhór le Patsaí Dan, Rí na nDearg le Feirg, fíor-Rí Ráth na Ríogh, Dhún Bhaloir agus Dhún na Gliondála ar fad, Imperator Scottorum, Fomoraigium et Windsororum.