Pota Focal Intergaelic
at | cab | cac | cad | cae
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a raibh aois cait aige everything that was old
" Nuair a cuireadh a raibh aois cait aige bealach an gharraí thosaigh an glanadh.
cat clóis domesticated cat
" Tháinig an cat clóis thart fá 200 nó 300 IC.
cait riabhacha tabby cats
" Ní raibh cait riabhacha ann ar chor ar bith.
sceamhlach cait a cat's meowing
" Leis sin, chuala sí sceamhlach cait agus chonaic sí cat rua na gcomharsan agus é ar tí a ghnaithe a dhéanamh faoi scáth na gcrann.
go mbainfeadh Corcaigh barrthuisle as na Cait that Cork would trip up the Cats
" Tar éis an tsaoil nach é an sainmhíniú atá ar Chorcaíoch ar bheagán féinmhuiníne ná duine a cheapann go bhfuil sé chomh maith le duine ar bith eile! Cé go raibh fadhbanna ag na Corcaígh ag tús na bliana (chuadar ar stailc, in ainm Dé!) agus go raibh an t-ádh leo sa chluiche comhscóir i gcoinne Loch Garman, fós féin agus an t-am ag teacht níos gaire don Chraobh, bhí na húdair ag tuar go mbainfeadh Corcaigh barrthuisle as na Cait.
Bhainfeadh an lá inniu an fheasóg den chat the day would freeze the whiskers off the cat
" Bhainfeadh an lá inniu an fheasóg den chat," arsa Emma.
agus dúshlán na gCat a thabhairt and to challenge the Cats (Kilkenny)
" Tá sé thar am ag Áth Cliath an stádas sin a bhaint amach agus dúshlán na gCat a thabhairt.
cait fhiáine wildcats
" Anois, tá cait fhiáine ann, ach níl siad mór go leor le tabhairt faoi fhia.
Bhainfeadh sé Gaolainn as an gcat! He'd make the cat speak Irish!
" Bhainfeadh sé Gaolainn as an gcat! 9.
róghar do mhianta bhoic mhóra an ghnó too close to the desires of the fat cats of business
" Beidh sé le rá faoin rialtas atá faoina stiúir go bhfuil siad róghar do mhianta bhoic mhóra an ghnó.
i bhfoisceacht cúpla cúilín do na Cait within a few points of the Cats
" Ní den chéad uair, choinnigh pocanna fada saora Sheáinín Mhic Mhathúna na Cláirínigh i bhfoisceacht cúpla cúilín do na Cait, ach níor leor sin agus Annraoi Siobhláin i mbarr a réime agus a chumais agus é ina rí ar Pháirc an Chrócaigh.
foréigean an chait the cat's violence
"foréigean an chait agus é sa tóir ar an luchóg beagnach osréalach agus tá greann fíorchliste in amthomhas na ngeáitsí agus sna cleasa líníochta, greann a bhain an ghoimh as an fhoréigean.
cait ar strae stray cats
" Níor glacadh leis an líomhain sin go rósciobtha, mar is ait le muintir na tíre dul i ngleic le scéal nuachta mar sin – uaireanta feictear cait ar strae mar ábhar ar an nuacht teilifíse.
banríon na gcat. the queen of the cats
" Insíonn an reacaire dúinn láithreach faoi Lios na gCat – áit fhantaiseach atá faoi smacht Bhess, banríon na gcat.
tá cait áirithe faoi dhaoirse some cats are in slavery
" Sa ríocht seo – ina bhfuil aicmíocht i gceist óir tá cait áirithe faoi dhaoirse – níl ról lárnach ag daoine daonna, cé go bhfuil cúpla páiste daonna mar fhreastalaithe ag an mBanríon Bess.
cat spadhrúil sin a leigheas to cure the irrational cat
" Uimhir a dó – is lú is cuma anois leis an bpobal cé bhris an Tíogar Ceilteach, seachas cé is fearr atá in ann an cat spadhrúil sin a leigheas.
Cait cats
" Cait ag Sú na Gréine ar Oileán Mhic Guaire Cuireadh na chéad ainmhithe andúchasacha ar Oileán Mhic Guaire i lár na naoú haoise déag nuair a scaoil sealgaire míolta móra agus rónta gabhair agus coiníní air, ionas go mbeadh bia ar fáil do chuairteoirí nó do bháid a bhí ag dul thart.
t-ardán taispeána cat walk
" Is í an tuairim choitianta ná gur áit éadrócaireach éadmhar é an t-ardán taispeána a mbíonn an deargiomaíocht i réim.
briseann an dúchas trí shúile an chait we have our nature
" Thug m’athair Garmin mar bhronntanas do mo mháthair (briseann an dúchas trí shúile an chait!) Is minic a thabharfainn mo chéad ghin ar mhaithe lena leithéid is mé caillte i gceantar iargúlta ar an mbealach chuig cruinniú, ach bhraith mé go minic go gcuirfeadh Garmin srian leis an deoraíocht a thugann an turasóir i dtreo seoda iargúlta ar a laethanta saoire.
Cait Kilkenny Cats
" Cuirtear áiseanna traenála agus Caitheamh aimsire ar fáil do dhaoine óga agus do dhaoine fásta.
cur de dhíon is de dheora raining cats and dogs
" Cé go raibh sé ag cur de dhíon is de dheora, thug scaifte mór faoi mhala Yr Wyddfa.
Tuar cait is féasóg male bovine brown matter's bearded feline equivalent
" “Gairdeas na Nollag? Bah! Tuar cait is féasóg air!” Ní Balor Biatach a dúirt, ná Scrooge féin – nach raibh focal Gaeilge aige ar scor ar bith – ach Brains Cowen.
chait ag canadh singing cats
" Bhí íonadh orm nuair a chuala mé an tseachtain seo chaite go raibh *YouTube* ag comóradh cúig bliana ar an bhfód, fód an idirlín! Bhí ionadh orm toisc nach cuimhin liom, roimh *YouTube*, cén áit a bhfuair mé físeanna de chait ag canadh is cailíní beaga ag déanamh aithris ar *Beyoncé* nó ataispeáint de radharc as *Return of the Jedi*, fráma ar fráma, déanta le *Lego*.
Briseann an dúchas trí shúile an chait nature wins/breaks out
" Briseann an dúchas trí shúile an chait a deirtear, agus i dtaca le himreoirí iomána Osraí, nó ‘Na Cait’ (Cill Chainnigh), is fire an ráiteas sin ná riamh!
tuar cait is féasóg air bullshit
" Mhaigh an Lucht Oibre go bhféadfaí suas le 80,000 duine a fhostú in uasghrádú insliú thithe na tíre, ach ní gá ach machnamh gairid a dhéanamh ar an uimhir sin chun cinntiú nach bhfuil ann ach tuar cait is féasóg air.
cosúil le cat caolsráide like an alley cat
" Tá sí cosúil le cat caolsráide agus cuireann a scread sainiúil sráide i gcuimhne dúinn ar feadh an dráma gur den íosaicme í.
boic mhóra áirithe certain fat cats
" Níor luaigh sé May Mac Ránais ar chor ar bith, a múinteoir Gaeilge pearsanta a bhíonn ag briseadh a thóna ó cheann ceanna na bliana ag iarraidh cur leis an chúpla focal atá aici, in ainneoin na leithscéalta ar fad a bhíonn aici faoin obair bhaile gan a bheith déanta: cruinniú leis an Phápa; dinnéar le hAngela Merkel; lón le Nicolas Sarkozy… May bocht! Nach diabhalta an jab atá aige! Folúsghlanadh Tóna =========== Daoine eile a mbíonn jab deacair acu ná glantóirí na seomraí sna tithe ósta a mbíonn boic mhóra áirithe ag fanacht iontu.
ní áirím na toicithe ramhra not to mention the fat cats
" Bíonn na bithiúnaigh ina suí in íoslach beag dorcha éigin “amuigh ansin” – ní áirím na toicithe ramhra a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin laistigh de na boghtaí bainc in Éirinn le blianta beaga anuas! Is minic a ghoidtear airgead trí ainmneacha agus pasfhocail daoine eile a sciobadh uathu.
Cait chun Cinn ar Chách the Cats leading all others
" Cait chun Cinn ar Chách ============ Anois, agus é seo á scríobh agam, tá gach foireann iomána chontae feicthe againn uair amháin ar a laghad ag imirt sa chraobhchomórtas, agus cheana féin tá cosúlacht mhór ar an scéal nach dtiocfaidh aon athrú suntasach ar ord nó ar stádas na gcontaetha in 2012 seachas mar a bhí i 2011.
Chat Mara Sea Cat
" Phléigh mé seo in alt faoin bhád farantóireachta go hÉirinn, an Chat Mara.
An Cat Mara Romhainn the calamiti(es) ahead
" An Cat Mara Romhainn ====== Amach romhainn tá an "Aill Fhioscach", rud atá ag cur scaoll ar cheannairí na tíre.
ina bhainisteoir ar fhoireann iomána Chill Chainnigh as manager of the Cats hurling team
" Sea, is dóigh go dtuigeann tú cén scéala a bhfuilim ag tagairt dó, is é sin go bhfuil fógartha ag Brian Mac Óda go bhfanfaidh sé bliain eile ina bhainisteoir ar fhoireann iomána Chill Chainnigh.
an gá oiliúint a chur ar iománaithe Chill Chainnigh fós does one still need to train the Cats’ hurlers
" Ní hamháin sin, ach is amhlaidh go mbeidh a chomhghleacaithe traenála agus oiliúna (an gá oiliúint a chur ar iománaithe Chill Chainnigh fós?), Martin Ó Fógartaigh agus Mícheál Ó Díomsaigh, ag fanacht chun cabhrú leis.
Francais na scoile, an Fhrancais a chodail amuigh school French, French that ‘wouldn’t put the cat out’
" Tá cam muiníl, nó skewing, ar uimhreacha líon na gcainteoirí Francaise sa daonáireamh, dar liom, cionn is go maíonn Éireannaigh bhréagacha go bhfuil líofacht na Francaise acu, nuair nach bhfuil acu ach Francais na scoile, an Fhrancais a chodail amuigh.
Tuar Cait is Féasóg Air all nonsense
" Tuar Cait is Féasóg Air ========= An rud a bhí tábhachtach cúpla lá ó shin, is cuma sa tsioc faoi anois.
an beathadán cait the cat feeder
" com/blog/2013/01/18/h2o-iq/> Ceann eile a bheadh an-úsáideach le linn na saoire ná an beathadán cait a chruthaigh an fear seo i Minneapolis.
an lasóg sa bharrach (put) the cat among the pigeons
" Chuir Brandis an lasóg sa bharrach, áfach, agus é ag freagairt ceiste ón Seanadóir Nova Peris, an chéad bhean bhundúchasach a toghadh don teach uachtar riamh.
Céard a dhéanfadh mac an chait it’s in the nature of the beast
" Céard a dhéanfadh mac an chait…”

 Ní hiontas mar sin é go ndearna Muireann staidéar ar an teanga ar an ollscoil Bhain sí céim sa Léann Ceilteach amach in OÉ Gaillimh áit ar thaithnigh an éagsúlacht mhór léi, an Ghaeilge, idir Shean-, Mheán- agus Nua-Ghaeilge, stair, seandálaíocht, teangacha Ceilteacha, Béarla na hÉireann agus bhí sí an-pháirteach sna cumainn Ghaelacha fosta, agus sheas an caidreamh agus cairdeas a bhain leo sin léi i gcónaí.
gCat in éadan Kilkenny versus
" Níor chuir Babs Céitinn fiacail ina chuid cainte agus é ag trácht ar chluiche na gCat in éadan Áth Cliath.
an Cat Mara ill fate
" Ní fios do Ghaelneachaibh an tráth so an Cat Mara a bheith rompu amach ná lena gcúl.