Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
oifigeach ceangail cultúrtha cultural liaison
" Ach mar a deir Adrian Flannelly, an pearsa raidió atá ina oifigeach ceangail cultúrtha ar an tionscadal: "I ndáiríre, d'fhéadfadh seo a bheith ina bhallóg áit ar bith in Éirinn.
ceangail Cheilteacha Celtic ties/bonds
" De bharr go bhfuil an chathair lonnaithe sa Bhriotáin, tuigeann muintir na háite céard is neamhspleáchas ann agus níl dearmad déanta acu ar na ceangail Cheilteacha ach an oiread.
ceangailte le leasú ar na dlíthe leabhail tied to the amendment of the lible laws
" Tá lucht na meán sa tír seo le fada in aghaidh dlí nua chun príobháideacht an duine a chosaint a bheith ceangailte le leasú ar na dlíthe leabhail.
tá ceangail snaidhmthe ties have been made
" Le tamaillín anuas tá ceangail snaidhmthe le pobail in Oileán Chléire, in Oileán Mhanainn agus in Oileáin Thiar na hAlban.
ceangail chultúrtha cultural ties
" Saol na Gaeltachta a léiriú don domhan agus, ag an am céanna, ceangail chultúrtha, agus go háirithe ceangail teanga, a dhaingniú idir daoine gur suim leo cultúr agus teanga na Gaeilge.
ceangailte go dlúth le Batasuna closely linked with Batasuna
" net)), atá ceangailte go dlúth le Batasuna (páirtí mídhleathach a bhfuil baint aige le hETA) an sléacht láithreach.
ceangail acadúla academic links
" Láidreachtí: Táimid neamhspleách, solúbtha agus tá cáilíochtaí agus ceangail acadúla againn.
ceangail acadúla academic links
" Láidreachtí: Táimid neamhspleách, solúbtha agus tá cáilíochtaí agus ceangail acadúla againn.
cheangail stairiúil historic link
" B’ionann sin agus tréas i súile lucht leanúna Man Utd mar, de bharr an “cheangail stairiúil” leis an tír seo, ceapadh go “seasfadh” McManus agus Magnier an fód ar son gnáthlucht leanúna Man United i gcoinne an “namhad” ón taobh amuigh.
ceangail link
" Dá bhrí sin, cuireadh tuilleadh siúil faoi iarnród na hUaimhe agus tháinig an líne i bhfeidhm i 2010, an t-am céanna leis an Tollán Idirceangail a chuir ar chumas traenacha dul díreach ó Stáisiún Dhuga Spencer agus Stáisiún Uí Chonghaile, faoi Fhaiche Stiabhna, go Stáisiún Heuston agus níos faide.
a cheanglóidh which will connect
" Ní féidir a thuar cad é mar a bheidh an gréasán iompair Éireannach i gceann deich mbliana eile, i 2025, ach tá mórán suime faoi láthair sa scéim chun droichead agus tollán a thógáil chun Baile Átha Cliath a cheangal leis an líne thapa iarnróid nua “Maglev” atá beagnach i bhfeidhm agus a cheanglóidh Albain, Manchain, Learpholl agus Londain le traenacha a bheidh ag taisteal ag 500 cileaméadar san uair.
ceangailte lena chromáin tied to his hips
" Ní raibh róba á chaitheamh ag an strainséir mar a shíl sé ar dtús, ach seaicéad ceangailte lena chromáin a bhí ag crochadh lena shála nach mór.
ceangailte in intinn daoine associated in people's minds
" ” Ba é Cilian a léirigh an clár mór-ráchairte sin a bhí ar RTÉ an bhliain seo caite, “Rip-off Republic”, agus is cinnte gur buntáiste mór a bhí ann do Stillwater bheith ceangailte in intinn daoine leis an chlár áirithe sin.
ceangailte go mór greatly connected
" “Ba mhaith liom go dtuigfeadh daoine sa chathair go bhfuil na coirmeacha ceoil seo ceangailte go mór le Gaeilge.
de dheasca a ceangail fhada stairiúil leis an mBreatain, as a result of the long historic tie with Britain,
" ” **Idir dhá chultúr** Uaireanta, meastar go bhfuil an Nua-Shéalainn ró-spleách ar chultúir ón taobh amuigh, de dheasca a ceangail fhada stairiúil leis an mBreatain, agus a giorracht don Astráil.
foghlaim faoi na ceangail to learn about the ties
" Deis mhaith dúinn é seo agus dár gcairde as Éirinn foghlaim faoi na ceangail idir ár dteangacha, ár gcultúr agus ár modh maireachtála.
cheangail sé lámha an chailín don stíoróip he tied the hands of the girl to the stirrups
" Cheannaigh Richard capall i Learpholl, cheangail sé lámha an chailín don stíoróip agus mharcaigh sé i dtreo Halla Walton, an cailín ag tuisliú ina dhiaidh agus í cosnochta.
ceangailte le chéile tied together
" Tá an dlúthcheangal agus an comhoibriú idir iad agus an DUP chomh láidir sin go bhfuil an chuma ar an scéal gur stát dhá pháirtí atá ann ó thuaidh agus go bhfuil an dá pháirtí sin ceangailte le chéile mar a bheadh cúpla Siamach ann.
nach bhfuil ceangailte le lipéad ar bith. who aren't tied to any label
" Creidim go bhfuil deis iontach ann anois d’eagras nua nó do dhuine cruthaitheach lipéad nua don aois seo a bhunú – nó seanlipéad a atheagrú – ag úsáid na nuatheicneolaíochta agus an idirlín, agus ag teacht i dtír ar an tslí a bhfuil go leor daoine ann a bhfuil tallann acu nach bhfuil ceangailte le lipéad ar bith.
Is é an snáth a cheanglaíonn na dánta ar fad le chéile the thread that ties all the poems together
" Is é an snáth a cheanglaíonn na dánta ar fad le chéile ná go bhfuil siad ar fad bunaithe ar véarsaíocht dhúchasach Chonamara.
as an gcaoi ar ceanglaíodh le chéile iad from the way they were linked together
" Bhí daoine ag rá go mb’fhéidir go mbainfí an tuairim sin as an gcaoi ar ceanglaíodh le chéile iad sa scannán a rinne Michael Davitt.
ceangailte le cannaí peitril tied to cans of petrol
" Nuair a bhí an oíche faoi lán seoil tháinig meitheal, nó ball amháin den IRA, d’fhág buama a bhí ceangailte le cannaí peitril ar leac na fuinneoige agus d’imigh leis.
a cheanglódh that would tie
" Ach mheas an pobal mór go raibh caidreamh ródhlúth idir Paisley Jnr agus an forbróir Seymour Sweeney, agus bhí sé greannmhar a bheith ag fanacht ar an chéad nasc eile a cheanglódh MLA Thuaisceart Aontroma le ball saibhir an DUP.
ceangailte suas tied up
" Braitheann go leor daoine ar an iascaireacht lena mbeatha a thabhairt i dtír agus is foinse thábhachtach bia é an loch chomh maith – bíonn éisc de gach cineál le feiceáil ar díol sna margaí, ar an tsráid, istigh i mbialanna agus ceangailte suas taobh amuigh de mhionbhusanna ionas nach mbíonn boladh lofa taobh istigh! Téann an bád farantóireachta – an ILALA, a tógadh i nGlaschú sna caogaidí – trasna an locha gach seachtain.
na ceangail the ties
" Dúirt Derek Hannon, ar oifigeach cultúrtha é le hAmbasáid na hÉireann in Londain: "Is deis iontach é seo ceiliúradh a dhéanamh ar na ceangail idir Éire agus Learpholl, go háirithe i mbliana agus Learpholl mar Chathair Chultúrtha na hEorpa agus na sluaite móra cuairteoirí ag tarraingt ar an áit.
leathlámh an rialtais ceangailte the government's arm tied
" Tá ceistanna ann maidir le cumas na n-airí féin: an bhfuil an triúr mór – An Taoiseach, An Tánaiste, agus an tAire Airgeadais -- in ann dul i ngleic le géarchéim mar seo? Cén taithí agus cén tuiscint atá acu ar scéal seo? Nach raibh Cowen féin ina aire airgeadais nuair a bhí margaíocht na tithíochta á stiúradh ó smacht? Ach anuas air sin tá ceisteanna níos leithne: nuair atá geilleagar an domhain ag titim ó chéile, céard is féidir le tír bheag a dhéanamh? Nuair atá an chuid is mó de ghnónna na tíre i seilbh phríobháideach, nach bhfuil ról an rialtais teorannta go maith? Nuair nach bhfuil aon tionchar againn ar an ráta úis, ná ar luach an phunta sterling, nach bhfuil leathlámh an rialtais ceangailte? D'fhógair an rialtas beartas mór eacnamaíochta i mí na Nollag.
ceangailte suas le céibh tied in the harbor
" Tá sé chomh seafóideach an méid atá ag tarlú faoi láthair ó thaobh na timpeallachta, gan caint ar aon rud eile: báid ó tíortha eile (An Spáinn ar an gcuid is mó) in ann iascach amach ó chósta na hÉireann in uiscí na hÉireann a fhad is atá báid na hÉireann ceangailte suas le céibh.
ceangailte tied (down)
" Agus fórsaí Mheiriceá ceangailte san Iaráic, bhí Al-Qaeda ag athneartú níos faide soir.
ceangailte connected
" Cén chaoi a dtiocfadh nó tá Éire ar cheann de na tíortha is mó atá ceangailte leis (agus ag brath ar) an ghréasán idirnáisiúnta gheilleagair.
cheanglaíonn ties
" Cé go n-éilíonn Treiber nach ndearna sé na mná óga, Géraldine Giraud agus Katia Lherbier, a mharú, tá fianaise láidir ann a cheanglaíonn é lena mbás.
cheanglaíonn ties
" Tá fás Facebook pléite agam cheana sa cholún seo agus aon duine a cheanglaíonn leis an gcumhacht sin, agus a thuigeann gurb é sin an áit ina bhfuil an margadh, beidh rath orthu, cinnte.
ceangailte tied
" Leagtar capall an Dochtúra le sreang íseal ceangailte idir dhá chrann.
Ceanglaíonn ties
" Ceanglaíonn an t-athair, seirbhíseach Dé, ribíní báná lena ngéaga.
ceangailte caught up
" Sheas an tUachtarán Obama don uachtaránacht leis an ngeallúint go n-athródh sé an córas sláinte, agus tá an Páirtí Daonlathach i gcoitinne ceangailte leis an rud anois.
ceangailte intertwined
" An Tráth Ceart le Teip ========= Is é an botún atá déanta agus an áit a bhfuil an neamhréir le fáil ná go bhfuil comórtais na gcúigí agus comórtas na hÉireann fós ceangailte ina chéile.
ceangailte connected
" Bhí siad araon ceangailte go dlúth leis an ghluaiseacht a chuir deireadh le sean-mhodheolaíocht Pháirtí Lucht Oibre na Breataine agus a chur tús le New Labour, eagraíocht a bhí rite le claonbholscairí, le dreamanna fócais is a bhfuil coincheapa mar ‘on message’ mar oidhreacht aige.
cheanglaíonn links
" Ach do Assange níl ann ach céim i dtreo a cheann sprice - ní inniu ná inné a chrom sé ar a chuid oibre, agus tá snáth láidir le feiceáil ina shaol a cheanglaíonn cúrsaí ar fad.
ceangailte go dlúth connected firmly
" Má chruthaíonn tú spás cultúir atá lán deiseanna mar thriail muid roimhe mura bhfuil an spás sin ceangailte go dlúth le traidisiúin agus le comhthéacs an cheantair, rud imeallach a bheas ann.
cheangail linked
" Rud amháin a cheangail na géarchéimeanna seo - caimiléireacht, amhantraíocht amaideach, tuairteanna - is é gurbh é an gnáthdhuine a d'íoc as i dtólamh, in achan chás.
Ceanglaíonn links
" Ceanglaíonn an cosán faoi thalamh 1200 siopa agus bialann, 50 túr oifigeach, agus cúig stáisiún traein fobhealach.
cheanglaíonn links
" An rud a cheanglaíonn na scríbhneoirí Béarla thuasluaite ná go mbunaíonn a bhformhór acu na carachtair ón Lucht Siúil ar allagar réamhbhunaithe, allagar foirmleach, réamhluaite a bhfuil athrá agus athdhéanamh déanta air ó ghlúin litríochta amháin go glúin eile.
ceangailte de tied to
" Tá seisear fear faoi láthair ar an luamh “Ar Seachrán” agus é ceangailte de chéibh Ailt an Chorráin le seachtain anuas, de dheasca na drochaimsire geimhriúla.
cheangail sé na lámha os cionn a imleacáin joined his hands over his bellybutton
" Nuair a shín an firín beag an dá chois amach gur cheangail sé na lámha os cionn a imleacáin, ba léir go raibh fonn comhrá air.
Madaidh Scaoilte is Clocha Ceangailte a completely crazy situation
" Madaidh Scaoilte is Clocha Ceangailte ============ Tá rudaí saorga, mar clár fógraí amaideach agus binsí plaisteacha fós sa charrchlós ag Bun Glas, os comhair aillte Sliabh Liag agus graffiti péinteáillte i litreacha móra dearga *‘Carl loves Breege’* díreach ag deireadh Cosán an Aon Fhir, cóngarach do bharr an sliabh.
ceanglaíodh was tied
" tráthnóna, ceanglaíodh de thralaí otharlainne é, cuireadh diltálaire isteach i bhféithe a dhá sciathán, agus instealladh nimh iontu, sa chaoi go raibh sé marbh faoi 11.
nach gceanglaítear are not linked
" Sa leabhar iontach seo, luann Cahill nach gceanglaítear na focail *"Irish"* agus *"Civilisation"* le chéile ach nuair a bhí Impireacht na Roimhe ag titim as a cheile, ba iad na manaigh Éireannacha a las solas na sibhialtachta Críostaí ar fud na hEorpa sa "Ré Dorcha.
Cheanglaíodh used to tie
" Cheanglaíodh na gardaí an athchos leis an slabhra ó thráth go chéile, mar nuaíocht, ionas nach mbeadh an cime, d’easpa an chleachtaidh, in ann codladh go sócúlach.
ceangailte faoin chom tied around the waist
" Bhí cuid acu gléasta ins an chopan, cóta fada déanta as cadás cuilteáilte agus é ceangailte faoin chom le scairf, cuid eile ag caitheamh treabhsar níolóin, léinte lumberman, agus veistíní.
ceangailte leis tied into
" An dúil trasphobail atá ag muintir Chúige Uladh sa rugbaí, an comhartha é go bhfuil ‘an dá phobal’ ag teacht le chéile, aontaithe ag cluiche a bhfuil ráchairt air ó na 1860í ar aghaidh ach a bhí ceangailte leis an Phrotastúnachas agus leis an Aontacht ar fheadh bhunús an ama sin? Ní hea.
ceangailte le tied in with
" Faoi chóras Bretton Woods bhí luach gach airgeadra ceangailte le luach an dollair a bhí, é féin, ceangailte le luach an óir.
gceanglaíonn sé sin le that ties (them) to
" Ábhar mórtais acu gur spórt Gaelach atá ann, agus go gceanglaíonn sé sin le náisiún Ceilteach eile iad.
cheanglaíodh used to be associated
" Tá a n-ionad féin ag na scéalta sin a bhfuil na catacóim mar théama acu i mbéaloideas na cruinne cé go mba leis na Rómhánaigh a cheanglaíodh an téarma “catacóm” go minic, fiú sa lá inniu féin.
gceanglaíonn connects
" Bíonn feiceáil ag an Danmhairg agus ag an tSualainn ar a chéile san áit a gceanglaíonn Droichead Öresund an dá thír dá chéile.
cheanglaítear teip le failure is tied to
" Is iondúil go luaitear an dá fhocal 'Gaeltacht' agus 'deontas' lena chéile chomh minic is a cheanglaítear teip le foireann peile Mhaigh Eo.
na nascanna a cheangail the links which tied
" Dhearbhaigh sé ná féadfaí méid agus uafás an *‘mighty scourge of war’* a thuiscint munar deineadh iarracht sollúnta na nascanna a cheangail an dá eite den chogadh a thuiscint agus a shoiléiriú.
An gceanglóidh siad leis shall they associate me with
" An gceanglóidh siad leis na heasaontóirí mé? “Nach bhfuil na fenians uilig mar a gceanna?” Chuala mé daoine a rá go mbeidh deireadh buan leis an aighneas ó thuaidh cionn is nach bhfuil an t-aos óg chomh seicteach leis an seandream.
ceangailte le chéile bound together
" Mar shampla, i ndiaidh di an t-albam pages a dhéanamh, chaith sí gúna déanta as páipéar ar a raibh scór ceolfhoirne an albaim air agus é ceangailte le chéile ag Sharon Costello Desmond, a bhain úsáid as 250 slat d'órshnáithe.
ceangailte go dlúth le cruthaíocht firmly connected to creativity
" Nuair a chuir údarás na Síne cosc láithreach ar a fhiseán agus bhain den Idirlíon é, dúirt Ai Weiwei go raibh sé ina cheart ag daoine iad féin a chur in iúl dá chéile agus go raibh an ceart seo ceangailte go dlúth le cruthaíocht, sonas agus le saol daoine agus an tsochaí ar di iad.
ceangailte go dlúth closely connected
" Is minic agus tábhacht an spóirt do dhaoine óga á chur chun cinn go luaitear dea-thréithe agus luachanna ar leith a bheith ceangailte go dlúth le spóirt – comhoibriú idir daoine, obair foirne, spórtúlacht, dea-mhéin, dea-shláinte choirp agus anama, cumarsáid, meas ar dhaoine, meas ar do chéile comhraic, macántacht, paisean, dílseacht, dea-shampla, dea-thoil, ionracas agus mar sin de – agus níl amhras ar bith ná go mbíonn fáil ar na dea-thréithe sin i measc lucht spóirt faoi mar a bhíonn i measc daoine i gcoitinne.
ar son an cheangail leis for the connection with
" Léiríonn sé na coranna casta i gcinniúint an cheantair seo go bhfuil an struchtúr is sine i mBéal Feirste, an droichead ag Connswater – Abhainn Choinn (baiste as an tiarna Gaelach, Conn Ó Neill) anois i gcroílár an cheantair atá ag seasamh an fhóid (mar dhea) ar son an cheangail leis an Bhreatain.
stádas na mná ceangailte lena gaol leis the woman’s status is tied into her relationship with
" Má ligtear bean isteach i dtír mar bhean chéile fir atá fostaithe sa tír sin, is minic a bheidh stádas na mná ceangailte lena gaol leis an bhfear.
maidir le ceangail idirlín in regard to internet access
" Agus lena gceart a thabhairt dóibh, dhruid an Eoraip leis na Stáit measartha tapa maidir le ceangail idirlín.
ceangailte faoina mbéal agus a srón tied around their mouths and noses
" Tuairim is dhá chéad a bhí sa bhuíon seo, stócaigh, a gcuid léinte – a bhí ar maos i bhfínéagar – ceangailte faoina mbéal agus a srón.
cheanglaíonn go rómhinic an cine Gorm black people are too often linked
" Ní cabhair ar bith iad na meáin, a cheanglaíonn go rómhinic an cine Gorm le dronganna agus drugaí.
na ceangail dhiamhra idir the mysterious links between
" Tugtar spléachadh anseo ar na ceangail dhiamhra idir saol an cheoil agus saolta eile.
cheanglaíonn ties, links
" Gluaiseacht darb ainm Hezbollah a cheanglaíonn an corrán polaitiúil seo le chéile.
draíochtach an dóigh ar ceanglaíodh gach gné éagsúil lena chéile magical how every distinct aspect was tied together
" Níorbh fhada gur imigh Úna féin! Ach nuair a chualathas don chéad uair é sa Sonic Arts Research Centre, bhí Owenvarragh draíochtach an dóigh ar ceanglaíodh gach gné éagsúil lena chéile, idir cheol, fhriotail shonta (sonorous words) á leamh ag Carson é féin, íomhánna, agus na fuaimeanna a thaifead Úna, ó dhaoine ag caint i dteach tábhairne, go dtí cipín á lasadh agus an fhuaim a thagann as seantolg i ndiaidh tú suí air! Ainneoin éagsúlacht na gcomhábhar, bhí sé iontach mothúchánach fosta.
ceangailte go dlúth leis strongly connected to
" Bhí na cnámha faoi thalamh ar feadh na gcéadta ar shuíomh atá ceangailte go dlúth leis an Naomh agus de bharr seo is iarsmaí beannaithe iad ar nós Coróin Deilge Críost, in Ard-Eaglais Notre Dame, Páras, Cumhdach Turin nó méar Naomh Tomás in Eaglais Santa Croce in Gerusalemme sa Róimh.
na ceangail seanchairdis agus ghaoil sin those old links of friendship and relationship
" Is tráth den bhliain é ina ndúisíonn muid an athuair na ceangail seanchairdis agus ghaoil sin a thugann brí agus teochroí isteach inár saol – saol a chaithimid i measc an phobail atá thart orainn.
dreamanna nach raibh ceangail acu leis groups who weren’t connected to
" Ach sa chuid is mó fágadh dreamanna nach raibh ceangail acu leis an pháirtí gan aon chumhacht sa náisiún nua.
ceangail stairiúla trádála historic trade ties
" Tá sí ina áit mhaith, agus tá ceangail stairiúla trádála agus tráchta aici.
ar líonra a cheanglaíonn which link on a network
" Séard atá iontu ná lipéidí téacs ar líonra a cheanglaíonn píosaí ábhar scaipthe le chéile.
ceangailte le tied into
" Ina áit sin, tá Oireachtas na Gaeilge ceangailte le ‘Deiseanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán’.
ceangail aduain éigin some strange link
" Anuas ar sin, bhíothas ag iarraidh dealbh a thógáil i nGaillimh dornán blianta ó shin in onóir Che Guevara siocair go bhfuil seans ann go raibh ceangail aduain éigin ag a shin-seanmháthair leis an chathair.
Slabhra ceangailte léi a chain attached
Madaidh Scaoilte is Clocha Ceangailte absolute craziness, upside down
" Madaidh Scaoilte is Clocha Ceangailte =============== Mhaígh Mc Connell gur ghéill rialtas na Breataine do chilliní an IRA cionn is go raibh eagla orthu roimh fheachtas eile buamála agus go ndéanfadh rialtas Westminster an rud céanna le Moslamaigh agus an dlí Sharia a thabhairt isteach ar fud na Breataine.