Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nua-cheannaithe newly-bought
" Is minic a thagann printéir saor in aisce le ríomhaire nua-cheannaithe ach is fiú tréithe an phrintéara sin a scrúdú go mion.
ciall cheannaithe the teachings of experience
" Cumas seinnte agus cumas cumadóireachta atá le cloisteáil ar an albam seo agus ciall cheannaithe, taithí agus tuiscint ar an gceol agus ar an mbrí a bhaineann leis.
cumhacht cheannaigh purchasing power
" Ar bhealach, tá gaol idir an Béarlachas agus deighilt shóisiálta agus is iad na daoine nach bhfuil mórán Béarla acu a bhíonn ag fulaingt an chuid is mó leis: seandaoine, daoine gan oideachas - daoine nach mbíonn cumhacht cheannaigh acu ar aon nós.
na ceannaithe the features
" Bhí cuma aisteach, stalctha ar na ceannaithe, agus bhí an béal beag tarraingthe agus snoite.
ceannaithe purchased
" Ach tá talamh agus foirgnimh ceannaithe ag an ollscoil i lár na Ceathrún Rua, agus creidtear go bhfuil sé i gceist mionchampas Gaeltachta a thógáil ann.
cheannaínn I used to buy
" Gach tráthnóna Dé Luain, geall leis, cheannaínn an *Evening Press *chun a chuntas ar an gcluiche a imríodh an lá roimhe sin a léamh.
cheannaí airleacain tallyman
" Sin an radharc a bhí romham nuair a chaith mé seal mar cheannaí airleacain ag olltoghchán roinnt blianta ó shin - ach cuirfear deireadh leis an bpróiseas seo má éiríonn le rialtas na hÉirinn vótáil leictreonach a chur i bhfeidhm.
cumhacht cheannaigh buying power
" Tá tú in ann maitheas a dhéanamh don teanga trí chabhrú le pobal Gaeilge a chruthú agus íomhá a chruthú go bhfuil cumhacht cheannaigh ag an bpobal seo, agus trí sheasamh le chéile go mbeidh deis breis seirbhísí a fháil trí mhargadh ceart a bhunú.
ceannaithe saibhre rich merchants
" Radharc aisteach atá ann! Sa mheánaois, bhí an-rath ar Lucca mar gheall ar bhaincéaracht agus déantús síoda agus thóg ceannaithe saibhre túir mar seo.
ceannaithe saibhre rich merchants
" Thóg baincéirí agus ceannaithe saibhre iad ón 15ú haois go dtí an 19ú haois.
mura gceannóidís a gcuid glasraí if they wouldn't buy their vegetables
" Dúradh go díreach le McDonald’s nach dtabharfaí tacaíocht dóibhsean a thuilleadh mura gceannóidís a gcuid glasraí san Astráil.
orduithe ceannaigh éigeantacha compulsory purchase orders
" I mbeagán focal, tá an Ard-Chúirt ag cur cinneadh polaitiúil i bhfeidhm, cinneadh a thug cead do chorparáid ilnáisiúnta orduithe ceannaigh éigeantacha a eisiúint lena gcuid talún a bhaint ó ghnáthshaoránaigh na tíre.
Comhaontaithe Ceannaigh Éigeantach Compulsory Purchase Agreements
" Díol suntais fosta, go bhfuil Comhaontaithe Ceannaigh Éigeantach sínithe ag 27 úinéir talún agus nach bhfuil ach seachtar ag cur ina choinne.
Cheannaínn I used ot buy
" Cheannaínn cóipleabhar agus thosaínn amach le scéal ach níor éirigh liom riamh ceann a chríochnú.
díreach mar a cheannófaí im nó cabáiste sa margadh. just as butter or cabbage would be bought in the market.
" Agus is mar gheall ar stocaireacht mar sin atá cead ag daoine go fóill gunnaí a cheannach in Virginia (an stát inár tharla an sléacht) gan bac ar bith, díreach mar a cheannófaí im nó cabáiste sa margadh.
ceannaithe bought
" ” Tá an nuachtán ceannaithe anois ag an Andersonstown News Group agus is féidir le Lá Nua (mar a thugtar air anois) leas a bhaint as acmhainní uilig an ghrúpa sheanbhunaithe seo.
ceannaithe saibhre rich merchants
" Thóg ceannaithe saibhre tithe breátha sa bhaile, atá ann go fóíll.
na ceannaithe the merchants
" Rinne na ceannaithe brabús maith as seo agus as soláthar long cabhlaigh, agus nuair a tháinig William III go dtí an port sa bhliain 1689 b’éigean dó praghas ard a íoc chun a arm a iompar go hÉirinn.
ceannaíonn siad na geansaithe, they buy the tops,
" Foghlaimíonn siad na hamhráin, ceannaíonn siad na geansaithe, agus faoi dheireadh na gceithre bliana a chaitheann siad san ollscoil, bíonn an chuid is mó acu tumtha go huile is go hiomlán i gcultas na peile.
na ceannaithe the merchants
" Ar an taobh eile den abhainn, thóg na ceannaithe stórais mhóra a raibh lóistín dóibh féin taobh istigh díobh.
ní bhíonn sé á cheannach mar a cheannaíodh muidne é. They aren't buying the same way as we used to buy
" Ach ní ó shiopaí ceirníní a fhaigheann sé a chuid ceoil – ní bhíonn sé á cheannach mar a cheannaíodh muidne é.
Cheannaítí na sclábhaithe the slaves used to be bought
" Cheannaítí na sclábhaithe ar chósta thiar na hAfraice go príomha, agus chuirtí trasna an Aigéin Atlantaigh iad go dtí na plandálacha sa Mhuir Chairib agus chucu siúd i Meiriceá Theas**.
tairiscint ceannaigh offers (bids)
" Fuarthas suas le 69 tairiscint ceannaigh ar an saothar, ar íomhá é ina léirítear ealaíontóir ag críochnú an fhocail “Banksy”.
go gceannódh gach duine that every person would buy it
" Fiú dá mbeadh an nuachtán ar aon mhéid agus ar aon chaighdeán leis an *New York Times*, ní fhéadfaí a bheith ag súil leis go gceannódh gach duine den 72,148 é.
ceannaithe drugaí drug dealers
" Cuireadh mangaireacht drugaí i leith na *Sandanistas*, ainneoin gurb iad laochra Reagan, na *Contras*, na ceannaithe drugaí ba mhó ag an am – a bhuíochas sin ar lámh chúnta an CIA ar ndóigh.
ciall cheannaithe sense learnt from experience
" **Buntáistí**: Seans go bhfuil ciall cheannaithe aige um an dtaca seo agus go seachnóidh sé an chonspóid feasta.
cheannaíteá leabhrán ticéad you would buy a book of tickets
" Roimhe seo, cheannaíteá leabhrán ticéad agus d’úsáidteá ticéad amháin in aghaidh an turais.
ceannaithe merchants
" Seans go bhfuil ciall ag burgairí agus ceannaithe an bhaile an ceangal seo a chruthú mar go dtugann sé ‘cachet’ éigin don áit.
ceannófar shall be bought
" Ní thar sáile a chaithfear na laethe saoire chomh minic is a bhíodh; ní bheidh an carr 09 béal dorais linn; ceannófar nuachtáin amháin ar an Domhnach seachas na ceithre cinn; beidh muidne faoin tír ag fás ár gcuid prátaí féin agus ag smaoiteamh ar an mhóin a iompar ón phortach; ní bheidh an béile againn sa bhialann uair sa mhí níos mó agus ní bheidh na bréagáin is nua-aimseartha ag ár gcuid páistí.
ceannaíodh were bought
" An Tíosúlacht in áit na Caifeachta Má b’é teachtaireacht an Uachtaráin deiridh gur cheart don phobal dul ag siopadóireacht, bhí teachtaireacht eile ag Obama agus é faoi shúile na milliún: basta! Dar leis, díoladh an iomarca tithe do dhaoine nach raibh in acmhainn íoc astu, ceannaíodh an iomarca earraí le hairgead nach raibh ann, agus ní dhearnadh rialú ar aon rud.
ceannaithe bought
" Ní na Lochlannaigh a bheas dár gcur faoi chois an t-am seo, ach lucht an Deutsche Bundesbank agus a gcuid feidhmeannach, a mbeidh an tír ceannaithe acu ar chúpla billiún Euro.
cheannaíonn buy
" Tá eolas fairsing ag na gasúir ar na imreoirí go léir sa Premier League, de bharr na hirisí a cheannaíonn siad.
ceannaithe bought
" Cuid de fhoirne na Príomhshraithe, is beag Sasanach a bhíonn ag imirt leo, de bharr oiread éirime ón iasacht atá ceannaithe ag na clubanna.
Ciall cheannaithe a lesson learned
Cheannaigh bought
" Cheannaigh mé hata le mo chloigeann maol a chosaint óir bhí an ghrian ag spalpadh! Ní raibh ach ocht gcloch go leith meáchain ann nuair a fuair sé bás.
gceannaíonn buys
" com/watch?v=3nuUhKVIrWU) Modd Cymru – Modh na Breataine Bige Mhínigh sé dúinn go gceannaíonn a chomlacht sa Bhreatain Bhig seantithe faoin tuath, tithe atá tréigthe agus ina mballóga go minic, agus athchóiríonn sé iad, ag baint úsáid as seanscileanna agus as ábhar tógála traidisiúnta.
ceannaithe bought
" Tá tig ceannaithe agam.
cheannaítear is bought
" Ar ndóigh, is ag trácht ar nuachtáin sa mhúnla traidisiúnta (a fhoilsítear agus a cheannaítear i siopaí) atá mé, óir tá moladh mór tuillte ag an iriseoir Eoghan Ó Néill a choinnigh beatha san fhocal scríofa Gaeilge leis an nuachtán ar líne Nuacht 24.
ceannaithe bought
" com/presents/lovers-gloves) - cá háit eile a bhfaighfeá bronntanas chomh speisialta sin? Tá péire bronntanais ceannaithe agam cheana ar www.
cheannaíodar they bought
" D'fhéadfá tiomáint ó dhoras go doras dá mba mhian leat! Díothú na Traenach ========== Mar is eol don saol, tá neamhspleáchas tábhachtach don Mheiriceánach, agus cheannaíodar na modhanna taistil nua seo go tiubh.
ceannaigh buy
" ‘Nuair a thig an chuach ar chrann gan duilliúr, díol do bhó is ceannaigh arbhar’ a deirtí in am amháin.
ceannóidh shall buy
" Má bhím in Áth Luain agus má fheicim siopa a bhfuil comhartha Gaeilge air, rachaidh mé isteach ann - rachaidh mé isteach ann! An turasóir nach bhfuil Gaeilge aige, ceannóidh sé an t-léine nó an muga a bhfuil Gaeilge air mar déarfaidh sé, “bhí mé in Éirinn, bhí mé i nGaillimh", nó “bhí mé in Áth Luain” agus tá an teanga sin ansin.
ceannaithe isteach bought into
" Tá an rialtas nua ceannaithe isteach sa Straitéis 20 Bliain mar a bhí an rialtas roimhe agus tá siad ag rá go bhfuil siad ag iarraidh sochaí dhátheangach a fhorbairt.
Le ciall cheannaithe having learned by experience
" Le ciall cheannaithe, agus é fásta ina ailtire, tuigeann sé ansan nach dtugann bealach an Nádúir/na Caoithiúlachta aon fhaoiseamh don chréacht anama istigh.
ciall cheannaithe wisdom
" B’fhéidir le Dia go bhfaighidh an ghlúin aníos inár ndiaidh ciall cheannaithe as an am chorrach seo agus go gcuirfidh siad caoi ar an tír.
an cumas ceannaithe atá acu their buying power
" Más Olc Maoil is Measa Mullach ============= Is cás le daoine go bhfuil an cumas ceannaithe atá acu imithe chun an diabhail agus go mbíonn an costas maireachtála sa Fhrainc ag ardú de shíor.
ceannaithe bought
" Dhá bhliain? Féinfhoilsiú mar sin! Tá an leabhar amuigh anois (cé nach bhfuil gléas a léite ceannaithe agam go fóill!) agus é tiomnaithe do Mhícheál Ó hAodha, an té a chuir ar bhóthar na féinfhoilsitheoireachta leictreonaí an chéad lá mé.
Ceannófar an tanúlacht agus an tsimplíocht níos túisce simplicity and what is shallow is sooner bought
" Ceannófar an tanúlacht agus an tsimplíocht níos túisce ná an tsiosmaid.
thosaigh ceannaithe rachmasacha capitalist merchants commenced
" Tháinig an earnáil tionslaíochta agus tráchtála chun cinn go mór faoin tsaoirse nuaghnóthaithe seo agus thosaigh ceannaithe rachmasacha, a bhí anois i gceannas ar chumhacht geilleagair na poblachta nua seo, ag cur spéise san ealaín i measc rudaí eile, lena gcuid airgid a chaitheamh uirthi.
cheannaigh muid an mhionsamhail we bought the replica
" Leis an bheagán airgid a bhí sa chiste againn, cheannaigh muid an mhionsamhail a rinne Oisín Kelly le hagaidh na deilbhe ar Shráid Uí Chonaill ón teilgceárta agus tá sé le feiceáil mar chuid den taispeántas buan san iarsmalann anseo.
a ceannaíodh which were bought
" Tá an baothgháire bréige bliantúil déanta faoi na ceisteanna beaga amaideacha ar na bileoga beaga amaideacha a bhíonn taobh istigh de na pléascóga beaga amaideacha a ceannaíodh Tigh Lidl agus Tigh Aldi.
an chiall ceannaithe learned sense
" Bhí an chiall ceannaithe ag Páirtí an Lucht Oibre tar éis a threascartha san olltoghchán agus is beag an bhá a léirigh a dhúnghaois le muintir na mbád ó shin i leith.
toisc gur cheannaigh bradaithe eile iad because other hackers were buying them
" Caithfidh nach raibh Apple róshásta leis? “Déarfainn gur díoladh níos mó iPods ina dhiaidh sin toisc gur cheannaigh bradaithe eile iad.
cheannaithe merchants
" Tháinig an tacaíocht a spreag an mhórchruthaitheacht seo ó cheannaithe agus ó bhaincéirí, uasalaicme úr na linne sin, agus ba mhór an mhaise do na héarlaimh nua seo a chaitheadh a gcuid airgid go feiceálach ar thionscnaimh mhóra phoiblí ealaíne.
Cheannóinn bád freisin I’d buy a boat also
ceannaigh na giuirléidí seo a leanas buy the following devices
" Táim féin ag gabháil i dtreo na tuairime gur chóir bliain a chaitheamh ag obair roimh fhreastal ar an ollscoil, ach níl ionamsa ach an colúnaí teicneolaíochta! Ach má éiríonn leat agus má shocraíonn tú ar freastal ar an tríú léibhéal, ná bac leis an gcarr nua a thairg do thuismitheoirí duit do thorthaí maithe: iarr liúntas teicneolaíochta uathu agus ceannaigh na giuirléidí seo a leanas.
i gcomórtas le ceann a ceannaíodh compared to one bought
" Má cheannaíonn tú gluaisteán nua idir Eanáir agus Iúil – agus cláruimhir 131 air – agus má dhéanann tú iarracht í a dhíol amach anseo, beidh luach níos lú uirthi i gcomórtas le ceann a ceannaíodh sa dara leath den bhliain.
cheannóinn I’d buy
" “Dá mbeadh an t-airgead agam, cheannóinn laptop agus dhéanfainn mo bhealach.
b’fhéidir go gceannófá seoid you might buy a beauty
" Cá bhfios, b’fhéidir go gceannófá seoid!
Cheannaigh bought
" (Cheannaigh John Cleese éan breá ach nuair a shroich sé an tigh cónaithe ba léir dó go raibh sé tar éis bás a dh’fháilt go tobann.
an dóigh go gceannaíonn daoine sa tír seo how people in this country buy
" Cuid den am, bím ag magadh; mar shampla, is maith liom an dóigh go gceannaíonn daoine sa tír seo leabhair atá foilsithe ag amadán!” Corca Dhuibhne ======= D’fhoghlaim Paul focal nó dhó óna mháthair, ach 25 bliana ó shin rinne sé suas a intinn ‘an Ghaelainn’ a fhoghlaim i gceart.
cheannaíonn tú deoch you buy a drink
" Go minic, faigheann tú bia saor in aisce nuair a cheannaíonn tú deoch.
nár cheannaigh sé oiread is he didn’t buy as much as
" Mhaígh sí gur thacaigh sé go daingean i gcónaí le cruthú agus caomhnú na fostaíochta sa bhaile, agus ar a shon sin nár cheannaigh sé oiread is pionta pórtair féin in áit ar bith taobh amuigh de Thír Chonaill.
a cheannaítear which are bought
" De réir na léirmheasanna, braitheann sé go mór ar na cadhnraí a cheannaítear agus is iomaí cineál cadhnra de chaighdeáin an-éagsúla atá ar an margadh.
tá ciall cheannaithe ag na daoine the people have learned their lesson
" I ngeall ar an teip seo, an dóigh ar theip orainn an daonlathas a cheartú agus a chothú tar éis na géarchéime, tá ciall cheannaithe ag na daoine – níl meas ar bith ag daoine ar an vóta, ar an rialtas, ná ar an daonlathas féin.
a cheannaíodar which they bought
" Agus an Cine Gorm ag bogadh isteach sna cathracha, thosaigh an Cine Geal, go háirithe sa tréimhse i ndiaidh an dara chogadh domhanda, ag bogadh amach go dtí na fobhailte, a bhuíochas leis na gluaisteáin nua a cheannaíodar.
Ceannaím I buy
" Ceannaím an Irish Times gach lá ach tá mórán ann nach bhfuil aon spéis agam ann.
a cheannaigh who bought
" Toisc comhrá Twitter i 2008 ============= Níl amhras orm nach mise an t-aon duine riamh a cheannaigh rud éigin toisc Twitter.
ceannaithe bought
" Insíonn Balor dúinn go heisiach anseo cad iad na bronntanais Nollag atá ceannaithe aige do chuid den dream a bhí i mbéal an phobail i rith na bliana seo.
cheannaigh bought
" Díoladh suas is anuas le milliún cóip de leabhar nuafhoilsithe sa Bheilg agus sa Fhrainc in imeacht ráithe agus cheannaigh PJ Mac Gabhann a chóip féin.