Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceartaiseacht self-righteousness
" B'fhearr go mór le Balor an t-am a bhíodh sé ag caoineadh le ceartaiseacht ná an rud úr seo atá ar siúl aige le cúpla seachtain anuas.
clogad crua na ceartaiseachta the hard helmet of priggishness
" Cé a bhí ina sheasamh idir mé agus maidneachan ach Éamonn Ó Doornail, an tEagarthóir Téagartha; clogad crua na ceartaiseachta fána cheann, sciath nuachtán crochta lena thaobh, claíomh géar na fíréantachta ina láimh dheas agus péire peann ina láimh eile, agus nuair a chonaic mé é gléasta mar a bhí agus solas niamhrach na húrmhaidine ag lonrú fríd a chuid gruaige cataí ciardhuibhe, dúirt mé gur mhór an trua nach raibh mo Canon EOS Digital liom nó nach gcreidfeadh duine ar bith ar chlár an domhain an chuma churata, oscartha, laochta a bhí air an mhaidin sin.
cáil na ceartaiseachta polaitiúla a reputation for being politically correct
" Easpa fiontraitheChuir iar-Eagarthóir *The Sun*, Kelvin MacKenzie – fear nach ndeachaigh ar chúl sceiche riamh lena chuid tuairimí nó nach bhfuil cáil na ceartaiseachta polaitiúla air – olc ar go leor Albanach i mí Dheireadh Fómhair nuair a chuir sé ina leith nach raibh aon spiorad fiontraíochta sa tír agus go raibh níos mó scile acu i gcaitheamh airgid ná á ghiniúint.
cheartaiseacht self-righteousness
" ”Is léir óna tuin chainte go gcreideann Roche go láidir sna prionsabail seo – níl rian ar bith den tseanmóireacht, den cheartaiseacht ná den bhéalchráifeacht ag baint léi.
lán de cheartaiseacht full of propriety
" Agus é lán de cheartaiseacht agus d’fhíréantacht, chuir sé in iúl don Teachta Pinc gur trí chéad seasca is a sé lá atá sa bhliain 2012, agus go raibh Micí Wallace ag iarraidh an fhírinne a cheilt arís i dtaca lena chuid de mhaoin an tsaoil seo.
clóca lonrach na ceartaiseachta the shinning mantle of propriety / p.c.
" Tá siad i ndiaidh clóca lonrach na ceartaiseachta a tharraingt orthu féin anois.
Ceartaiseacht agus Cinsireacht hyper insistence and censorship
" Ceartaiseacht agus Cinsireacht? ========== Cé nár iarr Bolt ná an nuachtán achomharc ar an mbreithiúnas, mhaígh siad go raibh siad ina n-íospartaigh ag ceartaiseacht pholaitiúil agus go raibh cinsireacht pholaitíochta i gceist.
n-íospartaigh ag ceartaiseacht pholaitiúil victims of political correctness
" Ceartaiseacht agus Cinsireacht? ========== Cé nár iarr Bolt ná an nuachtán achomharc ar an mbreithiúnas, mhaígh siad go raibh siad ina n-íospartaigh ag ceartaiseacht pholaitiúil agus go raibh cinsireacht pholaitíochta i gceist.