Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
stroighin cement
" " Agus cá bhfuil Íosa Mhic Ghiolla Mháire fhad is atá Cement Roadstone ag saothrú a gcoda ar chróite an IRA a líonadh le stroighin? Ar Safari atá sí sa Chéinia agus in Uganda.
stroighne cement
" Cuireadh bloic mhóra stroighne os comhair na ndoirse amach sa treo nach bhféadfaí leoraí a thiomáint isteach ann.
stroighin cement
" Cé a déarfadh, sa chás seo, nach é an náisiúnachas an stroighin i gcás an Chumainn Lúthchleas Gael? *As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail.
stroighin cement
" Chuir sé monarcha agus tionscal an domhain i gcuimhne dom, iarainn, stroighin, soilse neón, nithe crua, nithe neamhphearsanta.
stroighne cement
" Amach linn mar sin sa ghairdín inár mbeirt Ríordánach ar chúl an Tí agus tagaimid faoi dheireadh ar áit chiúin ar chéimeanna stroighne lasmuigh den tslí Dála.
comhtháthú cementing
" Bealtaine 2009: Aire na Gaeltachta, Brian O Shea Cuireann Aire na Gaeltachta, Brian O Shea, tús le próiseas chun comhtháthú a dhéanamh ar na heagrais Ghaeilge agus é ag maíomh go bhfuil rún aige iad a ghearradh ina leath.
urlár stroighne cement floor
" Is féidir le gasúr breith air ar urlár stroighne nó ar an mbóthar nuair nach mbíonn deis rith i bhfolach ag an earc, ach más earc sléibhe é, is laghairt ó cheart é agus thig leis an t-eireaball a theilgean uaidh má bheirtear air agus éalú leis.
seachas stroighin rather than cement
" Leacáin mharmair seachas stroighin, uisce ag sileadh go bog isteach sna dabhachaí míne marmair timpeall le balla.
gclós stroighne a cement yard
" Tá cinneadh déanta é a bhrú isteach i gclós stroighne i lár thuaisceart chathair Átha Cliatha - ceantair atá plódaithe le daoine agus an t-aer millte agus scriosta leis na mílte carr gach uile lá.
an té a bhí ag sluaisteáil stroighine the person who was shoveling cement
" Óir samhlaím gur beag an tairbhe a bhain an té a bhí ag sluaisteáil stroighine ar láithreáin thógála Bhóthar Holloway as an trí véarsa de *The Lake Isle of Inisfree* nó an soinéad Shakepeareach a d'fhoghlaim sé de ghlanmheabhair ach chomh beag.