Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
san aonú haois is fiche into the twenty-first century
" Bhí mé ag magadh nuair a bhí mé ag fágaint an Acadaimh Ríoga go raibh mé ag fágaint an naoú haois déag agus ag dul isteach san aonú haois is fiche, mar tá an meon, an dearcadh, an luas oibre, na modhanna cumarsáide go hiomlán éagsúil.
sa chéad seo caite in the last century
" ) Ba in Árainn Mhór a bhí cónaí ar Róise Rua Mhic Grianna (Róise na nAmhrán), duine de na hamhránaithe sean-nóis ba thábhachtaí i dTír Chonaill sa chéad seo caite.
an cúigiú haois the fifth century
" Faigheann Bohemia (an cúige is rathúla sa tír agus an cúige a bhfuil Prág ina lár) a ainm ó na Boii, treibh Cheilteach a bhí lonnaithe anseo go dtí an cúigiú haois AD.
chéad century
" Tráth dá raibh baile nua á bhunú in iarthar nua na Stát leathan Aontaithe, am éigin sa chéad roimh an gcéad seo caite, bhí dhá champa daoine ag maireachtáil le chéile.
chéad century
" "* An Breitheamh Frederick Morris, 2004 Níl ceithre bliana slánaithe sa chéad úr, agus cheana féin san aonú haois is fiche tá an Stát tar éis a admháil go bhfuil, nó ar a laghad go raibh, rud éigin lofa sa chóras polaitiúil, i gcóras na hEaglaise Caitlicí agus anois i gcóras na nGardaí.
fhoireann an chéid the team of the century
" Tharla sin i gcás Brian Whelehan i 1994, iománaí a roghnaíodh ar fhoireann an chéid ina dhiaidh sin.
ceathrú céid ó shin a quarter of a century ago
" An cheist atá anois ann ná an bhfuil siadsan, nó aon dream, in ann dul céim amháin eile agus monaplacht na gcontaetha “traidisiúnta” a bhriseadh faoi mar a tharla ceathrú céid ó shin.
san ochtú haois déag in the eighteenth century
" PÓC:Filí a mhair san ochtú haois déag ba ea cuid díobh: Tomás Mac Craith ó cheantar Shliabh gCua (i gCo.
i gcaogaidí an chéid seo caite in the Fifties of the last century
" Imircigh a d’fhág Éire i gcaogaidí an chéid seo caite ab ea tuismitheoirí Joyce, Marr (Maher) agus Morrissey; glúin rompu siúd a thug athair Rourke an bád bán air féin.
aon cheann de mhóramhráin an chéid seo caite. any of the great songs of the last century.
" Bhuail mé le DJ Gearmánach ón stáisiún clúiteach ceoil Raidió Bremen a chreid go raibh an t-amhrán ar aon dul le “Non, Je ne Regrette Rien” le hEdith Piaf nó aon cheann de mhóramhráin an chéid seo caite.
a tógadh san 18ú haois built in the 18th century
" Gleann domhain glas atá sna gairdíní sin, idir an tseanchathair mheánaoiseach ar chnoc géar ar thaobh amháin agus an “chathair nua” a tógadh san 18ú haois ar an taobh eile.
go gcaillfidh muid suas le leath ár dteangacha san aois seo that we'll lose up to half our languages in this century
" Measann sé go gcaillfidh muid suas le leath ár dteangacha san aois seo agus go bhfaighidh tuilleadh teangacha bás sa chéad aois eile, go dtí nach mbeidh fágtha ach 5 nó 10% den líon atá ann anois.
iarsmaí ón seachtú haois déag, remnants from the seventeenth century,
" Is beag áit atá fágtha i Meiriceá ina bhfuil iarsmaí ón seachtú haois déag, go háirithe agus cósta thoir Mheiriceá chomh plódaithe anois.
go deireadh an chéid seo caite. until the end of the last century.
" D’aistrigh breitheamh an t-amhrán go Maoiris don chead uair in 1878, ach ní raibh mórán tráchta ar an leagan sin go deireadh an chéid seo caite.
ar theicneolaíocht na haoise seo caite. on the technology of the last century.
" Cé go maítear go minic go bhfuil an tír seo ceannródaíoch maidir le gach gné d'fhorbairt na teicneolaíochta nua-aimseartha, is cosúil go bhfuil na gardaí ag brath fós ar theicneolaíocht na haoise seo caite.
ar thailte na nIndiach i lár an 19ú haois on Indian lands in the mid-19th century
" ) Is ar thailte na nIndiach i lár an 19ú haois atá an scannán suite agus ba spéisiúil fáil amach cá bhfuair lucht an scannáin an focal.
i rith ochtóidí an chéid sin, during the eighties of that century,
" Sa bhliain 1875, thosaigh ollscoileanna in Massachusetts ag imirt faoi na rialacha nua seo, agus i rith ochtóidí an chéid sin, thosaíodar ag athrú an chluiche sa chaoi nach raibh sé chomh cosúil le rugbaí níos mó.
roimh chasadh an chéid. before the end of the century.
" Beifear ag cur san áireamh a laghad den rath agus a bhí ar ardáin dáilithe i dtíortha áirithe eile agus an dóigh ar theip orainn Teilifís Dhigiteach Trastíre a bhunú in Éirinn sna blianta beaga roimh chasadh an chéid.
duine de mhórscríbhneoirí Gaeilge an 20ú haois, one of the great Irish language writers of the 20th century,
" Bhraith mé ag an am go raibh an fear seo, duine de mhórscríbhneoirí Gaeilge an 20ú haois, ligthe i ndearmad agus gur chúis náire é gur tharla a leithéid.
deichiú haois tenth century
" Rinne foireann ó Mhúsaem na Breataine agus English Heritage tástáil ar an déantán airgid agus dhearbhaigh siad nach ndearnadh é sa deichiú haois, ach dúirt siad go raibh seans ann go raibh an píosa adhmaid féin barántúil.
Clúdaítear dánta de chuid fhilí na fichiú haoise poems by twentieth century poets are included
" Clúdaítear dánta de chuid fhilí na fichiú haoise mar Joe Steve Ó Neachtain agus Johnny Chóil Mhaidhc, mar aon le dánta traidisiúnta ón ochtú agus naoú haois déag agus ortha na tréimhse réamhChríostaí.
isteach san fhichiú haois into the 20th century
" “Thug sé saibhreas na mílte bliain sin leis isteach san fhichiú haois agus ar fud an domhain.
ón ochtú haois déag from the eighteenth century
" Tá an saothar seo bunaithe ar dhán ón ochtú haois déag agus chaith Stevenson 40 bliain i mbun an tsiansa.
tús na haoise seo caite beginning of the last century
" Bhain an Astráil neamhspleáchas amach ag tús na haoise seo caite agus ó shin i leith déantar ard-ghobharnóir a cheapadh a fheidhmíonn mar ionadaí bhanríon nó rí na Ríochta Aontaithe.
ag tús na haoise deireanaí. at the beginning of the last century
" Chuaigh cuid mhór Éireannach – muintir na Gaeltachta ach go háirithe – go Butte, Montana ag tús na haoise deireanaí.
sula dtiocfaidh an t-aonú haois is fiche chun críche before the end of the twenty-first century
" Is féidir a bheith cinnte, dar leis, go mbeidh an Astráil ina poblacht sula dtiocfaidh an t-aonú haois is fiche chun críche.
Spealadh Mór an Aonú Aois is Fiche The Great Depression of the 21st Century
"Spealadh Mór an Aonú Aois is Fiche Mar bharr ar an donas, is cosúil go ndéanfaidh ‘calaois’ de chuid Paulson cúrsaí eacnamaíochta níos measa fiú.
naoú haoise déag 19th century
" Cait ag Sú na Gréine ar Oileán Mhic Guaire Cuireadh na chéad ainmhithe andúchasacha ar Oileán Mhic Guaire i lár na naoú haoise déag nuair a scaoil sealgaire míolta móra agus rónta gabhair agus coiníní air, ionas go mbeadh bia ar fáil do chuairteoirí nó do bháid a bhí ag dul thart.
náideanna na linne seo in the young years of the century
" Agus léiríonn na difríochtaí idir an scannán seo agus Pierrot le Fou, sainscannán Godard, an bhearna dholíonta atá idir angst dhéagóirí reibiliúnacha sna seascaidí agus an sórt inphléascadh gan fócas, gan treoir a tharlaíonn do charachtair Naranjo i náideanna na linne seo.
Tionscadal um Aois Mheiriceánach Nua Project for the New American Century
" Shínigh Wolfowitz agus Zoellick an Tionscadal um Aois Mheiriceánach Nua i 1998, a mhol Hussein a threascairt agus na tíortha Ioslamacha eile sa Mheánoirthear a dhíchobhsú.
céad century
" Is iomaí buille a buaileadh ar an Ghaeilg in imeacht an ama, ach tá an ceann is tromchúisí ar na gaobhair - fear beag féasóige as tuaisceart Bhéal Feirste! Cuireadh Reacht Chill Chainnigh i bhfeidhm sa 14ú céad, 1367 le bheith beacht, 35 reacht a raibh sé d'aidhm acu smacht a chur ar an lucht plandála sin a bhí ag éirí níos Gaelaí ná na Gaeil féin, i gcodanna den tír.
casadh an chéid the turn of the century
" Anois go bhfuil fás rábach casadh an chéid fuar san uaigh, is ceart agus is cóir dúinne, d’aos óg na tíre, breathnú siar ar an saol splancúil úd.
gcéadta centuries
" Ós rud é go raibh toirmeasc idirphósta ar feadh na gcéadta le formhór na bpobal eile, bhí féiniúlacht chultúrtha láidir acu.
hAoise century
" html)(Raidió na hAoise http://www.
naoú aois ninth century
" Agus tagann dán chugam i gcónaí, dán beag álainn a scríobhadh sa naoú aois - níos mó na míle bliain ó shoin! Níl a theideal ná ainm an fhile againn, ach tugann sé brí an gheimhridh leis go beacht álaínn, ina chruth Nua-Ghaeilge anseo: -----------------------Scéal liom daoibhDamh ag glaoch,sneachta síorsamhradh d'éag.
casadh an chéid the turn of the century
" Albanach mórtasach agus múinteoir corpoideachais ab ea McLaren agus ar feadh caoga bliain nach mór suas go dtí casadh an chéid, ba é a ghuthsan a bhí inaitheanta mar ‘ghuth an rugbaí’ ar an mBBC.
anuas na cianta down the centuries
" Tugtar ar turas sinn anuas na cianta ón tréimhse roimh Chríost go dtí aimsir na Normannach.
faoin cheathrú céad by the fourth century
" Ach faoin cheathrú céad bhí cur is cúiteamh ar siúl faoin chaoi a dtagann an pósadh salach ar an tsagartacht.
naoú céad déag 19th century
" Is i Sasana agus in Albain a cheapadh na chéad ghaltraenacha go luath sa naoú céad déag, ach go deimhin is i Meiriceá a cuireadh snas orthu ó na 1830aí amach.
na haoise céanna of the same century
" Faoi 1890, bhí 163,000 míle ann! Bailte an Bhóthair Iarainn ============== I gcéadleath an 19ú haois, b'iad na canálacha artairí Mheiriceá, ach faoi dheireadh na haoise céanna, ba léir gurbh air na línte traenach a bhíothas ag tógáil na tíre.
deireadh na naoú aoise déag the end of the 19th century
" ”* Téann sé ar aghaidh agus míníonn sé go raibh feachtas láidir maidir le cúrsaí airgid idir Éirinn agus Sasana ar bun ag deireadh na naoú aoise déag.
deireadh an tséú haois déag the end of the 16th century
" Cé gur chuir na treibheanna dúchais fúthu sa cheantar seo thart ar 800AD, sna blianta deireanacha den Mhórimirce Pholainéiseach, ní fhaca aon Eorpach na hoileáin seo go dtí deireadh an tséú haois déag.
seachtú haois déag 17th century
" lao+aire) faoin rí Séamus I sa seachtú haois déag.
lár na haoise seo caite the middle of the last century
" Mar gheall ar a áit lárnach idir tuaisceart agus deisceart, d'fhás an chathair go tapa mar cheanncheathrú trádála agus tionscail, agus d'éirigh go seoigh leis go lár na haoise seo caite, nuair a bhog na mílte Gormach as stáit an deiscirt chuici, agus theith muintir an chine ghil amach.
den chéad seo of this century
" Nárú agus Manus ========= Bhí na páirtithe coimeádacha i réim sna blianta tosaigh den chéad seo nuair a tháinig borradh suntasach faoi líon na mbád neamhúdaraithe, eagraithe ag gáinneálaithe daoine, a tháinig i dtír plódaithe le teifigh ar chúiseanna tearmainn.
na Fichiú hAoise of the 20th century
" Duine, dála an scéil, atá ag iarraidh ciall a bhaint as a nádúr féin i lár na Fichiú hAoise.
nós na séú haoise déag 16th. Century style
" Ach tá an Globe, de réir nós na séú haoise déag, oscailte don spéir.
gcianta centuries
" Níl cónaí ná áitreabh ann, ach seanchosáin a chleacht na Breatnaigh ar feadh na gcianta, brácaí lucht siúil, agus nead na bhfiach.
breis is céad bliain anuas for more than a century
" Dream Buailte nó Dream a Buaileadh? ================== Deir seanfhocal linn, ‘an madadh a bhuailtear sa chloigeann, cuimhníonn sé!’ B’fhéidir gur ag cuimhneamh le fada a bhí muintir na hÉireann agus gurb ’in é an fáth a raibh na coiscéimeanna malltriallach le breis is céad bliain anuas: Cogadh na Talún, Cogadh na Saoirse as ar glacadh le mionn ‘don Rí’ le ‘Saorstát’ a bhaint amach.
lár an chéid seo caite the middle of the last century
" Bhain Seán Ó Síocháin cáil amach mar amhránaí ar chláir raidió i lár an chéid seo caite agus seo an t-aon taifeadadh leis atá ar fáil.
faoi thús an chéid seo by the start of this century
" Measadh faoi thús an chéid seo gur chomharthaigh easpa páipéar leithris, i measc earraí eile, sna tíortha cumannacha deich mbliana roimhe sin, ag tús na nóchaidí, nárbh fhada go mbeadh an córas thoir ag tabhairt na gcor.
amach as dorchadas an chéid seo caite out of the darkness of the last century
" Ní hionann cuimhne a bheith agat agus tú a bheith spreagtha chun gnímh ar son na córa ach is mithid dúinn fá dheireadh thiar dul i ngleic leis na tromluithe atá ag crá daoine agus muid ag sleamhnú go malltriallach amach as dorchadas an chéid seo caite.
aois century
" Agus eisean an t-aon scoláire sinsearach Éireannach le fiche bliain anuas beagnach a chur ceisteanna tábhachtacha mar gheall ar an mbearna leathan sin a sheasann os comhair an 20ú aois agus an ré gan scríobh sin roimis an Drochshaol.
sa chéad seo a d’imigh tharainn of the last century
" D’iompair rialtais éagsúla na Beilge iad féin cosúil leis na cumhachtaí impriúlacha mór le rá in úrscéalta Joseph Conrad sa chéad seo a d’imigh tharainn, ach go háirithe ina scéal cáiliúil fé bhrúidiúlacht na nEorpach san Aifric fhiáin, *The Heart of Darkness*.
go huile is go hiomlán sa chéad seo caite in the last century entirely
" Cén réiteach a bhí ag an gcóras caipitleach ar an bhfadhb seo, más ea? Braithim féin gur athraigh tionscal na fógraíochta an dearcadh coiteann a bhíodh suas i leith an ghrá go huile is go hiomlán sa chéad seo caite.
leis na céadta for centuries
" Spreagann sé an cheist, cá mhéad duine in Éirinn a bhfuil "fuil na nGormán" iontu i ngan fhios dóibh? Measann Bill Rolson go raibh i bhfad níos mó daoine gorma in Éirinn ná mar a shamhlaíonn muid leis na céadta, sular thug na Lochlannaigh sclábhaithe dubha go Dyflinnarskiri/Baile Átha Cliath, croílár na sclábhaíochta Lochlannaí, a deirtear.
leis an céadta for centuries
" Is ceisteanna doimhne iad sin a bhfuil na fealsúna mór le rá ag dul i ngleic leo leis an céadta, dar fia leis na mílte bliain anuas.
céad go leith bliain lonnaíocht Eorpach a century and a half of European settlement
" Reáchtáladh ceiliúradh náisiúnta sa bhliain 1938, cuirim i gcás, le céad go leith bliain lonnaíocht Eorpach a chomóradh.
gléasta in éadaí an ochtú haois déag dressed in 18th century clothing
" Sheol aon bhád déag suas an cuan agus daoine go leor orthu gléasta in éadaí an ochtú haois déag.
Le linn an chéid seo caite during the last century
" Le linn an chéid seo caite, aimsíodh os cionn scór cloch Oghaim sa mBreatain Bheag.
lár na haoise seo caite the middle of the last century
" Faoi Pholl Cnaipe de ======== Má shílimid go mbaineann an chontúirt eithneach le lár na haoise seo caite, áfach, tá dul amú orainn.
ag tús an chéid seo at the start of this century
" Is fada an staid reatha ó ré órga na meán Gaeilge ag tús an chéid seo nuair a bhí nuachtáin laethúla agus seachtainiúla againn, bealach raidió fadbhunaithe a bhí ina chuid lárnach de shaol an chainteora Gaeilge, neart irisí bríomhara agus stáisiún teilfíse nuálach a bhí chun seanteanga na nGael a theilgean isteach san fhiche haonú haois.
ar feadh na gcéadta for centuries
" Glacadh leis an tsuíomh mar áit dhiaganta, bheannaithe de bharr seo agus níor bhain duine ar bith leis ar feadh na gcéadta.
luathbhlianta an chéid seo caite the early years of the last century
" Bhí an cogadh do-aithnid seo ar siúl idir 1788 agus luathbhlianta an chéid seo caite, thart ar na teorainneacha mallghluaiste idir na ceantair a bhí sealbhaithe ag na coilínigh Eorpacha agus dúichí an mhuintir dhúchais.
cuma an 19ú haois the nineteenth century appearance
" Faoi chrainnte Pháirc an Fhionnuisce, roinnt acu ann ón 18ú haois, ansin cuma an 19ú haois ar Inse Chór agus Cill Mhaighneann, ach ag dul trí Rialto agus Cromghlinn tá fobhailte na 1930aí le brath.
an chéad seo chugainn the next century
" Is éigean gach rud a fheiceáil fríd spéaclaí seicteacha, sinne agus iadsan agus ní fheicimse rud ar bith ag tarlú, is cuma cad é a tharlóidh ar ‘Chnoc an Anfa’ – *Stormont* – go dtí go raibh mé ag tarraingt ar an chéad seo chugainn.
seachtú haois déag seventeenth century
" Deirtear gurb iad Athanasius Kircher, Gearmánach a mba Íosánach é agus Huygens Christiaan, Ísiltíreach, fear a mba scoláire freisin é a rinne na chéad teilgeoirí íomhánna sin i lár an seachtú haois déag.
An chéad seo caite the last century
"An chéad seo caite, bhí na pobail Éireannacha druidte, scartha leo fein ar na feirmeacha agus ar na estancios (feirmeacha ollmóra), agus phós Éireannaigh Éireannaigh eile.
deireadh an chéid seo chuaigh thart the end of the last century
" Léigh mé an leabhar beag, finscéalach, ‘An Fear a Chuireadh Crainn’ (An Gúm 1997), deireadh an chéid seo chuaigh thart.
Ceathrú céad a quarter of a century (later)
" Ceathrú céad ina dhiaidh sin nach amaideach agus nach truamhéalach é an tuar sin.
tús na haoise seo caite the start of the last century
" Iniúchadh a bhí sa taispeántas sin ar shaothar ealaíontóirí Éireannacha ceannródaíocha a thaistil chun na Fraince agus níos faide ó bhaile le staidéar a dhéanamh ar ealaín nua-aimseartha na hEorpa ag tús na haoise seo caite.
sa naoú haois déag in the nineteenth century
" Bhí cáil ar réalteolaithe na hÉireann ar fud an domhain sa naoú haois déag ach tá faillí an-mhór á déanamh sa réimse seo sa tír sa lá atá inniu ann.
tús an naoú haois déag the beginning of the 19th century
" Féachann Ciara Nic Gabhann ar an tslí a bhfuiltear tar éis Daidí na Nollag a léiriú ó bhí tús an naoú haois déag ann.
sa seachtú haois in the seventh century
" Bhí banfhile ann sa seachtú haois, Líadan, a thit i ngrá le file darbh ainm Cuirithir mac Dobharchon.
aois seo chuaigh thart the last century
" Caithfidh daoine athrú agus bogadh amach as an aois seo chuaigh thart a deir Robert McMillen, óir ní gné de shaol na linne seo é an marú seicteach, ná ní leithscéal ar bith é go raibh bratach ar foluain sa cheantar nó nach raibh.
tús an chéid start of the century
" Caitheann Majella Ní Dhomhnaill súil ar ghné de shaol an duine óig in Éirinn, an dearcadh coiteann a tholg go leor le linn ghnóthú saibhris na nóchaidí agus tús an chéid.
an chéid seo caite of the last century
" Chuir Mícheál Ó hAodha spéis i scéal fir as ceantar Thrá Lí a raibh lámh aige i gcinniúint a lán d’Éireannaigh an bháid bháin i leath deiridh an chéid seo caite.
leath tosaigh an chéid seo caite in the first half of the last century
" Chuaigh John-Paul Mc Carthy ag póirseáil trí thuairimí lucht saothraithe litríocht na Gaeilge leath tosaigh an chéid seo caite le treoir ó leabhar an Ollaimh Philip O Leary, Gaelic Prose in the Irish Free State, 1922-39.
le leathchéad bliain anuas over the last half century
" Bhí John-Paul Mc Carthy ag iniúchadh seanleabhar tábhachtach le Seán de Fréine, agus á mheas le hais roinnt a foilsíodh le leathchéad bliain anuas.